Tús na Fionlainne Deirge

Ar an ochtú lá de Mhí na Samhna, 1917, chuir na Daonsóisialaigh an clár oibre úd "Tá Muid ag Éileamh" faoi bhráid na Pairliminte. Bhí siad ag éileamh leasuithe móra sóisialta, agus iad ag dul i dtuilleamaí na Rúise le haitheantas a bhaint amach ó Léinín do neamhspleáchas na Fionlainne, rud a fuarthas faoi dheoidh. I dtús na bliana 1918, bhí an Fhionlainn ina stát neamhspleách go foirmiúil, ach bhí dhá scór míle saighdiúir Rúiseacha ar garastún sa tír i gcónaí, agus ní raibh conradh ar bith sínithe ná socraithe faoi chúlú na bhfórsaí seo as an tír. Bhí na luaidreáin ag imeacht timpeall na tíre nach raibh san aitheantas a thug Léinín do neamhspleáchas na Fionlainne ach cur i gcéill. (Tá torthaí taighde na staraithe ag tacú leis an leagan sin. Bhí na Boilséivigh meáite ar lucht a gcomhdhearcaidh i dtíortha cosúil leis an bhFionlainn a ghríosú chun éirí amach agus chun réabhlóide faoi bhratach an tSóisialachais, le go bhfillfeadh na tíortha neamhspleácha ar ais i ndiaidh dóibh malairt rialtais a fháil.) Bhí comhchoiste na bhFionlannach is na Rúiseach le cromadh ar chúrsaí praiticiúla na scarúna a shocrú, ach níor tháinig an coiste seo le chéile riamh, i bhfianaise na moilleadóireachta a bhí na Rúisigh a dhéanamh.


clár oibre = agenda
rud a chur faoi bhráid na Pairliminte = to submit something to Parliament. Note, in Irish "an Phairlimint", but in English just Parliament, without an article.
leasuithe sóisialta = social reforms
aitheantas = recognition
bheith ar garastún = to be in garrison, to be stationed (troops, army etc.)
luaidreáin = ráflaí, scéalta reatha
cur i gcéill = make-believe
gríosaigh/gríosú = to incite, to agitate (tuathghríosóir = demagogue, rabble-rouser)
comhchoiste = joint committee

"Síocháin le Cur ar Bun le Lámh Láidir"

Ar an dóú lá déag de Mhí Eanáir den bhliain 1918, fuair an Seanad na cumhachtaí ó thromlach buirgéiseach na Pairliminte le síocháin na tíre a chur ar bun is a choimeád le lámh láidir. Le bheith in ann an t-ordú seo a chomhlíonadh, d'fhógair an Seanad gur díormaí de chuid an Rialtais a bheadh sna Cóir Chosanta (na Gardaí Bána) feasta - rud nár thaitin leis na Sóisialaigh, agus iad den tuairim go raibh an cinneadh seo ceaptha mar bheart cogaidh ina n-aghaidh féin agus in aghaidh Ghardaí Síochána an Lucht Oibre (na Gardaí Dearga, sin le rá). D'ainmnigh an Seanad an Ginearál Carl Gustaf Emil Mannerheim i gceannas ar na Cóir Chosanta. Ginearál de chuid Arm Impiriúil na Rúise a bhí i Mannerheim, agus baint aige le seanteaghlach uasalaicmeach san Fhionlainn. Ós rud é gur de phór na n-uasal dó, fuair sé é féin sáinnithe ar fad ag lucht leanúna Léinín sa Rúis, agus an dóigh a raibh siad ag déanamh géarleanúna ar an uasalaicme; agus d'fháiltigh sé go mór an cuireadh seo ó thír a dhúchais.


