Ensimmäiseksi täytyi siis painua Vaasaan. Lipunhan sai ilmaiseksi, kruunuhan tunnetusti pitää huolta pojistaan, vaikka nämä eivät olisikaan menossa kaartiin vaan muukalaislegioonaan. Paikallisesta linja-autoliikenteestä minulla ei tietysti ollut aavistustakaan, joten oli pakko ottaa taksi, sillä itsehän en olisi jaksanut raijata lukemattomia (molemmissa merkityksissä) iirinkielisiä kirjojani seitsemän kilometrin päähän Runsoriin. Minulla on muistikuva, että vahvalla pohjanmaanruotsalaisella aksentilla suomea puhunut naiseläjä olisi tyrkytellyt Vaasan karttoja asemalla. Olisi ehkä ollut järkevämpää suostua ostamaan yksi, - ehkä niissä kartoissa olisivat näkyneet myös bussireitit - mutta jotenkin se tuskainen ja valittava ääni kuulosti luotaantyöntävältä. Pohjanmaalaiset ruotsinkieliset naiset kuulostavat toisinaan tuskaisen valittavilta puhuessaan suomea, tuntuu siltä kuin joka sana viiltäisi kipeästi. Niinpä heidän kanssaan on helpompi puhua ruotsia, vaikka murre olisikin vaikeaa ymmärtää.
B'é an chéad rud a theastaigh ná aghaidh a thabhairt ar Vaasa. Ní ormsa a bhí fiacha an astair seo a ghlanadh, nó chuir na h-údaráis ticéad saor in aisce chugam, mar ba chuí. Ag tuirlingt den traein domh in Vaasa cha rabh cur amach ar bith agam ar bhustrácht na cathrach, ach ós rud é go rabh mé tar éis mo chuid leabhar Gaeilge a thabhairt liom, agus mise gan an oiread urraidh a bheith ionam an t-iomlán acu a ghiúlán a fhad le hIonad na Seirbhíse Neamharmtha fá sheacht gciliméadar de lár na cathrach, ní rabh de rogha agam ach tacsaí a fháil. Is cumhain liom, siúd is go bhfuil cuma éadóchúil air, go rabh bean ag iarraidh mapaí na cathrach a dhíol leis na paisinéirí agus iad ag fágáilt na traenach, agus blas láidir de Shualainnis na hOstrabóitne ar a cuid Fionlainnise. B'fhearr domh mapa a cheannacht, ach amháin nach rabh an guth sin aici ag taitneamh liom. Bíonn glór aistíoch acaoineach ag Sualainniseoirí mná na hOstrabóitne agus iad ag labhairt i bpríomhtheanga na tíre: shamhólfá gurb in arraingeacha atá siad aici. Is beag duine a dtig leis éisteacht leis an éagaoint sin, ach is deacair go leor fosta ciall a bhaint as an chanúint Sualainnise sin acu.
Taksikuski mulkoili ilkeästi kuultuaan että olin menossa Runsorintien siviilipalveluskeskukseen, mutta kyllä hänellekin maanpetturin markat maittoivat. Matka oli vietävän pitkä, sillä keskus sijaitsi kuuden-seitsemän kilometrin päässä kaupungin keskustasta, ja rahaa meni sen mukaisesti. Onneksi juuri noihin aikoihin sain jotain niinkin odottamatonta (heh) kuin palkan Ny Tidiin kirjoittamistani jutuista, joten minulla oli rahaa tällaisiin äkillisiin tarpeisiin - ja jollen väärin muista niin onnistuin kyllä repimään kesäkuuksi toimeentulotuet, koska opintotukeni lakkasi ikuisiksi ajoiksi toukokuuhun 1995, eikä sivari alkanut ennen kuin kesäkuun lopussa, joten olin siinä tosiaan kuukauden päivät aivan tyhjän päällä.
Chaith fear an tacsaí drochshúil liom arna chluinsbheáilt dó cá rabh mo thriall, ach ghlac sé go réidh le hairgead an tréigtheora féin. Bhí an tIonad suite i bhfad ar shiúl ó lár na cathrach, fá shé nó fá sheacht gciliméadar de, agus praghas ar an astar tacsaí de réir an achair. Ar an dea-uair bhí mé go díreach tar éis páighe a fháil ar son na n-altann a bhí scríofa is foilsithe agam ar an iris udaí Ny Tid, agus más buan mo chuimhne d'éirigh liom deolchaire na míosa uilig a bhréagadh ó lucht an "bh'rú" i dTurku i dtús an Mheithimh: spíon mé mo chuid allúntaisí léinn i mBealtaine na bliana céadna, agus ní rabh an chéad allúntas fá choinne lucht na seirbhíse neamharmtha le theacht ach i Mí Iúil.
