Foclóirín Ghaeilge Uladh

Panu Höglund a thiomsaigh is a chuir ar fáil

Leathanach LánGhaeilge Phanu

Clichés an Bhéarla aistrithe go Gaeilge

Leabhartha Gaeltachta a mholtar do na foghlaimeoirí

Gaeilge Oirthear Uladh

Foinsí

in abar i bhfostó (sa chlábar), dobhogtha
achan [ahan] gach aon
achasán íde béil, dreas sciolladóireachta
ach go bé murach
acraacaire (baininscneach) uirlis
agair/agairt, agar: duine a agar/agairt impí ar dhuine
áibhéar aeraíocht, pléaráca
in aichearracht roimh i bhfad, sul i bhfad, sara fada
áiméar seans, faill, deis
aimirneach cíocrach, stiúgtha leis an ocras
aimleadh fliuchadh mór mífholláin, ulpóg a tholgtar as fliuchadh nó a leithéid; aimlithe fliuch (oíche aimlithe, cuir i gcás)
aimsiú aige tá sé in ann an aimsir a thuar nó a aithne roimh ré
ainbheathaíoch, ainbheithíoch, ainbheathach (an treas litriú acu is fearr a fhreagranns d'fhíorfhuaimniú an fhocail in Ultaibh, is dóigh liom) arrachtach
ainbhiosachán duine nach bhfuil a fhios aige a dhath
ainchleachtaithe thar acmhainn duine de dheasca aineolais nó easpa cleachtaidh: tháinig an obair ainchleachtaithe air fuair sé deacair an obair a chur i gcrích, ó nach rabh cleachtadh aige ar a leithéid go dtí seo
ainéadaithe gioblach, gan agat ach drochéadaí le cur ort
aingiall ainbhiosachán garbh goirgeach dímhúinte
aingiallta ainbhiosach, garbh goirgeach dímhúinte
ainic/anacal: daoiní a anacal ar a chéile daoiní a theasargan ar a chéile, lucht na brilsce a scarúint ó chéile le headraiscín a dhéanamh eatarthu
ainíde drochíde, droch-chaitheamh le duine
ainnir na huaire cailín nach bhfuil an fear óg ach ag baint suilt aisti gan rún a pósta, "one night stand"
aíocht lóistín, fáras
aíochtach: ag aíochtaigh "ag stopadh ag duine", ag fanacht thar oíche ar lóistín ag duine
airc díobháil, easpa, ocras, cíocras
airí (ar dhuine) rud atá tuillte ag duine, pionós cóir
airneál airneán, scoraíocht
airnéis dreancaidí (is ionann airnéis an duine agus iomlán a chuid dreancaidí; cnuasainm atá ann)
dul in araicis duine dul a dh'fhearadh fáilte roimh dhuine nuair atá sé ag teacht; freastal ar dhuine
airteagal sagart ar cuairt ag freastal ar bhreoiteachán
is ait liom is áil liom, is maith liom, is mian liom, is toil liom, is rogha liom
áith aoil tiníl, limekiln
áladh sclamhóg, rúchladh nó ruathar madaidh ar dhuine
amhail: tabhairt in amhail rud a dhéanamh gan rud a dhéanamh siúd is go mba mhaith leat - nó siúd is go mba chóir duit - a dhéanamh; bheith ar tí rud a dhéanamh, ach amháin nach ligeann an náire duit a dhéanamh nuair a thig an cruth ar an tairne
amharc, amhanc, onc, anc féach, breathnaigh
anás uireasa, easpa, easnamh; bheith in anás ruda bheith in uireasa ruda; dul in anás ruda dul i nganntanas ruda, rud a bheith ag éirí gann ort
antráth: in antráth na hoíche go déanach istoíche, go h-antráthach; tar éis an chuirfiú mar shampla
araiciseach fonnmhar nó rósciobtha chun rud a dhéanamh (ag tagairt go h-áithrid do chlaonadh chun troda is chun bruíonachais)
aréirnas aréir
ar son as ucht, "in return for". 'Gheall ar (nó ar mhaithe le, i bhfáthach le) an gnáthleagan le "for the sake of" a aistriú.
