Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

An Chóiptis is an tSeanÉigiptis

Príomhfhoinsí: Ancient Egyptian le hAntonio Loprieno; Egypti ja sen kulttuuri le Rostislav Holthoer

Na teangacha Afráiseacha

Is craobh ar leith í an tSeanÉigiptis de chuid an chrainn mhóir ar a dtugtar fíleam na dteangthach Afráiseach, nó an fíleam Haimíteach-Shéimíteach. Mar a thig a thuigbheáilt as ainm an fhílim féin, is iad an Afraic agus an Áise is dúchas do lucht labhartha na dteangthach seo.

Is iad na tréithre is mó is dual do na teangthacha seo ná:

-an chreatlach dhá nó trí chonsan. Dearctar ar an chreatlaigh seo mar fhíor-thamhan an fhocail: is é an tamhan seo bunaonad na foclóiríochta Afráisí, agus focail úra á bhfréamhú uaidh de réir rialacha loighiciúla fríd ghutaí nua a chur eadar na consain. Is dóigh le lucht gramadóireachta na hEabhraise, mar shampla - agus is teanga Afráiseach í an Eabhrais - nach fuaimeanna iad na gutaí ar aon nós, ach "fórsaí gluaiseachta" leis na fíor-fhuaimeanna - na consain - a bhogadh chun tsiúil agus a chur in oiriúint do shruth leanstanach na cainte.

- an saibhreas consan, go h-áithrid na consain treisithe - is é sin, consain scornánaithe, nó consain a threisítear ins an fhuaimniú fríd chomhurlabhraíocht an scornáin a chur leofa - fríd an scornán a chur ag glacadh páirt i bhfuaimniú an chonsain. Rud so-aitheanta ar fad é an scornánú seo: caithfidh sé gur beag duine nár chuir sonrú sna consain scornánaithe ag lucht labhartha na hAraibise (a áirítear ar na teangthacha Afráiseacha comh maith).

- an fheasbhaidh ghutaí. Ní bhíonn ach triúr acu i mbunús mhór na dteangthach seo. An té a chuala níos mó ná trí ghuta ag fear na hAraibise, bíodh a fhios aige nach bhfuil ins an dá ghuta udaí ú agus ó ag lucht labhartha na teanga sin ach allafóin - is é sin, leaganacha malairteacha a sheasaíonns don fhóinéim chéadna i dtimpeallachtaí éagsúla.

- an t-í fada a chuirtear leis na h-ainmfhocail chun aidiachtaí a fhréamhú uathu. Nisba an focal Araibise ar ghlac lucht an tsaineolais leis le tagairt don í fhada seo. Is féidir samplaí a fháil sa Bhéarla féin, agus é ag baint úsáid as an nisba le h-aidiachtaí a chruthú a bhaineanns le h-ainmneacha na dtíorthach Oirthearach: Iraq - Iraqi; Israel - Israeli agus araile.

Aicmítear na teangthacha seo mar a leanas:

- an tSeanÉigiptis in éineacht leis an Chóiptis, agus an bheirt acu á gcardáil thíos anseo.

- na teangthacha Séimíteacha. Grúpa thar a bheith tábhachtach iad seo, agus litríocht is traidisiún láidir stairiúil ag baint le cuid mhaith acu. Tá go leor acu marbh le fada, ar nós na hAcáidise a chuaidh in éag leis na cianta cairbreacha anuas. Ón taoibh eile de, gidh gur teanga mharbh a bhí ins an Eabhrais féin, tháinig borradh úr fúithi lenár linn féin nuair a cuireadh Sainordú na Palaistíne - agus ina dhiaidh sin stát Iosraeil - ar bun. Maidir leis an Araibis, cha dtig le haon duine a tábhacht a shéanadh; thairis sin, caithfear trácht ínteacht a dhéanamh ar an Amairis ins an Aetóip, comh maith leis na teangthacha is na canúintí dlúthmhuinteartha ina timpeallacht, ar nós na Tigrinise ins an Éaraitré, láimh leis an Aetóip. I mbreis air sin, thiocfadh leis an tsaineolaí doisín, ar a laghad, de sheanteangthacha nó canúintí marbha Seimíteacha a ainmniú a bhfuil aithne agua eolas againn orthu ar an ábhar go bhfuil cuid mhaith de sheanscríbhinní greanta ar marthain i gcónaí ins na teangthacha seo: an Fhéinicis (agus Púnais na Cartaige, a mba chanúint scoite í de chuid na Féinicise) agus an Aramais (nach bhfuil marbh go hiomlán ina teanga labhartha go fóill, ó mhaireann grúpaí beaga de Chríostaithe sa MheánOirthear ag baint úsáid as canúintí gaolmhara, siúd is gur chaill an teanga seo an ardtábhacht a bhí léithi mar chomhtheanga chultúrtha na gciníoch Séimíteach uilig roimh leitheadú na hAraibise) an dá cheann is suntasaí acu, ach sa bhreis orthu is fiú ainmneacha ar nós Amóiritis, Ugáiritis, Móáibitis agus an teanga Ge'ez a lua. Cineál seanAmairise is eadh í an teanga Ge'ez, agus úsáid liotúirgeach dheasghnáthach á baint aisti i gcónaí ag seaneaglais Chríostaí na hAetóipe.