tromlach = majority (in parliament)
síocháin: not only "peace", but also "public order" (hence "an Garda Síochána", which does not mean, strictly speaking, the Guardian of Peace, but rather, the Guardian of Public Order).
díormaí = troops, armed detachments. A "díorma" can also mean a "posse", i.e. a group of citizens a Wild West sheriff recruits from among trusted citizens to pursue a criminal. (Good to know if you are going to write Wild West adventure stories in Irish. Be sure I for one am going to do it!)
beart cogaidh = an act of war
seanteaghlach uasalaicmeach = an old aristocratic family
sáinnithe = beleaguered, in a fix
ag déanamh géarleanúna ar an uasalaicme = persecuting aristocracy
cuireadh = invitation

Mannerheim san Ostrabóitne

Bhí mímhuinín ag na Dearga as Mannerheim, áfach. Níor tháinig Mannerheim in aon chóngar do phríomhchathair na tíre an taca seo: chuaigh sé go dtí an Ostrabóitne, áit a raibh an tacaíocht ba mhó leis na Cóir Chosanta, agus diabhal lucht oibre.

An Ostrabóitne

Cúige ar leith í an Ostrabóitne san Fhionlainn. Feirmeoirí neamhspleácha a bhí ina muintir ag an am: ní raibh mórán scológa bochta ansin, agus ní raibh mórthiarnaí saibhre talún ann ach an oiread. Bhí meas ag muintir an chúige orthu féin agus ar a chéile, agus ní raibh siad eolach ar na difríochtaí móra sóisialta a bhí ag scoilt mhuintir na tíre theas sna cathracha móra tionsclaíochta ar nós Heilsincí agus Tampere. Chuaigh na hOstrabóitnigh sna saighdiúirí - nó sna Cóir Chosanta - go réidh le ruaigeadh a chur ar na díormaí Rúiseacha as an bhFionlainn. Níor thuig siad ach de réir a chéile go raibh siad le troid a chur ar a gcomhthírigh féin - ar na Dearga.


scológ = peasant
comhthíreach = fellow countryman

Réabhlóid an Lucht Oibre

Ar an seachtú lá is fiche de Mhí Eanáir, míle naoi gcéad a hocht ndéag, thosaigh réabhlóid na nDearg i Heilsincí. Tháinig ordú ó Choiste Fheidhmitheach an Pháirtí Dhaonsóisialaigh do na Gardaí Dearga na pointí straitéiseacha sa phríomhchathair a shealbhú. Ar an lá céanna, phléasc cathanna amach i Viipuri (cathair in Oirthear na Fionlainne a thit leis an Aontas Sóivéadach de thoradh an Dara Cogadh Domhanda, agus nach cuid dár dtír í inniu, mar sin) idir na Gardaí Dearga agus na Gardaí Bána (na Cóir Chosanta). Faoin am seo, fosta, a thosaigh Mannerheim agus na Cóir Chosanta san Ostrabóitne ag dí-armáil na ndíormaí Rúiseacha a bhí fágtha sa tír.


Coiste Feidhmitheach = Executive Committee

An Seanad i Vaasa

Bhí rialtas oifigiúil na Fionlainne, an Seanad, ruaigthe as an gcumhacht anois - i ndeireadh Mhí Eanáir 1918 - ach, go bhfios dom, níor éirigh leis na Dearga aon duine de na Seanadóirí a chaibhriú, a mharú ná a chimiú. Thrasnaigh cuid acu an cathéadan - nó bhí cathéadan idir Deisceart tionsclaíochta na nDearg agus Tuaisceart feirmeoireachta na mBán ag tosú ag forbairt, ó Mhurascaill na Bóitne go dtí an teorainn Rúiseach, faoin am seo - agus bhain siad amach an Ostrabóitne sa deireadh thiar thall. D'fhan cuid acu folaithe i Heilsincí, ar a seachnadh ó mhílíste na nDearg, go dtí gur briseadh an cogadh ar na Dearga. Na Seanadóirí a tháinig go dtí an Ostrabóitne, bhunaigh siad Seanad sealadach i bpríomhchathair an chúige, Vaasa; ach níl mé cinnte, an raibh mórán fíor-ghnó rialtais idir lámhaibh acu. Is dócha nach ndearna siad mórán thar a chur in iúl don domhan mhór ná go raibh dlisteanacht agus leanúnachas polaitiúil ag na Bána, seachas ag an taobh eile.