astar aistear, turas; astar in aisce turas in aistear
athchomhairle malairt intinne
athshuathadh athchardáil, athphlé ar cheist a bhí ligthe chun dearmaid, fuil á baint as seancholm
bacadradh siúl bacach, bacaíl shiúil
tá a bhacán sáite tá sé pósta
bachlóg ar theanga duine = caint bhriotach ag duine; bachlóg d'fhocal "tongue-twister"
bagánta beo breabhsánta bíogúil
bheith báite i gcailín bheith splanctha i ndiaidh cailín, bheith imithe bán i ndiaidh cailín, bheith craiceáilte i ndiaidh cailín, bheith i ngrádh le cailín, teasghrádh a bheith agat ar chailín, bheith doirte do chailín, bheith ins an chéill is aigeantaí ag cailín
balach baileach, cruinn, iomlán
ar an bhall láithreach bonn, ar an spota
bamba taisme, tubaiste, timpiste, óspairt, míthapa
banachas an ti obair bhean an tí
banaí fear a bíos ag tóraíocht ban, fear atá an-tugtha do chuideachta is (b'fhéidir) do chraiceann na mban
barr: barr scéimhe(faid, intleachta, leithne...) a thabhairt ar dhuine bheith níos scéimhiúla/faide/intleachtúla/leithne...ná duine
lasair a chur ins an bharrach bun a chur le hiarróig is le bruíonachas
baspairt spaspas, critheagla
batalach cargáil, "iarraim-cúis"
bealach á úsáid mar a bheadh réammhfhocal ann: d'amharc sé bealach na farraige bhreathnaigh sé i dtreo na farraige; bealach mór bóthar; bealtaí sainbhéasa pearsanta aistíocha duine aonair, tá sé ar bhealach an ainmhí tá saol na brúide aige, tá saol aige nach dual do dhuine daonna ar bith
bealadh taobh amuigh den ghob plámás, plásaíocht, gan chur leis
béalastán duine ró-bhéalscaoilte gan coinneáil an rúin ann
do bheannacht a scaoileadh le duine slán go deo a fhágáilt le duine, cúl a thabhairt leis go hiomlán
beannad: faoi na beannaid seo ins an teach seo, ins an fhoirgneamh seo, ar ceathrúin anseo
beathach beithíoch - capall, thar aon bheithíoch eile
biadh geal: an rud a thaithníos go mór liom (is féidir gur biadh atá ann dáiríribh, ach is féidir a mhalairt) is é an biadh geal agam é
biatach lónadóir, soláthróir bídh
biatachas itheachán, lónadóireacht, soláthar bídh
bíogadh geit nó cliseadh a bhaintear as duine
blagaid maoile, cloigeann maol gan ribe gruaige
tá mo bhleacht ólta tá mo chuid airgid caite, níl pingin rua fágtha agam
bligh/bleán crúigh/crú
bliotach briotach (cruachanúint nach gnách a scríobh; "briotach" an gnáthlitriú ag na scríbhneoirí Ultacha féin))
súil a bhobáil súil a dhrud, súil a chaochadh; néal codlata a fháil
bheith ag bobaireacht ar dhaoiní bheith ag bualadh bob ar dhaoiní
ag cur bolaidh ag smúrthacht
ag titim bonn ar bhonn le chéile ag éirí sean, ag teannadh amach sna blianta, i gcuideachtain a chéile;
ag cur as an bhonn amháin bheith ag cur le chéile, ag obair i gcomhar le chéile;
deifre a dhá bhonn a bheith ar dhuine práinn, an-deifre, cruóg a bheith ar dhuine
bomaite nóiméad
borrchaoineadh (tchítear barrchaoineadh freisin uaireanta) bogchaoineadh
i dtiontó na boise i bhfaiteadh na súl
brablach daoscarshlua, cóip na sráide
brathladh spraic, foirteagal (á chur ar na páistí); brathladh ó dhoras a chur ar dhuine bagairt ar dhuine imeacht leis. Ní hionann seo agus cur ó dhoras a chiallaíos freagra seachantach.
