Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
Is teanga Sheimíteach í an Eabhrais, agus gaol cuibheasach dlúth aici leis an Araibis. B'í an Fhóinicis an teanga ba ghaolmhaire léithi ó thús - áirítear nach rabh mórán difríochta ann eadar canúint thuaisceartach na hEabhraise agus an Fhóinicis. (Bhí na Fóinicigh ina gcónaí an áit a bhfuil an Liobáin inniu, ó thuaidh ó Iosrael féin. Thabhaigh siad an-chliú i laetha na sean-Ghréige is na sean-Róimhe mar mhairneálaigh is mar lucht trádála. B'iad a bhunaigh an Chartaig, an cathairstát a bhí mar namhaid ag na Rómhánaigh, agus teangaidh ghaolmhar á labhairt ag muintir an stáit sin.) As canúint Dheisceartach na hEabhraise a fáisceadh teanga an tSeanTiomna: tá sí ag baint le hEabhrais labhartha na mblianta ón dara céad déag go dtí an dara céad roimh bhreith Chríost. Tá teacht ar théacsanna is lámhscríbhinní is sine ná an Bíobla, áfach, ach ní cuid iad de chanóin liteartha ná reiligiúnda na hEabhraise.
Is ann do scríbhinní canónta eile ins an teangaidh seachas an Bíobla, áfach. Is é is Talmúd ann ná leabhar (nó leabharlann, agus an téagar atá ann mar Thalmúd) éigse shaolta na nGiúdach, agus é níos úire ná an Bíobla: dá réir sin, is féidir difríochtaí a thabhairt fá dear eadar Eabhrais an Talmúid agus teanga an Bhíobla. Misneá a bheir na Giúdaigh ar an chuid lárnach den Talmúd - go bunúsach, chan fhuil ins an chuid eile den Talmúd ach tráchtaireacht agus míniúcháin ar an Mhisneá, nó fiú tráchtaireacht ar an tráchtaireacht féin - agus is í Eabhrais Mhisneá an teangaidh a labhraítí ins na ceithre haois thart timpeall ar bhreith Chríost. Ag an am sin bhí an Aramais ag teacht in áit na hEabhraise mar theanga labhartha - b'í an Aramais a bhí ó dhúchas ag Íosa Críost, mar dhuine daonna - agus a sliocht le h-aithne ar Eabhrais an Talmúid. (Teanga Sheimíteach is eadh í an Aramais, agus gaol réasúnta dlúth aici, mar sin, leis an Eabhrais. Sula dtáinig an Araibis i réim ins an MheánOirthear, b'í an Aramais a bhí ina teanga comhchumarsáide eadar na ciníocha uilig a chleachtaíodh teanga nó canúint Sheimíteach. Is féidir, mar shampla, a theacht ar scríbhinní greanta sa teanga seo san Araib féin, agus a lorg orthu gurbh í an Araibis a bhí ó dhúchas ag lucht a scríofa.) De réir a chéile, chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha i measc na nGiúdach, fiú sular ruaigeadh as a dtír dúchais iad. Mhair lucht an léinn ag scríobh as Eabhrais, áfach, agus chuir siad caol orthu na sean-lámhscríbhinní a chaomhnú agus a choinneáil i dtaisce.
Ní rabh an Eabhrais ach ina teangaidh scríofa ins na Meánaoiseanna, ach bhí ceannairí suntasacha reiligiúnda is cultúrtha ag na Giúdaigh agus spreagadh ag teacht uathu leis an teangaidh a shaothrú - duine acu siúd a bhí i Sáidia Gáón (898-942) ins an Bhabalóin, mar shampla. Bhí filíocht Eabhraise á scríobh ins an Spáinn go dtí gur díbríodh na Giúdaigh as an tír sin ins an darna haois déag.
