Is grúpa mór teangacha iad na teangacha Afráiseacha, ach más buan mo chuimhne níltear cinnte go fóill an bhfuil siad gaolmhar le chéile dháiríre. Is cuid den ghrúpa iad na teangacha Séimíteacha.
agglutinative language teanga ghleanta
Teanga inar féidir foirmeacha a chruthú fríd a lán iarmhíreanna a chur leis an fhocal i ndiaidh a chéile.
Amharic Amairis
Teanga Shéimíteach agus í ina príomhtheanga san Éatóip.
analytic form foirm scoite
Is foirmeanna scoite iad caithfidh mé, deir siad. Amharc ar synthetic form.
Arabic Araibis
An teanga Shéimíteach is líonmhaire cainteoirí dúchais.
Belarusian Bílearúisis
Teanga Shlavach Oirthearach agus í á labhairt i bpoblacht iarShóibhéideach na Bílearúise.
bilingualism dátheangachas
Dhá theanga a bheith go líofa ag duine.
Breton Briotáinis
Teanga Cheilteach agus í á labhairt i mBriotáin na Fraince.
code-gliding códshleamhnú
Athrú de réir a chéile ó theanga amháin go teanga eile, nó ó chanúint amháin go canúint eile.
code-mixing códmheascadh
Dhá theanga nó dhá chanúint a bheith á meascadh frí chéile ag duine agus é ag caint.
code-switching códmhalartú
Athrú tobann ó theanga go teanga eile, nó ó chanúint go canúint eile.
creole fásteanga
Iar-nasctheanga agus í á labhairt ag cainteoirí dúchais anois.
creolisation fásteangú
Nasctheanga a bheith ag éirí ina fásteanga.
Czech Seicis
Teanga Shlavach Iartharach agus í á labhairt i bPoblacht na Seiceach.
decreolisation dí-fhásteangú
Fásteanga ag éirí níos cosúla leis an teanga as ar fáisceadh an nasctheanga a bhfuil an fhásteanga bunaithe uirthi. Mar shampla, an cineál Béarla a labhraíonns gnáthdhaoiní na hIamáice, is fásteanga é i gcónaí, agus é an oiread sin bunoscionn le caighdeán Bhéarla na Bainríona agus nach dtig le gnáthBhéarlóirí ón Bhreatain ná ó na Státaibh mórán adhmaid a dhéanamh de. Ina dhiaidh sin féin, tá an gnáthBhéarla ag imirt a thionchair ar ghnáthchaint na hIamáice, ionas go bhfuil sí ag éirí níos cosúla leis an ghnáthBhéarla chaighdeánach, agus inniu tá úsáid áithrid á baint as Béarla níos caighdeánaí ag cuid mhór de na hIamáicigh a bhfuil oideachas éigin - agus fonn a thaispeánta - orthu. Mar sin, tá an Iamáicis ag forbairt i ndlúth-theagmháil leis an Bhéarla chaighdeánach, agus an chuma ar an scéal go bhfuil sí ag cailleadh na dtréathra is dual don fhásteanga. Sin é is brí le "dí-fhásteangú".
deep structure struchtúr domhain
Ciall nó brí na habairte agus í beag beann ar cén struchtúr dromchlach atá curtha uirthi.
dialect canúint
Leagan den teanga atá ag baint le ceantar nó le dream ar leith.
diglossia débhéascna
An tsochaí uilig a bheith ag baint úsáid as teanga amháin - nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine - ag ócáidí galánta agus as teanga eile - an teanga dhúchasach - mar theanga gnáthchumarsáide.
domain réimse
Teascóg den tsaol a bhfuil leagan ar leith de theanga nó teanga ar leith á h-úsáid laistigh daoithi.
Dutch Ísiltíris
Teanga Ghearmánda Iartharach agus í á labhairt san Ísiltír agus i dTuaisceart na Beilge - Flóndras.
elaborated code leathanchód
De réir Bhasil Bernstein, teanga ghalánta na meánaicme.
English Béarla, SacsBhéarla
Teanga Ghearmánda Iartharach - an teanga Ghearmánda is líonmhaire cainteoirí dúchais agus úsáid an fhrancbhéarla á baint aisti ar fud an domhain - a bhfuil an Fhraincis agus an Laidin tar éis a dhul go láidir i gcion uirthi fríd iasachtaí líonmhara a sholáthrú.