breacadh an lae briseadh an lae, bodhrántacht an lae, teacht an bhaill bháin ar an lá, camhaoir, fáinne an lae, gealadh an lae
breallán gealt, duine atá ag caint go díchéillí
breallánacht caint sheafóideach, rámhaillíocht cainte
gan bhréig ar bith gan amhras, gan dabht, gan aon agó
fág ar mo bhreithiúnas é fág fúm é, fág faoi mo bhráid é
briathrach dea-chainteach, glic saoithiúil
brilsce bruíonachas, troid
na bristeacha claochlaithe (nó caochlaíocha) na haimsire
broc maith Béarla a bheith agat breacaireacht/salacharaíl mhaith Béarla a bheith agat
broideog síneantas airgid, síntiús airgid, dúthracht airgid thar an ghnáth-thuarastal
buaireamh buairt
bun: tháinig sé i mbun a mhéide d'fhás sé aníos, d'éirigh sé ina dhuine fhásta, tháinig sé i gcrann;
bun an urláir an chuid den urlár is faide ón tinidh (nó ón teilifíseán?)
do bhun is do chíoradh do dhóthain trioblóide
bunfhear fear beag meánaosta
bunrúta cúis, údar, trúig, fáth, siocair, bunsiocair
bunús móramh, mórchuid, tromlach, an chuid is mó
cabaire duine róchainteach
cabhlachas scansáil challánach
cabhóg duine a dhéanamh aimhleas duine a dhéanamh; tá mo chabhóg déanta tá mo chosa nite
cág cabaire óg
cágadán béalastán, duine béalscaoilte, cabaire
caibín béal gan fhiacla, cár mantach
caidearnach ráiméis fhada scríofa, ar nós billeoga de chuid Fhinnéithe Iaivé b'fhéidir?
caile bean gan mhaith
cáipís cáipéis; cáipéis chúisithe duine, (freagracht as) coir nó míghníomh
cáisc uibheacha neart uibheacha (mar is dual don Cháisc)
caismearnach síorchasadh ó thaobh go taobh: abhainn ag caismearnaigh = "meandering river"
calbhach minic-a-thig, cuairteoir gan chuireadh
calbhachas barraíocht daoiní ag teacht ar cuairt nó ag iarraidh lóistín: Nuair a tháinig mé go Gaillimh, bhí Féile na nEalaíon faoi lántseol, agus mise gan focal a chur ar lóistín. Hóbair nár fhág an calbhachas amuigh faoin spéir mé.
callóid diospóireacht challánach cainte
níor 'úirt aon duine gur cham a ghaosán cha rabh aon duine fonnmhar locht dá laghad a fháil ar mo dhuine
a cheann ina chamas a cheann ina luí eadar a dhá láimh ar an tábla
camhaoir láchan, maidneachan, láú, teacht an lae, gealadh an lae, briseadh an lae, amhscarnach, bodhrántacht an lae, an ball bán ag teacht ar an lá, fáinne an lae, an lá ag fáinniú
can, -adh, -sta(i)n labhair(t), abair!/rádh. Amhrán a chanstan = amhrán a rádh
cana mná cnapán de mhnaoi mhóir láidir
ar na cannaí ar na stárthaí, ar deargmheisce
caochló gin. caochlóidh, iolra caochlaíocha claochlú, athrú na haimsire
caoi bail (mhaith)
caoilteamán duine caol tanaidh
caol a chur ort féin do dhicheall a dhéanamh, an leisceoireacht is an chúthaileacht a chaitheamh díot
caradas cairdeas
cargáil scalladóireacht fheargach
casaoid gearán, ceasacht, clamhsán
cat mara drochádh, mí-ádh, drochrath, neach samhlaithe a chuireanns gach rud ó mhaith
rud a chur i gcead duine rud a chur faoi bhráid duine, cead a iarraidh ar dhuine an rud áithrid seo a dhéanamh
char cheadaithe liom é ar ór ná ar airgead cha dteánfainn é ar luach ar bith
ceallóg airgid carnán deas airgid le tuilleadh a chur leis
bheith i do cheann mhaith do na páistí bheith go maith do na páistí, agus tú in ann réiteach leofa
ceannascach maorga
duine a cheapadh breith ar dhuine
is beag an chiall duit sin ní ciallmhar an mhaise duit sin; ar na ciallanna ar céalacan, ar na putóga folmha
mura bhfuil ciapóga orm mura bhfuil seachrán orm
ciothram cithréim, máchail, easláinte
cleiteáil cniotáil
cleitearnach eiteallach, eitilt thart, foluain
cóiriú feisteas, feistiú (ar dhuine)
comair dea-chumtha: cailín comair
comhairle a chur ar dhuine duine a chur ar mhalairt intinne. Rud eile ar fad comhairle a thabhairt do dhuine!