- na teangthacha Beirbreacha. Dornán canúintí is teangthacha atá iontu agus iad uilig á labhairt ag treibheanna fáin na Sahára. Tá teangthacha na mBeirbreach iontach cosúil le chéile, agus treibh amháin in ann go leor adhmaid a dhéanamh de chaint na treibhe eile. Muintir faoi leith is eadh iad lucht siúlta na Sahára seo, agus a gcultúr is a leagan féin den Ioslam acu a dhealaíonns go soiléir iad óna gcomharsana Arabacha.
Maireann bunús na mBeirbreach i gcomhrac le lucht labhartha na hAraibise, agus iad go minic ag teacht crosach ar lucht an Cheartchreidmheachais Mhoslamaigh i gcúrsaí an cheartléimh ar fhírinní bunaidh an chreidimh. Nó is dual do na ceartchreidmhigh dearcadh le místá ar a lán saintréathrach i mbéascna na mBeirbreach, go h-áithrid ar an tsaoirse cuibheasach fairsing a bíos ag na mná Beirbreacha i bhfarradh is mná eile an Ioslaim. Ón taoibh eile de, cine bródúil is eadh iad na Beirbrigh nach ngéilleann go réidh d'ordaithe iasachta d'aon chineál, cuma cé acu na hArabaigh nó na hEorpaigh atá ag iarraidh a dhul chun cearmansaíochta orthu.
Is é an tréith is suntasaí sna teangthacha Beirbreacha ná go gcuirtear an inscne bhaineann in iúl frí t a chur i dtús agus i ndeireadh an fhocail, rud is féidir a aithne ar logainmneacha i dTuaisceart na hAfraice ar nós TouggourtTamanrasset. Is iad na Tuareg an treibh Bheirbreach is aithnidiúla, agus a gcuid Beirbrise ar ceann de na canúintí is tábhachtaí sa ghrúpa ó thaoibh líon na gcainteoirí de. Tá córas litrithe dá gcuid féin ag na Tuareg, mar atá, an Tifinagh, agus é gaolmhar le litreacha inscríbhinní áithride sa Libia. Bheir an chosúlacht sin ar lucht an tsaineolais a dhéanamh gur cineál seanBheirbrise atá i dteanga na n-inscríbhinní seo; teanga Afráiseach atá i gceist gan bhréig ar bith, ach ós rud é nach dtearnadh mórán saothraithe liteartha ar an Bheirbris roimh an naoú haois déag, is deacair a rádh go beacht cad é an gaol atá ag an tseanteanga le canúintí an lae inniu, agus sinn ar fíorbheagán eolais mar gheall ar fhorbairt stairiúil na gcanúintí Beirbrise.

- na teangthacha Cúisiteacha. Grúpa sách tábhachtach atá iontu comh maith, agus cónaí ar bhunús a gcainteoirí san Afraic Thoir. Tá teacht ar an ghaol is dlúithe don tSeanÉigiptis inniu i measc na dteangthach Cúisíteach, mar atá, an teanga Beja, agus í á canstan ins an tSúdáin; díol suntais é, áfach, nach leor gaol na teanga Beja leis an Éigiptis leis an bheirt acu a aicmiú in aon chraobh le chéile i gcrann ginealais na dteangthach Afráiseach.
Is í an tSómáilis an teanga is tábhachtaí acu, áfach, go h-áithrid sa lá atá inniu ann, agus pobail Shómáileacha á seadó anseo is ansiúd ins na tíortha Iartharacha i ndiaidh an scor is an scrios a tháinig ar a dtír féin leis an bhuanchogaíocht chathartha.

