18 Mí na Nollag 1996

Mar is gnách - nó "iondúil", mar a deirtear i gConamara, is dócha - bhí sé de rún agam an snas deireannach a chur ar mo thráchtas Máistreachta Ealaíon inniu, agus mar is iondúla fós, is dócha nach gceadóchaidh an leisce domh é inniu ach an oiread. Ar an dea-uair, bhí sé de ghustal ionam an comhad dialainne seo a chur ar bun agus an chéad iontráil a scríobh, gidh nach bhfuil mé cinnte an mórán eile a bhreacfas mé ar pár anseo inniu. Is iomaí uair a rinn né iarracht chróga dialann a scríobh go tráthrialta - agus chuaidh na hiarrachtaí uilig díom nuair a tháinig an crú ar an tairne, tharla gur báitheadh an leabhar orm i gceann cúpla lá i measc an tranglam leabharthach atá i mo sheomra. Ar a laghad is éadócha go mbainfidh an rud céadna don ríomhaire seo - ní liomsa é ach leis an ollscoil, agus ní i m'árasán atá sé suite ach i seomra na micrearíomhairí in Institiúid Ríomhaireachta na hollscoile.

Crothnaím uaim Laura. Is mó is annamh a chím í ar na saoltaibh seo agus í i mbun teagascóireachta Críostaí i scoil ínteacht taobh amuigh den chathair. Ba bheag a samhladh domh agus mise i mo Bhrian óg gan chara gan chompánach, beag beann ar aon duine ar comhaois liom go n-éireochainn i m'fhear mhór caidrimh agus cuideachtan agus bulc mór carad is lucht aitheantais i mo thimpeall. Anois áfach is geall le teaghlach deirféar is dearthár breise domh iad. Airím uaim achan duine acu nach bhfuil in aice láimhe, agus is uaigneach a bíos an tsaoire ós rud é go mbíonn siad uilig scabtha scartha i gcéin uaim.

Cha dtearn mé aon léitheoireacht Gaeilge inniu go fóill. Bhí mé ag scríobh litreach fá choinne [XXX] agus ceann eile chun Deirdre agus Pádraigín. Rud sothuigthe é go mb'é an dara ceann ab fhearr liom a scríobh! Fuair mé cárta Nollag ó Dheirdre - theastaigh uaithi litir a fháil uaim. Bhail, tuilleann sí ceann gan amhras - agus caithfidh mé an t-athscríobh a chríochnú ar an chéad chaibidil de "Tachtaimis..." Tuilleadh blais Ultaigh atá d'fheidhm. Thairis sin ní miste an Caighdeán Oifigiúil a chur á chanadh ag máthair chríonna Shomhairle seachas canúint Ultach. Ní rabh canúint na Sábhóine ag mo mháthair chríonna-se ach an oiread, agus ós rud é gurb ise an bunchuspa do sheanmháthair Shomhairle, ní mór domh an blas Ultach a bhaint dá béal.

17 Eanáir 1997

An eadh gur "Chín Lae" a bheireanns mé ar an leathanach seo? B'fhóirsteanaí "Cín Míosa", is dócha...

Chaith mé trí sheachtain in Varkaus, áit ar tógadh mé, agus is éigean domh a rádh go dtáinig an chathair aniar aduaidh orm. Ní rabh coinne ná súil agam leis an chanúint a bheith comh láidir sin, mar shampla. Ag freastal ar scoil domh ba mheascán é de chanúint na Sábhóine agus teanga neamhaclaí na leabharthach an cineál cainte a bhíodh ag bunadh an bhaile mhóir, nó ag a bhformhór. An té a rabh caint róliteartha aige, ar mo nós féin, ba dóigh leis an chuid eile gur ag iarraidh atá sé é féin a chur os cionn an chuid eile acu. Agus ghearrtaí pionós gránna cruálach ar a leithéid de ghalántóir. Maidir lena mhalairt sampla, is é sin, an té nach rabh ach an dúchanúint tuaithe aige, bhí meas an tuata air ag lucht na mioscaise, agus fuair sé a chuid féin den ghéarleanúint.