Estonian Eastóinis
Teanga Fhionlannda agus gaol dlúth aici leis an Fhionlainnis.
Farsi Peirsis, NuaPheirsis
An teanga is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, agus í ina teanga oifigiúil san Iaráin chomh maith leis an Afganastáin.
Finnic Fionlannda
Is iad na teangacha Fionlannda an chraobh de na teangacha Fionnúgracha a mbaineann teangacha ar nós na Fionlainnise agus na hEastóinise léithi, comh maith leis an Laplainnis agus cuid mhór de na mionteangacha sa Rúis.
Finnish Fionlainnis
Teanga Fhionlannda agus í ina príomhtheanga san Fhionlainn.
Finno-Ugric languages na teangacha Fionnúgracha
Grúpa mór teangacha a mbaineann an Fhionlainnis, an Eastóinis agus an Ungáiris léithi.
free variation saormhalartú
Saormhalartú atá i gceist nuair is féidir dhá fhocal nó dhá fhoirm a úsáid san áit chéadna gan aon athbhrí.
German Gearmáinis
Teanga Ghearmánda Iartharach agus í á labhairt sa Ghearmáin, san Ostair agus sa chuid is mó den Eilbhéis mar theanga dhúchais.
Germanic languages na teangacha Gearmánda
Foghrúpa tábhachtach de na teangacha IndEorpacha.
high variety leagan ard
An teanga atá á húsáid ag ócaidí galánta i sochaí dhébhéascnach. Amharc ar diglossia.
Hungarian Úngáiris
An teanga Fhionnúgrach is líonmhaire cainteoirí dúchais. Teanga Úgrach is eadh í nach bhfuil ag baint leis an fhoghrúpa Fhionlannda de na teangacha Fionnúgracha; dá réir sin, níl sí intuigthe ag lucht labhartha na Fionlainnise ná na hEastóinise.
Icelandic Íoslainnis
Teanga Lochlannach - is é sin, ceann de na teangacha Gearmánda Tuaisceartacha - agus í an-seanfhaiseanta ó thaobh an fhoclóra is na gramadaí de, ós rud é gur sheachain sí an tionchar láidir ón Ghearmáinis a chuir athrú cosúlachta ar na teangacha Lochlannacha eile.
idiolect féinchanúint
Canúint duine amháin.
Indo-European languages na teangacha IndEorpacha
An grúpa a mbaineann formhór mór de theangacha na hEorpa leis, chomh maith le cuid mhaith de theangacha Lár na hÁise is na hIndia.
interpreter fear teangan, teangaire, ateangaire
Duine a bhfuil de chúram air athrú teangan a chur ar chaint.
Irish Gaeilge
An teanga is tábhachtaí de fhoghrúpa Gaelach na dteanacha Ceilteacha, agus í ina teanga oifigiúil i bPoblacht na hÉireann.
language teanga
Córas cumarsáide le siombailí fuaime nó scríofa (focail) agus rialacha ar leith (gramadach) chun na siombailí seo a chur le chéile chun teachtaireacht a reac a bheadh inghlactha intuighte ag na daoiní a bhfuil an córas ar eolas acu.
language shift malartú teangan
Teanga amháin ag dul i léig agus teanga eile ag teacht ina háit.
lingua franca francbhéarla
Teanga atá á h-úsáid mar uirlis cumarsáide ag beirt nach bhfuil in ann teanga dhúchais aon duine acu a labhairt le chéile.
linguistics teangeolaíocht
Taighde ar na teangacha, go h-áithrid mar uirlis cumarsáide (seachas mar uirlis ealaíne na litríochta, cuir i gcás).
low variety leagan íseal
Teanga na gnáthchumarsáide i sochaí dhébhéascnach, amharc ar diglossia.
Norwegian Ioruais
Teanga oifigiúil na hIoruaidhe. Is teanga Ghearmánda Thuaisceartach í - nó teanga Lochlannach - a bhfuil dhá chaighdeán scríofa acu.
