Réamhstair Impireacht na Róimhe as Gaeilge

Foinsí: From Gracchi to Nero le Howard Scullard, Antikens historier le Alf Henrikson, Kansojen historia le Carl Grimberg (Lauri Hirvensalo a chuir Fionlainnis air)

Sa bhliain 510 roimh Chríost chuir na Rómhánaigh ruaigeadh ar a Rí, Tarquinius Superbus, a mb'Éatrúscach é. Ba deireadh é seo le Ríocht na Róimhe, agus tháinig poblacht ina háit. De réir a chéile fuair an phoblacht seo forlámhas ar an Iodáil uilig, ach is deacair a mhaíomh gur impiriúlachas d'aontsiúl a bhí i gceist; nó cha mbíodh na Rómhánaigh go bunúsach ach ag iarraidh a gcathair féin, in éineacht leis na cathracha eile i Latium (Lazio), agus í i gcomhghuailleacht chogaidh leofa, a chosaint ar ionradh bhunadh na sléibhte i gcroílár na hIodáile, nó bhí siadsan ag síneadh a lámh i ndiaidh na lantán méith torthúil i Latium. Ar ndóighe, chuireadh na Rómhánaigh cath is cogadh ar chiníocha na sléibhte, agus sin go brúidiúil; thar aon rud eile, áfach, chuiridís caol orthu struchtúr dá gcuid féin a leagan ar na bólaí ina rabh dreamanna naimhdeacha ag cur fúthu frí choilíneachtaí a bhunú agus bealtaí móra a ghearradh. De réir a chéile lean tionchar na Róimhe á leitheadú go dtí gur mhuscail muintir na Róimhe lá amháin thart ar an bhliain 264 roimh Chríost le fáil amach go mba leofa an Iodáil uilig, nach mór.

Go dtí sin ní bhíodh mórán measa ag mórchumhachtaí na Meánmhuire ar na Rómhánaigh. Ba chlann iad lucht rialaithe na gcumhachtaí seo, dar leofa, do Alastair Mór; nó b'iad a gcuid ríochtaí gach a rabh fágtha d'Impireacht Alastair i ndiaidh don impire féin síothló. B'í an Ghréigis teanga na ríochtaí seo, agus an cultúr measctha leathGhréigeach, leathOirthearach ar a dtugtar Heilléineachas nó Hellenism faoi réim iontu. Sa bhliain 275 roim Chríost áfach chuir na Rómhánaigh ruaigeadh ar mhionrí Gréigeach a rabh de dhánacht ann an Iodáil a ionsaí; dhá bhliain ina dhiaidh sin shocraigh Rí na hÉigipte conradh caradais leis an Róimh. Ceann de na ríochtaí Heilléineacha ab eadh í an Éigipt ag an am seo, agus baineadh geit mhór as lucht na Gréigise nuair a thoisigh siad a thuigbheáil go mba chóir dófa feasta súil ghéar a choinneáil ar ghníomhartha na Róimhe.

Níor éirigh ina chogadh eadar na Rómhánaigh agus domhan na Gréigise go fóill beag, áfach, nó roimhe sin b'éigean do na Rómhánaigh dul i dteagmháil chogaidh leis an Chartaig. Coilíneacht de chuid na bhFéiniceach ab eadh í an Chartaig ar dtús. Náisiún Séimiteach ab eadh iad na Féinicigh, agus bólaí a ndúchais i Liobáin an lae inniu; bhí a dteanga iontach cosúil leis an Eabhrais.

Ba dhual do bhunadh na Cartaige, ar nós na bhFéiniceach uilig, loingseoireacht agus trádáil a chleachtadh; ós rud é go mb'í an talmhaíocht príomhghléas beo na Rómhánach, shílfeá nach mbeadh aon chogadh i ndán don dá dhream seo le chéile, cionn is nach rabh a gcuid sainleasanna ag teacht crosach ar a chéile. B'í an tSicil ba thrúig leis an chogadh, agus an dá ríocht á santú. Ar ndóighe, bhí an t-oileán seo suite in áit an-straitéiseach, mar a déarfadh ginearáil airm an lae inniu; nó dá mbíodh sí ina bunáit loingseoireachta acu, d'fhéadfadh na Cartaigigh smacht a choinneáil ar thrádáil na Meánmhuire uilig. Ón taoibh eile de, ba sheanfhód Gréigeach í an tSicil, agus an Ghréigis ina gnáthurlabhra pobail ansin; bhí an Róimh i gcomhghuaillíocht le cathracha láidire tábhachtacha i ndeisceart na hIodáile a mba sheanchoilíneachtaí Gréigeacha iad fosta, agus suim mhór ag a mbunadh i gcúrsaí na Sicile dá réir sin. Bhí de dhualgas ar an Róimh, mar sin, freastal ar leas na nGréigeach ins an Iodáil, agus de réir a chéile tarraingíodh cogadh ar an Róimh - cogadh ar a dtugtar an Chéad Chogadh Púnach. "Púnaigh" an t-ainm a bhí ag na Rómhánaigh ar mhuintir na Cartaige - is ionann é mar fhocal agus "Féinicigh", ó thaobh na sanasaíochta de.

