Cogadh na gCarad - Cogadh na Scarúna: An Darna Cuid

Cruachás na bhFuilsteanach agus an Saol i bhFad ón Chathéadan

Dáiríribh, ba bheag an faoiseamh a bhí daite do na saighdiúirí gonta in ospidéil chogaidh na linne. Maraíodh níos mó daoiní ná in aon chogadh eile dár chuir na Stáit Aontaithe - cogaíocha na Cóiré agus Vítneam ins an áireamh - agus nuair a bhí an cogadh thart, bhí fear as gach cúigear dár ghlac páirt sna cathanna ag iompar na bhfód. Agus níorbh iad piléir an namhad ba mhó a rinne ródach. An té nár lámhachadh is nár mharaigh a chuid cneácha é, bhí an dinnireacht, an mhaláire agus fiabhras na scamhán ag bagairt air. Maidir leis na cneácha, ní fhéadfadh an cogadh pléascadh amach ag am ní ba mheasa, nó bhí na gunnaí ag dul chun feabhais ar gach aon bhealach: bhí siad ag aimsiú ní b'fhearr agus na piléir ag bualadh a dtargaide ní ba bhríomhaire - bhí na cneácha ag éirí ní ba doimhne, ní ba dainséaraí, ní ba deacra le leigheas, ach ní rabh an leigheaseolaíocht ná an mháinliacht ag coinneáil bord ar bhord leis na gunnaí. Mar sin, bhí an ceart go hiomlán ag na saighdiúirí agus iad ag magadh go searbh nach rabh na piléir leath comh contúirteach leis na dochtúirí. Ar ndóighe, ba mhinic nach rabh a dhath indéanta ach an chos nó an lámh ghonta a theascadh den othar agus a ligint ort go rabh dóchas ínteacht agat as: ba mhinic a d'iompaigh sé amach ina bhaothdhóchas, ós rud é go mba dual do stumpa an teasctha baictéir a thógáil - ní rabh mórán cur amach ag na dochtúirí féin ar an aiseipteachas ná ar na frithsheipteáin - agus athlasadh a dhéanamh. Chaitheadh na saighdiúirí gonta tréimhsí fada ag éileamh, ag rámhailligh agus ag búirfigh le teann pianach, agus na dochtúirí is na banaltraí féin fágtha gan a dhath le déanamh acu ach biseach an bháis a fhágáilt ag an othar bhocht. Bhí na cneácha is na stumpaí géige ag déanamh ábhair, agus boladh dofhuilsteanach ag teacht astu. Aon saighdiúir a goineadh ins an Chóiré nó i gcogadh Vítneam, bhí sé i bhfad Éireann ní b'fhearr as: in aghaidh gach deichniúr fear is fiche dá bhfuair bás de dheasca a gcuid cneácha i gcogadh seo na gcarad, níor éag ach fear amháin i gcogaíocha Cianoirthearacha na Stát Aontaithe.

Cad é mar a d'éirigh do na cimí cogaidh? Taismeach go leor, leoga. Bhí an saol go dona ins na campaí géibhinn: d'fhág anás bídh an chogaidh na cimí ar an chuid ba chaoile amuigh, agus nuair a thoisigh an léigear trádála a rinne an Tuaisceart ar na naimhde - nuair a thoisigh sé a dhul i bhfeidhm i gceart, bhí na cimí cogaidh ón Tuaisceart ar an dream ba mhó a bhí thíos leis. Bhí an aeráid mífholláin ins an Deisceart, go háithrid ag daoiní a bhí i dtaithí aimsire ní b'fhionnuaire, agus galair thromchúiseacha á dtolgadh ní b'éascaidhe. (Sin go díreach an fáth go mbítí ag bagairt ar na daoir ghorma iad a "dhíol síos an abhainn". Bhí an aeráid ag dul chun míshláintiúlachta "síos an abhainn", is é sin, Mississippi, agus í ag sní ó dheas, agus na daoir - comh maith le cimí na gcampaí géibhinn - ag fáil bháis ní ba sciobtha theas.) Mar bharr ar an olcas, bhí na séiléirí ag caitheamh go míthrócaireach leis na cimí, agus cosúil le campaí géibhinn na Sóibhéidí, bhí sé ina scéal reatha ag na saighdiúirí cimithe go rabh mí saoire ag dul d'aon gharda a lámhachfadh cime teifeach - b'ionann sin agus a rádh go rabh na gardaí ag iarraidh cimí a bhréagadh thar cailc, i gcruth is go bhféadfaí iad a mharú mar "theifigh".

