An Bhuil an Gaeilge Agutsa? (Do You Speak Irish?) If You Do, Go mbeannaí dia dhaoibh, a chairdhe agus fáilte, tuigim Gaeilge shimpli mar ta cupla focail Gaeilge agam. Tir gan teanga, tir gan anam!. Faol saol agat agus bas in Iosa (a ghrá mo chroí). Here is the Gospel of John in Irish for you. If you appreciate this effort, please let me know and I'll try to put some more New Testament Epistles and Gospels in Irish Eoin Siochan leat! I'm considering the Epistle to the Romans and the Gospel of Luke next, watch this space. 12/10/03


The Gospel of John in Irish 

 

 

Eoin 1

1 Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar.

2 Bhí sé ann i dtús baire in éineacht le Dia.

3 Rinneadh an uile ní tríd agus gan é ní dhearnadh aon ní dá ndearnadh.

4 Is ann a bhí an bheatha agus ba é solas na ndaoine an bheatha.

5 Agus tá an solas ag taitneamh sa dorchadas, ach níor ghabh an dorchadas é.

6 Bhí fear a tháinig ina theachtaire ó Dhia, agus Eoin a ba ainm dó.

7 Tháinig sé ag déanamh fianaise chun fianaise a thabhairt i dtaobh an tsolais chun go gcreidfeadh cách tríd.

8 Níorbh é féin an solas ach tháinig ag tabhairt fianaise i dtaobh an tsolais.

9 An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol.

10 Bhí sé ar an saol agus is tríd a rinneadh an saol, agus níor aithin an saol é.

11 Chun a chuid féin a tháinig agus níor ghlac a mhuintir é.

12 Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,

13 an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia.

14 Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d’fhírinne.

15 Tagann Eoin ag tabhairt fianaise ina thaobh agus glaonn in ard a ghutha: "É seo an té a ndúirt mé faoi: ‘An té atá ag teacht í mo dhiaidh, tá an tosach aige orm mar bhí sé ann romham.’"

16 Óir ghlacamar uile as a lánmhaireacht, sea, grásta ar ghrásta.

17 Tugadh an dlí go deimhin trí Mhaois, ach tháinig an grásta agus an fhírinne trí Íosa Críost.

18 Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d’aithris.

19 Is í seo an fhianaise a thug Eoin nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Léivítigh ó Iarúsailéim chuige á fhiafraí de:

20 "Cé hé thusa?" D’admhaigh sé agus níor shéan agus d’admhaigh sé: "Ní hé an Críost mé."

21 D’fhiafraigh siad de: "Cad eile, más ea? An tú Éilias?" "Ní mé," ar seisean. "An tú an fáidh?" Agus d’fhreagair: "Ní mé."

22 Dúirt siad leis mar sin: "Cé hé thú? – chun go mbeadh freagra againn dóibh seo a chuir chugat sinn. Cad tá le rá agat mar gheall ort féin?"

23 Dúirt sé: "Is glór duine mé ag éamh san fhásach: ‘Déanaigí díreach bóthar an Tiarna,’ mar a dúirt Íseáia fáidh."

24 Ó na Fairisínigh a ba ea na teachtairí,

25 agus chuir siad ceist air: "Cén fáth a mbíonn tú ag baisteadh más ea," arsiad, "mura thú an Críost, nó Éilias, nó an fáidh?"

26 Thug Eoin freagra orthu: "Déanaim féin baisteadh le huisce," ar seisean, "ach tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh,

27 an té atá ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh."

28 I mBeatáine, taobh thall den Iordáin, a tharla an méid sin mar a raibh Eoin ag déanamh baiste.

29 Lá arna mhárach chonaic Eoin Íosa ag teacht chuige agus dúirt sé: "Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.

30 Eisean an té a ndúirt mé faoi: ‘Tá duine ag teacht i mo dhiaidh a bhfuil tosach aige orm, mar bhí sé ann romham.’

31 Níorbh aithnid dom féin é, ach is chun go nochtfaí d’Iosrael é a tháinig mé ag baisteadh le huisce."

32 Agus thug Eoin fianaise: "Chonaic mé," ar sé, "an Spiorad, mar cholm, ag tuirlingt air ó na flaithis agus ag fanacht air.

33 Níorbh aithnid dom féin é, ach an té a sheol mé ag baisteadh le huisce, dúirt seisean liom: ‘An té ar a bhfeicfidh tú an Spiorad ag tuirlingt agus ag fanacht air, eisean an té a bhaisteann leis an Spiorad Naomh.’

34 Chonaic mé agus is finné mé gurb é seo Mac Dé."

35 Lá arna mhárach arís bhí Eoin ina sheasamh ansiúd agus beirt dá dheisceabail.

36 Agus ag stánadh dó ar Íosa ag gabháil thart dúirt sé: "Seo é Uan Dé."

37 Chuala an bheirt deisceabal é ag rá na cainte agus lean siad Íosa.

38 D’iompaigh Íosa, chonaic iad á leanúint agus dúirt sé leo: "Cad tá uaibh?" D’fhreagair siad é: "A raibí" – is é sin le rá "a mháistir" – "Cá bhfuil cónaí ort?"

39 "Tagaigí agus feicigí," ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d’fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair.

40 Duine den bheirt a chuala Eoin agus a lean Íosa a ba ea Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar.

41 Fuair seisean ar dtús a dheartháir féin Síomón agus dúirt sé leis: "Fuaireamar an Meisias" – is é sín le rá an tUngthach.

42 Thug sé leis é chun Íosa. D’fhéach Íosa go grinn air agus dúirt: "Is tú Síomón mac Eoin. Tabharfar ort Céafas" – focal a chiallaíonn Carraig.

43 Lá arna mhárach bheartaigh sé dul don Ghailíl agus fuair sé Pilib. Dúirt Íosa leis: "Lean mise."

44 Ó Bhéatsáide, ó chathair Aindriais agus Pheadair, a ba ea Pilib.

45 Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: "An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat."

46 Dúirt Natanael: "As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?" "Tar agus feic," a dúirt Pilib leis.

47 Chonaic Íosa Natanael ag teacht chuige agus dúirt ina thaobh: "Sin Iosraelach dáiríre nach bhfuil aon fheall ann."

48 "Cén chaoi a n-aithníonn tú mé?" arsa Natanael leis. D’fhreagair Íosa: "Sular ghlaoigh Pilib ort," ar sé leis, "agus tú faoin gcrann fígí, chonaic mé thú."

49 D’fhreagair Natanael é: "A raibí, is tú mac Dé, is tú rí Iosrael."

50 D’fhreagair Íosa: "De bhrí go ndúirt mé leat," ar sé leis, "go bhfaca mé thú faoin gcrann fígí creideann tú. Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.

51 Go deimhin féin, a deirim libh," ar sé leis, "go bhfeicfidh sibh na flaithis ar oscailt agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine."

Eoin 2

1 An triú lá bhí pósadh i gCána sa Ghailíl agus bhí máthair Íosa ann.

2 Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.

3 Chuaigh den fhíon agus dúirt a mháthair le Íosa: "Níl aon fhíon acu."

4 Dúirt Íosa léi: "Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl m’uairse tagtha fós."

5 Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: "Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh."

6 Bhí sé soithí cloiche ansiúd le haghaidh íonghlanadh de réir nós na nGiúdach; choinneoidís a dó nó a trí de mheadair an ceann.

7 Dúirt Íosa leo: "Líonaigí na soithí suas le huisce."Agus líon siad go béal iad.

8 Dúirt sé leo: "Tarraingígí as feasta agus beirigí go dtí máistir na fleá é."

9 Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta,

10 agus dúirt leis: "Cuireann gach duine an fíon maith ar an gclár ar dtús agus nuair a bhíonn siad ar meisce, an dara grád. Ach choinnigh tusa an fíon maith go dtí anois."

11 Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.

12 Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d’fhan siad ann beagán laethanta.

13 Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.

14 Fuair sé sa sanctóir lucht ba agus caoirigh agus colmáin a dhíol, agus lucht airgead a mhalartú ina suí ann. 

15 Agus rinne sé sciúirse de théada agus thiomáin sé iad go léir amach as an sanctóir, na caoirigh agus na ba chomh maith; scaip sé airgead an lucht mhalartaithe agus leag sé na boird,

16 agus dúirt sé le lucht na gcolmán a dhíol: "Beirigí na nithe sin as seo agus ná déanaigí teach margaidh de theach m’Athar."

17 Chuimhnigh a dheisceabail go bhfuil sé scríofa: "Déanfaidh díograis do thí mé a ithe."

18 D’fhreagair na Giúdaigh ansin: "Cén comhartha," ar siad leis, "atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?"

19 D’fhreagair Íosa: "Leagaigí an teampall seo," ar sé leo, "agus i dtrí lá tógfaidh mé suas arís é."

20 Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: "Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?"

21 Ach ar theampall a choirp féin a bhí seisean ag labhairt.

22 Nuair a d’aiséirigh sé ó mhairbh, dá bhrí sin, chuimhnigh a dheisceabail go ndúirt sé an chaint seo agus chreid siad sa scrioptúr agus sa chaint a dúirt Íosa.

23 Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

24 Ach Íosa féin, níor thug sé é féin ar iontaoibh dóibh mar gurb aithnid dó iad go léir.

25 Agus nach raibh aon ghá aige go dtabharfadh aon duine fianaise dó i dtaobh an duine. Óir bhí fhios aige féin cad a bhí sa duine.

Eoin 3

1 Bhí ar na Fairísinigh duine darbh ainm Níocodaemas, uachtarán ar na Giúdaigh.

2 Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: "Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis."

3 D’fhreagair Íosa: "Amen, Amen," ar sé leis, "mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil."

4 Dúirt Níocodaemas leis: "Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?"

5 D’fhreagair Íosa: "Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.

6 An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í; an ghin ón Spiorad is spiorad í.

7 Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat: ‘ Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’

8 Séideann an ghaoth mar is áil léi. Is clos duit a glór, ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí. A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad."