B'fhadaraíonach deacair an cogadh é, nó mhair sé ón bhliain 264 r.Chr. go dtí an bhliain 241 r. Chr. - corradh is fiche bliain. D'éirigh leis na Rómhánaigh, áfach, na Cartaigigh a dhíbirt as an tSicil fá dheoidh, nó níor lig siad do chabhlach láidir sheanchleachta na bPúnach scanradh a chur orthu féin, ach chromadar féin ar longa a thógáilt is seoltóireacht a fhoghlaim, go dtí go rabh siad sách oilte le dúshlán na Cartaige a thabhairt i gcogaíocht na farraige. Scéal fadálach a bhí i gceist leis sin, ar ndóighe, agus na blianta ama de dhíth lena leithéid d'fhorbairt a thabhairt chun críche. Nuair a bhí an cogadh thart i ndiaidh an iomláin, fágadh an tSicil ag na Rómhánaigh agus rinne siad proibhinse dá gcuid féin den oileán.

Phléasc cogadh Púnach eile amach, áfach, nuair a bhí rí na gCartaigeach, Hannibal, i ndiaidh seadó a dhéanamh ins an Spáinn - nó, b'fhearr a rádh, ins an Ibéir. Ba mhór an scanradh a tháinig ar na Rómhánaigh agus slóite cogaidh Hannibal ag teacht aniar ón Ibéir le nochtadh os coinne gheaftaí na Róimhe sa bhliain 218 roimh Chríost. Mhair an chogaíocht cúig bliana déag ar fud na hIodáile go dtí gur rith leis na Rómhánaigh ionradh a dhéanamh go díreach ar chathair na Cartaige, in áit a bheith ag iarraidh slóite Hannibal a dhíbirt as an Iodáil. Tháinig deifre chun an bhaile ar Hannibal, mar sin, lena thír dhúchais a chosaint, agus thréig sé an Ibéir go hiomlán. Fuair na Rómhánaigh seilbh ar an leathinis seo agus bhunaigh dhá phroibhinse ansin, gidh go mb'éigean dófa cogadh a chur ar mhionchiníocha na hIbéire an chéad trí scór bliain eile le cumhacht na Róimhe a chur i bhfeidhm orthu go deifnideach.

Sa bhliain 200 roimh Chríost, mar sin, bhí smacht ag na Rómhánaigh ar Iarthar na Meánmhuire, agus iad istigh le cuid de na cathracha Gréigeacha fosta, rud a tharraing cogadh ar an Róimh aríst, nó bhí dhá chumhacht móra Heilléineachais, an Mhaiceadóin is an tSír, ag santú forlámhas ar an Ghréig agus ag ionsaí cathracha Gréigeacha leis an chuspóir seo a bhaint amach. B'é polasaí na Róimhe ar dtús gan a lámh a thumadh ródhomhain i gcorcán chúrsaí na Gréige, ach diaidh ar ndiaidh d'éirigh na Rómhánaigh mífhoighdeach leis na síor-mhionchogaíocha leis na Maiceadónaigh is na Sírigh. Rinne siad proibhinse nuadh den Ghréig sa bhliain 150 r.Chr.

Sa bhliain 146 r. Chr. chuir na Rómhánaigh deireadh lena rabh fágtha de chumhacht na Cartaige fríd an chathair a chur de dhroim an tsaoil ar fad. Rinneadh proibhinse Rómhánach eile den cheantar - Africa nó an Afraic, agus í ag comhfhreagairt do Thúinis ár lae féin. Cogadh trí bliana amháin a bhí de dhíth leis an tsean-namhaid a chloí go hiomlán mar sin, rud a léiríonns go gléineach an t-athrach a tháinig ar chóimheá na cumhachta eadar an dá chathair le linn na gcogaíocha Púnacha.