caibhrigh - caibhriú = to seize, to capture
cimigh - cimiú = to capture, to imprison
cathéadan = front (in war)
Murascaill na Bóitne = Gulf of Bothnia (between Finland and Sweden)
dlisteanacht = legitimacy
leanúnachas polaitiúil = political continuity

Rialtas na nDearg

Ar ndóigh, chuir na Dearga rialtas dá gcuid féin ar bun - rialtas, nó "Toscaireacht an Phobail", mar a bhaist siad air. B'é Kullervo Akilles Manner a chuaigh i gceannas ar an Toscaireacht; i measc na dtoscairí eile, bhí Oskari Tokoi, Yrjö Sirola agus Otto Wilhelm (Otto Ville) Kuusinen.

MANNER, KULLERVO AKILLES: Mac léinn agus iriseoir a bhí i gKullervo Manner ar dtús. Chaith sé tréimhse ina bhall de pháirtí na Sean-Fhionlannach (is é sin, na náisiúntóirí measartha nach raibh rófhíochmhar in éadan na Rúiseach). Sa bhliain 1905, nuair a bhí sé cúig bliana fichead d'aois, chuaigh sé sna Daonsóisialaigh agus rinne sé an-dul chun cinn ina measc siúd mar pholaiteoir cumasach. Chuaigh sé go mór chun radacachais mar náisiúntóir frithRúiseach agus mar Shóisialach. Sa bhliain 1910 a vótáladh isteach sa Phairlimint é an chéad uair. Sa bhliain 1917, bhí sé ina Cheann Comhairle ar an bPairlimint, agus nuair a d'fhógair na Sóisialaigh réabhlóid, bhí sé nádúrtha ceannaire a ghairm de Manner. D'éirigh leis teacht slán ó na Bána nuair a briseadh an cogadh ar na Dearga. Chuaigh sé go dtí an Rúis Shóibhéadach agus chaith sé deireadh a shaoil ag obair do na Boilséivigh thall ansin. Dealraíonn sé go bhfuair sé bás san Aontas Shóibhéadach sna tríochaidí, nuair a bhí Stailín éirithe chomh paranóideach is go mbásódh sé fiú Cumannaigh de phór choimhthíoch, agus é ag cur spiaireacht ina leith.

TOKOI, ANTTI OSKARI (AINDRIAS OSCAR): Saolaíodh Antti Oskari Tokoi san Ostrabóitne sa bhliain 1873 agus chuaigh sé ar imirce go Meiriceá lena chuid a shaothrú sna poill mhianaigh. Tháinig sé ar ais le soiscéala an cheardchumannachais a chraobhscaoileadh, agus shocraigh sé síos i gKannus, áit a ndeachaigh sé le feirmeoireacht agus le siopadóireacht mar ghléas beo. Bhí sé riamh ina fhear mheasartha, agus bhí urraim ag polaiteoirí na bpáirtithe eile dó, freisin, ar a dheathréithre agus ar chomh heolach agus a bhí sé ar shaol agus ar fhadhbanna shóisialta na tuaithe. Is deacair a thuiscint go bhféadfadh duine den chineál seo dul le réabhlóideachas na láimhe láidire, ach is dócha nach ndeachaigh Tokoi sna Dearga ach amháin le teann ómóis dá seanchomrádaithe. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé ar a sheachnadh go Ceanada agus ansin go dtí na Stáit Aontaithe. Siúd is nach raibh ach pionós báis i ndán dó san Fhionlainn, rinne sé a dhóthain le eolas ar an bhFionlainn a scaipeadh i Meiriceá agus le bá na Meiriceánach leis an tír a chothú. Bhí sé ina phríomheagarthóir, fosta, ar an "Raivaaja", iris na bhFionlannach i Meiriceá. Ina éiric sin, fuair sé éigiontú a chuid coireanna ó Phairlimint na Fionlainne sa bhliain 1944. Bhásaigh sé i Massachusetts sa bhliain 1963.