9 D’fhreagair Níocodaemas: "Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?" ar sé leis.

10 D’fhreagair Íosa: "Is oide in Iosrael thú," ar sé leis, "agus nach eol duit na nithe sin!

11 Go deimhin féin a deirim leat, an ní is eol dúinn is air a labhraimid, agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise, ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.

12 Má inis mé nithe talmhaí daoibh, agus nach gcreideann sibh, cén chaoi a chreidfidh sibh, má insím nithe neamhaí daoibh?

13 Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh].

14 Faoi mar a d’ardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, sin mar a chaithfear Mac an Duine a ardú,

15 i dtreo, gach duine a chreideann ann, go mbeidh an bheatha shíoraí aige.

16 Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shioraí aige.

17 Óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol ach chun go slánófaí an saol tríd.

18 An té a chreideann ann ní thabharfar daorbhreith air, ach an té nach gcreideann ann, tá daorbhreith tugtha air cheana féin, mar nár chreid sé in ainm Mhac Dé, a Aonghin.

19 Agus an daorbhreith, is mar seo í: mar gur tháinig an solas isteach sa saol, agus gur rogha leis na daoine an dorchadas thar an solas de bhrí gurbh olc iad a ngníomhartha.

20 Óir gach duine a bhíonn ag déanamh an oilc, bíonn fuath aige don solas agus seachnaíonn sé an solas, le heagla go gcáinfí a ghníomhartha.

21 Ach an té a dhéanann an fhírinne, tagann sé chun an tsolais, chun go dtaispeáinfí gur i nDia a rinneadh a ghníomhartha."

22 Ina dhiaidh sin tháinig Íosa agus a dheisceabail i ndúiche Iúdáia agus d’fhan sé ansiúd leo agus bhí ag déanamh baiste.

23 Bhí Eoin ag baisteadh comh maith in Aenón in aice le Sailím mar bhí fliúirse uisce ann; agus thagadh na daoine ann agus bhaistí iad.

24 Óir bhí Eoin fós gan cur i gcarcair.

25 D’éirigh ansin aighneas idir deisceabail le hEoin agus Giúdach faoin íonghlanadh.

26 Tháinig siad chun Eoin agus dúirt siad leis: "A raibí, an té a bhí farat lastall den Iordáin, an té ar a ndearna tú fianaise, féach, tá seisean ag déanamh baiste agus tá na daoine go léir ag dul chuige."

27 D’fhreagair Eoin: "Ní féidir do dhuine aon ní a ghlacadh," ar sé, "mura dtugtar dó ó neamh. 

28 Is finnéithe sibh féin orm go ndúirt mé: ‘Ní mise an Críost, ach gur cuireadh roimhe amach mé.’

29 An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t-áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.

30 Ní foláir dósan méadú, ach domsa laghdú.

31 An té a thagann anuas tá sé os cionn cách. An té atá ón talamh is ón talamh dó agus is dá réir a labhraíonn sé. An té a thagann ó neamh tá sé os cionn cách.

32 An rud a chonaic sé agus a chuala sé, déanann sé fianaise air, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise.

33 An té a ghlacann a fhianaise chuir sé a shéala leis gur fírinneach é Dia.

34 Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.

35 Tá grá ag an Athair don Mhac agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige dó.

36 An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige. Ach an té nach gcreideann sa Mhac, ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air."

Eoin 4

1 Nuair a d’airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin –

fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail –

3 d’fhág sé Iúdáia agus d’imigh sé arís don Ghailíl.

4 Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.

5 Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.

6 Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.

7 Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: "Tabhair dom deoch."

8 Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.

9 Dúirt an Samárach mná leis ansin: "Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?" Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.

10 D’fhreagair Íosa: "Dá mba eol duit tabhartas Dé," ar sé léi, "agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo."

11 "Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail," arsa an bhean leis, "agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?

12 An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?"

13 D’fhreagair Íosa: "Gach duine a ólann an t-uisce seo," ar sé léi, "beidh tart arís air.

14 Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí."

15 Dúirt an bhean leis: "A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce."

16 Dúirt sé léi: "Imigh agus glaoigh ar d’fhear agus fill anseo."

17 D’fhreagair an bhean: "Níl fear agam," ar sí leis. Dúirt Íosa léi: "Is maith a dúirt tú: ‘Níl fear agam’;

18 óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d’fhear é. D’inis tú an fhírinne sa mhéid sin."

19 Dúirt an bhean leis: "A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.

20 Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh."

21 Dúirt Íosa léi: "Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.

22 Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.

23 Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.

24 Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh."

25 Dúirt an bhean leis: "Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht" – is é sin le rá an Críost – "agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn."

26 Dúirt Íosa léi: "Mise é atá ag caint leat."

27 Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: "Cad tá uait?" ná "Cén fáth tú a bheith ag caint léi?"

28 Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d’imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:

29 "Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d’inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?"

30 Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

31 Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: "A raibí," ar siad leis, "bí ag ithe."

32 Dúirt sé leo: "Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse."

33 Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: "An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?"

34 Dúirt Íosa leo: "Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.

35 Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.

36 Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.

37 Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ‘Cuireann duine, baineann duine eile.’

38 Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar."

39 Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: "D’inis sé dom gach ní dá ndearna mé."

40 Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d’fhan sé ansiúd dhá lá.

41 Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair

42 agus deiridís leis an mbean: "Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain."

43 Tar éis an dá lá d’fhág sé an áit sin agus d’imigh don Ghailíl.

44 Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.

45 Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.

46 Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.

47 Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d’iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.

48 Dúirt Íosa leis: "Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor."

49 Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: "Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás."

50 Dúirt Íosa leis: "Imigh leat, tá do mhac beo." Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d’imigh.

51 Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d’inis siad dó go raibh a mhac beo.

52 D’fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: "Ar an seachtú huair inné d’fhág an fiabhras é."

53 Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: "Tá do mhac beo," agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.

54 Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.

Eoin 5

1 Ina dhiaidh sin tharla féile de chuid na nGiúdach agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim.

2 Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar Béatsata san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

3 Iontusan sin bhí slua mór de dhaoine tinne – daill agus bacaigh agus pairilísigh ina luí (ag feitheamh le corraí an uisce.

4 Mar thagadh aingeal an Tiarna anuas ar uaire sa linn agus chorraíodh sé an t-uisce. An chéad duine isteach sa linn tar éis chorraí an uisce, leigheastaí é ó cibé galar a bhíodh air).

5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.

6 Nuair a chonaic Íosa an duine seo ina luí ansiúd agus a fhios aige go raibh mórán ama caite aige ann, dúirt sé leis: "Ar mhaith leat go ndéanfaí slán thú?"

7 "A dhuine uasail," arsa an t-easlán leis á fhreagairt, "níl aon duine agam chun mé a chur isteach sa linn nuair a chorraítear an t-uisce; fad a bhím ag teacht, téann duine eile síos romham."

8 Dúirt Íosa leis: "Éirigh, tóg do shráideog agus siúil."

9 Leigheasadh an duine láithreach, thóg sé a shráideog agus shiúil leis.

10 Bhí an tsabóid ann an lá sin más ea. Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar a rá leis an té a leigheasadh: "Tá sé ina shabóid, agus ní ceadmhach duit do shráideog a iompar."

11 D’fhreagair sé iad: "An té a rinne slán mé, dúirt sé liom: ‘Tóg do shráideog agus siúil.’"

12 D’fhiafraigh siad de ansin: "Cé hé an duine a dúirt leat: ‘Tóg do shráideog agus siúil’?"

13 Ach ní raibh a fhios ag an té a leigheasadh cérbh é, mar bhí Íosa imithe i leataobh ón slua a bhí cruinnithe san áit.

14 Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: "Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit."

15 D’imigh an duine agus d’inis sé do na Giúdaigh gurbh é Íosa a leigheas é.

16 Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.

17 Is é freagra a thug Íosa orthu: "Tá m’Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith."

18 Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

19 Thug Íosa freagra: "Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

20 Óir tá cion ag an Athair ar an Mac agus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin, agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seo i dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

21 Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis;

22 mar ní thugann an tAthair breith ar aon duine ach thug sé an uile bhreith dá Mhac,

23 i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24 Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

25 Amen, Amen, a deirim libh, tá an uair ag teacht – tá sí ann cheana – nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Dé agus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

26 Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin, thug sé don Mhac mar an gcéanna beatha a bheith ann féin aige,

27 agus thug sé údarás dó breithiúnas a dhéanamh de bhrí gurb é Mac an Duine é.

28 Ná déanaigí ionadh den mhéid sin, óir tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé,

29 agus tiocfaidh siad amach – iad seo a rinne an mhaith chun aiséirí na beatha, agus iad seo a rinne an t-olc chun aiséirí an bhreithiúnais.

30 Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin. De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnas agus is cóir í mo bhreith, óir ní hí mo thoil féin a shantaím ach toil an té a chuir uaidh mé.

31 Dá dtabharfainn fianaise orm féin ní bheadh m’fhianaise iontaofa.

32 Tá neach eile ann a thugann fianaise orm, agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaise a thugann sé orm.

33 Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoin  agus thug sé fianaise ar an bhfírinne.

34 Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine, ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.

35 Lóchrann ar lasadh agus ag taitneamh a ba ea é siúd, agus níor mhiste libhse ar feadh tamaill áthas a fháil ina sholas.

36 Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m’Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.

37 An tAthair féin a chuir uaidh mé, thug sé fianaise orm. Níor chuala sibh riamh a ghuth ná ní fhaca sibh a dheilbh,

38 agus níl a bhriathar agaibh ag lonnú ionaibh, mar ní chreideann sibh sa té a chuir seisean uaidh.

39 Déanann sibh na scrioptúir a spiúnadh mar gur dóigh libh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh iontu: agus is iadsan atá ag tabhairt fianaise i mo thaobhsa,

40 ach ní áil libh teacht chugam i dtreo go mbeadh beatha agaibh.