- na teangthacha Seadacha. Labharthar na teangthacha seo ins na stáit thart ar Loch Sead, nó Lake Chad an Bhéarla: ins an Nigéir, i Nigir, i Sead agus sa Chamarún. Is í an teanga Hausa an ceann is tábhachtaí acu, agus meas na "teanga domhanda" uirthi i gcuid mhór de na tíortha atá ag críochantaíocht le hIarthar na Sahára, nó baintear úsáid an fhrancbhéarla aisti ansin - is é sin, is minic treibheanna éagsúla á labhairt le chéile nuair nach bhfuil teanga an dreama eile ag aon dream acu.

- na teangthacha Omóiteacha - dornán beag de chanúintí agus de theangthacha ann agus iad á gcanstan in iardheisceart na hAetóipe.

Préamha na hÉigiptise

Mar sin, is teanga í an tSeanÉigiptis atá préamhaithe go daingean ina timpeallacht gheotheangeolaíoch mar is aithnid dúinn inniu féin í: tá gaol aici le go leor teangthach atá le cluinsbheáilt ansin i gcónaí, agus lucht an tsaineolais cuibheasach eolach ar fhorbairt is ar fhairbhriú na hÉigiptise le himeacht na mblianta fada. Níl sárú na hÉigiptise ann ó thaobh an traidisiúin liteartha de, nó áirítear gur mhair sí ina teanga scríofa bhisiúil ó bhliain 3000 r. Chr. go dtí deireadh an tríú haois déag i ndiaidh bhreith Chríost. Ar ndóighe, is mór eadar an Éigiptis is sine agus an Chóiptis ón tréimhse Chríostaí, agus an cultúr féin iompaithe droim ar ais uair i ndiaidh a chéile eadar an dá dháta, gan aon trácht a dhéanamh ar athruithe na gramadaí is an stór focal.

An tSeanÉigiptis Mhoch - SeanRíocht na hÉigipte

Is í an chéad chéim i stair na teanga an tSeanÉigiptis Mhoch a mhair eadar 3000 agus 2000 roimh bhreith Chríost. An chuid is mó de na téacsanna atá ar marthain sa teanga ón tréimse seo is tuairiscí beathaisnéise iad a breacadh ar pár nó a greanadh ar na ballaí taobh istigh de na tuamaí. Iarracht a bhí ann imeachtaí saoil agus gníomhartha suáilceacha an mharbháin a mhíniú do na déithe, nó de réir mar a chreid na hÉigiptigh, bhí na déithe le breith ar an anam go luath in éis an bháis lena mbreith a thabhairt air. Is ionann tréimhse na SeanÉigiptise Moiche i stair na teanga agus an tSeanRíocht comh maith leis an Chéad Eadarthréimhse i stair an stáit Éigiptigh.

B'í an tSeanRíocht an chéad bhláth a tháinig ar an Éigipt nuair a bhí an stát múnlaithe comhaontaithe. Le bheith beacht, níor thoisigh tréimhse na SeanRíochta dáiríribh ach sa bhliain 2665 roimh Chríost; go dtí sin bhí taoisigh na dtreibheann éagsúil ag comhrac le chéile go fóill, agus fonn ar achan duine acu gradam an ArdRí a bhaint amach.

Sna blianta 2665-2155 r. Chr. a bhí an tSeanRíocht faoi bhláth; b'ag an am sin a rinneadh ardchathair de Mhéimfís agus a tógadh togha na bpirimídí is na bhfoirgintí cuimhneacháin le dílseacht a léiriú do na Farónna. Tháinig deireadh leis an ré seo nuair a d'éirigh na mionuaisle áitiúla sách láidir cumhachtach le dhul chun cearmansaíochta ar an Fharó. Thug siad droim láimhe leis an ardrí agus le fear na cánach, agus achan ruire nó taoiseach leath sráidbhaile ag iarraidh a údarás féin a chur i bhfeidhm ar na tiarnaí beaga eile. Bhí an ríocht ag scor as a chéile, agus an Faró féin ar a sheachnadh ón tsaol mhór ina ardchathair - Méimfis nó Héiliapóilis - gan de chumhacht aige ach a bheo a shábháilt fad is nach dtiocfadh duine eile de na tiarnaí bithiúnta á éileamh air. Bhí na gnáthdhaoiní ag stiúgadh leis an ocras toisc an oiread léirscriosta a d'fhág na mionchogaíocha eadar na tiarnaí beaga ar an tír.