Inniu áfach tá sé dealraitheach go bhfuil an dúchanúint ag fáil na láimhe uachtair ar chanúint mheasctha na cathrach. Rud aistíoch é seo. Nó an bhfuil mo chluasa ag dul i dtaithí chanúint Thurku?

Casadh orm Tanja Blomkvist inniu, agus barróg mhaith theann thiubh nár rugamar ar a chéile! Ba chóir domh í a lua ar liosta na ndea-charad. Ise a bhí dílis i gcónaí! Is geall le deirfiúr í. Cá ham a tháinig sí a staidéar anseo ó thús? Sa bhliain ceathair déag is ceithre scór, dhá bhliain go leith ó shin. Is deacair a chreidbheáil nár casadh le chéile ise agus Maria Korpela choíche. Tá Tanja B. agus Club Mhicléinn na Rúisise doscartha le chéile ar na saoltaibh seo. Is maith líofa a cuid Rúisise fosta. Ar fhágáilt na scoile ina diaidh b'é an t-éacht a rinn sí ná cuairt bliana a thabhairt ar Chathair Naomh Peadar (St.Petersburg) leis an Fhionlainnis a phronnadh ar na páistí. Tá ráchairt as cuimse ag bunadh na gceantar Rúiseach is gaire don Fhionlainn ar ár dteanga a fhoghlaim. Is é rud a dhréimeanns siad brabach eacnamaíochta agus rath caipitlíoch lenár dtír, agus a gcuid féin den rath sin d'fheidhm orthu.

Chan mar a shíltear a bítear áfach. Tá achan curiarracht sáraithe againn i ndífhostaíocht, agus caiteachas an leasa shóisialta á ghearradh síos gan stad gan staonadh.

Is minic a ritheanns an cheist reitriciúil liom an inár bhfianaise a thiocfas deireadh cinnte le ré an daonlathais. Tá a chuma ar an scéal inniu go mb'í an t-aon tsiocair amháin a choinnigh lucht an ollrachmais ó dhaoirse iomlán a sháirsingiú orainn ná go rabh Aontas na Sóibhéadach ann agus eagla is baspairt orthu roimhe: dá réir sin b'éigean dóibh iomlán scóid a ligean le lucht an chultúir is na hintleachta agus cruthú an stáit shoilíosaigh le córas forbhartha an leasa shóisialta a cheadú. Mura nglacfaidís leis sin - mar ba dóigh leofa - rachfadh na hoibrithe is na hintleachtóirí go dtí Moscó ar lorg cuidithe. Anois chan fhuil aon Cumannachas fágtha inár seilbh lena bhagairt ar lucht an ollrachmais le cibé aisling Thatcherúil a thachtadh sula gcuirtí gníomh léithi.

30 Eanáir 1997

Fuair Kurt Nyholm, an seanOllamh Gearmáinise nach rabh ach bliain go leith istigh aige ó chuaigh sé ar pinsean, bás i dtimpiste mhór gluaisteáin ar an tséú lá is fíche de Mhí na Nollag. Níor fhoghlaim mé sin ach seachtain ó shin, agus is ar éigean a thig liom a thuigbheáil go fóill. Chaith mé an chéad leath den Eanáir in Varkaus tigh mo thuismitheoirí gan cur amach ar bith agam ar a rabh ag tarlúint sna bólaí seo.

Is géar a chrothnaím uaim Kurt. Ba léir ar dtús go rabh drogall air romham, mar Bhóihéimeach fhadghrágánach a rabh cosúlacht lucht caite na ndrugaí orm, ach tháinig tuigse úr aige d réir a chéile, agus é ag fáil amach cén tsuim a bhí agam i gcúrsaí na teangan is na teangeolaíochta ar a nós féin. Le linn na bliana a chaith mé i mbun na seirbhíse neamharmtha ba mhinic a d'airíodh foireann na leabharlainne uathu mé agus mise tar éis castáil le Kurt, agus comhrádh ollchuimsitheach fada ar obair againn le chéile fá dtaobh de rud ar bith a bhain leis an ábhar comhspéise s'againn.