41 Ní ghabhaim glóir ó dhaoine.

42 Ach tá aithne agam oraibh, nach bhfuil grá Dé agaibh ionaibh.

43 Tháinig mise in ainm m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé; má thagann duine eile ina ainm féin, glacfaidh sibh eisean.

44 Conas a b’fhéidir daoibh creidiúint, agus glóir á glacadh agaibh óna chéile gan aon lorg agaibh ar an nglóir a thagann ó Dhia amháin.

45 Ná measaigí go bhfuilim chun sibh a chúisiú i láthair an Athar; tá duine do bhur gcuisiú – Maois, an té a bhfuil muinín agaibh as.

46 Dá gcreidfeadh sibh Maois, chreidfeadh sibh mise, óir is i mo thaobhsa a scríobh seisean.

47 Mura gcreideann sibh a scríbhinní-sean, conas a chreidfidh sibh mo bhriathar-sa?

Eoin 6

1 Ina dhiaidh sin d’imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias.

2 Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.

3 Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail.

4 Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.

5 Nuair a d’ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: "Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?" 

6 Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.

7 D’fhreagair Pilib é: "Níor leor luach dhá chéad déanar d’arán chun go mbeadh greim an duine acu." 

8 Dúirt duine dá dheisceabail leis – ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar: 

9 "Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?" 

10 Dúirt Íosa: "Cuirigí na daoine ina suí" – bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine. 

11 Agus thóg Íosa na builíní, d’altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b’áil leo de na héisc. 

12 Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: "Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú." 

13 Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d’fhág na daoine a fuair an béile.

14 Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: "Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol." 

15 Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.

16 Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige, 

17 agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós. 

18 Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d’éirigh suaitheadh ar an bhfarraige. 

19 Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d’fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu. 

20 Ach dúirt sé leo: "Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh." 

21 B’áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.

22 Lá arna mhárach chonaic an slua a d’fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin. 

23 Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna. 

24 Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa. 

25 Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: "A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?" 

26 D’fhreagair Íosa: "Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.

27 Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala."

28 Dúirt siad leis ansin: "Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?"

29 D’fhreagair Íosa: "Is í seo obair Dé," ar sé leo, "go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh." 

30 Dúirt siad leis: "Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh? 

31 D’ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: ‘Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.’" 

32 Dúirt Íosa leo ansin: "Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é m’Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach.

33  Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan."

34 "A dhuine uasail," ar siad ansin leis, "tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí." Dúirt Íosa leo:

35  "Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.

36  Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh.

37 Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.

38 Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.

39 Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.

40  Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach."

41 Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: "Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh." 

42 "Nach é seo," a deiridís, "Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: ‘Tháinig mé anuas ó neamh’?" 

43 D’fhreagair Íosa: "Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin," ar sé.

44 "Ní féidir d’aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.

45  Tá sé scríofa sna fáithe: ‘ Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.’ An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.

46  Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair.

47 Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.

48 Mise arán na beatha.

49  D’ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás.

50  Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.

51 Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m’fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain."

52 Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: "Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?" 

53 Dúirt Íosa leo: "Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.

54 An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.

55  Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

56 An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.

57 Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.

58  Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo."

59 Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.

60 Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: "Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht léi?" 

61 Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: "An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?

62 Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?

63  Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.

64 Ach tá cuid agaibh nach gcreideann." Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath. 

65 Lean sé air: "Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d’aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m’Athair." 

66 Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.

67 Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: "Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?" 

68 D’fhreagair Síomón Peadar é: "A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí, 

69 agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé." 

70 D’fhreagair Íosa iad: "Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh." 71Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é.

Eoin 7

1 Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis. 

2 Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht. 

3 Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: "Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. 

4 Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol." 

5 Óir níor chreid fiú a bhráithre ann. 

6 Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: "Níor tháinig m’uain-sé go fóill; ach tá bhur n-uain-sé i gcónaí ullamh. 

7 Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.

8 Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m’uain-sé comhlíonta go fóill." 

9 Ar rá na nithe sin leo, d’fhan sé sa Ghailíl.

10 Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim. 

11 Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís: 

12 "Cá bhfuil sé siúd?" agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: "Duine maith é"; tuilleadh acu á rá: "Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé." 

13 Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.

14 Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc. 

15 Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: "Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?" 

16 D’fhreagair Íosa ansin: "An teagasc seo a thugaim," ar sé, "ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.

17 Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.

18 An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.

19 Nár thug Maois an dlí daoibh? agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí. Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?"

20 D’fhreagair an slua: "Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?"

21 D’fhreagair Íosa: "Aon obair amháin a rinne mé," ar sé, "agus tá ionadh oraibh go léir.

22 Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh – ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha – agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid. 

23 Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid? 

24 Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir."

25 Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: "Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis? 

26 Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é? 

27 Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d’aon duine cad as dó."

28 Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: "Tá aithne agaibh orm, más ea," ar sé, "agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibhse air.

29 Ach tá aithne agamsa air mar is uaidh a tháinig mé agus is eisean a chuir uaidh mé."

30 Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.

31 Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: "Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?" 

32 Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail. 

33 Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: "Beidh mé faraibh tamall beag fós, ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.

34 Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé, agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann."

35 Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: "Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc? 

36 Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann’?"

37 Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha: "Má tá tart ar aon duine," ar sé, "tagadh sé chugamsa agus óladh sé!

38 An té a chreideann ionamsa, faoi mar a deir an scrioptúr, rithfidh as a chroí istigh sruthanna d’uisce beo."

39 Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad [bronnta] fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú. 

40 Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: "Is é seo an fáidh gan amhras."

41 Deireadh tuilleadh acu: "Is é an Críost é seo," ach deireadh cuid eile acu: "An as an nGailíl atá an Críost ag teacht? 

42 Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?" 

43 D’éirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua. 

44 Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.

45 Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siadsan leo: "Cad chuige nár thug sibh libh é?" 

46 D’fhreagair na póilíní: "Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo." 

47 D’fhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: "An féidir gur mealladh sibhse comh maith? 

48 Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann? 

49 Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu."

50 Níocodaemas – an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é – dúirt sé leo:

51 "An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?" 

52 D’fhreagair siad agus dúirt leis: "An amhlaidh is Gailíleach tusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n-éiríonn fáidh ón nGailíl." 

53 Ansin chuaigh gach duine abhaile.  

Eoin 8

1 Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. 

2 Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.

3 Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 

4 "A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. 

5 D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?" 

6 Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. 

7 Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo: "An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi." 

8 Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 

9 Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 

10 D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: "A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?" 

11 "Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail," ar sí. Dúirt Íosa léi: "Ná  ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach."

12 Labhair Íosa leo arís más ea: "Is mise," ar sé, "solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha."

13 Dúirt na Fairisínigh leis ansin: "Tá tú ag tabhairt fianaise i do thaobh féin; níl d’fhianaise iontaofa." 

14 D’fhreagair Íosa: "Cé go bhfuil mé ag tabhairt fianaise i mo thaobh féin, is iontaofa í m’fhianaise, óir is eol dom cad as ar tháinig mé agus cá bhfuil mo thriall. Ach ní eol daoibhse cad as ar tháinig mé nó cá bhfuil mo thriall.

15 Tugann sibhse breith de réir na colainne; ní thugaimse breith ar aon duine.

16 Má thugaimse breith, is cóir í mo bhreith, óir ní i m’aonar atáim, ach mé féin agus an tAthair a chuir uaidh mé.

17 Agus tá sé scríofa in bhur ndlí go bhfuil fianaise beirte iontaofa.

18 Tugaimse fianaise i mo thaobh féin, agus tugann an tAthair a chuir uaidh mé fianaise i mo thaobh."

19 Dúirt siad leis ansin: "Cá bhfuil d’Athair?" D’fhreagair Íosa: "Níl aithne agaibh ormsa ná ar m’Athair. Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m’Athair chomh maith."

20 Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. 

21 Dúirt Íosa leo arís: "Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht."

22 Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: "An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?" 

23 Lean sé air: "Is ón áit thíos sibhse," ar sé leo, "is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise.

24 Uime sin a dúirt mé libh: ‘Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí."

25 Dúirt siad leis ansin: "Cé hé thú féin?" Dúirt Íosa leo: "Cén fáth a bhfuilim ag caint libh ar aon chor?

26 Tá a lán agam le rá agus le cáineadh agam in bhur dtaobh. Ach is fíor é an té a chuir uaidh mé agus na nithe a chuala mé uaidh is iad a labhraím sa saol."

27 Níor thuig siad go raibh sé ag tagairt don Athair sa chaint sin leo. Dúirt Íosa leo ansin:

28 "Nuair a thógfaidh sibh in airde Mac an Duine, ansin beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach ndéanaim aon ní uaim féin, ach gur mar a theagasc an tAthair dom a labhraím na nithe seo.

29 An té a chuir uaidh mé, tá sé in éineacht liom. Níor fhág sé i m’aonar mé, óir déanaim i gcónaí na nithe is taitneamhach leis."

30 Chreid a lán ann agus na nithe sin á rá aige. 

31 Ansin dúirt Íosa leis na Giúdaigh a chreid ann: "Má fhanann sibh ar mo bhriathar, beidh sibh in bhur ndeisceabail agam dáiríre,

32 agus beidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh."

33 D’fhreagair siad é: "De shíol Abrahám sinne é, agus ní rabhamar inár ndaoir ag aon duine riamh. Conas go ndeir tú: ‘Saorfar sibh’?" D’fhreagair Íosa iad:

34 "Amen, Amen, a deirim libh, gach duine a dhéanann peaca, tá sé in a dhaor ag an bpeaca.

35 Ní fhanann an daor sa teach de shíor, ach fanann an mac de shíor.

36 Má shaorann an mac sibh dá bhrí sin beidh sibh saor dáiríre.

37 Tá a fhios agam gur de shíol Abrahám sibh, ach tá sibh ag iarraidh mise a mharú, mar ní fhaigheann mo bhriathar slí ionaibh.