Bunreacht nua ag teacht ó na Dearga

D'eisigh an Toscaireacht bunreacht na Fionlainne Deirge i Mí Feabhra 1918, agus siúd is go raibh Sóisialaigh na Fionlainne ag comhoibriú sách dlúth le Boilséivigh na Rúise faoin am seo (agus ní raibh cuid acu róshásta leis an gcineál mursantacht a bhí Léinín ag iarraidh a thabhairt dóibh), ní raibh trácht ar bith sa bhunreacht seo ar "dheachtóireacht na prólatáireachta" ná ar choincheapa Marxacha eile. Tá na staraithe barúlach gurb iad bunreachtanna na Fraince, na hEilbhéise agus na Stát Aontaithe ba mhó a d'fhág a sliocht air.


mursantacht = bossy behaviour, "lording it". (You can also say "geafaireacht".)
deachtóireacht na prólatáireachta = the dictatorship of the proletariat
tá siad barúlach go... = they are of the opinion that... Other ways to express it: tá siad inbharúla, tá siad den bharúil, tá siad den tuairim, is é a mbarúil é, is é a dtuairim é

An Cathéadan

Thart faoi lár Mhí Feabhra a dúnadh an cathéadan. Níl mé cinnte, an cuidiú leat é a rá gurb iad na háiteanna a ndeachaigh an chéad chathéadan tríothu ná: Ahlainen, Vilppula, Mäntyharju, Antrea agus Rautu. Níl mé cinnte an bhfuil Ahlainen le fáil ar aon mhapa de bhur gcuidne, ach má tá a fhios agamsa ónár gcuid mapaí cá háit a bhfuil Sráid na Cathrach, Lios Dhún Bhearna nó an Móta suite in Éirinn, sílim gur chóir duit a bheith in ann Vilppula agus Mäntyharju a aimsiú ar do lóntaí féin. Maidir le hAntrea agus le Rautu, ní cuid den Fhionlainn iad a thuilleadh - tá siad suite sa chuid den tír a thóg na Rúisigh uainn i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda. (Níl a fhios beo agam cad é a thugtar ar Rautu inniu, ach is é Caiméannagórsc - nó Kamennogorsk -, Sliabh na Cloiche, a bhaist siad ar Antrea.)


cathéadan = front (in war)
ar do lóntaí féin (also: ar do leontaí féin) on your own

Ní raibh mórán oifigigh oilte ar aon taobh den chathéadan. Go bunúsach, fir fheargacha fhíochmhara gan chiall cheart don chogaíocht a chuir an cath seo. Mar sin, nuair a d'ionsaigh siad, bhí siad ag marú rompu gan mórán idirdhealú; agus nuair a chúlaigh siad, b'é an tainrith é agus b'é scaipeadh na mionéan é. Nuair a thosaigh an cogadh i ndáiríre, agus Mannerheim ag cur béim ar an gcliathán thiar den chathéadan, ba léir nach raibh seasamh a bhfóid sna Dearga. Rinne siad iarrachtaí fannlaga le coinscleo na mBán a stopadh, ach bhí eagla histéireach orthu roimh an "léigear" agus roimh an "sáinniú". Go bunúsach, chúlaigh siad ó dheas i dtreo Tampere, an chathair mhór thionsclaíochta arbh í lárionad an "Deargachais" í ar go leor bealaí, agus b'é deireadh an scéil go bhfuair siad iad féin faoi léigear i dTampere, na sluaite de ghardaí dearga a bhí ag lorg dídine sa chathair. B'ansin, faoi dheireadh, a chuir na Dearga troid cheart ar a son féin. Ó bhí siad faoi léigear cheana féin, bhí an faitíos imithe a bhí orthu roimhe sin. Ní raibh le déanamh ach tú a bheith ag loscadh na raidhfile leis na Bána agus muinín a bheith agat as an gcomrádaí ar chlé agus as an gcomrádaí ar dheis. Agus, mar sin, na Dearga céanna a d'éalaigh ina scórthaí ó na ceantair thuaithe go dtí Tampere roimh ionradh na mBán, mhair na fir chéanna ag cosaint na cathrach i bhfianaise an éadóchais féin, go dtí gur tháinig na Bána isteach sa chathair, agus na piléir ag eitilt amuigh sna sráideanna féin. Ar an séú lá de Mhí Aibreáin, ghéill na Dearga i dTampere. Deirtear gur fear ard de na Gardaí Dearga - nó "mílísteánach ard", "pitkä miliisi", mar is gnách a rá - a tháinig anuas an staighre ón teach ina raibh na cinnirí áitiúla Dearga ag cruinniú, agus é ag beartú bhratach bhán an ghéillidh. "A bhráithre", ar seisean leis na Bána, agus na deora ag teacht leis go flúirseach. "A bhráithre, guím sibh cuimhne a choinneáil air go bhfuil cuid mhór ban is páistí sa teach seo" - "Veljet, pyydän ottamaan huomioon, että talossa on paljon naisia ja lapsia". Bíodh is go raibh go leor troda fágtha le déanamh ag an dá thaobh, níl sé as an mbealach a mhaíomh gurbh é cath Tampere a rinne críochthoradh an chogaidh seo.


