B'as Gaeltacht Chorca Dhuibhne do Pheig Sayers: i mBaile Viocaire a rugadh í sa bhliain míle ocht gcéad a trí déag is trí scór. D'éisteadh sí lena hathair ag ársaí téamaí ón bhéaloideas le lucht an airneáin agus í an-óg, is phioc sí an t-iomlán uaidh de réir a chéile. Ar tír mór a tháinig ann do Pheig, ach phós sí Blascaodach, agus bhí d'fhiacha uirthi bogadh léithi a fhad leis an oileán. Dá bharr sin is mar Bhlascaodach atá aithne uirthi ag lucht na Gaeilge.
Peig Sayers was from the Corkaguiney Gaeltacht: she was born in Vicarstown in 1873. She used to listen to her father spinning yearns from folklore with the night-guests from a very young age, and she learnt them all from him by and by. She grew up on the continent, but when she married a Blasketman, she had to move to the Island herself. So, she is known to the Gaels as a Blasketwoman.
Peig Sayers stammte aus Corca Dhuibhne, einem irischsprachigen Gebiet in der Provinz Munster unweit von Dingle (Daingean Uí Chúise): sie wurde im Jahre 1873 in Vicarstown geboren. Abends hörte sie ihrem Vater zu, als er den Besuchern Geschichten aus der Folklore erzählte, und so lernte auch sie die keltischen Sagen auswendig. Auf dem Festland erzogen, heiratete sie einen Inselbewohner und siedelte auf die Insel Blascaod Mór (Great Blasket Island) über. Deshalb wird ihr Name von den heutigen Gälen mit der Insel verknüpft.
Peig Sayers var hemma från Corca Dhuibhne, en gälisktalande del av provinsen Munster i närhet av staden Dingle (Daingean Uí Chúise). Hon föddes år 1873 i Vicarstown; hemma hos sig hörde hon ofta sin far berätta de gamla sagorna för besökarna och lärde sig dem själv. Hon uppfostrades på fastlandet, men när hon gifte sig med en man från Blasketöarna, fick hon själv flytta dit. Därför brukar hennes namn i dag associeras med öarna.
B'í an béaloideasóir Máire Ní Chinnéide a nocht saibhreas seanchais Pheig do lucht léite na Gaeilge. Fuair sí cuidiú ó mhac Peig, Mícheál Ó Guithín, le scéalta a mháthar a bhreacadh ar pár, agus tháinig beirt leabhar as an chomhar seo, mar atá, "Peig", arb í dírbheathaisnéis Pheig í, agus "Machnamh Seanmhná", a bhfuil béaloideas is corr-chuimhní cinn ann den chuid is mó.
It was the folklorist Mary Kennedy who made her stories known to the readers of Gaelic. With the help of her son Michael, she edited and published two books: "Peig", the autobiography, and "An Old Woman's Reflections", which is mostly folklore and some personal memories.
Es war die Folkloristin Mary Kennedy, die Peigs Geschichten und Sagen dem breiten lesenden Publikum zugänglich machte. Peigs Sohn, Micheál Ó Guithín, half ihr, die Erinnerungen und Folklore seiner Mutter zu redigieren. Daraus entsprangen zwei Bücher: Peigs Autobiographie, "Peig", und "Machnamh Seanmhná", wo vor allem Folklore und einige persönliche Erinnerungen zu finden sind.
Det var folklivsforskaren Mary Kennedy som tillsammans med Peigs son Micheál redigerade och publicerade hennes minnen och sagor. Det blev två böcker: "Peig", hennes självbiografi, och "Machnamh Seanmhná" som mer koncentrerar sig på folklore.
Ardmheas atá againn, mar lucht na Gaeilge, ar an dá leabhar seo. I dteannta an Oileánaigh
tá a saothar-se ar an fhoinse is cuimsithí dá bhfuil fágtha inár seilbh
a bheireanns léargas - nó "éachtaint" mar a déarfaí i gcanúint an Bhlascaoid, is dócha -
dúinn ar sheanmheon is seansaol mhuintir an oileáin, nach maireann:
scabadh sna ceithre hairde iad le fada an lá, agus an t-oileán á bhánú is an seansaol ag fáil bháis. Chan fhuil
ach na cuimhní fágtha inniu - agus is cuid díofa iad an bheirt leabhar seo.
We who love the language value these books greatly: together with those by An tOileánach (Tomás Ó Criomhthain) they are the most comprehensive account we have of the old life and mentality of the island. This life came to an end when the remaining inhabitants of the island left it - and only memories survive, part of them in Peig's books.
Den Liebhabern der gälischen Sprache sind diese Bücher vor allem deshalb von Bedeutung, weil sie - zusammen mit denen von An t-Oileánach(Tomás Ó Criomhthain) - die ausführlichste Dokumentation darstellen, die uns geblieben ist von der Sprache und dem Lebensstil der letzten kulturell und sprachlich isolierten gälischen Gebiete. Dieser Lebensstil starb aus, als die Insel von ihren Bewohnern verlassen und allmählich völlig entvölkert wurde.
Vi som älskar språket intresserar oss för Peigs böcker för att de tillsammans med Tomás Ó Criomhthains är den mest omfattande redogörelse vi har kvar för livet och språket i en av de sista rent gäliska språköarna. Denna livsstil försvann när ön avfolkades - nu är den helt öde.
Fuair Peig féin bás sna déagaí is daichead tar éis saol fada a thabhairt léithi. Chaith sí na blianta deireanacha san ospidéal i nDaingean Uí Chúise, agus radharc a súl caillte aici.
Peig died in the fifties at a very old age; the last years she spent at the hospital in Dingle, having lost her eyesight.
Peig selbst ist in den fünfziger Jahren gestorben. Ihre letzten Jahre hat sie blind im Krankenhaus in Dingle verbracht.
Peig själv dog på sjukhuset i Dingle på femtiotalet. Där hade hon tillbringat sina sista år blind.
Ós rud é gur cuid lárnach tábhachtach iad an bheirt leabhar seo de chanóin liteartha na Gaeilge, is rud nádúrtha é go bhfuil a lán scigaithrise déanta orthu ag daoiní nach rabh róshásta leis na leabhair seo a bheith á sáitheadh anuas an sceadamán orthu. Is é an t-úrscéal "An Béal Bocht" an scigaithris is mó cliú, agus ó pheann Fhlainn Uí Bhriain a tháinig sé ar pár.
It is natural that Peig's books, as a central part of the Gaelic literary canon, have been parodied by people who grew tired of them at school. The most celebrated parody is Flann O'Brien's "Poor Mouth".
Wie es oft kanonisierten literarischen Werken ergeht, die in der Schule mehr oder weniger unbeliebte Pflichtlektüre sind, werden auch Peigs Bücher oft parodiert. Die berühmteste Parodie ist Flann O'Briens "An Béal Bocht"("The Poor Mouth").
Kanoniserade klassiker som alla tvingas läsa i skolan brukar väcka blandade känslor och bli ett föremål för parodi. Detta har även hänt med Peigs böcker, som Flann O'Brien raljerat över i sin bok "Klagomunnen".
Léim ar ais go dtí an Clár Cinn anseo.