38 Insím daoibhse na nithe a chonaic mé fara m’Athair. Ach déanann sibhse na nithe a chuala sibh ó bhur n-athair."

39 D’fhreagaír siad agus dúirt leis: "Is é Abrahám ár n-athair." Dúirt Íosa leo: "Más clann d’Abrahám sibh, déanaigí mar a rinne Abrahám.

40 Ach anois tá sibh ag iarraidh mise a mharú, duine a labhair an fhírinne libh, faoi mar a chuala í ó m’Athair. Ní dhearna Abrahám é sin.

41 Déanann sibhse obair bhur n-athar féin." Dúirt siad leis: "Níor gineadh sinne ó dhrúis. Aon athair amháin atá againn, Dia." 

42 Dúirt Íosa leo: "Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh domsa. Óir is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.

43 Cén fáth nach dtuigeann sibh mo chaint? De bhrí nach féidir daoibh mo bhriathar a chlos.

44 Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n-athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

45 Ach de bhrí go labhraímse an fhírinne, ní chreideann sibhse mé.

46 Cén duine agaibh a dhéanfaidh mé a chiontú in éagóir? Má labhraím an fhírinne, cén fáth nach gcreideann sibh mé?

47 An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n-éisteann sibhse, de bhrí nach ó Dhia sibh."

48 D’fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: "Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?" D’fhreagair Íosa:

49 "Níl aon deamhan ionam, ach tugaim onóir do m’Athair agus tugann sibhse easonóir dom.

50  Ní ag lorg mo ghlóire féin atáim; tá Neach a lorgaíonn m’onóir agus a thugann breith.

51 Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche."

52 Dúirt na Giúdaigh leis: "Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’ 

53 An ea gur mó thusa ná ár n-athair Abrahám atá marbh? Agus na fáithe freisin, tá siad marbh. Cé tá tú a dhéanamh díot féin?"

54 D’fhreagair Íosa: "Dá mbeinn féin do mo ghlóiriú féin, ba neamhní mo ghlóir. Is é m’Athair a dhéanann mé a ghloiriú, an té a ndeir sibhse mar gheall air: ‘ Is é ár nDia é.’

55 Ach níl aithne agaibh air. Tá aithne agamsa air, áfach. Dá ndéarfainn: ‘Níl aithne agam air,’ bheinn cosúil libhse, bréagach. Ach tá aithne agam air, agus coinním a bhriathar.

56 Rinne Abrahám bhur n-athair lúcháir go bhfeicfeadh sé mo lá-sa. Chonaic, agus bhí áthas air."

57 Ansin dúirt na Giúdaigh leis: "Níl tú caoga bliain d’aois fós agus an bhfaca tú Abrahám?" 

58 Dúirt Íosa leo: "Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann."

59 Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d’fholaigh Íosa é féin agus d’imigh amach as an Teampall.

Eoin 9

1 Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn. 

2 D’fhiafraigh a dheisceabail de: "A raibí," ar siad, "cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?" 

3 D’fhreagair Íosa: "Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d’aon duine obair a dhéanamh.

5 An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil."

6 Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill

7 agus dúirt sé leis: "Imigh agus nigh i Linn Siolóam" – is é sin le rá, Seolta. D’imigh sé, nigh é féin agus d’fhill agus a radharc aige. 

8 Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: "Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?" Dúirt daoine: "Is é." 

9 Dúirt daoine eile: "Ní hé, ach is cosúil leis é." Dúirt sé féin: "Is mé é." 

10 Dúirt siad leis ansin: "Conas a osclaíodh do shúile mar sin?" 

11 D’fhreagair sé: "An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: ‘Imigh go Linn Siolóam agus nigh.’ D’imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom." 

12 D’fhiafraigh siad: "Cá bhfuil sé?" "Níl a fhios agam," ar sé.

13 Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth. 

14 Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d’oscail sé súile an duine. 

15 D’fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: "Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam." 

16 Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: "Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid." Dúirt cuid eile: "Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?" Agus bhí aighneas eatarthu. 

17 Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: "Cad deir tusa mar gheall air ó d’oscail sé do shúile?" D’fhreagair sé: "Fáidh is ea é."

18 Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc 

19 agus gur cheistigh siad iad: "An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?" ar siad. "Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?" 

20 D’fhreagair a thuismitheoirí: "Is eol dúinn," ar siad, "gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é. 

21 Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d’oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin."

22 Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d’admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg. 

23 Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: "Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin."

24 Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: "Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin." 

25 D’fhreagair seisean iad ansin: "Más peacach é – níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam." 

26 Dúirt siad leis ansin arís: "Cad a rinne sé leat? Conas a d’oscail sé do shúile?" 

27 D’fhreagair sé iad: "D’inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?" 

28 Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: "Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne. 

29 Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé."

30 D’fhreagair an fear: "Is iontach an rud é go deimhin," ar sé leo, "nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa. 

31 Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.

32 Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall. 

33 Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh."

34 D’fhreagair siad agus dúirt leis: "I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?" Agus chaith siad amach é.

35 Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: "An gcreideann tú i Mac an Duine?" 

36 D’fhreagair seisean: "Cé hé féin, a thiarna?" – ar sé leis – "chun go gcreidfinn ann." 

37 Dúirt Íosa leis: "Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é." 

38 Dúirt seisean: "Creidim, a Thiarna," agus rinne sé ómós dó.

39 Dúirt Íosa: "Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann."

40 Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: "Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?" 

41 Dúirt Íosa leo: "Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: ‘Tá radharc againn,’ agus leanann bhur bpeaca oraibh.

Eoin 10

1 "Amen, Amen, a deirim libh, an té nach dtéann an doras isteach i gcró na gcaorach, ach a théann a mhalairt de bhealach isteach, is bithiúnach é sin agus robálaí. 

2 An té a thagann an doras isteach, sin é aoire na gcaorach. 

3 Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n-ainm, agus seolann amach iad. 

4 Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth. 

5 Ní baol go leanfadh siad coimhthíoch, ach teithfidh siad uaidh mar nach n-aithníonn siad guth na gcoimhthíoch."

6 Labhair Íosa an tsolaoid sin leo, ach níor thuig siadsan cad a bhí á rá aige leo. 

7 Ansin dúirt Íosa leo arís: "Amen, Amen, a deirim libh, Mise doras na gcaorach.

Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh a ba ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo.

Mise an doras. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é. Rachaidh sé isteach is rachaidh sé amach agus gheobhaidh sé féarach.

10 Ní thagann an bithiúnach ach chun bheith ag goid, ag marú agus ag milleadh. Tháinig mise chun go mbeadh an bheatha acu agus go mbeadh sí acu go fial.

11 Mise an sáraoire, Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

12 An fostúch, nach bhfuil ina aoire, agus nach leis féin na caoirigh, feiceann sé an mac tíre ag teacht, agus fágann na caoirigh agus teitheann, agus fuadaíonn an mac tíre iad agus scaipeann.

13 (Teitheann sé) de bhrí gur fostúch é, agus gur cuma leis mar gheall ar na caoirigh.

14 Ach is mise an sáraoire, agus aithním mo chuid féin, agus aithníonn mo chuid féin mé,

15 faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

16 Tá caoirigh eile agam chomh maith, nach den chró seo iad. Ní foláir dom iad sin a thabhairt chomh maith, agus éistfidh siad le mo ghlór, agus beidh aon tréad amháin ann, agus aon aoire amháin.

17 Mar gheall air seo atá grá ag an Athair dom mar go bhfuilim ag tabhairt mo bheatha uaim, chun go nglacfainn chugam arís í.

18 Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m’Athair."

19 D’éirigh aighneas arís idir na Giúdaigh mar gheall ar na briathra sin. 

20 Dúirt a lán acu: "Tá deamhan ann agus tá sé as a mheabhair. Cad a ba áil libh a bheith ag éisteacht leis?"

21 Dúirt cuid eile: "Ní focail deamhnaigh na focail seo. An féidir le deamhan súile na ndall a oscailt?"

22 Bhí féile na Toirbhearta in Iarúsailéim agus ba é an geimhreadh é. 

23 Agus bhí Íosa ag siúl timpeall sa Teampall i bpóirse Sholaimh. 

24 Chruinnigh na Giúdaigh ina thimpeall agus dúirt siad leis: "An fada a bheimid dár gcoinneáil ar bís agat? Más tú an Críost inis dúinn é os comhair an tsaoil." 

25 D’fhreagair Íosa iad: "D’inis mé daoibh, ach ní chreideann sibh. Na hoibreacha a dhéanaim in ainm m’Athar, tugann siad fianaise i mo thaobh.

26 Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh.

27 Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.

28 Tá an bheatha shíoraí agam á tabhairt dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad.

29 M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar.

30 Is aon mise agus an tAthair."

31 Ansin thóg na Giúdaigh clocha le caitheamh leis.

32 D’fhreagair Íosa iad: "Tá a lán oibreacha fónta taispeánta agam daoibh ó m’Athair. Cé acu obair díobh a bhfuil sibh ag gabháil de chlocha ionam mar gheall uirthi?" 

33 D’fhreagair na Giúdaigh é: "Ní mar gheall ar obair fhónta atáimid ag gabháil de chlocha ionat, ach mar gheall ar dhiamhasla, agus go ndéanann tú Dia díot féin agus gan ionat ach duine." 

34 D’fhreagair Íosa iad: "Nach bhfuil sé scríofa in bhur ndlí, ‘ Dúirt mé: Is déithe sibh’?

35 Má thug sé déithe orthu siúd ar labhraíodh briathar Dé leo, agus nach féidir an scrioptúr a chur ar neamhní,

36 an té a naomhaigh an tAthair, agus a chuir sé uaidh sa saol, an ndeir sibhse leis: ‘Sin diamhasla agat!’ mar gur dhúirt mé: ‘Is mé Mac Dé’?

