Panu Höglund

vaahtera mailp

vaahto cúr; hänellä oli suu vaahdossa bhí cúr lena bhéal

vaahtokumi cúr-rubar

vaahtomuovi cúrphlaisteach, cúrphleaistic

vaahtopää barróg gheal, ollshaoiste

vaahtosammutin: kun olin vielä vaahtosammuttimen kokoinen nuair nach rabh airde an stóil bhig ionam

vaakuna armas

vaaleaorakas beacán bonnóige

vaalipiiri (yl.) ceantar toghchánaíochta; (parlamenttivaaleissa myös) dáilcheantar; (muissa vaaleissa myös:) toghlach

vaara guais FEM, GEN-e, gábhadh MASK, GEN gábhaidh, contúirt FEM, GEN contúirte, PL contúirtí, dainséar MASK, GEN ja PL dainséir

vaarantaa duine, rud a chur i gcontúirt

vaatekappale ball éadaigh; niukka vaatekappale (esim. bikinit) scriosán éadaigh

vahinko (kielteinen sattuma, vahingossa tapahtuva onnettomuus) míthapa MASK, (selvemmin onnettomuus tai sattuma) taisme FEM, (vaurio) dochar MASK, GEN dochair, damáiste/diomáisteKerryMASK, cáipéisUlster FEM; onko aiheutunut paljon vahinkoa? an bhfuil cáipéis mhór déanta? siitä vahingosta he eivät selvinneet koskaan níor chuir siad an cháipéis sin díofa riamh; (haitta) dochar; urchóid FEM, GEN -e

vahvistin (stereoissa, äänentoistossa) aimplitheoir

vaihde (rautateillä) ladhróg, (autossa) giar; dul i ngiar, carr a chur i ngiar, carr a bhaint as giar, giar a airdiú, giar a ísliú

vaihdetanko giarbhata

vaihtaa athraigh/athrú, malartaigh/malartú, iomlaoid a dhéanamh; (rahaa pienempään) airgead a bhriseadh, shóinseáil; vaihtaa sekki rahaksi seic a bhriseadh

vaihtoehtoinen malartach; (valinnainen:) roghnach

vaihtoraha briseadh, sóinseáil (airgid); minulla ei ole vaihtorahaa níl aon bhriseadh agam

vaihtovirta sruth ailtéarnach

vaikea deacair, doiligh; hänen kanssaan on vaikea tulla toimeen ní haon ribín réidh é, duine conráideach é

vaikeakulkuinen eascairdeach; nämä ovat hurjia poikia Pohjanmaan vaikeakulkuisilta vuoristoseuduilta is fiáin an dream iad seo ó chúlriasca eascairdeacha na hOstrabóitne

vaikeapääsyinen aistreánach, eascairdeach

vaikeus deacracht FEM, GEN-a PL-aí; se vaikeus on voitettavissa ní fál go h-aer é

vaikutelma imprisiún; millaisen vaikutelman tämä kaupunki jätti sinulle cad é an t-imprisiún a d'fhág an chathair seo ort, cad é mar a chuaidh an chathair seo i gcion/ i bhfeidhm ort

vaikuttaa tionchar a imirt (imir!), oibrigh/oibriú; lääke alkoi vaikuttaa thoisigh an cógas a dh'oibriú (ar an duine a thóg é)

vaikutus tionchar, anál; tehdä vaikutus johonkuhun dul i gcion, i bhfeidhm, i bhfód ar dhuine

vailla: olla jotain vailla bheith in anás ruda

vaillinainen (esim. verbitaivutus) uireasach

vainota duine a ghéarleanúint (vain verbaalisubstantiivi!); olla jonkin vainoama bheith faoi chrann smola (ruda)

vaippa (vauvan) naipcín maonairte; (maapallon vaippa geologiassa) brat

vaiva (sairaus) tolgán, ulpóg

vaja bothán, cró, (pelkkä katos:) scáthán, (ulkorakennus:) bráca

vajota: hän vajosi köyhyyteen thit sé anuas i mboichtíneacht

vakaa diongbháilte, (konstantti:) tairiseach, (stabiili:) cobhsaí, (järkevä) siosmaideach, stuama, foirmniseach

vakaumus géarbharúil; se on vakaumukseni is é mo ghéarbharúil é

valehtelija baileabhair

valekaapu ceileatram

valikko roghchlár

valikkorivi barra roghchláir valikoida roghnaigh/roghnú, bheith ag déanamh roghnachais (ar rud)

