Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

AN tSÍNIS - TEANGA NA MÍLAOISEANN

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

Lena ceart a thabhairt do litríocht na Síne, níorbh é an Cumannachas amháin a chuir i dtreo na bolscaireachta í: b'í an tsíorchogaíocht ba chúis leis comh maith. Nó thoisigh an darna cogadh domhanda ins an tSín cupla bliain roimh an chuid eile den domhan, nuair a phléasc na cathanna amach eadar í agus an tSeapáin. I ndiaidh an chogaidh áithrid seo, agus na Seapánaigh buailte ag na Meiriceánaigh leis an dá bhuama mhóra i Hiroshima agus i Nagasaki, d'éirigh ina chogadh chathartha eadar na Cumannaigh agus na Náisiúntóirí (is é sin, an páirtí náisiúnaíoch ar a dtugtar Guomindang as Sínis). Céard a dheánfadh an scríbhneoir ina leithéid seo de chruachás ach dul le bolscaireacht - ar son na Síne in aghaidh na Seapánach le linn an chogaidh dhomhanda, nó ar mhaithe le ceann den dá thaoibh agus an cogadh cathartha ar cois.

Mar is eol dúinn, b'iad na Cumannaigh a chruthaigh ní ba láidre ins an darna cogadh acu, agus tháinig an dlaíóg mhullaigh ar a mbuaidh le bunú Dhaonphoblacht na Síne sa bhliain 1949. B'athrú mór é bunú an stáit Chumannaigh i gcúrsaí agus i gcoinníollacha na litríochta. Chuir Mao Zedong, ceann urraidh an stáit úir, spéis bheoga riamh ins an litríocht mar ghléas nádúrtha bolscaireachta i seirbhís na hidé-eolaíochta Cumannaí. Agus is dócha nach mba mhiste le scríbhneoirí na Síne spéis beagáinín níos lú aige inti: nuair a leag sé amach polasaí an Pháirtí i leith na n-ealaíon ina chuid óráidí ag an ArdFheis in Yanan sa bhliain 1942, chuir sé diansrianta lena mbeadh indéanta nó ceadaithe i litríocht an stáit Shóisialaigh a bhí ar na bacáin. B'é an gnáthscéal é: an Réalachas Sóisialach, nó adhradh ar an tSóisialachas a bhí á thógáil, spreagadh do na tuathánaigh éirí meabhrach ina staid mar bhaill d'aicme an lucht oibre agus cath a chur ar an "bhuirgéiseacht" agus ar "spiadóirí an namhad aicmigh". B'éigean don litríocht bheith réalaíoch agus gach cineál turgnamh nua-aoisiúil a sheachaint leis na saothair a bheith sothuigthe ag an lucht oibre. Gaireadh laoch de Lu Xun, a bhí - buíochas le dia Marxach na Staire - tar éis bháis cheana, gan a bheith in ann a chasaoid a dhéanamh a thuilleadh fá dtaobh de chailliúint na saoirse cruthaithí ins an tSín Chumannach. Bhí comhoibrithe is cairde de chuid Lu Xun féin thíos leis an fheachtas in éadan an liobrálachais ins an litríocht (sa bhliain 1955) nó in éadan na heite deise (1957). B'ionann an "eite dheis" agus na filí réamhréabhlóideacha go praiticiúil, ar ndóighe, agus an chuma ar na scéal go mb'iad filí na heite clí nach rabh ag tacú leis an cheartchreidmheachas Chumannach ba mhó a d'fhuiling anró de dheasca na bhfeachtas seo, seachas aon "eite dheis" i ngnáthchiall an fhocail. Ba dual do na deachtóireachtaí Cumannacha riamh rogha a ndúthrachta a chaitheamh le cath a chur ar lucht na heite clí den chineál "mhícheart", rud is furasta a aithne ar stair an Aontais Shóibhéidigh, comh maith.

Ar ndóighe, b'é ba toradh do na feachtais seo uilig - gan aon tagairt a dhéanamh don ródach a rinne an Réabhlóid Chultúrtha ins na seascaidí - nár fágadh ins an litríocht ach laochra na hoibre Sóisialaí ag saoirsiniú iarainn leis an ord agus na Gardaí Dearga ag scaoileadh a gcuid raidhfilí leis na sabaitéirí agus na frithréabhlóidigh. An té a rabh féith na scéalaíochta ann, bhí sé in ann sceitiminí agus aicsean a fháscadh as na hábhair seo féin, ach ba bhocht an t-am é don litríocht ealaíonta nach mbeadh sásta leis na fírinní réamhcheaptha.