37 Mura ndéanaim oibreacha m’Athar, ná creidigí mé.

38 Ach má dhéanaim, fiú amháin mura gcreideann sibh mé, creidigí sna hoibreacha, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh, agus go dtuigfeadh sibh, go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair."

39 Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d’éalaigh sé óna lámha. 

40 Agus d’imigh sé leis arís sall thar Iordáin, go dtí an áit ina raibh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d’fhan sé ann. 

41 Agus tháinig na sluaite chuige agus deiridís: "Ní dhearna Eoin aon mhíorúilt, ach na nithe go léir a dúirt Eoin mar gheall ar an duine seo, b’fhíor dó iad." 

42 Agus chreid a lán ansiúd ann.

Eoin 11

1 Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr.

2 Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. 

3 Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: "A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn." 

4 Arna chloisteáil sin d’Íosa dúirt sé: "Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd."

5 Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. 

6 Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d’fhan sé dhá lá mar a raibh sé. 

7 Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: "Téimis go Iúdáia arís." 

8 Dúirt a dheisceabail leis: "A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?" 

9 D’fhreagair Íosa: "Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.

10 Ach má shiúlann sé san oíche, faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin."

11 Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: "Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht." 

12 Dúirt a dheisceabail leis ansin: "Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán." 

13 Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. 

14 Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: "Tá Lazaras marbh; 

15 agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige." 

16 Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: "Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis."

17 Ar theacht d’Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. 

18 Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. 

19 Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. 

20 Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. 

21 Dúirt Marta ansin le Íosa: "A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. 

22 Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é." 

23 Dúirt Íosa léi: "Éireoidh do dheartháir arís." 

24 "Tá a fhios agam," arsa Marta leis, "go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach." 

25 Dúirt Íosa léi: "Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,

26 agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?"

27 "Creidim, a Thiarna," ar sí, "creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol."

28 Arna rá sin di, d’imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: "Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort." 

29 Nuair a chuala sise an méid sin d’éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. 

30 Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis. 

31 Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann. 

32 Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: "A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás." 

33 Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air, 

34 agus dúirt sé: "Cá bhfuil sé curtha agaibh?" Dúirt siad leis: "Tar, a Thiarna, agus feic." 

35 Bhris a ghol ar Íosa.

36 Dúirt naGiúdaigh dá bhrí sin: "Féach, cad é cion a bhí aige air!" 

37 Ach dúirt cuid acu: "An té seo a d’oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?" 

38 Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a baea é agus líog ina luí lena bhéal. 

39 Dúirt Íosa: "Aistrígí an líog." Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: "Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh." 

40 Dúirt Íosa léi: "Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?" 

41 D’aistrigh siad an líog ansin agus d’ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: "A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;

42 bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé."

43 Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: "A Lazaras, tar amach!" 

44 Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: "Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é." 

45 Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann. 

46 Ach d’imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d’inis siad dóibh cad a rinne Íosa. 

47 Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: "Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo. 

48 Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit [naofa] agus ár gcine." 

49 Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: "Ní fios daoibh rud ar bith, 

50  ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal." 

51 Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine, 

52 agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe. 

53 Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis. 

54 Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d’imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d’fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.

55 Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú. 

56 Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: "Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?" 

57 Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.

Eoin 12

1 Sé lá roimh an gCáisc tháinig Íosa go Béatáine mar a raibh Lazaras a d’ardaigh Íosa ó mhairbh. 

2 Thug siad dinnéar dó ansiúd, dá bhrí sin, agus bhí Marta ag freastal agus Lazaras ar an gcuideachta leis ag an mbord. 

3 Ansin thóg Máire punt meáchain d’ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola. 

4 Ach dúirt duine dá dheisceabail, Iúdás ó Isceiriót, an fear a bhí ar tí a bhraite: 

5 "Cad chuige nár díoladh an ola seo ar thrí chéad déanar agus é a thabhairt do na boicht?" 

6 Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann. 

7 Dúirt Íosa ansin: "Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m’adhlactha. 

8 Óir bíonn na boicht agaibh i gcónaí in bhur measc, ach ní bhímse agaibh i gcónaí." 

9 Agus bhí a fhios ag slua mór de na Giúdaigh go raibh sé ann agus tháinig siad, ní amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lazaras a d’ardaigh sé ó mhairbh. 

10 Bheartaigh na hardsagairt ansin Lazaras a chur chun báis chomh maith 

11 mar go raibh a lán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa dá bharr.

12 Lá arna mhárach, an slua mór a tháinig don fhéile, nuair a chuala siad go raibh Íosa ag teacht go Iarúsailéim, 

13 thóg siad craobhacha pailme agus amach leo ina choinne, agus na gártha á gcur suas acu: "Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna, sea, rí Iosrael." 

14 Agus fuair Íosa asal óg agus shuigh air mar atá scríofa: 

15  "Na bíodh eagla ort, a iníon Shíón; féach, tá do rí ag teacht agus é ina shuí ar shearrach asail."

16 Nior thuig a dheisceabail na nithe ar dtús ach nuair a glóiríodh Íosa, ansin is ea a chuimhnigh siad air go raibh na nithe seo scríofa agus go ndearna siad na nithe sin leis.

17 An slua, dá bhrí sin, a bhí ina fhochair nuair a ghlaoigh sé Lazaras as an tuama agus a thóg sé é ó mhairbh, bhí siad ag tabhairt fianaise uathu. 

18 Is dá bharrsan chomh maith a tháinig an slua amach ina choinne, de bhrí gur chuala siad go ndearna sé an mhíorúilt sin.

19 Dúirt na Fairisínigh le chéile ansin: "Féach, ní aon tairbhe dúinn aon ní atá ar siúl againn. Tá an saol mór imithe ina dhiaidh!"

20 Bhí Gréagaigh áirithe ar na daoine a chuaigh suas go Iarúsailéim chun adhradh a dhéanamh lá na féile. 

21 Tháinig siadsan mar sin go dtí Pilib, an fear ó Bhéatsáide na Gailíle, agus d’iarr siad achainí air: "A thiarna, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil," ar siad.

22 Tháinig Pilib agus d’inis sé d’Aindrias é, agus ansin tháinig Aindrias agus Pilib agus d’inis siad d’Íosa é. 

23 D’fhreagair Íosa iad agus dúirt: "Tá an uair tagtha chun go ndéanfaí Mac an Duine a ghlóiriú.

24 Amen, Amen, a deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh.

25 An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.

26  Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m’Athair onóir dó.

27 Tá buaireamh ar m’anam anois. Cad déarfaidh mé? ‘ A Athair, saor mé ón uair seo’? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.

28 Athair, tabhair glóir do d’ainm!" Ansin tháinig guth ó neamh: "Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís."

29 Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: "Aingeal a labhair leis." 

30  D’fhreagair Íosa: "Ní ar mo shonsa," ar sé, "a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.

31 Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.

32  Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin."

33  Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil. 

34  D’fhreagair an slua é ansin: "Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?" 

35  Dúirt Íosa leo ansin: "Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.

36  Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas." Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d’imigh agus cheil é féin orthu.

37  Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann – 

38  ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: "A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?" 

39 Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís: 

40  "Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n-iompódh siad agus go leigheasfainn iad."

41  Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air. 

42  San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad. 

43  Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé. 

44  Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: "An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.

45  Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé.

46  Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.

47  Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.

48 An té a dhiúltaíonn domsa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach.

49  Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.

50  Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú. Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad."

Eoin 13

1 Roimh fhéile na Cásca, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a uair tagtha chun imeacht as an saol seo go dtí an tAthair, agus ó thug sé grá dá mhuintir féin a bhí ar an saol, thug sé grá thar na bearta dóibh feasta. 

2 Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é – 

3 ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach uile ní tugtha isteach ina lámha dó, ag an Athair, agus gur ó Dhia a ghabh sé amach, agus gur ar Dhia a bhí a thriall, 

4 d’éirigh sé ón suipéar, agus leag sé uaidh a chuid éadaigh, agus cheangail sé tuáille faoina choim. 

5 Ansin chuir sé uisce sa bháisín agus thosaigh ag ní cosa na ndeisceabal agus á dtiormú leis an tuáille a bhí faoina choim. 

Tháinig sé chomh fada le Síomón Peadar agus dúirt seisean leis: "Tusa a ní mo chos-sa, a Thiarna!" 

D’fhreagair Íosa é: "Ní fios duit anois cad tá ar siúl agam," ar sé leis, "ach tuigfidh tú ar ball é." 

8 Dúirt Peadar leis: "Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!" D’fhreagair Íosa é: "Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom." 

9 Dúirt Síomón Peadar leis: "A Thiarna, ní amháin mo chosa, ach nigh fós mo lámha agus mo cheann!" 

10 Dúirt Íosa leis: "Duine tar éis a fholctha, ní gá dó a ní [ach a chosa]; tá sé glan go hiomlán. Agus tá sibhse glan, ach níl gach duine agaibh glan." 

11 Mar bhí a fhios aige cé a bhí chun é bhrath; sin é an fáth a ndúirt sé: "Níl gach duine agaibh glan."

12 Ansin, tar éis dó a gcosa a ní, agus a chuid éadaigh a chur air, shuigh sé chun boird arís agus dúirt sé leo: "An dtuigeann sibh cad tá déanta agam daoibh? 

13 Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin. 

14 Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní. 

15 Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.

16 Amen, Amen, a deirim libh, níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir, ná níl aspal níos mó ná an té a chuir uaidh é.

17 Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.

18  "Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d’ith arán liom, d’ardaigh sé a sháil i mo choinne.’

19 Táim á insint sin daoibh anois, roimh ré, sula dtarlaíonn sé, i dtreo, nuair a tharlaíonn sé, go gcreidfidh sibh gur mise é.

20 Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé."

21 Ar rá na cainte sin d’Íosa, tháinig suaitheadh spioraid air, thug fianaise agus dúirt: "Amen, Amen, a deirim libh, déanfaidh duine agaibh mé a bhrath." 