An MheánRíocht - Ré Órga na SeanÉigipte

Thart ar an bhliain 2040 roimh bhreith Chríost tháinig an Éigipt chuici féin aríst, agus an ball bán ag teacht ar lá na MeánRíochta. B'í an tréimhse seo an bláthú ba mhó i stair na hÉigipte, agus a shliocht sin ar litríocht na ré céadna. Nó ba le linn na MeánRíochta (2040-1650 r. Chr.) agus an chéad trí aois eile ina diaidh a cumadh litríocht chlasaiceach na hÉigiptise. Bhí beathaisnéisí á mbreacadh ar bhallaí na n-uaigheann fá choinne na ndéithe ag an am seo comh maith leis an tréimhse a d'imigh roimhe; ach sa bhreis air sin b'iomaí athair a chuir i dtoll le chéile téacs teagaisc le cúrsaí an tsaoil is bealtaí na ndaoiní a mhúineadh dá chlann mhac. Is féidir saibhreas eolais a bhaint as an chineál seo litríochta fá dtaobh de bhéasaí is béascna na seanÉigipte. Thairis sin, tá teacht ar scéalta ficseanúla éipiciúla, agus an ceann is fearr acu, Scéal Sinuhe, ar comhléibhéal le h-úrscéalta ár linne féin, a bheag nó a mhór. (Déanta na fírinne, bhain an scríbhneoir Fionlannach Mika Waltari gaisneas agus gairmint as an scéal seo nuair a chum sé an t-úrscéal udaí Sinuhe egyptiläinen - nó An tÉigipteach, mar is aithnid do lucht léite an Bhéarla é.) Bhí filí ag cumadh leofa iomainn ardmholta in ómós do ríthe is do dhéithe (agus b'ionann an dá chuid i gcultúr na hÉigipte!), agus ar ndóighe mhair go leor cáipéisí oifigiúla riaracháin go dtí an lá atá inniu ann.

Mhair an Éigiptis Chlasaiceach seo in úsáid ínteacht fiú tar éis don teanga labhartha céim nua a forbartha a bhaint amach.

Na Hiocsaigh - "Gaill" na hÉigipte

Maidir leis an MheánRíocht, an tréimhse stairiúil lena samhlaítear an Éigiptis Chlasaiceach i bpraidhm a maitheasa, b'iad na Hiocsaigh a thug a bás. Chan fhuil ins an fhocal féin - hykso - ach lagaithris Ghréigise ar an fhocal Éigiptise is gnách le lucht an léinn Éigiptigh a thraslitriú mar hekau hasut. Ciallaíonn sé "na rialtóirí iasachta" - thiocfadh linn "Gaill" a thabhairt orthu as Gaeilge le bunchiall na bhfocal seo a athchruthú! Dealraíonn sé gur treibheanna fáin ón Áise a bhí ins na Hiocsaigh, agus teanga Shéimíteach á labhairt acu - b'fhéidir a mhaíomh, fiú, gur cineál réamhtheachtairí a bhí iontu don ionradh Arabach a bhí leis an chríoch dheifnideach a chur le stair na hÉigiptise cúpla mílaois níos déanaí.

Chuir na Hiocsaigh fúthu i ndeilt na Níle thart ar an bhliain 1700 r. Chr., agus iad ag cur a rialtais féin i bhfeidhm ar an taoibh sin tíre go dtí go rabh Faró dá gcuid féin acu a bhí ag iarraidh a dhul i gceannas ar an Éigipt uilig, agus Faró na bhfíorÉigipteach ag géilliúint dó. Na Núbaigh, pobal Afráiseach a bhí faoi ghéillsine ag na hÉigiptigh ó laethe na MeánRíochta i leith, agus cónaí orthu i Súdáin an lae inniu, d'éirigh leofa theacht i dtír ar laige na hÉigipte chun neamhspleáchas a bhaint amach.