gan mórán idirdhealú indiscriminately
táinrith stampede, uncontrolled escape or flight
cliathán flank
ní raibh seasamh a bhfóid iontu they were not capable of standing their ground
fannlag weak, puny, pathetic
coinscleo onslaught
"Deargachas" "red guards-ism"
ionradh invasion
i bhfianaise an éadóchais féin in the face of hopelessness itself, when it was clear that all hope was lost
ag beartú bhratach bhán an ghéillidh brandishing the white flag of capitulation

Nuair a bhí Tampere sealbhaithe acu, rinne na Bána slad agus sléacht agus sluamharú ar na daoine a shíl siad a bheith ag tacú leis na Dearga. Mar sin, is mithid cupla focal a rá i dtaobh an Sceimhle Dheirg is an Sceimhle Bháin.


An Sceimhle Dearg Red Terror
An Sceimhle Bán White Terror

B'é an Sceimhle Dearg ba túisce a tharraing súil na ndaoine. Tá na staraithe den tuairim nach raibh sé mar pholasaí ag Toscaireacht an Phobail daoine a mharú gan idirdhealú, agus tá a fhianaise ann go ndearna nuachtáin na nDearg iarrachtaí tromchúiseacha gach cineál sceimhlitheoireacht a bhrandáil mar choir in éadan na "cúise uaisle" agus gur chóir do na hoifigigh (más féidir oifigigh a thabhairt ar na cinnirí is na cinn fheadhna neamhoilte a bhí ag na Dearga) pionós a ghearradh d'aon saighdiúir de chuid na nDearg a shalódh an chúis le dúnmharú, le goid, le banéigniú nó le coir shuarach eile. Theastaigh sé go géar ó na hintleachtóirí Dearga a thaispeáint nach coirpigh ná ciontóirí brúidiúla a bhí i lucht oibre na Fionlainne. Ach, ar ndóigh, b'iad lucht an taoibh eile na brúideanna, na bithiúnaigh is na harrachtaigh, mar a áitíonn an dá thaobh i ngach aon chogadh cathartha dá bhfuil ann. Mar sin, bhain an dá thaobh araon gach aon úsáid as coireanna an taoibh eile ina gcuid bolscaireachta. Ós rud é gur daoine gan chleachtadh cogaidh a bhí ar an dá thaobh, chothaigh cruachás an chogaidh féin histéire agus fearg neamhshrianta ina measc. Bhí an tír ar fad ar bharr lasrach le meisce fola, le faltanas agus le fonn díoltais; agus nuair a bhí seans ag na daoine an díoltas sin a agairt, ní raibh an dara cuireadh de dhíth orthu.