22 D’fhéach na deisceabail ar a chéile ansin agus iad in amhras i dtaobh cé air ar labhair sé. 

23 Bhí ina luí agus a cheann in ucht Íosa, duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó. 

24 Rinne Síomón Peadar comharthaí sóirt leis sin dá bhrí sin agus dúirt: "Fiafraigh cé hé a deir sé." 

25 Luigh seisean mar sin ar bhrollach Íosa agus dúirt leis: "Cé hé féin, a Thiarna?" 

26 D’fhreagair Íosa dá bhrí sin: "An té dá dtabharfaidh mise an bruan aráin a thumfaidh mé, sin é é." Ansin thum sé an bruan agus thug sé do Iúdás mac Shíomóin Isceiriót é. 

27 Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: "A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!" 

28 Ní raibh a fhios ag aon duine den chuideachta ag an mbord cad chuige a dúirt sé é sin leis; 

29  óir shíl cuid acu, ós rud é go raibh an sparán ag Iúdás, go raibh Íosa á rá léis: "Ceannaigh a bhfuil de dhíth orainn don fhéile; nó rud éigin a thabhairt do na boicht." 

30  Thóg seisean an bruan dá bhrí sin agus d’imigh sé amach gan mhoill. Bhí an oíche ann. 

31 Nuair a d’imigh sé amach, dúirt Íosa: "Tá glóir faighte ag Mac an Duine anois, agus tá glóir faighte ag Dia ann.

32  Má fuair Dia glóir ann, tabharfaidh Dia glóir dósan ann féin, agus tabharfaidh sé glóir dó gan mhoill.

33  A chlann ó, is gearr eile atá agam in bhur bhfochair. Beidh sibh ar mo lorg, agus faoi mar a dúirt mé leis na Giúdaigh, deirim libhse arís: ‘ An áit ina bhfuilimse ag dul ní féidir daoibhse teacht.’

34  Tá aithne nua á tabhairt agam daoibh, go dtabharfadh sibh grá dá chéile; faoi mar a thug mise grá daoibhse, go dtabharfadh sibhse grá dá chéile.

35 As sin a bheidh a fhios ag cách gur deisceabail liomsa sibh má bhíonn grá agaibh dá chéile."

36  Dúirt Síomón Peadar leis: "A Thiarna, cá bhfuil tú ag dul?" D’fhreagair Íosa é: "Mar a bhfuilimse ag dul, ní féidir duitse mé a leanúint anois, ach leanfaidh tú mé níos déanaí."

37  Dúirt Peadar leis: "A Thiarna, cad chuige nach féidir dom thú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m’anam ar do shon." 

38  D’fhreagair Íosa: "An dtabharfaidh tú d’anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!

Eoin 14

1 Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí: creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis.

2 Is iomaí áras i dteach m’Athar. Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh,

3 agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin; i dtreo, an áit ina mbeidh mise, go mbeidh sibhse chomh maith.

4 Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul."

5 Dúirt Tomás leis: "A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?" 

6 Dúirt Íosa leis: "Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.

7 Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, d’aithneodh sibh m’Athair chomh maith. Tá aithne agaibh air feasta, agus tá radharc faighte agaibh air."

8 Dúirt Pilib leis: "A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair agus is leor dúinn sin." 

9 Dúirt Íosa leis: "An bhfuilim an fad sin aimsire, a Philib, in bhur measc agus gan aithne agat orm? An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair. Conas, mar sin, a deir tú: ‘ Taispeáin dúinn an tAthair’?

10 Nach gcreideann tú go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa? Na briathra a labhraímse libh, ní uaim féin a labhraím iad, ach an tAthair atá ina chónaí ionamsa, eisean a dhéanann na hoibreacha.

11 Creidigí uaimse é go bhfuilimse san Athair agus an tAthair ionamsa.

12  Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.

13 Cibé ní a iarrfaidh sibh i m’ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.

14 Má iarrann sibh aon ní orm i m’ainm, déanfaidh mé é.

15 Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.

16 Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh chun fanacht faraibh go deo –

17 Spiorad na Fírinne, nach féidir don saol a ghlacadh, mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é. Ach aithníonn sibhse é mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.

18 Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé ar ais chugaibh.

19 Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.

20 An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair, agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.

21 An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad, sin é an té a bhfuil grá aige dom. An té a bhfuil grá aige dom, beidh grá ag m’Athair dó, agus beidh grá agam dó, agus taispeánfaidh mé mé féin dó."

22 Dúirt Iúdás – níorbh é fear Isceiriót é: "A Thiarna, cad é seo? Nach bhfuil tú chun tú féin a thaispeáint don saol, ach dúinne?" 

23 D’fhreagair Íosa: "Má bhíonn grá ag duine dom," ar sé leis, "coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis.

24 An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra. Ach an briathar a chluineann sibh, ní liom féin é, ach leis an Athair a chuir uaidh mé.

25 Tá an méid sin inste agam daoibh, fad a bhí mé ag fanacht agaibh,

26 ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m’ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.

27 Fágaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.

28  Chuala sibh mé á rá libh: ‘Táim ag imeacht uaibh, agus tiocfaidh mé ar ais chugaibh.’ Dá mbeadh grá agaibh dom, bheadh áthas oraibh, óir táim ag dul go dtí an tAthair, mar is mó an tAthair ná mise.

29 Agus anois, tá sé inste agam daoibh, sula dtiocfaidh sé chun críche, ionas, nuair a thiocfaidh sé chun críche, go gcreidfidh sibh.

30 Ní labhróidh mé mórán eile libh, mar tá prionsa an tsaoil seo ag teacht agus níl neart ar bith aige ormsa.

31 Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d’ordaigh an tAthair dom.

Eoin 15

1 Éirígí, agus téimis as seo. Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m’Athair an saothraí.

2 Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.

3 Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.

4 Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.

5 Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.

6 Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.

7 Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.

8 Tugadh glóir do m’Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.

9 Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá.

10 Má choinníonn sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus a fhanaim ina ghrá.

11 Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.

12 Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.

13 Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.

14 Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

15 Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m’Athair, chuir mé in iúl daoibh é.

16 Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d’iarrfadh sibh ar an Athair i m’ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.

17 Is iad seo m’aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.

18 "Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.

19  Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.

20  Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ‘ Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.

21 Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m’ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.

22 Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.

23 An té ar fuath leis mise, is fuath leis m’Athair chomh maith.

24 Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus m’Athair, in éineacht.

25 Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘ Thug siad fuath dom gan chúis.’

26 Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.

27 Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.  

Eoin 16

1 D’inis mé an méid sin daoibh, ionas nach nglacfaidh sibh scannal.

2 Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.

3 Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.

4 D’inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t-am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair.

5 "Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ‘ Cá bhfuil tú ag dul?’

6 Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón.

Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.

8 Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais.

9 I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;

10  i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;

11  i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.

12  Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;

13 ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.

14 Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.

15 An uile ní dá bhfuil ag m’Athair, is liomsa é. Uime sin a dúirt mé: ‘ Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.’

16 "Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair."

17 Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: "Cad é seo a deir sé linn: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm’; agus ‘mar táim ag triall ar an Athair’?" 

18 Dá bhrí sin dúirt siad: "Cad é an ‘tamall beag’ é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá." 

19 Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: "Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: ‘Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.’

20 Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.

21 Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.

22 Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh.

23 An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m’ainm-sé.

24 Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m’ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n-áthas iomlán.

25 Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.

26 Iarrfaidh sibh i m’ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.

27 Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach.

28 Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair."

29 Dúirt a dheisceabail leis: "Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá. 

30 Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach." 

31 D’fhreagair Íosa iad: "An gcreideann sibh anois?

32 Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m’aonar. Ach nílim i m’aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.

33 Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol."

Eoin 17

1 Dúirt Íosa an chaint sin agus ar thógáil a shúl chun na bhflaitheas dúirt sé: "A Athair, tá an uair tagtha. Tabhair glóir do do Mhac, ionas go dtabharfadh do Mhac glóir duit:

2 faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.

3 Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

4 Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.

5 Agus anois mar sin, a Athair, tabhair-sé glóir domsa i do láthair leis an nglóir chéanna a bhí agam i do láthair, sula raibh an domhan ann.

6 D’fhoilsigh mé d’ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.

7 Tá a fhios acu anois gur uaitse, gach ní dár thug tú dom;

8 óir na briathra a thug tú dom, thug mé dóibh iad, agus ghlac siad iad agus thuig siad go fíor gur uaitse a tháinig mé, agus chreid siad gur tú a chuir uait mé.

9 Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.

10 Leatsa gach ní is liomsa agus liomsa gach ní is leatsa, agus tá glóir faighte agam iontu.

11 Nílim ar an saol feasta ach tá siadsan ar an saol agus táim ag dul ag triall ortsa. A Athair naofa coinnigh iad i d’ainm – an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne.

12 Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d’ainm – an t-ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.

13 Ach anois táim ag teacht ag triall ort, agus tá an chaint seo á rá agam ar an saol, ionas go mbeadh an lúcháir is liomsa go hiomlán acu iontu féin.

14  Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

15  Nílim á ghuí go dtógfá as an saol iad, ach go gcoinneofá ón Olc iad.

16  Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.

17  Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar.

18  Faoi mar a chuir tusa mise uait isteach sa saol, chuir mise iadsan isteach sa saol.

19  Naomhaím mé féin ar a son, ionas go mbeidh siadsan, chomh maith, naomhaithe san fhírinne.

20  Ní ar a son-san amháin atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar;

21  ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.

22  Agus an ghlóir a thug tú dom, thug mise dóibhsean é, ionas go mba aon iad faoi mar is aon sinne;

23  mise iontu-san, agus tusa ionam-sa, ionas go mba aon iad go foirfe, agus go mbeadh a fhios ag an saol gur chuir tú uait mé, agus gur thug tú grá dóibh seo faoi mar a thug tú grá domsa.

24 A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.

25 A Athair na córa, ní raibh aithne ag an saol ort; ach bhí aithne agamsa ort, agus bhí a fhios acu seo gur chuir tú uait mé.

