VILHO KOSKELA
Foleifteanant atá ann agus é tar éis a bhealach a dhéanamh a fhad leis an chéim seo lena éirim phearsanta, nó is mac scolóige é ó chúlra dhaibhir. Is fear macánta é nach bhfuil tugtha do gheáitsí na n-oifigeach ná don phort údarásúil teangan a bíos acu leis na gnáthshaighdiúirí. Is fearr leis poitín a ól leis na h-oifigigh neamhchoimisiúnaithe ná páirt a ghlacadh i gcóisreacha na bh-"fíor-oifigeach" ag cluinsbheáil a gcuid buailim-sciath míleatachais. Tá iomrá an fhir thostaigh air, agus cailltear gan mhórán calláin é ag druidim le deireadh don chogadh: aimsíonn piléar na namhad é agus é ag iarraidh tainc dá gcuid sin a phléascadh.
LEHTO
Sáirsint atá ann. Is fear gránna é Lehto nach bhfuil de chúlra aige ach deolscuainte na cathrach móire tionsclaíochta, rud a bhéimníonns Linna frí theanga mhínádúrtha róchaighdeánta neamhphearsanta na státseirbhíseach a chur ar a bhéal, agus na fir eile, nó a mbunús, ag labhairt i gcanúintí éagsúla na tíre. Tá comhábhair uilig an fhaisistigh i Lehto nach bhfuil in ann aon trócaire a thaispeáint do dhuine ar bith i measc a fho-dhaoiní féin. Nuair a tharlaíonns cladhaire nó buachaill cotúil beaguchtúil tuaithe faoina cheannas, níl moill air an duine bocht a chéasadh go cruálach agus rachtanna a fheirge a ligean air. Sa deireadh thiar thall gheibh sé goin doleigheasta agus ghní sé é féin a mharbhadh frí urchar a scaoileadh isteach a bhéal féin.
VANHALA
Chan fhuil ann ach seort amhlóra agus magadóir nach bhfuil ach sciotaíl gháirí fá ábhar ar bith nó fiú gan ábhar. Tá sé ar an bheagán, áfach, a mhaireanns fríd an chogadh gan ghránú.
HIETANEN
Mac feirmeora is eadh é agus dearcadh réasúnta buirgéiseach aige i leith na polaitíochta, i gcrith is go mbíonn sé i gcónaí ag allagar leis an Chumannach Lahtinen. Uair amháin agus na tancanna Rúiseacha ag ionsaí éiríonn leis iad a stopadh frí mhianach a chaitheamh faoi rothchruimheacha an chéad chinn acu. Tuilleann sin cáil an laoich dó, gidh gurb é an t-ábhar gliondair is mó sa scéal uilig dar leis féin go dtáinig sé slán as an dubhfhaopach udaí agus an tanc ag druidim leis ina théagar mhór mhillteanach. Ní mhaireann sé go deireadh an chogaidh áfach. Is tragóideach ar fad an bás a gheibh sé in otharcharr tar éis radharc a shúl a chailliúint i bpléasc gránáide, nó bheir eitleán Rúiseach rúchladh ar an charr le cith urchar a sháitheadh inti, agus is léir nach dtig le Hietanen bocht dall a dhul ar a sheachnadh roimh lámhach an eitleáin.
LAHTINEN
Is cumannach é, ach más amhlaidh féin, tá sé ag dul sa bhearna bhaoil chomh maith le duine. Bíonn sé i gcónaí ag díospóireacht le Hietanen fá dtaobh d'fhírinní bunaidh an domhain ó pholaitíocht go teoiricí éabhlóide Darwin. Chan fhágann sé ábhar lochta ag lucht an cheannais ar a chuid saighdiúireachta, gidh go mbíonn sé in amhras fá dtaobh de chiallmhaireacht an chogaidh, agus é ag cáineadh polasaithe na Fionlainne ó am go h-am: is léir don léitheoir is a chuid comhshaighdiúirí nach bhfuil sé éirithe glan as dáimh áithrid a thaispeáint le hAontas na Sóibhéidí. Cha dteán sé lá iarrachta áfach a thír ná a chuid comrádaithe a thréigbheáil, agus is féidir íoróin an scríbhneora a aithne ar an dóigh a bhfaigheann sé bás. Bás cruthanta laoich atá i gceist, nó sáitheann snípéir Rúiseach urchar i gcloiginn Lahtinen le linn eisean a bheith ag scaoileadh a mheaisínghunna.
RAHIKAINEN
Chan fhuil ann go bunúsach ach caimiléir agus buachaill báire, nó nuair a ghabhanns díormaí na Fionlainne an chathair udaí Petrozavodsk (Petroskoi as Fionlainnis, gidh nach rabh an leagan seo sách Fionlannach dar le h-údaráis na forghabhála - Äänislinna a bhaist siadsan ar an áit), théid Rahikainen gan moill ar bith i mbun amhantraíochta is camghnoithí ag ceannacht earraí is á ndíol arís anseo agus ansiúd, gan aon dearmad a dhéanamh ar an impireacht bheag meirdreachais dá chuid féin a gcuireann sé bun leis ins an chathair. Cha dtugann an scríbhneoir aon mhion-chursíos ar an taoibh seo de ghnoithí Rahikainen, ach is léir gur bhain sé stangadh mór as lucht a chomhaimsire fríd an trácht ghiorraisc seo féin a dhéanamh ar an ghné seo den chogadh. Maireann Rahikainen fríd an chogadh gan ghránú a fháil, nó tuigeann sé mar fhear gnoithe nach fiú dó dul sa tseans lena bheo, agus é ag teitheadh ón chontúirt chomh maith agus a thig leis.