Deirtear go bhfuair 1500-2000 duine bás de dheasca an Sceimhle Dheirg. B'iad seachtainí tosaigh an chogaidh an tréimhse ba mheasa, nuair a shíl na Dearga go raibh an lá leo, agus nach raibh cúis le faitíos a bheith ort go ngearrfaí aon phionós ceart duit as ucht do chuid ainghníomhartha. Tháinig an dara babhta i Mí Aibreáin, nuair a bhí an cluiche caillte ag na Dearga, agus iad in umar an éadóchais: ba chuma leo an ann nó as dóibh féin, agus mar sin, níor shíl siad mórán de bheatha na ndaoine eile ach an oiread.

Na daoine a fuair bás sa Sceimhle Dhearg, ba mhinic a bhí cúis mhíleata éigin in ainm is a bheith ag na Dearga leis na daoine seo a mharú. Cuid mhór de na sibhialtaigh ar mharaigh na Gardaí Dearga iad, bhí siad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh trasna an chathéadain go dtí an taobh eile; agus, ar ndóigh, bhí na Dearga i ndiaidh a chur in iúl nach raibh ina leithéidí seo ach spiairí agus fealltóirí nach gcuirfí suas leo in aon chogadh eile, ach an oiread. Mar sin, shíl siad gur pionós dlisteanach báis a bhí i gceist nuair a mharaigh siad duine acu siúd. Ba mhinic a scaoil Garda Dearg éigin duine den "uasalaicme" (feirmeoir saibhir, eaglaiseach, breitheamh nó státseirbhíseach) le díoltas pearsanta éigin a agairt. Bhí míchlú amach is amach ar na Colúin Reatha a bhuaileadh isteach sna tithe le "airm mhídhleathacha a chuardach" - agus aon raidhfil mheirgeach foghlaeireachta ar tháinig siad trasna uirthi, ba siocair í le fear an tí a mharú. Ní hionann sin, áfach, agus a rá nach mbeadh Colúin Reatha den chineál chéanna ag na Bána, nó bhí; agus bhí siad ag caitheamh lán chomh míthrócaireach le gach aon teaghlach a raibh siad in amhras faoina dhílseacht do chúis na mBán.

Maidir leis an Sceimhle Bán, níor cháin na ceannasaithe Bána ainghníomhartha a saighdiúirí féin leath chomh neamhdhébhríoch agus a lochtaigh na ceannasaithe Dearga an Sceimhle Dearg. Bhí orduithe doiléire faighte ag na hoifigigh Bhána maidir leis an dóigh cheart le caitheamh leis na cimí. Bhí Mannerheim, Ard-Cheannasaí na mBán, tar éis ordú a eisiúint fá dtaobh de chimiú na saighdiúirí naimhdeacha ina ndúirt sé go raibh cimiú le déanamh "de réir bhreithiúnas an cheannasaí", is é sin, de réir bhreithiúnas an oifigigh ab airde céimíochta ar an láthair, agus saighdiúirí Dearga ag géilleadh i ndiaidh bhriseadh an chatha orthu. Is é an chiall a bhain na ceannasaithe áitiúla as seo ná go raibh sé faoina mbreithiúnas féin na cimí a mharú nó a fhágáil beo de réir mar a rithfeadh leo.

Tháinig an Sceimhle Bán ar lorg an Sceimhle Dheirg, agus is féidir a rá gur aisfhreagra a bhí ann. Ón taobh eile de, aisfhreagra a bhí ann a chuaigh thar cailc ar fad. Nuair a chuala na Bána an chéad trácht ar an Sceimhle Dearg, gheall siad go maróidís deichniúr dearg in éiric gach duine a bhásófaí sa Sceimhle Dearg; agus, faraoir, chomhlíon siad an gealladh seo go huile is go hiomlán, nó fuair breis is fiche míle duine bás sa Sceimhle Bán agus sna sluachampaí géibhinn a chuir na Bána ar bun i ndiaidh an chogaidh.