comharsanach comharsa
compal bólaí, ceantar; clós (na scoile, mar shampla)
conáilte préachta le fuacht
conamar smionagar, smidiríní
cotadh cúthaileacht, cúthaltacht
cotúil cúthail, cúthalta
cróchnaid tórramh sí
crothán buille beag: crothán eagla; bíodh crothán céille agat! = bíodh trí splaideog céille agat!
cruaidh (AINMFHOCAL) gin. cruadhach cruach (steel an Bhéarla)
goidé an cruth a rabh an bád ann cén bhail a bhí ar an bhád
cruógaí crua-aenna, aenna. Deifre, práinn, géarghá is brí le cruóg i nGaeilge Chonnachta. Faraoir, chan úsáidtear an focal mar théarma leigheaseolaíochta i gceachtar den dá chiall! :)
cruthaíocht cosúlacht mhaith álainn
cuan baile cuain: "...go rabh sé ag teacht i dtír i gcuan choimhthíoch..." (Séamus Ó Grianna)
cuifealán, comhthiolán comhthionól
cuiscreach talamh giolcaí
na cúlriasca an iargúltacht, cúlriascmhar iargúlta, aistreánach (go háithrid ag tagairt d'áiteanna aistreánacha sna sléibhte)
cumraíocht cumadóireacht
thoisigh sé a chur air thoisigh an aimsir a dhul chun doininne
dáigh stobarnáilte
dásachtach dána, dalba, ceanndána
dearnaid dreancaid
deileoir dearóil
deireadh a chur ar rud an snas deireanach, an dlaíóg mhullaigh, a chur ar rud (ní hionann seo, ar ndóighe, agus deireadh a chur le rud).
tá sé ar dheisiúr/dheiseabhar na gréine níl a dhath eadar é agus an ghrian
deoir: tá sé ag cur de dhíon is de dheora tá sé ag cur báistí go trom
ina dhiaidh sin: Tá oíche léanmhar ann. ach ina dhiaidh sin [is uilig]... "Tá oíche léanmhar ann. Ach má tá féin..."
dímeas dímheas
díochra cíocrasach, rugtha fonnmhar, díbheirgeach, díograiseach, dána, dásachtach, fíochmhar
díoghaise deoise, "ríocht" easpaig
díomúinte dímhúinte
díonmhar uisce-dhíonach
diúgaire duine gan mhaith ag stocaireacht is ag éileamh ort cluais éisteachta a thabhairt dá chuid seafóide
donán duine bocht, "poor sucker", "armer Schlucker"
dreamhaire duine barbartha fiáin
drochtheall drochbhraon pearsantachta
dubheitiú eiteach glan
duibheagánach róchasta, ró-fhealsúnach, réasúnta dfothuigthe, (ró-)ardintleachtúil nó (ró-)ardspioradálta; "profound" an Bhéarla b'fhéidir?
duibhnéaltach duairc (ag tagairt do chosúlacht na spéire)
an dúlaíocht an dúgheimhreadh, an dúluachair (kaamos na Fionlainnise)
dúrantadúrúnta dorrga, dúr, gruamánta, dúsmánta
eadar idir; eadar sin is tráthas eadar an dá linn
eadraiscín eadráin, anacal, teasargan, iarracht chun páirtithe in achrann le chéile a thabhairt chun comhréitigh
ní heagal domh ní baol dom
eagnaíoch saoithiúil
eascairdeach aistreánach, iargúlta, doshroichte
in éisteacht duine i gcomhchlos do dhuine
eitiú eiteach, diúltú
fá dtaobh de a deirtear sa chéill "about", faoi a úsáidtear le "under" a aistriú
fadaigh/fadó, fadú las(adh)
fadálach cruaidh trom leadránach maslach gan mórán torthaí (ag tagairt d'obair)
faic na fríde faic na ngrást, dada, a dhath (ar bith)
faill na feannóige cibé áiméar nó seans dá laghad é
fáilthí furachair, faichilleach
faoisid faoistin
i bhfarradh is rud i gcomparáid le rud, le taobh ruda
féach le... bain triail as...