Ó dheireadh na Meánaoiseanna amach ba bheag a scríobhtaí as Eabhrais amach ó na scríbhinní cráifeacha, go dtí go dtáinig an ghluaiseacht léinn udaí Hascalah ar an fhód i ndeireadh an ochtó haois déag.
B'é Moses Mendelssohn (1729-86) a rabh cónaí air i mBeirlín an té a chuir bun le Hascalah. Fear mór léinn a bhí ann a rabh ardmheas air ag na Críostaithe féin, agus b'eisean ba bhunchuspa don laoch ins an dráma cháiliúil leis an scríbhneoir Ghearmánach Gotthold Ephraim Lessing, Nathan der Weise ("Natan Críonna"). Ba bheag rath a bhí ar iarracht Mhendelssohn teanga na hEabhraise a athbheochan, ar dtús, ós rud é go rabh Giúdaigh na Gearmáine ag an am sin ag éirí go géar gasta as meon an gheiteo agus ag dul isteach i saol agus i sochaí na nGearmánach. Ní rabh suim acu in athbheochan an tsainchultúir Ghiúdaigh, ná na seanteanga ach an oiread, agus an Ghearmáinis ag teastáil uathu i bhfad ní ba ghéire. B'in Oirthear na hEorpa a fuair bunsmaointiú Hascalah an chuid ba mhó de lucht a dtacaíochta, áit a rabh an Ghiúdais ina gnáthurlabhra pobail ag na Giúdaigh, agus iad ina gcónaí sna geiteonna go fóill. (Seanchanúint Gearmáinise is eadh í an Ghiúdais, agus í tar éis glacadh lena lán focal agus foirmeacha ón Eabhrais agus ó theangacha Slavacha Oirthear na hEorpa - ón Pholainnis agus ón Rúisis thar aon cheann eile.)
B'é Mendel Abramowicz, nó Mendele Moicher Sfóirim (1835-1917) an chéad scríbhneoir a rinn iarracht dháiríre leas a bhaint as an Eabhrais chun tualasc a thabhairt ar ghnáthshaol na nGiúdach ins an gheiteo. An modh oibre a bhí aige ná gur chruinnigh sé focail is abairtí as na scríbhinní difriúla Eabhraise - eadar Bhíobla agus Talmúd mar shampla - le stíleanna éagsúla na Giúdaise a athchruthú ins an Eabhrais.
B'é Eliezer Ben Yehúda (1858-1922) athair athbheochana na hEabhraise inár ré féin, nó b'eisean an chéad duine a thug faoin teanga a labhairt lena chuid clainne.
Rugadh Eliezer Itzchak Perelman, nó Eliezer Ben Yehúda, mar is fearr is aithnid dúinn é, ins an Liotuáin sa bhliain míle ocht gcéad caoga is ocht. Fuair sé oiliúint reiligiúnda fearacht mórchuid na bpáistí Giúdacha uilig lena linn, agus ba chuid lárnach den oideachas seo teangaidh na sinsear a fhoghlaim. Ó bhí gealladh ar leith faoi Eliezer mar scoláire, cuireadh ar scoil traenála na raibíocha é. Ní raibí a rinneadh de, áfach, ó tharla barraíocht dúile is sainte aige i léann saolta na gCríostaithe. Bhí an t-athrú intinne seo ag teacht go dlúth le spiorad an ama i measc na nGiúdach óg in Oirthear na hEorpa, agus gluaiseacht an léinn shaolta, an ghluaiseacht Hascalah, ag dul i gcion orthu ó laetha Mhoses Mendelssohn amach. D'éirigh Eliezer óg as scoil na raibíocha le cromadh go hiomlán ar an scolaíocht shaolta mar dhalta eachtrach ar mheánscoil Rúiseach.
