Foclóir na Mumhan


Foinsí

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
aga uain, seal, do dhóthain ama le rud a dhéanamh
ais: le hais + ginideach = in aice le
áis cead úsáide, iasacht: áis ruda a iarraidh iasacht ruda a iarraidh
aos aois
aosánach déagóir óg (níl baint dá laghad ag an fhocal seo le daoiní aosta - rud a shíleanns go leor de mhuintir na Galltachta tar éis an chéad aithne a chur ar an chanúint seo!)
áraistí soithí, dishes
báide báire, cúl caide nó sacair
báigiúil báúil
bladhgar buaileam-sciath, bladhmann
bóithreoireacht siúl na mbóthar
bothántaíocht scódaíocht
breabhsaigh suas! perk up, pal!
bunóc, brónc leanbh beag, "béibí"
caduaic, cathbhuaic imní, buaireamh
cairéiseach faichilleach, cúramach, furchaidh
gan cháim gan locht gan smál
cealgánta colgach
chaith sé rud a dhéanamh chaithfeadh sé rud a dhéanamh, b'éigean dó rud a dhéanamh
ciotrúnta amscaí, ciotógach
clos cluinstint, cloisteáil
mo chomhaoistí mo chomhaoiseanna, lucht mo chomhaoise
i gcomhchlos do dhuine in éisteacht duine
contúirt cabhantar, cuntar, bord an bheáir
le corp le teann, le tréan
sna croití deireanacha sna céadéaga, in arraingeacha an bháis, ag saothrú an bháis, ag foghlaim an bháis
cuileachta, c'leachta cuideachta (ghealgháireach), sult, subhachas is craic
curadóireacht talmhaíocht
dheineas, dheinis, ar dheinis?rinne mé, rinne tú, an dtearn/an ndearna tú?
a dhóthain: úsáidtear le haidiachtaí é freisin: Níl sé mín a dhóthain. Níl sé sách mín.
druidiúint druidim. Tá an lá ag druidiúint chun deireanais tá an lá mall, tá sé ag éirí deireanach, tá sé ag dul anonn sa lá
duaisiúil maslach (ag tagairt don obair)
dúluachair dúgheimhreadh, dúlaíocht
formad éad
ganntar gá, géarghá, práinn. Gannchúis an focal ar "ganntanas".
géilleadh i rud creidbheáilt i rud, i nDia, sna siógaithe...
griothal fuadar, mífhoighde, práinn, cruóg
lamháil (=lomháil, lumháil) ceadú
líomatáiste limistéar
máinneáil crochaíonacht thart, moilleadóireacht thart, falsóireacht thart, loitering
maireachtaint, mairithint, mairiúint maireachtáil, mairstin, marthain
níl a mháistir ann níl a shárú ann
mionrabh conamar, smidiríní
n'fheadar ní mé, níl a fhios agam, is ábhar iontais dom
óspairt timpiste, taisme
pasáil/pasáilt satailt
píp scornach, sceadamán
prapáil ullmhú, úmú, úmachan (chun astair)
réans srianta (i mbunchiall an fhocail: reins an Bhéarla)
ruchar urchar
Déan rud orm! Déan gar domh! Cuidigh liom! Do me a favour!
saoráideach saor, éascaidh, furasta
seana- sean-
an seanphaiste an seanfhód (dúchais)
duine a sheirbheáil gairm dlí a sheachadadh chun duine, an dlí a chur ar dhuine
sóchas seachas (cruachanúint nach scríobhtar de ghnáth)
um an dtaca so fán am seo
teaspáint taispeáint, léiriú
tionóisc timpiste, taisme
tosnaigh tosaigh
trúig cúis, ábhar, fáth, údar
trus turas