B'é seo an Darna hEadarthréimhse, nó Tréimhse na Hiocsach, agus mhair sí go dtí an bhliain 1554 r. Chr. Tháinig deireadh le mursantacht na Hiocsach nuair a d'éirigh le Faró na nÉigipteach, agus é lonnaithe i dTéibe ag an am seo, ruaigeadh a chur orthu. B'é sin tús na NuaRíochta.

An NuaRíocht

Tháinig bláth ar an tír aríst leis an NuaRíocht, agus an Éigipt ag éirí ina himpireacht a d'fhearadh cogaíocha forghabhála i bhfad ó bhaile le creach a dhéanamh ar thíortha eile agus éadáil is saibhreas a bhaint astu, ar nós acmhainní nádúrtha, ór, airgead agus sclábhaithe. B'athrú mór é seo ó laethanta an dá ríocht roimhe sin, nuair ba nós le Farónna na hÉigipte gan a gcloigeann a bhuaireamh le cúrsaí tíortha nach rabh ag críochantaíocht go díreach leis an Éigipt.

De réir a chéile, áfach, leath cumhacht na hÉigipte comh fada sin ar shiúl ó chroílár an stáit agus nach rabh acmhainn chothaithe a cuid saighdiúirí inti a thuilleadh. Tháinig leas na hÉigipte crosach ar leas na Hitíteach. Sárchumhacht ab eadh í ríocht na Hitíteach, náisiún láidir a rabh teanga IndEorpach á labhairt acu, agus iad níos eolgaisí ar an iarann a oibriú agus airm chumhachtacha a theilgean as ná na hÉigiptigh. B'éigean do na hÉigiptigh, mar sin, géilliúint do na Hitítigh, rud a chuir aontacht an stáit ó mhaith thart ar an bhliain 1080 r. Chr.

Mhair an Éigiptis Chlasaiceach píosa maith isteach ar thréimhse na NuaRíochta: déanta na fírinne cha dtáinig críoch lena húsáid ansin ach an oiread, agus scríbhneoirí na dtréimhsí déanacha féin ag iarraidh cloí leis an teanga seo mar chaighdeám liteartha. San am chéadna, áfach, bhí an teanga labhartha ag dul a bealach féin, agus í ag éirí difriúil leis an chaighdeán scríofa.

Is í an téimhse eadar 1080 agus 712 roimh Chríost an Tríú hEadarthréimhse, nuair a bhí farónna Libiacha i gceannas ar an tír, agus na tuamaí á gcreachadh go forleathan, de réir mar a bhí an chiniciúlacht i leith an tseanchreidimh ag leitheadú i measc bhunadh na hÉigipte.

An Éigiptis Nua agus Ré na Débhéascna

An cineál teanga a tháinig chun cinn sna bliantaibh seo, b'í an Éigiptis Dheireanach í, agus í á h-úsáid sa litríocht éadrom comh maith leis na scríbhinní oifigiúla maorlathais agus meamraiméise. San am chéadna bhí an teanga Chlasaiceach beo bíogúil breabhsánta i gcónaí sna hiarrachtaí a bhí ar cois ag lucht an léinn litríocht ardealaíonta a chruthú. Is féidir a rádh, mar sin, go rabh an débhéascna i bhfeidhm i gcúrsaí na teanga caighdeánta ins an Éigipt. Bhí teanga na gcáipéisí oifigiúla iontach cóngarach don chruachaint labhartha, mar a mheastar; ón taoibh eile de, áfach, ba mhinic scríbhneoirí ag tarraingt foclóir ardnósach na teanga clasaicí orthu de gheall ar an stílíocht is ar an mhaisíocht liteartha. Tá cúpla scéal éipiciúla ar marthain ó thréimse seo na hÉigiptise Deireanaí, comh maith le "boilg sholáthair" nó díolaimí ileolais a breacadh síos fá choinne daltaí scoile.