Ins an bhliain míle ocht gcéad a hocht ndéag is trí scór, agus Eliezer óg ag cur an tsnasa dheireannaigh ar a thréimhse meánscoile, chuaigh na Rúisigh chun cogaíochta ar Impireacht Otamánach na Tuirce le lámh chuidithe a shíneadh ionsar na Bulgáirigh, agus iadsan ag iarraidh saoirse a bhaint amach i ndiaidh na cianta cairbreacha a chaitheamh faoi smacht na dTuirceach. Chuir a gcathsan draíocht ar Eliezer, agus é ag cur na ceiste air féin an dtiocfadh leis na Giúdaigh stát dá gcuid féin a chur ar bun agus an tseanteangaidh a chur i mbéal an phobail athuair.
In éis an Rúis a fhágáilt dó, chuir Eliezer faoi i bPáras, ach go gairid ina dhiaidh sin thug sé aghaidh ar an Phalaistín. Ag an am seo, ins an bhliain míle ocht gcéad a haon is ceithre scór, bhí sé toisithe cheana bolscaireacht a dhéanamh ar na hirisí Eabhraise le cúis an tSiónachais a chur chun cinn. Bhí sé meáite fosta gan ach Eabhrais a labhairt le Giúdach ar bith dá gcasfaí air sa Phalaistín feasta. Ós rud é go rabh breacaireacht léinn reiligiúnda, ar a laghad, ag formhór mór na nGiúdach, bhíodh na daoiní simplí féin in ann freagra a thabhairt ar a chuid cainteanna Eabhraise.
Nuair a rugadh mac d'Eliezer ben Yehúda, chuir sé caol air gan ach Eabhrais na sinsear a bheith á labhairt i bhfianaise an pháiste. Cha cheadaíodh Eliezer dá chuid cuairteoirí féin aon teanga eile a úsáid agus an páiste ag tabhairt cluais. Itamar Ben Avi ab ainm don pháiste, agus b'eisean an chéad chainteoir dúchais leis na céadta bliain anuas. Is é is brí le Ben Avi ná "Mac M'Athara Féin" (ben = mac, 'av = athair, -i = mo), ach is féidir Avi ('BY i litreacha na hEabhraise) a léamh mar ghiorrúchán de Eliezer Ben Yehúda ('LYcZR BN YHWDH i litreacha na hEabhraise). Ag tabhairt suas a chlainne dó ba mhinic a chrothnaíodh Ben Yehúda téarmaí uaidh le cúrsaí tógála na bpáistí a chardáil, ach de réir mar a bhraitheadh sé focal uaidh chumadh sé é.
Ní leor fear amháin ná a chlann féin le teanga úr a chur á labhairt ag muintir na tíre uilig. Bhí gá le h-obair ghníomhach chraobhscaoilte na teanga. Mar sin, rinn Ben-Yehúda cuid mhaith bolscaireachta agus é ag éileamh ar na raibíocha is na múinteoirí ar fud na Palaistíne achan ábhar léinn a theagasc frí mheán na hEabhraise. Fuair sé féin áiméar seal múinteoireachta a dhéanamh ar scoil reiligiúnda in Iarúsailéim, agus gidh gur chuir a dhrochshláinte cúl air an téarma réamhshocraithe a chríochnú (eitinn a bhí ag goilliúint air le fada) d'éirigh le Ben Yehúda na páistí a iompó chun Eabhraise chomh hiomlán agus gur thoisigh siad a thrácht le chéile ar ghnáthchúrsaí an tsaoil ar scoil ins an teanga shinsearaigh.
Chuaigh dícheall is dúthracht Bhen Yehúda an oiread sin i bhfeidhm ar mhúinteoirí na tíre agus gur chinn a lán acu aithris a dhéanamh ar a dhea-shampla: theagascfaidís an Eabhrais feasta mar a bheadh gnáthurlabhra an phobail inti seachas teanga léannta amháin. I dtosach b'éigean do na múinteoirí áiseanna teagaisc dá ndéantús féin a sheiftiú do na páistí, nó cha rabh téacsleabharthaí ann ná foclóirí téarmaíochta le fionnachtana na nua-aoise a ainmniú as Eabhrais. Fadhbanna tromchúiseacha a bhí anseo, ach fuasclaíodh iad, agus sa deireadh thiar thall tháinig glún de dhaoiní óga ar an fhód agus iad sásta rugtha fonnmhar an saol laethúil comhaimseartha a phlé as Eabhrais - agus an teanga féin ar a dtoil acu.