Le fírinne, cha rabh mórán seansanna ag an Deisceart riamh an cogadh a bhuachan, agus nuair a casadh an taoide ins an bhliain míle ocht gcéad a trí is trí scór, bhí deireadh súile bainte den bhuaidh: b'é an t-aon áiméar a bhí fágtha ag an Deisceart ná buntáiste a ghlacadh ar comh tuirseach agus a bhí an Tuaisceart féin ag éirí den diabhal cogaidh, agus síocháin a shocrú a d'fhágfadh an neamhspleáchas ag an Deisceart. Bhí freasúra láidir ins an Tuaisceart ag cur in aghaidh an chogaidh - na Copperheads, mar a bheirtí orthu - agus ba mhinic iad ag déanamh bruíonachais ins na sráideanna. Ins an am sin, b'iad na Daonlathaigh páirtí an Deiscirt, an chiníochais agus na ndaorshealbhóirí, agus bhí baill an pháirtí sin an-chlaonta lena gcuid comhrádaithe ar an taobh eile den chathéadan. Thairis sin, bhí an daorshealbhóireacht ceadaithe i stáit áithride in aice le teorainn an dá thaobh, agus ar ndóighe, ba bheag muinín a bheadh agat as dílseacht a leithéidí do chúis an Aontais.

Bhí an Deisceart ag snámh in aghaidh an easa ó thús, maidir le maoiniú an chogaidh. Níor cheadaigh an léigear do na Deisceartaigh a gcuid cadáis a easpórtáil, agus b'éigean dófa a gcuid arm agus lón cogaidh a cheannacht ar airgead páipéir gan urrús ceart. Chreid an Deisceart go mb'é "an Cadás an Rí", agus go gcuirfeadh Sasain ladar i gcogadh na Stát Aontaithe easaontaithe comh túisce is a chrothnófaí cuid cadáis an Deiscirt ó na monarcáin i Manchain. An dóigh ar iompaigh na cúrsaí amach, áfach, bhí acmhainní táirgíochta cadáis ag na Sasanaigh ina gcuid cóilíneachtaí, agus cha rabh ins an chogadh i Meiriceá ach spreagadh do na Sasanaigh leis na hacmhainní sin a thabhairt i gcrann. Mar sin, nuair a bheadh an cogadh thart, gheobhadh na Deisceartaigh amach go rabh sé i bhfad ní ba deacra acu theacht i dtír ar an chadás, agus an praghas tite síos go deo.

I nDiaidh Antietam

Áirítear cath Antietam orthu siúd nach féidir a mbuaiteoir a ainmniú go neamhdhébhríoch. Chaill an Tuaisceart na mílte de shaighdiúirí - básaíodh triúr Tuaisceartach in aghaidh gach Deisceartach - agus bhí Lincoln comh míshásta le Seoirse Mac Giolla Fhaoláin, a bhí i gceannas ar a chuid díormaí, agus gur chuir sé Ambrós Burnside ina áit. Mar sin féin, chuaigh an cath chun leasa don Tuaisceart, go fadtéarmach. Thar aon rud eile, chuir sé deireadh le coinscleo an Deiscirt, le slabhra na mbuanna a bhí ag baint an mhisnigh de na Tuaisceartaigh. Stopadh díormaí Roibeaird Uí Laoi, nó fuair an ginearál ciallmhar tarraingt ar ais an lá i ndiaidh an chatha. Rudaí iad seo a thug airdiú meanman do mhuintir an Tuaiscirt agus a chuidigh le díormaí an Aontais treo an chogaidh a chasadh ar ais.