valikoiva: olla valikoiva (jonkin asian suhteen) roghnachas a dhéanamh ar rud, valikoiva kuulo (ivallisesti) bodhaire Uí Laoghaire

valimo teilgcheárta

valinnaisaine ábhar roghnach

valintaikkuna bosca caidrimh

valistus soilsiú, soilsitheoireacht; (aikakausi) an Eagnaíocht

valistusfilosofi fealsamh Eagnaíochta

valittaa gearán/gearán; casaoid/casaoid; (ulista) bheith ag mairgnigh; (tehdä valitus) do chasaoid/do ghearán a dhéanamh fá rud le duine; minulla ei ole aihetta valittaa ní gearánta domh; näin on tehty ennenkin, eikä kukaan ole valittanut sin mar a rinne muid an obair riamh, agus ní thug aon duine achasán dúinn dá thairbhe riamh

valkaisuaine tuarthóir

valkama casla(igh) FEM

valkopyykki gealachán

valkosolu coirpín bán, cill bhán

vallankumous réabhlóid, muirthéacht; mainio vallankumous an Réabhlóid Ghlórmhar; Ranskan vallankumous Réabhlóid na Fraince, Muirthéacht na Fraince; helmikuun vallankumous Réabhlóid na Feabhra; lokakuun vallankumous Réabhlóid Dheireadh Fómhair

vallihauta móta

valmistautua réidh a dhéanamh, tú féin a dhéanamh réidh, tú féin a ullmhú, tú féin a úmú

valmisteilla ar na bacáin, sna fonsaí tógála

valmuska (Lepista) corcróg

valoherkkä solas-íogair

valonlähde soilseán

valosähköinen fótaileictreach; valosähköinen ilmiö iarmhairt fhótaileictreach

valotus nochtadh (scannáin)

valotusmittari nochtmhéadar

valpas faichilleach, airdeallach, fuireachair, furchaidh

vamma (invaliditeetti) ciothram, ainimh, cithréim, máchail

vammainen (yl.) easlán, (liikuntakyvyltään) cláiríneach; (ulkonäöltään) crandailín; (älynlahjoiltaan) leathdhuine, duine le Dia; (yl. synnynnäisesti vammaisista) duine ar leag Dia lámh air

vampyyri súmaire

vangita (esim. eläin, vankikarkuri ym. nurkkaan ajamalla) caibhrigh/caibhriú

vanha sean (käytetään yleensä etuliitteenä:) vanha mies seanfhear, vanha nainen seanbhean, vanha patu seanleaid; vanha maa (Amerikkaan lähteneen näkökulmasta) an seanfhód, na seanulacha

vanhapiika seanchailín

vanheta: he vanhenevat yhdessä (vanha aviopari) tá siad ag titim bonn ar bhonn le chéile

vanhuudenhöperö (subst.) athleanbh; tulla vanhuudenhöperöksi dhul in aois na hóige, ins an darna leanbaíocht

vannottaa mionna an leabhair a bhaint de dhuine, mionn a bhaint as duine; (pyytää kiihkeästi) duine a agairt (agair!); vannottaa jotakuta pitämään salaisuus rún a chur ar dhuine

vapaa-aika am saor, (erityisesti virasto- ja matkailumainoskielessä vapaa-ajanviettomahdollisuuksista puhuttaessa:) fóillíocht; vapaa-ajan harraste caitheamh aimsire

vapaa-ajattelija saorsmaointeoir

varas gadaí; suurimmat varkaat kulkevat vapaina is iad na daoiní ciontacha is mó a théid saor, agus is iad na daoiní macánta a chrochtar

varaus (varauksellinen suhtautuminen) cuantar; sillä varauksella että... ar cuantar go...; (lipun ym.) áirithint FEM, G-e PL

varhaisaamu adhmhaidin FEM, GEN adhmhaid[i]ne

variantti (kielen) leagan

varis caróg liath

varoa bheith faichilleach, bheith airdeallach, bheith ar d'fhaichill, tú féin a sheachaint (seachain!); varo! fainic! seachain thú féin! varo ettet putoa! fainic go dtitfeá! varo itseäsi! seachain thú féin, coimhéad thú féin

varoitusmerkki (varoitusääni, varoitussignaali, radiomajakka tms.) rabhchán, (sireenin ääni myös) bonnán