Fán am chéadna bhí Ben-Yehúda gnoitheach ina iriseoir fosta, nó ba dóigh leis gur frí mheán an nuachtáin ab fhearr a chraobhscaoilfeadh sé na focail nuachumtha ar fud na Palaistíne. Ar an bhealach seo d'fhoghlaimeochadh na Giúdaigh scéalta iriseoireachta fá dtaobh de na cúrsaí reatha a léamh is a chardáil le chéile ins an tseanteanga. Ós rud é go rabh formhór mór na nGiúdach ábalta ciall a bhaint as Eabhrais scríofa siúd is nach rabh labhairt na teanga acu, bhíodar in ann nuaíocht Bhen Yehúda a thuigbheáilt. Chonaiceadar lena súile féin go rabh sracadh san Eabhrais go fóill, agus acmhainn inti cur síos ar shaol a linne féin.
Le téarmaíocht nua-aimseartha na hEabhraise a dhíolaim is a chaighdeánú chuaigh Ben Yehúda i gceann foclóir a chumadh. Chuir sé bun leis an obair seo roimh aistriú go dtí an Phalaistín dó, agus de réir a chéile d'eascair seacht n-imleabhar déag aisti. Déanta na fírinne chuaigh de an foclóir a chríochnú roimh a bhás, agus b'iad a mhac is a bhean chéile a chuir an dlaíóg mhullaigh air. Chan ina aonar a d'oibir Ben Yehúda lá a shaoil ach oiread, nó nuair a bhíodh call leis chuireadh sé gairm scoile ar lucht an tsaineolais le ceisteanna ar leith eadar théarmaíocht is fhuaimniú, eadar cheartlitriú is phoncaíocht a réitiú. Mar sin tháinig bun le Comhairle na hEabhraise, as ar fhás Acadamh na hEabhraise. Is é an tAcadamh seo an t-údarás oifigiúil in Iosrael inniu a ghní scagadh ar nua-fhorbairtí na teanga is a mholanns téarmaí nuadha le h-úsáid.
Nuair a bhí an dara glún d'Eabhraiseoirí dúchasacha ag teacht ar an fhód, b'éigean do na h-údaráis aitheantas a thabhairt don rud a tharla. Phronn údaráis Shasanacha Limistéar Sainordaithe na Palaistíne stádas oifigiúil ar theanga na hEabhraise sa bhliain míle naoi gcéad a dó is fiche. Bhí Ben-Yehúda beo beathach go fóill, agus é ag streachailt leis in aghaidh eitinne le leathchéad bliain anuas; ach anois, tar éis a aisling mhór a chur i gcrích dó, bhí sé sásta scarúint go suaimhneach sonasta leis an tsaol.
De réir a chéile, d'fhás litríocht ar leith aníos ins an teangain. Bhí an gort seo á shaothrú ag lucht na deoraíochta cheana, agus is fiú trácht a dhéanamh anseo ar Hayyim Nahman Bialik, nó tá meas ag muintir Iosraeil i gcónaí ar a chuid filíochta fá dtaobh de chruachás na nGiúdach le linn na n-ionsaithe is na mbabhtaí géarleanúna ins an Rúis.