Malairt Aibítre

Sa tseachtú haois r. Chr. tharla réabhlóid i gcúrsaí na scríbhinní Éigiptise, nó b'ansin a d'éirigh lucht scríofa na stíle ísle as na hiairiglífí a úsáid. B'iad na litreacha Deamóiteacha a tháinig ina leaba. Tá siad bunaithe ar na hiairiglífí ceart go leor, ach má tá féin, níl aon rian den charachtaeir dhealbhach nó réabasach ba dhual do na hiairiglífí fágtha ins na litreacha deamóiteacha: is litreacha iad den chineál chéadna agus ár n-aibítir féin, nach bhfuil aon bhaint "nádúrtha" eadar iad agus na coincheapa a chuireanns siad in iúl: seasaíonn siad do na fuaimeanna - do na consain - seachas do na coincheapa. Ar ndóighe, ní athrú tobann a bhí i gceist le seo. Nó bhí an fhorbairt seo ar siúl leis na céadta bliain anuas, agus níorbh ionann ar aon nós ná slí na hiairiglífí luatha dealbhacha agus an stíl "iodálda", iaráiteach, a bhí in úsáid sna haoiseanna ní ba deireanaí. Mar sin, is féidir a rádh nach rabh sna litreacha Deamóiteacha féin ach an chéim ab úire i bhforbairt nádúrtha na gcéadta bliain.

Iarsmaí an tSeánBhlátha

B'iad na blianta 712-332 r. Chr. tréimhse na Ríochta Deireanaí. Bhí an Éigipt ina proibhinse ag an am seo faoi chumhachtaí iasachta, ar nós na hAisiria, na hAetóipe is na Peirse, ach má bhí féin, rinne na gobharnóirí coimhthíocha a tháinig go dtí an Éigipt ón choigríoch, rinne siad a ndicheall le cultúr na SeanÉigipte a chothú is a athbheochan, agus urraim is ómós acu dó ar a rabh d'fhinscéaltaibh le cluinsbheáilt ina dtír féin fá dtaobh de bhuanmhórgacht na hÉigipte Ársaidhe. Níor éirigh leofa, áfach, agus nuair a tháinig an bhliain 332, d'ionsaigh díormaí Alastair Mhóir ón Mhaiceadóin an Éigipt lena forghabháil.

Tionchar an Heilléineachais

Le fórsaí Alastair tháinig an toradh ba bhuaine a d'fhás ar lorg a chuid gabháltaisí - an Heilléineachas. Is é rud atá ann mar Heilléineachas ná an cultúr measctha a fáisceadh as teagmháil na nGréigeach leis na ciníocha Oirthearacha a chuir Alastair Mór faoi smacht, agus an Ghréigis labhartha ina francbhéarla - ina teanga comhchumarsáide - ag na dreamanna eitneacha uilig a bhí páirteach ins an teangmháil seo. Nuair a d'éirigh cultúr is teanga chlasaiceach na Gréige faisiúnta ins an Eoraip aríst, ligeadh an chuid ba mhó de ghaisce chultúrtha an Heilléineachais i ndearmad - rud is trua le go leor taighdeoirí lenár linn féin.

Cha dteachaidh an Heilléineachas lena ollchultúr eadarnáisiúnta chun leasa do leanúnachas cultúrtha na hÉigipte, áfach, nó fuair na litreacha Deamóiteacha an lámh in uachtar ar fad ar na hiaraiglífí, agus pisreoga meascreiligiúnda an Heilléineachais ag dul i bhfeidhm ar an úsáid is an tuigse a bhí á baint as na hiairiglífí. Bhí meon an Heilléineachais ar maos le misticiúlacht agus asarlaíocht, agus nuair a fuair an meon seo an ceann is fearr ar ar mhair beo de sheanchultúr na tíre, thoisigh na hÉigiptigh a bhaint seachbhríonna rúndiamhracha as cruthanna na n-iairiglífí. Ós rud é nach rabh ach dornán intleachtóirí eolach a thuilleadh ar cheartúsáid na seanlitreach, agus na litreacha Deamóiteacha i ndiaidh iad a ruaigeadh as an ghnáthscríbhneoireacht, ba sciobtha a chuaidh na forbairtí nua a leitheadú i measc mhuintir na hÉigipte.