26 Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d’ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu."

Eoin 18

1 Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail. 

Ba eol an áit do Iúdás, fear a bhraite, mar ba mhinic a chastaí Íosa ann in éineacht lena dheisceabail. 

Mar sin, is ann a chuaigh Iúdás agus gasra saighdiúirí aige, agus póilíní ó uachtaráin na sagart agus ó na Fairisínigh, agus lóchrainn acu agus tóirsí agus arm faobhair. 

Ó bhí a fhios ag Íosa an uile ní dá raibh le teacht air, ghabh sé amach agus dúirt sé leo: "Cé tá uaibh?" 

D’fhreagair siad é: "Íosa ó Nazarat." Dúirt Íosa leo: "IS MISE É." Bhí Iúdás, fear a bhraite, ansiúd in éineacht leo. 

Nuair a dúirt Íosa leo: "IS MISE É," tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh. 

D’fhiafraigh sé díobh arís: "Cé tá uaibh?" "Íosa ó Nazarat," ar siad. 

D’fhreagair Íosa: "Dúirt mé libh gur mise é. Mar sin, más mise atá uaibh, scaoiligí chun siúil iad seo" – 

chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé – "Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh." 

10  Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de. 

11  Malcas a ba ainm don seirbhíseach. Dúirt Íosa le Peadar: "Cuir an claíomh ar ais ina thruaill. An cupa a thug an tAthair dom, nach n-ólfaidh mé é?"

12  Ansin, gasra na saighdiúirí agus an captaen a bhí orthu, agus na póilíní Giúdacha, rinne siad Íosa a ghabháil agus a cheangal, 

13  agus sheol siad ar dtús go dtí Annas é, mar ba é athair céile Cháiafas é a bhí ina ardsagart an bhliain sin. 

14 Ba é Cáiafas seo a thug an chomhairle úd do na Giúdaigh gurbh é a leas é go bhfaigheadh aon duine amháin bás ar son an phobail. 

15 Rinne Síomón agus deisceabal eile Íosa a leanúint. Ba aithnid an deisceabal sin don ardsagart, agus mar sin chuaigh sé isteach le Íosa i gcúirt an ardsagairt, 

16  ach d’fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach – é seo a ba aithnid don ardsagart – labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach. 

17  Labhair an bandoirseoir ansin le Peadar: "An ea gur duine thú de dheisceabail an fhir seo?" Dúirt seisean: "Ní hea." 

18  Bhí na seirbhísigh agus na póilíní tar éis tine ghualaigh a chur síos mar bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh á ngoradh féin. Bhí Peadar comh maith ina sheasamh in éineacht leo, á ghoradh féin. 

19 Cheistigh an t-ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus a theagaisc. 

20  D’fhreagair Íosa é: "Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.

21 Cén fáth a bhfuil tú do mo cheistiú-sa? Ceistigh iad siúd a chuala mé faoina ndúirt mé leo. Is iadsan, féach, a bhfuil a fhios acu cad a dúirt mé." 

22 Le linn na cainte sin dó, duine de na póilíní a bhí ina sheasamh láimh leis, bhuail sé buille boise ar Íosa á rá: "An mar sin a fhreagraíonn tú an t-ardsagart?" 

23 D’fhreagair Íosa é: "Má labhair mé go héagóir, cruthaigh an éagóir; ach má labhair mé go ceart, cén fáth a mbuaileann tú mé?" 

24 Ansin chuir Annas uaidh ar ceangal é ag triall ar Cháiafas an t-ardsagart. 

25 Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: "Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?" Shéan seisean é: "Ní hea," ar sé. 

26 Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: "Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?" 

27 Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.

28 Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe. 

29 Mar sin, tháinig Pioláit amach chucu agus dúirt: "Cén cion atá sibh a chur i leith an duine seo?" 

30  D’fhreagair siad: "Mura mbeadh gur choirpeach é seo," ar siad leis, "ní thabharfaimis ar láimh duit é." 

31 Dúirt Pioláit leo: "Tógaigí féin é, agus triailigí é de réir bhur ndlí féin." Dúirt na Giúdaigh leis: "Ní dleathach dúinne aon duine a chur chun báis" – 

32 chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íosa á chur in iúl cén sórt báis ba dhán dó a fháil. 

33 Ansin chuaigh Pioláit isteach sa Phréatóiriam arís ag glaoch ar Íosa agus dúirt sé leis: "An tusa rí na nGiúdach?" 34D’fhreagair Íosa: "An uait féin a deir tú an méid sin, nó an daoine eile a dúirt leat é mar gheall orm?" 

35 D’fhreagair Pioláit: "An Giúdach mise? Do náisiún féin agus uachtaráin na sagart a thug ar láimh dom tú. Cad tá déanta agat?" 

36 D’fhreagair Íosa: "Ní den saol seo mo ríocht. Dá mba den saol seo mo ríocht, throidfeadh mo sheirbhísigh ionas nach dtabharfaí ar láimh do na Giúdaigh mé. Ach anois ní as seo mo ríocht." 

37 Dúirt Pioláit leis: "Ach is rí thú ámh?" D’fhreagair Íosa: "De réir mar a deir tú, is rí mé. Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinig mé ar an saol – chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach aon duine gur den fhírinne é, éisteann sé le mo ghlór." 

38 Dúirt Pioláit leis: "Cad is fírinne ann?" Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: "Ní fhaighim aon chúis daortha ann. 

39 Ach tá nós agaibh go scaoilfinn príosúnach chugaibh sa Cháisc. Ar mhaith libh go scaoilfinn chugaibh rí na nGiúdach?" 

40 Ach scread siad amach arís: "Ní hé seo, ach Barabas." Agus robálaí a ba ea Barabas.

Eoin 19

1 Ansin ghabh Pioláit Íosa agus sciúrsáil sé é. 

Agus rinne na saighdiúirí coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann. Ansin ghléas siad faoi bhrat corcra é, 

agus ag teacht dóibh ina ghar, deiridís: "Sé do bheatha, a rí na nGiúdach!" agus bhuail siad lena mbosa é. 

Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: "Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann."

Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt (Pioláit) leo: "Siúd é an duine!" 

6 Nuair a chonaic uachtaráin na sagart agus a muintir é, scread siad amach: "Céas é! Céas é!" Dúirt Pioláit leo: "Tógaigí sibhse é agus céasaigí é, óir ní fhaighimse cúis daortha ann." 

7 D’fhreagair na Giúdaigh é: "Tá dlí againne, agus, de réir an dlí sin, tá d’fhiacha air bás a fháil mar go ndearna sé Mac Dé de féin."

Nuair a chuala Pioláit an chaint sin, ba mhó ná riamh a eagla.  

Chuaigh sé isteach sa Phréatóiriam arís agus dúirt le Íosa: "Cad as duit?" Ach níor thug Íosa aon fhreagra air.

10  Dúirt Pioláit leis ansin: "An ea nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar mo chumas thú a chéasadh agus go bhfuil ar mo chumas thú a scaoileadh saor?"

11 D’fhreagair Íosa: "Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air."

12 Agus as sin amach bhí Pioláit ag iarraidh é a scaoileadh. Ach chuir na Giúdaigh na gártha suas: "Má scaoileann tú an duine seo saor," ar siad, "ní cara do Chéasar thú; gach duine a dhéanann rí de féin, ag cur in aghaidh Chéasair a bhíonn." 

13 Nuair a chuala Pioláit na focail sin, sheol sé Íosa amach agus chuaigh féin ina shuí breithimh, san áit ar a dtugtar an Chúirt Phábháilte – Gabata atá san Eabhrais air. 

14  Ba é lá an ullmhaithe don Cháisc é, timpeall an séú huair. Dúirt sé leis na Giúdaigh: "Féach, sin é bhur rí!" 

15 Ach chuir siad na gártha suas: "Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!" Dúirt Pioláit leo: "An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?" D’fhreagair uachtaráin na sagart: "Níl de rí againne ach Céasar." 

16 Ansin thug sé suas dóibh é chun a chéasta.

17 Rug siad Íosa leo. Rinne sé féin an chros a iompar, agus ghabh sé amach go dtí Áit an Chloiginn – a dtugtar Golgota san Eabhrais air. 

18  Chéas siad é ansiúd agus beirt eile in éineacht leis, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 

19  Scríobh Pioláit fógra le cur ar an gcros, agus ba é an fógra: "Íosa ó Nazarat, rí na nGiúdach." 

20  Léigh mórán de na Giúdaigh an fógra sin, mar ba ghearr ón gcathair an áit inar céasadh Íosa agus bhí an scríbhinn in Eabhrais, i nGréigis agus i Laidin. 

21 Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Pioláit: "Ná scríobh, ‘rí na nGiúdach,’ ach, ‘dúirt sé seo: Is mé rí na nGiúdach.’" 

22 D’fhreagair Pioláit: "An rud atá scríofa agam, tá sé scríofa." 

23  Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh – sciar don saighdiúir acu – agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas. 

24 Mar sin, dúirt siad le chéile: "Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé" – chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: "Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith." Rinne na saighdiúirí an méid sin.

25 Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana. 

26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: "A bhean, sin é do mhac."

27 Ansin dúirt sé leis an deisceabal: "Sin í do mháthair." Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.

28  Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: "Tá tart orm." 

29 Bhí soitheach ansiúd lán d’fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é. 

30 Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. "Tá sé curtha i gcrích." Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.

31 Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide – óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin – rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí. 

32 Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis. 

33 Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí, 

34 ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach. 

35 Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith. 

36 Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: "Aon chnámh ann ní bhrisfear." 

37 Agus tá scrioptúr eile a deir: "Breathnóidh siad ar an té a tholl siad."

38 Ina dhiaidh sin d’iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit – ba dheisceabal d’Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach – corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.

39 Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin – é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús – tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain. 

40 Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach. 