Mar sin, bhí an Róimh ar an chumhacht ba láidire cois na Meánmhuire, agus an chuma ar an scéal gurb ina hainneoin féin, de thaisme, a bhain sí amach an gradam seo. Cha rabh mórán athraithe ins an Róimh féin le linn na n-eachtraí impiriúla ar an choigríoch, nó b'é an bardas céadna agus na teaghlaigh uaisle chéadna a d'fhan ar an stiúir, cuma cé acu an chathair amháin nó leath an domhain a bhí le rialú. An bardas a d'úirt mé, agus b'é an Seanad a bhí i gceist agam, ar ndóighe.

Chan ar aon bhunreacht scríofa a bunaíodh cumhacht an tSeanaid, ach ar an tseanchleachtas amháin. Fir ón uasalaicme ab eadh iad na Seanadóirí, agus iad ina mórshealbhadóirí tailte comh maith. Nuair a gaireadh seanadóir de rainseoir den chineál seo, d'fhan sé san oifig sin go dtáinig an t-adhmad air. Mar sin, cha rabh an phoblacht seo leath comh daonlathach agus a shílfeadh lucht ár gcomhaimsire féin ar chluinstint an fhocail mhóir udaí poblacht dófa; b'iad na gnáthshaoránaigh, áfach, a thoghadh na giúistísí, agus b'as measc na ngiúistísí a thigeadh na seanadóirí.

Níorbh ionann seanadóir agus seanadóir: déanta na fírinne bhí an fhíorchumhacht i lámha an chuid sin de na seanadóirí a mb'as na teaghlaigh láidire uasaicmeacha dófa. Cha rabh ach fiche nó tríocha acu sin ann, agus iad ag roinnt na saoránach eatarthu frí chóras na coimirce is na géillsineachta: bhí an pholaitíocht bunaithe ar aitheantais phearsanta eadar daoiní a bhí faoi chomaoin ínteacht ag a chéile, agus finíochas (nepotism) faoi réim, ní nach ionadh.

Ní féidir a rádh gur páirtithe polaitiúla i gciall ár linne ab eadh iad na conláin a d'fhairbhrigh thart timpeall ar na teaghlaigh uaisle, gidh go mbíodh feachtais toghchánaíochta ar obair acu a chuirfeadh i gcuimhne canbhásáil agus stocaireacht sa lá atá inniu ann. I ndiaidh na bliana 150 r. Chr. tháinig scoilt eile chun tsolais sa tsochaí le forbairt na faicseanaíochta eadar na hOptimates agus na Populares - na hUaslathaigh is na Poblaigh, mar a thig linn a bhaisteadh orthu as Gaeilge.

Is minic a shíltear gur páirtithe nua-aimseartha a bhi sa dá dhream seo, murab ionann agus i ngasraí finíochais na mblianta roimhe sin, ach is dócha gur tátal rósciobtha é sin fosta. Difríocht an chur chuige a bhí i gceist thar aon rud eile: b'iad na hUaslathaigh na seanadóirí sin a chuireadh le chéile chun seanphribhléidí a n-aicme féin a chosaint; tuathghríosadóirí a bhí ins na Poblaigh agus iad ag lorg tacaíochta ón chosmhuintir le cur in aghaidh an dreama eile - chan feabhais ar chás an ghnáthphobail a bhí de dhíth orthu ach an-chorruair, nó bhí sé i bhfad ní ba choitianta go dteánfadh tuathghríosadóir den chineál seo iarracht ar leas a bhaint dó féin as an chosmhuintir.

Maidir le stádas na cosmhuintire céadna i gcóras polaitíochta na Róimhe, h-achtaíodh dlí, Lex Hortensia, sa bhliain 287 r. Chr. a chuir bun le forbairt an daonlathais frí údarás dlí a phronnadh ar chomhairlí ar a gcinnfeadh na saoránaigh uilig. Ciallaíonn sin go rabh forálacha dlí ann le reifreann a reachtáil; ach bhí muintir na Róimhe sách sásta go praiticiúil cead a gcinn a fhágáil ag na seanadóirí, go h-áithrid i gcúrsaí an chaidrimh eadarnáisiúnta is na cogaíochta. Bhí muinín ag an phobal as na Treabhainn - na hionadaithe pobail a rabh de dhualgas orthu súil a choinneáil ar imeachtaí an tSeanaid agus cibé rún nó reacht a thoirmeasc nach rabh, dar leofa, ag cur le leas an phobail. Ins an darna leath den darna haois is deireanaí roimh Chríost (is é sin, sna blianta i ndiaidh 150 r.Chr.) bhí na Treabhainn ag éirí as a n-urraim do thoil an phobail - ba uirlisí i láimh an tSeanaid iad anois.