Ar bhealach ba pilleadh agus athchromadh ar sheanphrionsabail bhunaidh na haibítre dófa é, agus iad ag cruthú iairiglífí úra dealbhacha nó siombaileacha nó ag cur seaniairiglífí le chéile ar bhealach dealbhach, beag beann ar an fhuaim a bhí ag dul le h-iairiglíf ar leith de réir an tseanghnáthaimh. Ba mhinic ba thábhachtaí le lucht scríofa na n-iairiglífí ag an am seo na seachbhríonna nó na seachthuiscintí draíochtúla rúndiamhracha ab fhéidir a bhaint as cruthanna na litreach seo ná an bhunbhrí a bhíodh ag dul leofa sa tseantsaol.

B'iad lucht an Heilléineachais ba thúisce a chuir an aibítir Ghréigeach i bhfeidhm ar an Éigiptis. Thar aon rud eile h-imríodh an cleas seo ar théacsanna a rabh baint acu le cúrsaí na draíochta is na h-asarlaíochta lena ndéanamh inúsáidte, nó inreicthe ar a laghad, ag na rúndiamhróirí agus iad ag iarraidh a dhul i muinín gach traidisiún osnádúrthachta nó marbhdhraíochta dá rabh le fáil ar domhan an Heilléineachais le teagmháil ínteacht a chur ar bun leis na fórsaí diaga nó diabhalta.

An Chóiptis Chríostaí

Sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost thoisigh na h-iairiglífí a dhul as úsáid dáiríribh. Nuair a tháinig an Chríostaíocht a fhad leis an Éigipt, b'í an Ghréigis a teanga, agus is beag is fiú iontas a dhéanamh de go dtug an teanga seo a haibítir féin léithi lena pronnadh ar an Éigiptis - an aibítir a chuir i leataobh an dá chóras dúchasach eadar Dheamóiteach agus Iaráiteach. Bunaíodh caighdeán nua scríofa ar an ghnáthchaint, ach d'fhág an Ghréigis a sliocht go trom air, eadar fhoclóir is aibítir, nó bhíothas go mór i gcall téarmaíochta nua le coincheapa an reiligiúin úrghlactha a chur in iúl, téarmaíocht a fuarthas ón Ghréigis, ar ndóighe.

B'é an caighdeán gréagaithe seo an chéim dheireanach i stair na hÉigiptise - an Chóiptis.Is ar éigean más féidir "caighdeán" a thabhairt air ar scor ar bith, nó bhí canúintí éagsúla ann agus iad uilig á n-úsáid mar theanga scríofa; Boháiris a bheirthear ar an cheann is tábhachtaí acu. Chuaigh an Chóiptis in éag sa cheathrú nó sa chúigiú haois déag mar theanga labhartha dhúchais, agus an Araibis ag teacht ina leaba. Ina dhiaidh sin maireann seaneaglais Chríostaí na hÉigipte, an Eaglais Chóipteach, ag labhairt Chóiptis ag na liotúirgí agus á teagasc d'ábhair shagairt.

Champollion agus Athaimsiú na Seanlitríochta

Nuair a tháinig an Chóiptis i leaba theanga na n-iairiglífí, níor mhair aon eolas ag muintir na hÉigipte féin ar a seanlitríocht. Cha rabh aon duine in ann bun ná barr a dhéanamh de na hiairiglífí go dtí gur chrom an teangeolaí Francach Jean-Francois Champollion ar na seanscríbhinní Éigipteacha a thaighde. Bhí sé ag foghlaim teangthacha Oirthearacha ó bhí sé ina dhéagóir óg; tharla go rabh Cóiptis aige, bhí sé in ann rún na n-iairiglífí a fhuascladh agus a thabhairt chun tsolais aríst i ndiaidh na gcéadta bliain. Nocht sé a fhionnachtain don tsaol mhór an chéad uair i litir phríobháideach a scríobh sé sa bhliain 1822; go gairid ina dhiaidh sin chuir sé a chuid nótaí in eagar lena bhfoilsiú i bhfoirm leabhair faoin teideal Précis du système hiéroglyphique. Ar an drochuair, char mhair sé ach seal beag ina dhiaidh sin, ach mar sin féin ní ligfear a chuimhne i ndearmad choíche, agus an t-éacht seo curtha i gcrích aige: siúd is go dtearn lucht a chomharbais a gcuid leasúchán is feabhsúchán ar an obair, char bhain siad de bhailíocht na héifeachta a d'éirigh le Champollion: b'eisean a chuir ar bun an léann Éigipteach, agus lucht an tsaineolais faoi bhuanchomaoin aige dá réir sin.