varovainen faichilleach, furchaidh, furachair; (erit. välttelevä) seachantach

varras bior MASK; GEN ja PL beara

varsa searrach

varsta súiste MASK, PL súistí

varuillaan: olla varuillaan bheith ar do choimhéad

varustella: varustella laiva long a ghléasadh

vasikka lao, (pieni vasikka) laoidín

vastaan in aghaidh, i gcoinne, in éadan; tulla jotakuta vastaan (m. kuv.) theacht in araicis duine

vasta-aine antashubstaint, (veressä oleva vasta-aine sairaudelle myös:) frithchorpán

vastaanottovirkailija ("respa") fáilteoir

vastakappale (pidike) gabhdán

vastakarvaan in aghaidh stoith, in aghaidh stuif, i gcoinne an chlúimh, i gcoinne an fhionnaidh

vastamäkeen in éadan na malacha

vastarinta frithsheasmhacht

vasten: valoa vasten eadar thú is léas

vastuu: omalla vastuulla ar do phriacail féin

vatsa goile, bolg; ota se tyhjään vatsaan caith ar na céalannaí éUlster

watti vata MASK, PL vataí

vau! a thigh, ná tit orm!

vauhti: hän on taas vauhdissa (myönteisessä mielessä:) tá sé ina sheanléim aríst, (kielteisessä:) tá sé ag obair aríst ar an tseandóigh

vavistus creathán

vedonvälittäjä geallghlacadóir

vehnä cruithneacht FEM, GEN-a

veistotaltta siséal (le haghaidh snoíodóireachta); Veistotaltta (tähtikuvio, Caelum) an Siséal

veistää snoigh/snoí, grean/greanadh

vektori veicteoir

velka cairde FEM, fiacha MASK PL; ottaa velkaa cairde a thógáil; olla korviaan myöten veloissa bheith báite i bhfiacha; antaa velaksi rud a thabhairt [uait] ar cairde; emme myy velaksi ní thugtar earraí ar cairde

veloittaa toibhigh/tobhach

venytellä: venytellä raajojaan do ghéaga a shearradh, searradh a bhaint as do ghéaga

venyttää srathnaigh/srathnú, sín/síneadh, teann/teannadh

venähtää: onpas tuo poika venähtänyt pitkäksi sitten viime näkemän is mór a chaolaigh an gasúr sin

verenkierto imshruthú na fola

verenluovuttaja deontóir fola

verestää: verestää iiriään an mheirg a bhaint de do chuid Gaeilge

veri fuil; synnyttää pahaa verta drochfhuil a chothú; hän kaivaa verta nenästään chan fhuil ann ach iarraim cúis, tá sé ag beochadh bruíne; hänessä on irlantilaista verta d'iaróibh na hÉireann é

verijuotikas (Hirudo medicinalis) súmaire fola

veriplasma fuilphlasma

veriseerumi meadhg fola

verkkainen malltriallach

vero cáin FEM, GEN cánach, PL cánacha; panna verolle cáin a ghearradh ar rud; kerätä/periä joltakulta veroa cáin a bhailiú ó dhuine; välitön vero cáin dhíreach, välillinen vero cáin indíreach

veronalaistaa cáin a ghearradh ar rud

verta (yl. vain taivutettuna) oiread (maskuliini, muttei saa etuliitettä t- artikkelin jäljessä); saman verran an oiread céadna; kaksin verroin an dá oiread; en tiedä siitä senkään vertaa níl a fhios agam é ach oiread

vertainen: hänen vertaistaan tarinankertojaa ei löydy koko pitäjästä níl a leithéid/a leathbhreac/a mhacasamhail/a chómhaithRing of Waterford/a shárú de scéalaí sa trí phobal

vesihämähäkki (Argyroneta aquatica) damhán uisce

vesijumppa aeróbaic uisce

vesikello dobharchlog

vesikäärme péist uisce; Vesikäärme (Hydra, tähtikuvio) an Phéist Uisce; Etelän vesikäärme (Hydrus, tähtikuvio, myös Pieni käärme) an Phéist Bheag

vesiliirto scinneadh ar uisce

vesilintu: heittää vesilintua jollakin rud a chur leis an abhainn, a chaitheamh i dtraipisí