Rinne na Tuaisceartaigh cupla ionsaí uaillmhianacha, ach níor éirigh leis na hiarrachtaí seo ach go lagmheasartha. Fuair Burnside an t-ardcheannas, ó bhí Lincoln ag déanamh go mbeadh cur chuige ní b'fhoghaí, ní b'ionsaithí aige, ach is dócha gur ceann ródhána a bhí i mo dhuine i ndiaidh an iomláin. Bhí sé meáite ar dhul bealach Fredericksburg a dh'fhorghabháil Richmond, ach fuair sé roimhe díormaí Uí Laoi i bhFredericksburg, áit ar fearadh cath cruálach eile i lár Mhí na Nollag den bhliain 1862.(Dála an scéil, tá Séamas Ó Grianna i ndiaidh ceann dá chuid gearrscéalta, An Dá Dhall, a shuíomh isteach i dtimpeallacht an chatha seo. Tá an scéal ar fáil ins an díolaim Cora Cinniúna.) D'éirigh leis na Deisceartaigh arm Potomac a thuirsiú, ach má d'éirigh, chinn Burnside ar thriail eile a bhaint as. D'fhéach sé le theacht timpeall ar Mhac Uí Laoi taobh thiar de agus Richmond a ionsaí. Chuaigh de mo dhuine an cleas seo a chur i gcrích, agus ansin, chomhairligh Lincoln fear nua a cheapadh aríst: Seosamh Hooker.

Scoilt Hooker an t-arm ina dhá leath, agus d'fhág sé cuid de na saighdiúirí ag coinneáil cúil ar Mhac Uí Laoi. An chuid eile de na fir, thóg sé leis iad le dhul siar trasna na n-áthanna i Rappahannock agus i Rapidan, ionas go bhféadfaidís bealach lónadóireachta na nDeisceartach a ghearradh agus an namhaid a chur ó bhiadh is ó mhuinisean. Thrasnáil Hooker na háthanna i Mí Aibreáin den bhliain 1863 agus d'ionsaigh sé na Deisceartaigh ón choill ag Chancellorsville. Cha rabhthas ag teacht aniar aduaidh ar Mhac Uí Laoi, áfach. Bhí sé in éis an chuid ba mhó dá dhíormaí a tharraingt siar ó Fredericksburg, agus é ag ionsaí anois. Nuair a fuair Hooker amach fá dtaobh de seo, rinne sé stad ag Chancellorsville le fanúint in araicis Mhac Uí Laoi. Bhain Mac Uí Laoi triail as cleas nua ceanndána: scoilt sé a chuid díormaí i radharc an namhad, le heagla is le héiginnteacht a chothú i measc na dTuaisceartach.

Roimh bhreacadh an lae, ar an darna lá de Mhí na Bealtaine 1863, fuair díormaí Hooker iad féin faoi ionsaí ag Stonewall Jackson ón taoibh dheis. Bhain an rúchladh seo stangadh as na Tuaisceartaigh, ach má bhain, chuaigh ginearál an mharcshlua, Pleasonton, i gceannas ar na cúrsaí go dána deimhneach: fuair sé roimhe batairí de ghunnaí móra nach rabh aon oifigeach ard ag glacadh freagrachta astu, agus rinne sé ionsaí spontáineach lena mharcshlua féin in éineacht le lucht na ngunnaí móra, ionsaí a mharaigh urgharda na nDeisceartach, agus chuaigh a n-ascnamh siúd in abar.