Aikanaan sitten se taksi saapui keskukseen. Vanha kaverini Pia, joka on kotoisin Vaasasta, vinoilee yleensä siitä että se on "landets soligaste stad", mikä on parempi tulkita niin että se on "landets svettigaste stad", sillä raahautuessani auringonpaisteessa sen rannattoman tasangon yli, jota Vaasan ammatillisella aikuiskoulutuskeskuksella on kunnia kutsua asfaltoiduksi pihakseen, sain kyllä kylpeä hiessä.
Bhain an tacsaí amach an tIonad ceart go leor. Bíonn mo sheanchara Pia Lindén-Lamoureux a bhfuil cuid mhaith dá saol caite in Vaasa, bíonn sí i gcónaí ag fonóid fá dtaobh den chathair a dtugtar "an chathair is mó grian ins an Fhionlainn" uirthi ins na leabhráin turasóireachta. "An chathair is mó allas" is fearr a d'fhóirfeadh, nó ní rabh an machaire fairsing udaí de chlós thart timpeall ar an Ionad trasnaithe agam go fóill agus mise ag bárcadh allais cheana.
Onneksi siellä sentään oli selkeät opasteet. Raahauduin toiseen kerrokseen (toisessa kerroksessahan se sivarikeskus siellä kai oli?), missä uusi palvelukseensaapumiserä juuri jonotti pääsyään reippaiksi isänmaan palvelijoiksi. Katsellessani neuvottoman oloisena ympärilleni (ja siihenhän minulla ainakin on luontaiset edellytykset!) joku häiskä huikkasi minulle huudon: "Hei miekkonen! Tuonne päin!" Muistan elävästi että hän käytti sanaa miekkonen. En loukkaantunut siitä, mutta se tuntui odottamattomalta, sillä silloin kun minua viimeksi puhuteltiin miekkoseksi, olin parikymmentä kiloa kevyempi, ja puhuttelijakin oli varmasti ainakin parikymmentä vuotta nykyistä ikääni vanhempi. Tällä kertaa sitä vastoin kyseistä sanaa käytteli minua kymmenen vuotta nuorempi mies.
Ar an dea-uair bhí comharthaí soiléire ansin agus iad ag taispeáint cén chuid den fhoirgneamh ina rabh Ionad na Seirbhíse Neamharmtha suite. Cha rabh orm ach a dhul suas an staighre, agus fuair mé roimhe scaifte d'ógánaigh ag fanúint lena gclárú féin i rollaí sheirbhísigh chalma ár dTíre Dúchais. Fágadh i mo stangaire mé i measc na mbuachaillí, rud is dual domh, go dtí gur scairt duine acu orm: "Hóra, a stocaigh-ó, gabh an bealach seo!" Díol iontais go rabh timpeall ar dheich mbliana agam air, agus é ag tabhairt "miekkonen!" ("a stocaigh ó!") orm mar a bhíodh sé ina sheanfhondúir seachtó bliain d'aois.
Mitäpä siinä sitten muuta saattoi tehdäkään kuin liittyä joukkoon tummaan ja opetella sellaisten käsitteiden kuin säälipussi, dollari ja legioona syvin merkitys.
Cha rabh d'fheidhm orm go bunúsach ach dul sa chomluadar le saol an tseirbhísigh neamharmtha a fhoghlaim is a mairstin, agus mé ag piocadh focail nuadha liom le coincheapa úra a ainmniú, ar nós mála trócaire, dollar agus an Léigiún Coimhthíoch.
"Säälipussilla" tarkoitetaan sämpylän, voinapin, juuston, teepussin ja teesokerit sisältävää iltapalapussia. Sokeria oli minun vaativaan makuuni aivan liian vähän, mutta onneksi naapurit olivat valmiita vaihtamaan sen mielijuustoonsa. "Dollareiksi" kutsuttiin niitä pieniä värillisiä lippusia, joilla sivarit "ostivat" ateriansa ruokalasta. Jostain syystä niissä oli tila nimelle, vaikka ne olivat pelkkä kirjanpidollinen apuväline: keittiöhenkilökunnan oli yksinkertaisesti vain määrä laskea ne ja tarkistaa täsmäsikö määrä. "Legioonan" olen tainnut jossain välissä jo selittääkin, mutta kerrottakoon sekin: Vaasan muukalaislegioonalaisia (vuodesta 1998 alkaen Lapinjärven muukalaislegioonalaisia) ovat ne kaverit jotka eivät pääse varsinaiseen palvelukseen heti koulutusjakson jälkeen vaan joutuvat kyhjöttämään sivarikeskuksessa tyhjän pantteina sitä odottamassa.