vesilisko (Triturus) niút, (erityisesti Triturus vulgaris -laji) earc sléibhe

vesiliuos tuaslagán uiscí

vesiraja: olla vesirajassa bheith i mbéal na toinne

vetoketju sipdhúntóir; vetoketjun kiila fáisceán sipdhúntóra

vianetsintäohjelma ríomhchlár diagnóisíoch

videokamera físcheamara

videonauhuri fístaifeadán

viedä rud a thabhairt leat; (tuotteita) easpórtáil/easpórtáil, onnmhairigh/onnmhairiú; tulva vei poikani chairt an tuile mo mhac léithi

viehe maghar

viekas cliste, slítheánta; viekas kuin kettu comh críonna le madadh rua

vieraantuminen (marxilaisessa mielessä) féinchoimhthiú

vieras cuairteoir MASK; GEN cuairteora, PL cuairteoirí; (häiritsevä yövieraaksi änkeytyjä:) calbhach MASK; GEN ja PL calbhaigh; (kuokkavieras, loisija) stocaire MASK, PL stocairí

vierastaa (uutta paikkaa) ainchleachtadh a bheith ort (in áit nua)

vierittää (näyttöä tietokoneessa) scrollaigh/scrollú

vierityspalkki scrollbharra

viesti teachtaireacht

viestintuoja teachtaire

Wight (saari, Isle of Wight) Inis Iocht

vihainen (koira ym. eläin) drochadhainte, drochainte, drochmhúinte

vihastua snamh a thabhairt do rud, col a ghlacadh le rud

vihattava gráiniúil

vihavälit: hän on vihaväleissä naapurien kanssa tá adharc air leis na comharsanaigh

vihellys fead FEM, GEN fide PL feada

viheralue crioslach glas

viherkonna (keltatäpläkonna, Bufo viridis) buaf ghlas

vihvilä (Juncus) luachair

viihde siamsaíocht

viikate speal

viikatemies spealadóir, (kuolema) an Rógaire Bás

viikset croiméal

viila líomhán

viime: viime aikoina ar na mallaibh

viimeinen déanach, deireanach; viimeinen mohikaani Oisín i ndiaidh na Féinne; viimeisillään ar an dé dheiridh, i ndeireadh na preibe, i ndeireadh na péice

viimeistellä bláth/an snas deireanach/an dlaoi mhullaigh/an dlaíóg mhullaigh/an plán mín a chur ar rud (Huom: an plán mín a chur ar rud voi tarkoittaa myös "siloitella")

viinapää acmhainn óil; hänellä ei ole viinapäätä níl acmhainn aige ar ól

viisas críonna; kaukaa viisas fáilthí, fadcheannach; hän oli aina kaukaa viisas bhíodh sé i gcónaí ag smaoitiú roimhe

viisastella (vinoilla) bheith ag eagnaíocht

viisastua: viisastua vanhetessaan bheith ag titim ar do chiall

viisaudenhammas fiacail fhorais

viitasammakko (Rana arvalis) frog réisc

viitsiä: hän ei viitsi tehdä sitä is scorn leis é a dhéanamh, is leasc leis é a dhéanamh; älä viitsi! breast thú!

viittoma comhartha láimhe (i dteanga na mbodhar)

viittomakieli teanga chomharthaíochta (na mbodhar)

viivakoodi barrachód

vika (laitteessa:) (sisäinen vika, pilallisuus:) fabhta, (yleinen epäkunto:) ainghléas; koneessa on jotain vikaa (yleinen epäkunto:) tá an meaisín ar ainghléas, tá ainghléas ar an mheaisín; (sisäisesti ja rakenteellisesti pilalla:) tá fabhta éigin sa mheaisín; (yl.) locht, fabhta

"wildcard" (Internet-hakutermi: merkki, jolla merkitään vapaavalintainen kirjain) saoróg

vilukissa crádaí, cráiteachán, goróir

vilunki camastaíl, caimiléireacht, calaois, lúbaireacht, cn[e]ámhaireacht

vilvoitella tú féin a fhuarú (fuaraigh!) menin ulos vilvoittelemaan tanssin jälkeen chuaigh mé amach go bhfuaraínn mé féin i ndiaidh damhsa