féachálach do-fhulaingthe, do-fhuilsteanach
feadán píopa gearr; cos uirlise
feaghraíocht fíoraíocht, cruthaíocht
fear ranna siopadóir
feasbhaidh easpa
feiceálach scéimhiúil, cuidsúlach
fiafraitheach fiosrach, fiosrúil
fodhuine íochtarán
folacháin fológa (cluiche páistí)
fortacht cuidiú, cabhair, tarrtháil
formhothaithe ag teacht aniar aduaidh, do-bhraite
foscail/foscal oscail/oscailt
frasach raidhsiúil, flúirseach
fuarálach goróir, duine a mbíonn fuacht air i dtólamh, duine síorchonáilte síorphréachta
fuilsteanach fulangach; (ainmfhocal:) fulangaí
fuilstin(t) fulaingt
fuireachairfurchaidh faichilleach, aireach, airdeallach
gábh babhta, éacht, eachtra; (=gábhadh contúirt, guais, dainséar)
gaibhte, gaite, goite gafa
gaosán srón. Amharc ar cam fosta.
gar: cha rabh gar ann ní raibh aon mhaith ann (in iarracht cuir i gcás); déan gar domh dein rud orm, déan oibleagáid dom
geafta geata
gealgháirí gleo, pléaráca, subhachas is cuideachta aerach
giodal sotal
gléas beo slí bheatha; gléas beo a chur ort féin teanntú a dhéanamh in áit ínteacht, éirí deisiúil de réir a chéile
gliadh gleo
griollam dríodar, praiseach, brachán fliuch éigin nach léir duit cad é atá ann ar aon nós, agus é ag cur samhnas ort
grod tobann
guais contúirt, dainséar
an Ilchríoch an Mhór-roinn (Seán Bán Mac Meanman)
iompairc teacht salach fá cé acu a mba chóir dó jab ínteacht oibre a dhéanamh
ionsar (ionsorm, ionsort, ionsair, ionsuirthi, ionsorainn, ionsoraibh, ionsorthu) i dtreo, chuig, chun, ag teannadh le, ag druidim le. "In m'ionnsuidhe", "in d'ionnsuidhe", "ina ionnsuidhe", "ina hionnsuidhe", "inár n-ionnsuidhe", "in mur n-ionnsuidhe", "ina n-ionnsuidhe" a deirtí fosta i nGaeilge Oirthear Uladh, nach maireann.
innilt iníor
ionúin dílis, grámhar
ithiomrá míghreann, ráflaíocht mhioscaiseach
léab, léabadh, léabairt leadhb, leadhbadh, leadhbairt
leoga! muise! dar muige!
líne glúin, "generation"
liomóg sclamh, scealpóg, miotóg
máigh machaire
mainneachtain, gin. mainneachtan bheith as láthair
manrán banrán, cnáimhseáil, clamhsán, monabhar míshásta
meall(adh) bréag(adh), cealg(adh)
as miosúr as cuimse
mireog cluiche tórraimh, caitheamh aimsire
modhúil múinte
monamar monabhar
monarcán monarcha
mordadh drochrud nach bhfuil neart agat air: bhí an mordadh déanta
mórluachach galánta, ardnósach, ag sílstin an dúrud díot féin
mosánmúisiam: cad é atá ag déanamh mosáin duit? cad é atá ag déanamh scime duit, "what's eating you?"
mothaigh/mothachtáil mothaigh/mothú; cluin/cluinstin
néal támh nó tionnúr codlata: dheamhan néal a chodail mé
ochras ucht, brollach
oibir! oibrigh!
oíche gharbh oíche doininne is drochaimsire
oighreogachleac oighir oighear
oiliúin oiliúint, tabhairt suas, oideachas
oirnéis, uirnéis uirlis, ionstraim
orla fonn urlactha, fonn aiseagtha, "consaeit"
preabadach preabarnach
Prodasnach Protastúnach
scéal rioballach scéal nach bhfuil fíor go h-iomlán (agus rioball/ruball/eireaball cumadóireachta (cumraíochta) is dathadóireachta curtha leis an fhírinne)
ródach éirleach, léirscrios, éag mór
rois(eadh) réab(adh). Roisteacha móra gaoithe = soinneáin mhóra gaoithe.
sáibhirne fleá agus féasta agus freastal flúirseach: sáibhirne uisce bheatha = "whisky galore"
sámhán cineál codlata, néal codlata nó pairilis. Tháinig mar a thiocfadh sámhán laige orm nuair a tógadh méSéamus Ó Grianna.
sampla créatúir bocht, donán. Deismireacht a deirtear le example a aistriú.