Is é is brí le mála trócaire ná an bonnachán beag a gheibh na seirbhísigh neamharmtha i mála bheag páipéir roimh an tIonad Seirbhíse a fhágáilt tráthnóna. Níl ann ach máilín tae, builín beag aráin, blúirín ime, slios cáise, agus siúcra fá choinne an tae. Maidir leis na "dollair", níorbh é airgeadra Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí i gceist leofa, ach lipéid bheaga pháipéir a roinntí orainn lenár gcuid bídh a "cheannacht" i mbialainn an ionaid. Ní rabh iontu ach gléas cuntasóireachta, agus lucht na cisteanaí á gcomhaireamh lena gcinntiú go mb'ionann iad líon na mbéilí agus líon na mbuachaillí. B'iad an léigiún an lucht diomaointis nár éirigh leofa go fóill post seirbhíse a bhaint amach tar éis dófa an réamhscolaíocht a chur díofa, agus iad ag fanúint leis ins an Ionad Seirbhíse gan puinn le déanamh acu.
Legioonalaisten laitostuminen olikin sivarikeskuksen huomattavimpia sosiaalisia ongelmia. Monet jäivät kuukausiksi legioonaan turhautuneiksi apaatikoiksi, ja sekä alkoholi että kannabinoli edistivät jämähtänyttä masentuneisuutta. Eräänkin kerran muuan legioonalaisporukka piti hurjat bileet jonkin jalkahien voimalla käymään saadun kiljun vaikutuksen alaisena, bileet jotka huipentuivat huonekalujen kadullepaiskaamiseen kolmannesta kerroksesta - onneksi ketään ei ollut alla - ja huutoihin: "Leki-oo-NA! Leki-oo-NA! Leki-oo-NA!" jotka kaikuivat koko talossa.
Bhí sé ar na fadhbanna sóisialta ba mhó ins an Ionad go dtáinig seort spleá ag na léigiúnaigh ar ghnáthaimh an tsaoil san Ionad. B'iomaí duine acu a mhair na míosa ina léigiúnach agus an frustrachas ag éirí ainsealach air; agus b'olc an leigheas í an bhiotáilte, gan aon trácht ná iomrá a dhéanamh ar na toitíní raithní. Is cuimhin liom scaifte léigiúnaigh a chóirigh pléaráca thuas ina n-árasán agus iad ag ól nimh ínteacht shuarach dá ndéantús féin a chuir siad ar coipeadh, b'fhéidir, le h-allas a gcos. Mura rabh blas na biotáilte ar fheabhas, bhí meisce inti gan amhras, nó b'é deireadh na cóisire go rabh siad ar na deargstártha, agus iad ag teilgeadh trioc a seomra amach ar an fhuinneoig. Míle buíochas le Dia níor loiteadh aon duine leis an bhuamáil sin. Agus an caitheamh aimsire seo ar cois acu choinnigh siad a gcuid comharsanach ina ndúiseacht agus iad ag scairt i seanaird a nglóir: "An Leigiún abú! An Leigiún abú!"
Niin tosiaan - kiljun. Sivarithan saivat Vaasassa erittäin hyvät ja täyttävät ruuat aikuiskoulutuskeskuksen Vaapukaksi nimetystä kanttiinista, joten sitä kuuluisaa sivarin ruokarahaa, josta armeija alituiseen marmattaa kun se muka on heiltä puuttuva etu, ei keskuksessa oleileville makseta. Saatiin siis ainoastaan armeijan päiväraha eli vähän alle kaksikymppiä. Ja se selittää kiljun.
Sea - biotáilte dá gcuid féin. Bhíodh scamhard maith againn buíochas le foireann na bialainne udaí Vaapukka, ach b'éigean do lucht na biotáilte is na póite í a cheannacht ar a gcuid airgid féin, rud nach mb'fhéidir, nó cha gheibhimisne ach fiche marg d'allúntas in aghaidh an lae. Airgead póca a bhí ann agus deamhan rud thairis sin. Míníonn sin go rabh lucht an ólacháin i dtuilleamaí cibé leann dá ngrúdaireacht féin.