Windwardsaaret Oileáin na Gaoithe

vinoilu cnáid FEM, GEN-e, cnádánacht FEM, GEN-a

vinoneliö romb MASK, GEN-a PL-anna

virkaheitto (urallaan epäonnistunut) teipthe

virkistystaajuus (ATK) ráta athnuachana

virrata (vesi, joki ym.) snigh/sní

virtsa mún, fual

virtsahappo aigéad úrach

virtsakivi: virtsakivet greanMASK fuail (KOLL)

virvatuli (taruolennoksi personoitu:) Liam na Sopóige, Liam an Dealáin; (luonnonilmiöksi ymmärretty) corrchoigilt

visertää: älä muuta viserrä! abair do sháith de sin!

viski uisce beatha; fuiscíKerry, Munsterin murteet

vitivalkoinen comh bán leis an tsneachta

vitsi scéilín magaidh; mitä vitsiä siinä on? cad é an chiall atá leis?

vittu báltaí PL, pit FEM, GEN-e; vitut siitä is cuma liom sa diabhal; vitut minä mikään viisas ole diabhal saoi mise; vitun mulkku damantóir diabhalta, bithiúnach cruthanta

vittuilu teallaireacht, pastaireacht FEM, GEN-a, ráisteachas MASK, GEN ráisteachais

viulu fidil, veidhlín; maksaa viulut an dola a dhíol

voi 1. (rasva) im MASK, GEN-e

voi 2. (interjektio) voi, voi sentään! abhó, abhó! faraoir (géar)! mo léan géar! dherá!

voihke cársán, mairgneach

voikukka caisearbhán, (murteellisesti myös) gaisearbhán

voima neart, urradh, urrús, (erit. fysikaalinen ja kuv.) fórsa; (aallon, virtaavan veden voima) tulcadh; älä pane siihen kaikkia voimiasi ná lig do chuid urraidh uilig amach air

voittaa buaidh a bhreith ar dhuine; gnóthaigh/gnóthú; voitetut lucht na maidhme; paras voittakoon an té is treise againne bíodh in uachtar

vonkale pilí, mallachar

vouti baille MASK, PL baillí

Woodenbridge (Wicklown kreivikunnassa) Garrán an Ghabhláin

vuodattaa tál/tál

vuohenputki (Aegopodium podagraria) lus an easpaig

vuokaavio sreabhchairt FEM, GEN-e, PL-eacha

vuokrakasarmi tionóntán

vuosi bliain; trooppinen vuosi bliain thrópaiceach, bliain ghréine

vuosikokous (erityisesti puoluekokous kansallisella tasolla:) Ard-Fheis FEM, GEN -e PL -eanna

vuotaa: vene vuotaa tá an bád ag déanamh uisce

väenkokous comhthionól, comhthiolán, cuifealán, cruinneagán (de dhaoiní)

vähennyslasku dealú

vähintään ar a laghad

vähä: ei vähä mitään! char dhadaidh beagán!

vähän beagán; osaan vain vähän iiriä níl (= chan fhuil) ach beagán Gaeilge agam; vähänpä siitä oli apua is beag an cuidiú a bhí ann

väinönputki (Angelica archangelica) ainglice FEM

väkevä (ruumiinvoimiltaan) láidir, urrúnta, scolbánta, sonnta; (väkijuoma) borb

väliaine (virtausaine) sreabhán

välihuutelu trasnaíocht

väliinputoaja duine atá fágtha gan Mhurchadh gan Mhánas

välimuisti (ns. "cache") taisce (cuimhne shealadach sa ríomhaire)

välirauha sos cogaidh

väli: vähän väliä in amanna; välistä eadar amanna

väliinputoaja: olla väliinputoaja bheith gan Mhurchadh gan Mhánas

välit: olla huonoissa väleissä bheith amuigh ar a chéile; emme ole oikein väleissä níl muid ar na hóí le chéile, níl muid rógheal le chéile

välke glioscarnach

välähdys: vihreä välähdys (ilmakehän valontaittoilmiö esim. auringon noustessa avomerellä) bladhm uaine

vänrikki meirgire

värisokeus dathdhaille FEM

värkätä: mitä sinä värkkäät? cad é an úthairt atá ort?

värssy rann, rabhán, nathán

värssymaakari rannaire

värttinä fearsaid FEM, GEN-e, coigeal

vääntää fiar/fiaradh

vääristellä cor a chur i rud (san fhocal, sa tseanchas, san fhírinne nó a leithéid)

vääristää míchum/míchumadh

väärä (ei oikea) mícheart, contráilte; (ei suora) cam; olen hänelle sukua väärän koivun takaa tá gabhal gaoil agam leis

vääräleuka cabaí