41 San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe. 

42 Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe. 

Eoin 20

1 Agus an chéad lá den tseachtain tháinig Máire Mhaigdiléana go moch, agus an dorchadas fós ann, chun an tuama agus chonaic sí an líog aistrithe ón tuama. 

2 Rith sí ansin agus tháinig sí go dtí Síomón Peadar agus go dtí an deisceabal úd eile ab ionúin le Íosa. "Thog siad an Tiarna as an tuama," ar sí leo, "agus níl a fhios againn cár chuir siad é." 

3 Amach le Peadar agus leis an deisceabal eile ansin agus chuaigh siad chun an tuama. 

4 Chrom siad a mbeirt ar rith in éineacht agus rith an deisceabal eile níos luaithe ná Peadar agus is é is túisce a tháinig go dtí an tuama. 

5 Nuair a chrom sé síos chonaic sé na línéadaí ina luí ansiúd, ach ní dheachaigh sé isteach. 

6 Ansin tháinig Síomón Peadar ina dhiaidh agus chuaigh sé isteach sa tuama, agus chonaic sé na línéadaí 

7 agus an brat a bhí ar a cheann – ní i dteannta na línéadaí a bhí sé, ach fillte in aon áit amháin leis féin. 

8 Ansin an deisceabal eile, a tháinig ar dtús chun an tuama, chuaigh sé isteach agus chonaic agus chreid sé. 

Óir níor thuig siad go fóill an scrioptúr nárbh fholáir é a aiséirí ó mhairbh.

10 Ansin d’imigh na deisceabail abhaile arís.

11 Agus bhí Máire ina seasamh lasmuigh in aice an tuama agus í ag gol. Sa ghol di chrom sí síos agus d’fhéach isteach sa tuama, 

12 agus chonaic an dá aingeal in éidí geala ina suí mar ar luigh corp Íosa, aingeal acu ag an gceann agus an t-aingeal eile ag na cosa.

13  "Cén fáth a bhfuil tú ag gol, a bhean," ar siad léi. "Mar gur thóg siad mo Thiarna," ar sí leo, "agus nach eol dom cár chuir siad é." 

14 Arna rá sin di, d’iompaigh sí thart agus chonaic sí Íosa ina sheasamh ansiúd ach nár aithin sí gurbh é Íosa é. 

15  Dúirt Íosa léi: "A bhean, cén fáth a bhfuil tú ag gol? Cé atá uait?" Mheas sí gurbh é an garraíodóir é agus dúirt leis: "A dhuine uasail, más tusa a thóg é, inis dom cár chuir tú é agus tabharfaidh mé liom é." 

16  "A Mháire," arsa Íosa léi. D’iompaigh sise agus dúirt as Eabhrais: "Rabúnaí," is é sin le rá: "A Mháistir!" 

17  "Scaoil liom!" arsa Íosa léi, "óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m’Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’" 

18  Tháinig Máire Mhaigdiléana leis an scéala do na deisceabail: "Chonaic mé an Tiarna," agus go ndúirt sé na nithe sin léi.

19 Tráthnóna an lae chéanna, an chéad lá den tseachtain, agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach, san áit ina raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas ina measc agus dúirt leo: "Síocháin daoibh!" 

20 Á rá sin dó, thaispeáin sé dóibh a lámha agus a chliathán. Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. 

21 Dúirt Íosa leo ansin arís: "Síocháin daoibh! Amhail mar a chuir an tAthair uaidh mise, táimse do bhur gcursa uaim freisin."

22 Arna rá sin dó, d’análaigh sé orthu agus dúirt leo: "Glacaigí an Spiorad Naomh.

23 Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh; na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacaí, beidh a bpeacaí coinnithe."

24  Tomás, duine den dáréag ar a dtugtaí an Leathchúpla, ní raibh sé leo nuair a tháinig Íosa. 

25 Dúirt na deisceabail eile leis: "Chonaiceamar an Tiarna." Ach dúirt seisean leo: "Mura bhfeicfidh mé rian na dtairní ar a dhearnana, agus mo mhéar a chur i bpoll na dtairní, agus mo lámh ina chliathán, ní chreidfidh mé." 

26 Ocht lá ina dhiaidh sin, bhí a dheisceabail istigh arís, agus Tomás in éineacht leo. Tháinig Íosa agus na doirse faoi ghlas, sheas sé ina measc agus dúirt: "Síocháin daoibh!" 

27 Ansin dúirt sé le Tomás: "Tabhair i leith do mhéar agus féach mo dhearnana, sín amach do lámh agus cuir i mo chliathán í, agus ná bí díchreidmheach ach creidmheach." 

28 D’fhreagair Tomás: "Mo Thiarna agus mo Dhia!" 

29 Dúirt Íosa leis: "De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid."

30 Bhí go leor fearta eile fós a rinne Íosa os comhair a dheisceabal, agus níl aon chur síos orthu sa leabhar seo. 

31 Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm. 

Eoin 21

1 Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin arís do na deisceabail ag Muir Thibirias, agus seo mar a thaispeáin: 

Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail. 

Dúirt Síomón Peadar leo: "Táimse ag dul ag iascach." "Rachaimidne leat," ar siad. D’imigh siad mar sin agus isteach sa bhád leo, ach an oíche sin níor rug siad ar bhreac. 

Nuair a tháinig an mhaidin, bhí Íosa ina sheasamh ar an trá, ach ní raibh a fhios ag a dheisceabail gurbh é Íosa é. 

Dúirt Íosa leo: "Níl aon iasc agaibh, an bhfuil, a chlann ó?" "Níl," ar siad á fhreagairt. 

Dúirt sé leo: "Cuirigí an eangach amach ar dheis na loinge, agus gheobhaidh sibh iasc." Rinne siad cor dá bhrí sin agus láithreach bhí ag teip orthu an eangach a tharraingt, bhí an oiread sin iasc inti. 

7 Ansin an deisceabal ab ionúin le Íosa, dúirt sé le Peadar: "Is é an Tiarna é." Nuair a chuala Peadar dá bhrí sin gurbh é an Tiarna é, chuir sé a bhrat uime – mar bhí sé gan é – agus chaith sé é féin isteach san fharraige. 

Ach tháinig na deisceabail eile sa long mar níorbh fhada ón talamh iad, ach timpeall dhá chéad banlámh; agus tharraing siad an eangach lán d’iasc ina ndiaidh.

9 Nuair a tháinig siad i dtír mar sin, chonaic siad arán ansiúd agus tine ghualaigh agus iasc uirthi. 

10  Dúirt Íosa leo: "Tugaigí anseo cuid de na héisc a ghabh sibh anois." 

11 Ansin chuaigh Peadar ar bord agus tharraing sé an eangach i dtír, agus í lán d’éisc mhóra, céad agus caoga a trí díobh; agus bíodh go raibh siad chomh mór sin níor bhris an eangach.

12 Dúirt Íosa leo: "Tagaigí agus ithigí." Ní raibh sé de mhisneach ag aon duine de na deisceabail a fhiafraí de: "Cé hé thú féin?" mar go raibh fhios acu gurbh é an Tiarna é.

13 Tháinig Íosa agus thóg an t-arán agus thug dóibh é, agus mar an gcéanna leis an iasc.

14  Is é sin anois an tríú huair a thaispeáin Íosa é féin do na deisceabail tar éis do aiséirí ó mhairbh. 

15 Nuair a bhí bia caite acu dúirt Íosa le Síomón Peadar: "A Shíomóin mhic Eoin, an mó do chion-sa orm ná a gcion seo?" "Sea, a Thiarna," ar seisean leis, "is eol duit go bhfuil grá agam duit." Dúirt Íosa leis: "Déan m’uain a chothú." 

16 Dúirt sé leis an dara huair: "A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil cion agat orm?" "Tá, a Thiarna," ar seisean leis, "tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit." Dúirt sé leis: "Déan mo chaoirigh a aoireacht." 

17 Dúirt sé leis an tríú huair: "A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?" Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: "An bhfuil grá agat dom?" Agus dúirt sé leis: "A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit." Dúirt Íosa leis: "Déan mo chaoirigh a chothú."

18  "Amen, Amen, a deirim leat. Nuair a bhí tú níos óige, chuirteá féin do chrios umat, agus shiúltá san áit ba thoil leat; ach nuair a thiocfaidh an aois ort, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile do chrios umat, agus seolfaidh sé thú san áit nach toil leat."

19  Dúirt sé an méid sin lena chur in iúl cad é an sort báis lena dtabharfadh sé glóir do Dhia. Agus nuair a bhí an méid sin ráite aige dúirt sé: "Lean mise."

20  D’iompaigh Peadar agus chonaic sé á leanuint an deisceabal ar thug Íosa grá dó, an té a luigh ar a ucht ag an suipéar agus a dúirt: "A Thiarna, cé atá chun tú a bhrath?"

21 Nuair a chonaic Peadar é sin dá bhrí sin, dúirt sé le Íosa: "Cad mar gheall air seo?"

22 Dúirt Íosa leis: "Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse? Lean-sa mise." 

23 Bhí sé ina scéal reatha dá bhrí sin i measc na mbráithre nach bhfaigheadh an deisceabal sin bás. Ach níor dhúirt Íosa leis: "Ní bhfaighidh sé bás"; ach: "Más mian liom é a fhanacht go dtaga mé, cad é sin duitse?"

24 Sin é an deisceabal a thugann fianaise i dtaobh na nithe sin, agus a scríobh na nithe sin agus tá a fhios againn gur fíor í a fhianaise. 

25 Tá a lán nithe eile a rinne Íosa agus dá scríofaí iad ina gceann is ina gceann, ní bheadh, dar liom, slí ar domhan féin do na leabhair a bheadh á scríobh.

 

Please Sign Our Guestbook View Our Guestbook

Return To Shaun & Jackie Aisbitt's Christian Website

E-Mail Shaun

1