Rugadh an file seo sa bhliain 1873 ins an Úcráin, áit a bhfuair sé oideachas reiligiúnda Giúdach. Ag teacht i gcrann dó, áfach, chuir sé spéis i ngluaiseacht na Soilsitheoirí Giúdacha, agus abhae leis go dtí Odessa ar a lorg-san nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois. In Odessa casadh rogha intleachtóirí saolta Giúdacha na Rúise air, Mendele Moicher Sfóirim thar aon duine eile, agus chrom sé ar fhilíocht a chumadh faoina dtionchar-san. Cha rabh deich mbliana is scór slánaithe aige go fóill, agus na léirmheastóirí ag tabhairt file na hathbheochana náisiúnta air cheana féin. Ag fanúint sa Rúis dó, chaith sé seal ina chuntasóir i ngnólucht athair a mhná céile, seal ina eagarthóir ar iris sheachtainiúil Eabhraise Odessa, seal ag múinteoireacht nó ag aistriú go hEabhrais.
Fuair sé inspioráid don dán is cáiliúla dá chuid - "I gCathair an Léirscriosa" - nuair a thug Coiste Staraíochta na nGiúdach in Odessa air eolas a chruinniú fá na géarleanúintí ar na Giúdaigh i gCisineóbh (Kishinyov, Chisinau) sa bhliain 1903. Chuir sé agallaimh ar na hiarmharáin, agus é chomh scanraithe sceimhlithe ag a gcuala sé agus go mb'éigean dó dán a chumadh. Siúd is gurb ina dhiaidh sin a tharla an tUileloscadh i sluachampaí géibhinn Hitler, áirítear dán Bhialik i gcónaí ar ceann de na tuairiscí liteartha is coscartha ar chás na nGiúdach le linn na ngéarleanúintí.
I dtús na bhfichidí a tugadh ceadúnas dó an Rúis Shóivéadach nuabhunaithe a thréigbheáilt in éineacht le dornán de scríbhneoirí Giúdacha eile. Sa bhliain 1924 shocraigh sé síos i dTel Aviv leis na deich mbliana deireanacha dá shaol a chaitheamh go sócúlach sa Phalaistín,agus meas an fhile náisiúnta ag a mhuintir air. Fuair sé bás sa bhliain 1934.
B'eisean an chéad mhórfhile nua-aimseartha dár scríobh as Eabhrais athbheoite, agus is léitheoireacht éigeantach iad a chuid dánta i gcónaí i scoltacha Iosraeil. Ach nuair a tháinig na Giúdaigh ina sluaite móra go hIosrael agus iad ag iompó ar theanga a sinsear a labhairt, cuireadh tús le litríocht dhúchasach Iosraelach na hEabhraise.
B'iad Ester Raab (1894-1981) agus S. Yizhar na chéad chainteoirí dúchais a chuaidh i mbun litríochta in Iosrael féin.
Rugadh "S. Yizhar", nó Yizhar Smilansky sa bhliain 1916 i Rehovot na Palaistíne. Inimirceánaigh ón Rúis ab eadh iad a mhuintir. Ghlac sé páirt i gCogadh Neamhspleáchais Iosraeil sa bhliain 1948; bhain sé amach dintiúirí an mhúinteora agus dochtúireacht na fealsúnachta ón Ollscoil Eabhraigh chomh maith. Bíonn sé ag scríobh fá shaol na gceannródaithe sna kibbutzanna agus ar na feirmeacha, agus is léir nach dtearn sé aon dearmad dá thaithí cogaíochta féin ach oiread ag lorg ábhair dá chuid scríbhinní. Cur síos ar na carachtaeirí agus grádh do nádúir Iosraeil is eadh iad an dá bhuaidh mhór atá aige. Is é an t-úrscéal Laethanta Ziklag saothar mór éipiciúil a shaoil, agus é ag tarraingt fresco de cheannródaíocht an tSiónachais ar chanbhás leathan.
"Iosraelachas" ab eadh é manadh S.Yizhar, nó rinn sé iarracht cur síos a dhéanamh ar nádúir is daoine Iosraeil. B'éigean dó a theangaidh féin a chumadh is a chruthú chuige seo, agus sin le h-aithne ar a stíl chasta.