scaifte scata
scailtín an deoch ar a dtugtar hot whiskey as Béarla
scairt ghutháin glaoch teileafóin
scamhán scamhóg
scansáil agallamh (ins an tseanchéill), scalladóireacht, briatharchath
gan scolb gan scéala gan tásc gan tuairisc
sconsa claí
scríobadach scríobadh, scríobaireacht
seanaimseartha seanchríonna (ag tagairt do pháiste)
an tSean-tSamhain an dóú lá déag de mhí na Samhna - is é sin, lá na Samhna de réir Fhéilire Iúil.
searbhadas seirbhe intinne, falltanas
seascair cluthar croíúil
séideán soinneán nó roiseadh gaoithe
tóg do sheolta imigh leat
síonóil síleáil
dul i gceann sleanntrach le duine dul in ndeabhaidh lainne le duine
smid séideadh: cha rabh aon smid ghaoithe ann; a dhath: diabhal smid bhréige ann!
sócúlach compordach
sómas suaimhneas
sonraíoch suntasach
spág cos mhór amscaí ag duine
spanóg spúnóg
spás cairde, cur in athló
speancfargán na haille, aill, faill, creig (e -> i ina lán foirmeacha: spince, spincí)
spliúchán sparán
sreangán toite toit ag éirí ón tsimléir ina líne chaol: agus bhí sreangáin toite ag éirí in airde díreach as na tithe a bhí uaidh sin síos go híochtar Mhín Uí BhaoilSéamus Ó Grianna.
straibhéiseach cailín a bhfuil dúil mhór aici in éadaí galánta
sú circe anraith sicín
suaithní uafásach, millteanach, ábhalmhór: Tá suaithníocht sa leabhar sin. Tá an leabhar sin mór millteanach, ní fhaca mé a leithéid riamh aroimhe.
suallach iontach, miorúilteach
súimíneacht: tá sé ag súimíneacht tá sé ag ól braoinín i ndiaidh bhraoinín go malltriallach, ag triall ar an bhuidéal anois agus aríst le blaiseadh se
sútramán tae róláidir
taca a ligean ar... taca a bhaint as...
taghna iontach maith, an-mhaith, sármhaith, tofa, togha, thar barr, ar fheabhas ar fad, go seoigh ar fad
tar: níl a fhios cá huair a thiocfadh ort = ...cá huair a bheifeá ina chall mar acra
teach adhraidh teach an phobail, eaglais
theacht teacht (buanséimhithe)
téaradh pósta ceiliúr pósta. Luaigh Tomás Ó Máille taerthó [!] ina leabhar An Béal Beo sa chéill chéadna, agus gach seans go bhfuil baint ag an fhocal seo leis an téaradh ansin.
teasghrádh gean láidir, grádh ó chroí
teilgean, tligean aiseag, urlacan, an biadh a d'ith tú a chaitheamh amach aríst
téirim deifre, práinn(cruóg i nGaeilge Chonnacht)
na tíortha cúil na tíortha coimhthíocha, an choigríoch
ar tír mór ar an m[h]órthír
togha a dhéanamh ar rud rud a roghnú, go h-áithrid thar aon rud eile
Tá mé tógtha ó lár agat! Tá tú do mo chur as mo mheabhair!
toil a bheith agat do rud rud a bheith ag taitneamh leat, tú a bheith tugtha don rud áithrid seo
tor tarathar, cineál uirlise a chastar thart le poll a dhéanamh
treaspac sparán
truailleánta ceachartha
truisleadh tuisliú, titim fríd shleamhnú nó sciorradh coise
trup is tútán a thógáilt callán mór a tharraingt
tuaim fuaim
tuargain/tuairgan, tuargaint gread(adh)
tuigbheáil[t] tuiscint (ainmfhocal briathartha)
tuigse tuiscint, ciall
tuigseach tuisceanach
tuslóg truslóg, léim thobann thar chonstaic
uallach amaideach, pisreogach, primitíbheach: Ní bréag é agus ní fírinne é. Anois goidé rud é? Rud a shamhailtear do dhaoine uallacha.Séamas Ó Grianna
úimléideach substainteach, substaintiúil, tábhachtach, bainteach leis an ábhar, úsáideach, "relevant"
uiscealach deoch nach bhfuil aon bhrí ann, scileagailí, anglais, uisce beatha atá báite
úmaigh/úmú ullmhú chun aistir
urróg léim thobann