Nuair a tháinig críoch leis an Réabhlóid Chultúrtha, b'éigean don rialtas maolú ar an chinsireacht, ionas go ligfeadh an náisiún a racht i ndiaidh bhlianta fada an chruatain. Scríobhadh na múrtha de leabhartha le h-éagóracha na Réabhlóide Cultúrtha a nochtadh don tsaol, ach ní rabh mórán buanfhiúntais liteartha ag roinnt leis an tonn tuile seo - le "litríocht na cneá foscailte", mar a baisteadh uirthi.

Tháinig an dealán úr i ndiaidh na seascaidí go ródhéanach, faraoir géar, le cuid mhaith de na scríbhneoirí a tharrtháil a rabh gnaoi an rialtais caillte acu le linn na bhfeachtas in éadan an aos léinn. Is fiú trácht ar shampla Lao She (1899-1966). Ba ghreannaí tíriúil é a thoisigh ar an scríbhneoireacht comh fada siar leis na fichidí, siúd is gurb ina dhiaidh sin a chum sé rogha a chuid leabhar. Chaith sé seal cúig bliana ag teagasc Sínise i Londain i ndeireadh na bhfichidí agus phill 'na bhaile le h-éacht mhór a dhéanamh mar scríbhneoir agus mar fhear léinn. Le linn dó bheith ag tabhairt léachtanna i Sasain fuair sé blas ar scríbhneoireacht Charles Dickens agus chrom ar úrscéalta a scríobh ina stíl-san, ag ceangailt dá chéile cur síos tuigseach truachroíoch ar shaol na ndaoiní bochta - ar nós an bhuachalla ricseá ins an úrscéal is cáiliúla dá chuid - agus greann a bhi bunaithe go mór ar leathchaint na príomhchathrach - an chanúint ab ansa le croí an údaír. Phronn an Daonphoblacht Chumannach gradam agus céimíocht air ar dtús, agus é ina leathbhreac de ghinias litríochta; ach d'athraigh an port ó bhonn nuair a thoisigh an Réabhlóid Chultúrtha. Fágadh Lao She ar an bhlár fhoilimh ar fad, agus chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais. Sampla bocht is eadh í a chinniúint den damáiste mhór a rinne an Réabhlóid Chultúrtha ar an tSín, nó ba scríbhneoir éirimiúil é a rabh gnaoi an ghnáthléitheora féin air tráth a shaoil.

Le teacht na n-ochtóidí bhláthaigh an litríocht athuair, nó thoisigh glúin óg scríbhneoirí a chur modhanna scríbhneoireachta an nua-aoiseachais i bhfeidhm ar an tSínis. Chuaidh na seanfhondúirí féin, ar nós Wang Meng a bhí ina scríbhneoir ó na caogaidí i leith - chuaidh siad féin i dtuilleamaí na ngléas úr, ar nós an tsrutha chomhfheasa a thabhaigh a cháil do James Joyce; ach b'iad "filí an chlapsholais" ba mhó a shín amach srianta an fhriotail ins an tSínis. Is dual don scoil filíochta seo an saoldearcadh duairc éadóchasach agus an greann dóite, más greann féin é. Tá an chuid is mó de na filí seo ar deoraíocht ins an Iarthar anois, áfach. Nó nuair a teannadh an tíorántacht ar achan chineál radacaigh nó leasaitheoirí athuair de thoradh an éirligh ar na mic léinn i gCearnóg an tSuaimhnis Neamhaí ins an bhliain 1989, tháinig táinrith ar na filí seo freisin, agus scabadh ar fud an domhain iad. Is iad Zhao Zhenkai ("Bei Dao") agus Li Shizheng ("Duoduo") an bheirt is cliúúla acu. B'é Bei Dao an scríbhneoir Síneach ba mhó a samhlaítí duais Nobel leis go dtí dur bhain Gao Xingjiang amach í i bhFómhar na bliana 2000.