In áiteanna cosúil le Varkaus, a bhí sealbhaithe ag na Dearga, agus na ceantair thuaithe timpeall ag na Bána, rinne na Bána ródach uafásach, agus iad ag forghabháil na háite. In áiteanna den chineál seo, básaíodh sluaite de chimí. Thairis sin, bhí áiteanna anseo agus ansiúd ina raibh "rialtas sealadach" áitiúil, a tháinig i gceannas le linn thréimhse na dtrioblóidí, ábalta ar dheachtóireacht bheag dá gcuid féin a chur ar bun as siocair is go gcaithfí iarsmaí na nDearg a ghlanadh as an áit. In Jämsä, mar shampla, tháinig beirt fhear, Johannes From - "Rummin-Jussi" - agus Hjalmar Saari - "Saaren-Jallu" - i seilbh na háite agus mharaigh leathchéad de dhaoine neamhchiontacha go dtí gur chuir deireadh an chogaidh críoch leis an tíorántacht seo. Sílim nach bhfuil deireadh cloiste againn go fóill faoi iaróg an chogaidh, nó ní bhfuarthas amach go coitianta faoi imeachtaí Jämsä féin ach sna nóchaidí, nuair a d'fhoilsigh iriseoir de chuid an nuachtáin is mó sa tír seo leabhar faoi stair Jämsä sa bhliain 1918, "Kauhun aika" ("Aimsir an Uafáis").

Nuair a bhí deireadh tagtha le frithbheartaíocht chosantóirí Tampere, básaíodh na céadta de Dhearga ansin, ar ndóigh. Siúd is gur cuireadh an t-arm Bán i dtoll le chéile an chéad uair leis na Rúisigh a ruaigeadh as an tír, bhí an chuid ba mhó acu glanta as an bhFionlainn sula raibh d'uain ag na Bána teacht in aon teagmháil leo. I dTampere, áfach, bhí roinnt Rúiseach fágtha, agus mharaigh na Bána cuid mhór acu. B'fhollasach nár fhág siad ina bheo aon duine de na saighdiúirí Rúiseacha a ghlac páirt sna cathanna in éineacht leis na Gardaí Dearga, ach thairis sin, bhí roinnt áirithe oifigigh de chuid an Impire nach raibh lé ná luiteamas acu leis na Dearga: is iomaí sin duine acu siúd a cuireadh chun báis ar chúiseanna náisiúntachta amháin. D'fhéadfá a rá gur ciníochas lom ba chúis lena leithéidí de bhásuithe. In Viipuri, áit a bhí cóngarach go maith do theorainn na Rúise, bhí daonra áirithe dúchasach ina gcónaí agus Rúisis ó dhúchas acu. Bhí dhá fháinne de bhallaí cloiche thart ar an gcathair - seanchathair cheart dhaingnithe a bhí ann agus í bunaithe chomh fada siar leis na meánaoiseanna - agus nuair a tháinig na Bána isteach sa chathair, sháinnigh siad caoga éigin de Rúisigh áitiúla idir na múrtha agus ansin thosaigh ag loscadh urchair is ag caitheamh pléascáiníní láimhe i dtreo na Rúiseach. Maraíodh ansin iad - stróic na pléascáin seo as a chéile iad. Ní Boilséivigh a bhí sa chuid is mó acu ach ceannaithe is ceardaithe, borgairí measúla.

I ndiaidh an chogaidh, cimíodh na Dearga i sluachampaí géibhinn in áiteanna cosúil le Tammisaari (Ekenäs), áit a raibh an sluachampa ba mhó acu, i gKalevankangas i dTampere agus i bPáirceanna Fellman i Lahti. I bPáirceanna Fellman, mar shampla, bhí ocht míle fichead de dhaoine cimithe, agus cuireadh breis agus leathmhíle acu chun báis. Thairis sin, bhí an mhortlaíocht an-ard sna campaí, i dTammisaari ach go háirithe, nó bhí an t-ocras is an fiabhras ag scuabadh rompu, agus na húdaráis drogallach go maith ag ceadú do mhuintir na gcimí bia a thabhairt leo.