Old Church Slavonic Sean-Shlaivis Eaglasta
Canúint shean-Bhulgáirise a bhítí a úsáid mar chomhtheanga na Slavach uilig nuair a chuaidh misinéirí Críostaíochta a chraobhscaoileadh an tSoiscéil i measc na Slavach an chéad uair.
pidgin nasctheanga
Francbhéarla nach bhfuil ó dhúchas ag aon duine, agus é bunaithe ar theanga ínteacht eile ach amháin go bhfuil atheagrú is simpliú déanta ar ghramadach na teanga seo agus brí na bhfocal athraithe chomh bunúsach sin nach bhfuil an nasctheanga intuighte ag lucht labhartha na bunteanga a thuilleadh.
pidginisation nasctheangú
Simpliú is atheagrú ar theanga ínteacht le nasctheanga a dhéanamh daoithi.
plural iolra
Foirm gramadaí a chuireanns in iúl nach ceann amháin ach dream níos mó de dhaoini nó de rudaí den tseort chéadna atá faoi chaibidil.
Polish Polainnis
An teanga Shlavach Iartharach is líonmhaire cainteoirí dúchais.
restricted code cúngchód
De réir Bhasil Bernstein, an teanga dhaibhir atá ag na prólatáirigh.
Russian Rúisis
Teanga Shlavach Oirthearach, an teanga Shlavach is líonmhaire cainteoirí dúchais.
Scandinavian languages na teangacha Lochlannacha
An foghrúpa de na teangacha Gearmánda is faide ó thuaidh. I gCríoch Lochlann, ins an Danmhairg, in iarthar agus i ndeisceart na Fionlainne, in Oileáin Faró agus ins an Íoslainn a labhraítear na teangacha seo. Tá an tSualainnis, an Danmhairgis agus an Ioruais sách cosúil le chéile, ach tá an Íoslainnis fágtha comh glan ó na hiasachtaí Íos-Ghearmáinise agus comh cóngarach do shean-Lochlainnis na nUigingeach is nach bhfuil sí intuigthe a thuilleadh ag Lochlannaigh na Mór-roinne.
schizoglossia scitsibhéascna
Scitsibhéascna atá i gceist nuair atá dornán cainteoirí eadar dhá chomhairle fá goidé an cheartúsáid nó an dea-úsáid ba chóir a bhaint as an teanga, agus dhá chaighdeán éagsúla ag dul i gcion agus ag éileamh a gcirt orthu i ndiúnas ar a chéile.
semi-speaker breac-chainteoir
Duine atá tar éis éirí as a theanga dhúchais a labhairt ach corruair, ionas nach bhfuil sé in ann cloí leis an ghramadaigh chirt a thuilleadh.
singular uatha
Foirm gramadaí a chuireanns in iúl gur dyuine nó rud amháin atá faoi chaibidil.
Slav[on]ic languages na teangacha Slavacha
Foghrúpa tábhachtach de na teangacha IndEorpacha. I nOirthear na hEorpa is mó a labhraítear na teangacha seo.
sociolect canúint shóisialta
Canúint a bhaineanns le h-aicme shóisialta ar leith.
sociolinguistics sochtheangeolaíocht
An brainse den teangeolaíocht atá ag plé leis na difríochtaí teangan eadar aicmeacha sóisialta difriúla.
stem tamhan
An chuid den fhocal a fhágtar tar éis an chuid sin a bhaint de a athraíonns de réir an díochlaonaidh.
strong plural tréaniolra
Foirm iolra nach n-athraíonn a réimír sa ghinideach.
surface structure struchtúr dromchlach
Na focail is na foirmeacha gramadaí atá de dhíth chun an bhrí - an struchtúr domhain (amharc ar deep structure) - a chur in iúl go hintuigthe.
Swedish Sualainnis
Teanga oifigiúil na Sualainne agus an darna teanga oifigiúil de chuid na Fionlainne, agus í ar an cheann is líonmhaire cainteoirí dúchais de na teangacha Lochlannacha.
synthetic form foirm tháite
Caithfead, deirid - amharc ar analytic form.
terminal speaker cainteoir foirceanta
Duine de na breac-chainteoirí deireannacha ag teanga atá ag dul i léig.
Ukrainian Úcráinis
Teanga Shlavach Oirthearach a bhfuiltear á labhairt san Úcráin.
vernacular gnáthurlabhra phobail, gnáthchaint
An teanga atá á labhairt ag gnáthphobal i dtír ar bith, fiú mura bhfuil stádas oifigiúil aici.
weak plural lagiolra
Foirm iolra a athraíonns a hiarmhír sa ghinideach.