De réir a chéile, tháinig aicme eile ar an fhód nach mba ghnáthchosmhuintir ná seanadóirí iad, mar atá, na Ridirí, nó an t-equester ordo, na h-equites. Marcshlua na Róimhe a bhí san Ord seo i dtosach báire. Bhí sé de nós ag na húdaráis cuntas a choinneáil ar na fir a rabh an oiread sin maoine acu agus go gcuirfeadh sé ar a gcumas seirbhís marcshlua a dhéanamh ar a gcostas féin; de réir a chéile rinneadh neamhshuim de bhunús mhíleata an daonáirimh seo, agus níor fágadh ann ach liosta na bhfear gnoithe ba shaibhre sa chathair.

Fir ghnoithe a bhí iontu ceart go leor; agus bhí scoilt ghéar sa tsochaí eadar fir ghnoithe agus mórúinéirí tailte, nó ní cheadóchadh an dlí do na seanadóirí a dhul i mbun trádála nó gnoithe eile den chineál a chleachtaíodh na h-equites. Cha rabh aon státseirbhís ann ó thús, agus cuireadh crothnú ina leithéid nuair a rinneadh ollchumhacht dhomhanda den Róimh. Mar sin cha rabh de roghain ann ach cuid mhór de chúraimí an riaracháin a ba dhual do státseirbhís a fhágáil faoi na fir ghnoithe a bhí flúirseach ins na proibhinsí úrghaibhte ag cur ar bun impireachtaí beaga trádála dá gcuid féin: is follasach gur tairgeadh seansanna do thrádálaithe tapúla ins na proibhinsí, agus margaíocha úra á bhfoscal iontu. Shocraíodh an Stát conarthaí le fir ghnoithe cánacha a bhailiú nó foirgnimh agus bóithre a thógáil ar mhaithe leis an stát Rómhánach; agus mar sin d'éirigh lena lán den lucht gnoithe a ndúlsáith maoine a charnadh agus gur cláraíodh i rollaí na Ridirí iad. San am chéadna thoisigh siad a chur suime i gcúrsaí polaitíochta, nó ba dóigh leofa go rabhadar i dteideal tuilleadh tionchair a bheith acu ar rialú na Róimhe. Cha rabh na seanadóirí róthoilteanach géilliúint d'éilimh na Ridirí, agus d'fhan an teannas polaitiúil eadar an dá dhream seo beo bríomhar i bhfad thar an riachtanas: gidh gur thoisigh na seanadóirí de réir a chéile a dhéanamh droichead den dlí a chros orthu a dhul i gceann gnoithe trádála, agus iad ag dul i muinín lucht eadarghabhála, agus go rabh cuid de na ridirí ag glacadh páirt sa pholaitíocht comh dána dásachtach is mar a bheadh seanadóirí iontu, bhí sé de chlaonadh sa dá ghrúpa sóisialta seo dearcadh ar an dream eile mar chéile iomaíochta is iompairce.

Níorbh é an fás trádála an t-aon athrú amháin a bhí ag cur seanréim na Róimhe frí chéile le linn na forbairthe i dtreo ollchumhachta domhanda. Ba léir gur ghlac na Rómhánaigh leis an iliomad nuálacha cultúrtha ó na tíortha iasachta, ón Ghréig ach go háithrid. Ba chuid é d'oiliúint gach Rómhánaigh uasail Gréigis a fhoghlaim, an teanga comh maith leis an litríocht a bhí le fáil inti, agus tháinig borradh faoi litríocht na Laidine féin, siúd is nach rabh ann ar dtús ach scríbhneoirí Laidine ag déanamh athinsinte ar chlasaicigh na Gréigise ina dteanga féin. Tháinig an amharclannaíocht Ghréigeach isteach comh maith, agus drámadóirí Rómhánacha ar nós Plautus ag scríobh cóiméidí i stíl Ghréigeach fá dhéin lucht féachála sa Róimh. Bhí tionchar na Gréige le haithne ar achan ghné den ardchultúr, eadar litríocht is ealaíona, eadar ailtireacht is dhealbhadóireacht.