Asia on nimittäin niin, että suurin osa sivareista on tavallisia nuoria suomalaisia miehiä, joilla on nuorten suomalaisten miesten harrastukset. Nuoret suomalaiset miehet haaveilevat siitä, että pääsisivät harjoittamaan sukupuolista kanssakäymistä nuorten suomalaisten naisten kanssa. Tämä on kuitenkin toteutumaton haave ja johtaa vaikeisiin frustraatioihin, joita nuori suomalainen mies kokee lääkitä huurteisella ruskealla alkoholipitoisella juomalla toisten nuorten suomalaisten miesten seurassa anniskeluliikkeen pöydän ääressä. Mutta kun tiedetään anniskeluliikkeiden yleinen hintataso, sivarin päiväraha riittänee presiis yhteen kaljaan päivässä. Sitä vastoin sokeri ja hiiva ovat erinomaisen halpoja - kympillä ostaa sekä sokerikilon että hyvänlaisen hiivamötikän, joten erilaisten kiljuviritysten käynnistäminen onnistuu jopa sivarin taskurahoilla.
Chan fhuil i mbunús mór na seirbhíseach neamharmtha ach gnáth-ógfhir Fhionlannach, agus gnáthábhair spéise de chuid a leithéidí sin acu. Is é an t-aoibhneas is mó a shantaíonns siad ná comhriachtain a chleachtadh le mná óga Fionlannacha. Ach mar is léir do dhuine ar bith chan fhuil sin indéanta, rud a chuireanns frustrachas frithir ar na seirbhísigh neamharmtha, agus iad ag iarraidh é a leigheas le braoinín borb in éineacht ógfhear Fionlannach eile ag tábla an tí tábhairne. Agus sinn ag meabhrú ar leibhéal na bpraghsann sna tithe tábhairne, is léir dúinn nach mbíonn luach ach aon ghloine amháin leanna in aghaidh an lae ag na seirbhísigh. Ní bhíonn a leathbhreac de phraghas ar shiúcra ná ar ghiosta: ní chosnaíonn cileagram siúcra maille le blúire maith giosta ach deich marg, rud a fháganns ar chumas an tseirbhísigh a leann féin a ghrúdú gan ach leath a allúntais laethúil a dhiomailt.
Näissä olosuhteissa sivarikeskuksen henkilökunta oli suuressa viisaudessaan katsonut parhaaksi suorin sanoin kieltää päihdyttävien juomien valmistamisen Brennerinpolun asuntolassa, mitä minä naiiviudessani jaksoin ihmetellä ääneen saapuessani uuteen kämppääni. Viinasten käyttö kävi järjestyssääntöjen mukaan päinsä, jollei se tapahtunut asumista häiritsevällä tavalla - ilmaus, jonka merkityksestä kävimme hihitellen pitkiä skolastisia väittelyitä.
De réir na n-imthoscaí seo bhí foireann an Ionaid thar éis cinneadh ar an chomhairle táirgíocht biotáilte a thoirmeasc ar na buachaillí go soiléir neamhdhébhríoch, rud a chuir iontas na n-iontas ormsa agus mise ag seadú i mo sheomra an chéad uair. Ní rabh sé coiscthe áfach biotáilte a ól, ar acht nach gcuirfeadh sé isteach ar ghnáthshaol na lóisteoirí - b'iomaí racht gáirí a bhain an coinníoll seo as na buachaillí agus sinn ag plé ciall na habairte seo le chéile ar nós lucht an scolaíochais in ollscoltacha na meánaoiseann.
Kyllähän siinä kyynistyi. Kun uusia sivareita tuli iso porukka joka toinen viikko ja kyseli mitä Vaasassa saattoi tehdä vapaa-aikanaan, minä vastasin: Ryypätä. Jotkut kyllä myös runkkaavat. Runkkaamisesta puhuttiinkin paljon ja yllättävän häpeilemättä, hyvä kun ei tekniikoita vertailtu.
B'éasca do dhuine ar bith éirí ciniciúil. Thigeadh dream nua de sheirbhísigh úra darn'achan tseachtain, agus nuair a chuiridís an freagra ormsa cad é ab fhéidir a dhéanamh sa chathair seo, b'é mo ghnáthfhreagra féin ná: Bheith ag pótaireacht. Bíonn cuid againn ag tarraingt a mbod féin fosta. Ba mhinic ár dtrácht ar an lámhchartadh, gan mhórán náire ar aon duine ina leith: ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá dtéimis ag cur teicnící éagsúla i gcomparáid le chéile.