3 Márta 1997

Chan fhuil mé le tuilleadh tuarastail a fháil ón teach foilsitheoireachta. Caithfidh mé, mar atá dealraitheach, cuairt a thabhairt ar oifig an leasa shóisialta a dh'iarraidh deolchaire. Rud éiginnte ar fad an bhfaighfidh mé faic na fríde uathu. Is cumhain liom an t-uirisliú a mhothaigh mé orm agus mise i mo sheasamh sa deolscuain an chéad uair. Ach ba mhór an cuidiú é an tOstrabóitneach áithrid udaí a rabh cónaí air san urlár chéadna inár dteach. Gidh go rabh barúlacha den eite dheis aige agus sin go radacach, bhí tíriúlacht na tuaithe ag baint lena charachtar fosta. Léirigh sé fiú tuigbheáil agus caoinfhulaingt domh in ainneoin go rabh mise i mo thréigtheoir dhamanta ag brath ar dhiúltú don óglachas armtha. Agus nuair a bhíodh feasbhaidh airgid is bídh ag goilliúint orm, roinneadh seisean a chuid féin liom i gcónaí. Ba mhaith an ceacht sin domh: féadann na daoiní a bheith ina gcomrádaithe dílse duit in ainneoin cibé difríochtaí sna barúlacha polaitíochta más daoiní múinte iad ar an tseanbhealach. Ar ndóighe bhí tógáil na tuaithe air, agus prionsabail Chríostaíochta ag baint léithi, go fochomhfheasach ar aon nós: chan ina Chríostaí chomhfheasach a bhí sé áfach, óir bhí sé drúisiúil go leor: i gcónaí ag leagan cailín úr i ndiaidh cailín.

Chan fhuair mé freagra ar bith ó A. Kuivasmäki go fóill. Ba mhaith liom theacht chun réitigh de sheort ínteacht léithi. Ach ós rud é nach dtig léithi ariamh aon mhilleán a ghlacadh uirthi féin ná leithscéal a dhéanamh ar a son féin, bíodh aici.

11 Márta 1997

Tháinig Bernd Haustein ionsorm agus é ag rádh go rabh cailín ínteacht de chuid Institiúid na Gearmáinise tar éis gearáin fá dtaobh de bholadh an allais a bheith asam! Is dóichí sin ná a mhalairt, faraoir géar, agus mise tar éis dul ó bhail an fhir shibhialta go hiomlán tar éis an dá bhliain deireanacha a chur isteach in uaigneas an té nach gcaithfidh a dhéanamh ar son a chuid staidéir ach a thráchtas céime a scríobh is a athscríobh. Anois áfach tháinig orm na riaráistí a ghlanadh díom agus ghabháil ar na léachtanna, agus is gádh le hathoiliúnú áithrid ansin. Cha dtig liom áfach an drochsmaointiú a ruaigeadh as mo chloigeann ná gur giodróg éadmhar ínteacht a bhí i gceist nach bhfuil in ann a fhulaingt gur mise a sárú-sa i líofacht na Gearmáinise cuma cén chosúlacht atá orm ar an taoibh amuigh. Cailín stráice den tseort sin nach dtuigeann nach ar na giobail atá sé ag brath cad é mar a chruthaíonns tú ag foghlaim léinn duit. Ach is rud dodhéanta é a leithéid a áitiú ar na cailíní seo in Institiúid na Gearmáinise. Is fearr ná iadsan girseacha Institiúid na Rúisise, ach is rud nádúrtha sin. Chan fhuil ag lucht na Gearmáinise ach grádh na hailpe don teangain. Lucht na Rúisise áfach - b'í an fhiosracht a chur iadsan i gceann staidéir.