B'é spiorad comhair an mhíntíreachais crann taca na litríochta i mblianta tosaigh Iosraeil. Mar shampla, rinn Moshe Shamir (1921- ) móradh is ardmholadh ar na Sábraigh - is é sin, na Giúdaigh a rugadh in Iosrael agus an Eabhrais ó dhúchas acu - ina chuid leabhar a bhfuil blas na léitheoireachta éadroime orthu, nó is scéinséirí iad go bunúsach. Ba ghnách leis a íomhá féin den tSábrach a chur i gcomparáid lena shamhail den Aisceanásach (is iad lucht labhartha na Giúdaise ó Oirthear na hEorpa na hAisceanásaigh): is é an Sábrach fear láidir an ghnímh, agus é ag cur rudaí i gcrích nuair nach bhfuil an tAisceanásach ach ag domhainsmaointeoireacht is ag glagaireacht agus pus nó lionndubh air. B'é an Sábrach an Giúdach úr cumhachtach, b'eisean todhchaí na nGiúdach, nuair nach rabh ins na hAisceanásaigh ach iarsmaí an gheiteo is fuíoll na géarleanúna. Is féidir a léamh air seo go rabh coimhlintí áithride sainleasa ag éirí eadar lucht na hinimirce (aliya) agus na Sábraigh ag an am.
Tháinig glúin nuadh scríbhneoirí ar an fhód tar éis na díograise tosaigh seo, agus iad ag dul in anuabhar ar chlichéanna an chomhair is na comhoibre is an chomhGhiúdachais seo. Sampla is eadh é Pinhas Sadeh.
I Lwów na Polainne (inniu: Lviv na hÚcráine) a tháinig Pinhas Sadeh ar an tsaol, agus cha rabh sé ach cúig bliana d'aois nuair a thug a mhuintir go hIosrael é leofa. Rinne sé staidéar de chineál ínteacht i dTel Aviv, ach ansin shocraigh sé síos fán tuaith lena chuid beatha a shaothrú ina thréadaí caorach dó (!). Chrom sé ar an scríbhneoireacht ina fhear óg dó, agus é ag cumadh úrscéalta is gearrscéalta; thairis sin, chuir sé le chéile diolaim d'fhinscéalta de chuid sheict Ghiúdach na gCasaideach. Sa bhliain 1994 a fuair sé bás. Chleachtaíodh sé stíl shimplí shothuigthe gan ornáidí breise.
Is díol suntais é a úrscéal dírbheathaisnéise Hahayim kemashal ("Meafar an tSaoil") (1958)ina gcuireann sé síos i bhfoirm mheafarach ar a thréigtheoireacht féin le linn a sheala in Arm Iosraeil.
Is é Amos Oz an scríbhneoir is cáiliúla dá bhfuil ag saothrú leofa go beo breabhsánta bisiúil i gcónaí in Iosrael. Sa bhliain 1939 a rugadh é: buchaill cathrach ón Iarúsailéim a bhí ann ar dtús, ach thug sé a aghaidh ar kibbutz agus é cúig bliana déag d'aois. Siúd is gur chaith sé seal ina shaighdiúir agus seal eile ina mhac léinn, d'fhan sé dílis dá khibbutz féin ag múinteoireacht ar scoil ansin, go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1986 le cromadh ar léachtóireacht in Ollscoil Bhen Gurion, Negev.
Tá carn mór d'úrscéalta scríofa aige; thairis sin, tá sé an-ghnoitheach ina fhear mhór diospóireachta i gcúrsaí na síochána, agus é ag foilsiú altanna fá dtaobh den choimhlint Arabach-Iosraelach go minic. Bhí sé orthu siúd a chuir ar bun an ghluaiseacht udaí Síocháin Anois. Ball d'Acadamh na hEabhraise atá ann fosta.
Scríbhneoir éipiciúil próis is eadh é Amos Oz nach mbíonn aon drogall air roimh ceisteanna tráthúla cogaidh is polaitíochta ná stair Iosraeil a chardáil ina chuid scríbhinní.