San am chéadna, cuireadh suim ins na reiligiúin is na cultais Oirthearacha, a rabh eilimint láidir misteachais agus rúndiamhaireachta ag baint leofa, ar nós na Bacanála - adhradh Bhacais nó Dionysos, dia an fhíona i seanchreideamh na nGréigeach, agus a rian fágtha ag meascán cultúrtha an Heilléineachais air. Bhí tinreamh agus ráchairt mhór ar na Bacanálacha ins an Róimh, ach b'éigean do na húdaráis srianta ínteacht a chur leofa, nó bhí "coiriúlacht agus mímhoráltacht" ag baint leofa go minic, mar a mhaíonns na foinsí comhaimseartha. Bíonn fonn ar dhaoiní an lae inniu an léamh a bhaint as an scéal gur scléipeanna craicinn a bhí i gceist, ach níl an oiread sin eolais againn ar na pléarácaí seo agus go dtiocfadh linn an míniú áithrid seo a roghnú thar na cinn eile. Is féidir a áitiú comh maith gurbh é an gad ba ghiorra don scornaigh go mbíodh lucht adhartha Bhacais comh dall sin ar meisce - cuma cé acu fíon nó buile reiligiúnda ba phríomhchúis leis - agus go ngortaídís a chéile nó fiú daoiní eile le linn na ndeasghnáthaí.

Tháinig fealsúnacht na Gréige go dtí an Róimh comh maith. Chuir na fir uaisle an-spéis ins an Stóchas, nó bhí na suáilcí a theagascadh lucht leanstana na hidé-eolaíochta seo iontach cosúil le seanidéil na Róimhe a chonaic na seanseanadóirí faoi bhagairt an tionchair nuaidh Ghréigigh. Bhí aithne phearsanta ag duine de mhórfhealsúna Stócha na linne, Panaitios, ar Scipio Aemilianus, rud a chuidigh go mór le foirceadal an Stóchais a dhul i bhfeidhm ar státairí na Róimhe.

An trádáil a bhí ar siúl eadar an Róimh agus na proibhinsí, is léir go dtug sí barr maith don Róimh, agus don Róimh thar aon áit eile, nó creach chogaidh agus trofaenna a bhí ins na chéad earraí a díoladh is a ceannaíodh. Thairis sin, b'í an Róimh a chuaidh chun saibhris ar na cánacha a bailíodh sna proibhinsí. Má bhí cliú an choigiltis is an diantréanais ar na Rómhánaigh ar dtús, tháinig só is falsóireacht go tiubh géar in áit na seansuáilcí. Thoisigh na seanuaisle a chlamhsán fá dhrabhlás na bhfear óg nach mbíodh ach ag ól fíona, ag craosaireacht ar bhiadh iasachta is ag bualadh craicinn leis na cailíní óga a cheannaídís ar aonach na ndaor. Cha rabh an tseanbhuaine ag baint leis an phósadh a thuilleadh, agus an pholaitíocht is an toghchánaíocht ag éirí ina sorcas: bhí breabadóireacht i gcéill ar bith - eadar liteartha agus mheafarach - ag leitheadú, agus iarrthóirí ag réitiú a mbealaigh chun giúistíseachta frí shíneantais airgid a dháileadh, comh maith le bheith ag giúmaráil na cosmhuintire le achan chineál siamsaíochta: mar sin, is féidir a rádh go dtéid an sean-nath fán daoscarshlua "nach bhfuil de dhíth orthu ach arán agus siamsaíocht" a fhad seo siar sa stair.

Gidh gur seanchleachtas ab eadh í an daoirse ins an Róimh, cha dtáinig a leathbhreac eile de bhorradh fúithi riamh roimh an tuile ar lorg na gCogaíocha Púnacha. Nó b'ansin a thoisigh na slóite síoraí de phríosúnaigh chogaidh a theacht chun na Róimhe. Ba chruaidh an saol a bhíodh ag an ghnáthsclábhaí agus é á mhaslú féin i gceann garbhoibre sa pháirc nó sna poill mhianaigh faoi bhráca na mbaillí brúidiúla; ach bhí na daoir bhaile bí b'fhearr as, agus iad i mbun ceirde nó múinteoireachta i dteach a máistir. Bhí cuid mhaith acu in ann luach a bhfuascailte a shaothrú le chéile, ach d'fhanadar go minic faoi choimirce nó géillsine an mháistir ina dhiaidh sin.