Níorbh é an nua-aoiseachas seo an t-aon tsruth nua amháin a nocht i measc na scríbhneoirí ins na hochtóidí, ámh. Nó tháinig scoil nua traidisiúnachais ar an fhód comh maith, nuair a theastaigh ó scríbhneoirí áithride pilleadh ar na foinsí réamhréabhlóideacha. Chan iarracht chun saol na sean-tSíne a adhradh nó a mhóradh a bhí ann, ach gluaiseacht athbheochana a rabh spreagadh glanealaíonta aici: bhí an ghnáth-theanga labhartha comh creimthe, comh truaillithe ag seoraí smolchaite na bolscaireachta is nach rabh an nua le fáil ach ins an tsean. Cuireadh suim úr i saol na tuaithe, ins na seanfhilí agus an tseanlitríocht, i gcanúintí na tuaithe agus i mbéascna na mionlach saindúchais.

(Tá go leor mion-náisiúntachtaí ina gcónaí ins an tSín nach bhfuil a dteanga gaolmhar leis an tSínis ach ar éigean, ar nós na Tibéitise, nó nach bhfuil aon ghaol aici léithi, ar nós na hÚigiúirise, atá níos cosúla leis an Tuircis. Thairis sin, tá teacht ar lucht labhartha na dteangacha seo ins an tSín: Ba Pai, Biao Mien, Bunu, Hmong, Iu Mien, Kim Mun, ... agus níl anseo ach cuid de na teangacha Hmong-Mien a labhraítear ins an tSín. Ón taoibh eile de, chan athraíonn an méid seo puinn fán fhíric gurb iad na Sínigh féin formhór mhuintir na tíre. Tá spás do lear mór mionlach eitneach i dtír comh mór daonmhar sin.)

Nuair a chuaidh an traidisiúnachas seo i dteagmháil leis an tionchar ó litríocht thurgnamhach an Iarthair, ní díol iontais é gur croschlannú torthúil a bhí ann. Chuaidh scríbhneoirí ar nós Wang Shuo i muinín leathchaint na gcoirpeach le haghaidh friotal nua; chum Mo Yan, agus é i ndiaidh cáil a bhaint amach fosta mar scriptscríbhneoir don scannánaí chliúúil udaí Zhan Yimou, - chum sé aoir neamhbhalbh lán scigmhagaidh bhrúidiúil faoin teideal Ríocht na Biotáilte, ag tabhairt tualasc ar thóir bhuile na Síneach inniu ar an mhaoin shaolta; chuir Yu Hua, aríst, gealt ag inse scéal na cruadálachta i sochaí na Síne; agus ba tráthúil an smaoitiú aige é, nó an dóigh a gcaitear leis na hothair mheabhairghalair ins an tSín inniu féin, is náire shaolta í.

An bhfuil litríocht na Síne beo breabhsánta inniu, mar sin? B'fhéidir go bhfuil, ach le maolú na srianta cinsireachta tháinig fadhbanna an chineál is dual don Iarthar i mbreis ar na trioblóidí a chráigheanns scríbhneoirí na dtíorthach neamhdhaonlathach: is baol don dea-litríocht báthadh i bhfarraige mhór na dramhaíola is na truflaise, agus í ag teacht isteach go talcánta tréan ó mhargadh Hong Cong: scéalta aicsin, scéalta gráidh, scéalta bleachtaireachta agus mar sin de. Thairis sin, is iomaí scríbhneoir dáiríre féin a ghéilleanns do chathuithe an gháifeachais éascaidh ag baint geit as an léitheoir le sceitimíní gnéis nó le cleas furasta eile cosúil leis. Agus ar ndóighe, ós rud é nach bhfuil mórán cur amach ar uachtaráin na seanbhunaíochta liteartha ins an Iarthar, cuir i gcás, is féidir dófa titim ins an ghaiste chéadna. Nuair a pronnadh duais Nobel ar Gao Xingjiang, bhí lucht an tsaineolais ar aon intinn nach rabh ann ach fear mór gáifeachais den chineál bhréagealaíonta seo, agus iad in ann seachtar scríbhneoirí eile (Bei Dao, Duoduo, Yang Lian, Gu Cheng, Li Tuo, Xie Bing Xin agus Ha Jin) a ríomh a b'fhearr a thuillfeadh an onóir, má bhí sí daite don tSín sa bhliain 2000.