MÄKILÄ
Fear an lóin is ea é a sholáthraíonns biadh is éadaí do na fearaibh. Chan fhuil mórán pearsantachta ag baint leis, nó is eisean sáirsint lóin na scéilíní magaidh: tá sé chomh ceachartha agus mar a deir an cliché, nó is ar éigean a thig le h-aon duine péire úr buataisí a bhréagadh uaidh fiú tar éis do na seanbhróga a dhul ó mhaith ar fad. Gheibh Mäkilä bás le linn tobionsaí na n-eitleán Sóibhéadach, cosúil le Hietanen; ag tabhairt lón bídh chun na complachta atá sé nuair a thig an námha.
ANTERO ROKKA
Seort fordhuine nó sárlaoich is eadh é Rokka - Cú Chulainn na Fionlainne. Is iomaí criticeoir a chuireanns cineál de "réalachas sóisialach" i leith Linna mar gheall ar Rokka, nó tá sé cosúil, ar bhealach, leis an "laoch dearfach" ar mhol Stailín do na scríbhneoirí Sóibhéadacha cuntas a thabhairt air ina gcuid saothar. Gidh go bhfuil Rokka an-daonna ar a lán bealtaí, tá fordhaonnacht ínteacht ag baint leis nach bhfuil ag teacht go hiomlán le blas réadach na codach eile den úrscéal. Nó is sárshaighdiúir do-chloíte do-mharfa é nach bhfuil acmhainn a choiscthe in arm iomlán na Sóibhéidí. Nuair a thoisíonns na Rúisigh a dh'ionradh le linn na cogaíochta trinse, cha mbíonn de dhíth ach scéala a chur chuig Rokka - má bheir sé ar a mheaisínghunna tá port na námhad seinnte.
Is féidir blas íoróine a mhothachtáil ar an tualasc a bheir Linna ar laochas Rokka. Nó má thig leis an tsársháirsint seo é féin a chosaint ar na Rúisigh frí chith d'urchair a sháitheadh iontu chan fhuil na hoifigigh arda Fhionlannacha sásta in aon chor cruthú chomh socheansaithe agus na díormaí Sóibhéadacha. Ar lucht a cheannais is mó a chaithfeas Rokka cath a chur, nó nuair a bhuaileanns an díbhirce chatha é, is cuma leis cad é atá ordaithe ag na hoifigigh dó, agus é ag athbhreithniú is ag athmhachnamh ar cibé ordú de réir mar atá an cath ag dul ar aghaidh. Is é an captaen Lammio an céile comhraic is mó atá aige ar a thaoibh féin, agus nuair a dhiúltaíonns Rokka d'ordú ó Lammio nach bhfuil ann ach iarracht a uiríslithe, cuireann Lammio scéala chuig an mhaor Sarastie. Gidh nach fear róshaoithíneach atá ann ó fhréamhaíocht, mar Sharastie, chan fhuil an dara suí sa bhuaile aige faoi na toscaí seo ach tacaíocht a léiriú le lammio mar gheall ar an urraim is dual, dar leis, d'ordú na rangann san arm. Dá dheasca seo uilig mothaíonn Rokka bagairt na cúirte cogaidh ar foluain os a chionn. ach mar is iondúil i gcás Rokka, is iad na Rúisigh a thig chun a tharrthála i nganfhios dófa féin. Nó an oíche tar éis na chéad teagmhála eadar eisean agus an maor Sarastie nochtann meitheal de Rúisigh agus iad ag iarraidh breith ar Rokka le príosúnach cogaidh a dhéanamh de. Mar is dúcha dó cha ghéilleann Rokka gan cur in éadan lucht a ghabhála, agus éiríonn leis formhór na Rúiseach a mharbhadh.
An captaen Rúiseach atá i gceannas na meithle fágtar i lámhaibh na bhFionlannach ina bheo é, agus ag dul i bhfianaise Sharastie bheir Rokka an príosúnach leis lena thaispeáint don mhaor airm. Théid Rokka a mhagadóireacht fá dtaobh de na Rúisigh a tháinig ar a lorg le cuireadh a thabhairt dó chucu, "agus nuair nár chreid siad go rabh próiste dlí le dhul orm b'éigean domh iad a mharbhadh, ach amháin an captaen seo". is léir cé chomh díchéillí atá an cogadh, nó le linn don lucht ceannais cúirt airm a bhagairt ar Rokka éiríonn leis éacht saighdiúireachta a chur i gcrích - ach más amhlaidh féin, is fearr leis na hoifigigh a ngradam is a n-údarás a choinneáil thuas agus a chur i gcion ar Rokka, beag beann ar riachtanaisí na cogaíochta praiticiúla.
Ní fhaigheann Rokka bás ins an leabhar, ach gointear sa tslinneán é agus é ag tarrtháil a chara doscartha, an gnáthshaighdiúir tostach Susi, nó Suentassu, Lapa an Mhic Thíre, mar a bheirthear air - is é is brí leis an tsloinneadh Susi ná "mac tíre, faolchú".