Char éirigh cath seo Chancellorsville go ródhona leis na Deisceartaigh i ndiaidh an iomláin, ach is mór millteach an drochscéala a chuaigh ón áit seo go dtí Richmond: cailleadh Stonewall Jackson. Bhí an cath ina phraiseach thranglamach, agus, mar is dócha, piléar de chuid na nDeisceartach féin a mharaigh Jackson de thaisme. Chan ar an spota a fuair sé bás, ach fuarthas gonta go héag é i ndiaidh an urchair seo, agus shíothlaigh sé nuair a bhí an cath thart. Is maith leis na Deisceartaigh a inse nár theip a mhisneach ná a dhea-ghiúmar ar an laoch s'acu i bhfianaise an bháis féin.

Ach fuair Jackson comóradh is cuideachta líonmhar ar shlí na fírinne ón chath seo, faraoir géar. Ós rud é gur ins na coillte a cuireadh an cath, chuir sé tús le fuilsciú is le loscadh sléibhe, agus tachtadh roinnt mhaith saighdiúirí gonta - Johnny Reb agus Billy Yank in éineacht - i ndeatach na tine seo, is é sin, murar dódh beo beathaíoch iad.

Gettysburg

I samhradh na bliana 1863 a cuireadh críoch dheifnideach le caithréim an Deiscirt. D'fhorghabh Uiliséas de Grónta Vicksburg i dtús Mhí Iúil, agus bhí iomláine na gcríoch Deisceartach curtha ar ceal: chan aon limistéar amháin a bhí ann a thuilleadh. Bhí an t-am ag sleamhnú ó lámha na nDeisceartach cibé, agus na hacmhainní agus na seansanna ag leá mar a bheadh sneachta ann faoi ghrian an tsamhraidh. Mar sin, ba fán am chéadna, i dtús Mhí Iúil, a chinn Roibeard Ó Laoi ar an bhuille scoir a thabhairt don Tuaisceart, i gcruth is go mbainfí an oiread sin de chumhacht an Aontais is go gcaithfeadh na tíortha iasachta aitheantas a thabhairt do neamhspleéachas na Cónaidhme. Mar sin, bhí Mac Uí Laoi meáite ar Phennsylvania a ionsaí is a shealbhú.

Bhí fear nua i gceannas ar Arm Potomac aríst - George Gordon Meade - agus cha rabh ró-inneall ar dhíormaí an Tuaiscirt. Mar sin, cha rabh an chuma ar an scéal go bhféadfaidís ionsaí Mhac Uí Laoi a stopadh, nó ba chumasach an cineál ginearál a bhí ann, agus é cleachta clóite le gnoithe an chogaidh fán am seo. Tráthnóna an tríú lae de Mhí Iúil, 1863, thug na Deisceartaigh a ruathar fá Cemetery Heights - Aird na Reilige - príomhstáisiún an chathéadain Thuaisceartaigh agus é daingnithe le ballaí cloiche. Cha rabh Séamus Longstreet róthugtha don phlean a bhí glactha ag an Ghinearál-Mhaor Seoirse Picéad, ach thoiligh Mac Uí Laoi leis an smaoitiú. Bhí na Deisceartaigh ag déanamh a n-ascnaimh trasna ar mhachaire fhoscailte, áfach, agus iad go maith i radharc súl na snípéirí Tuaisceartacha, gan aon trácht a dhéanamh ar na gunnaí móra. Rinne na Deisceartaigh rúchladh mór fán áit a rabh na díormaí Tuaisceartacha daingnithe, i ndiaidh do ghunnaí móra an Deiscirt cith mhór urchar a chaitheamh ar a gcuid namhad. Bhí an Tuaisceart in inmhe, áfach, an lámhach seo a fhreagairt go flúirseach, agus stróic a chuid gunnadóirí díormaí ionraidh Sheoirse Picéad as a chéile, ach má stróic, rinne na Deisceartaigh a ndicheall le theacht slán fríd an stoirm iarainn agus púdair. Nuair a chuaigh a n-ascnamh i bhfostó, bhí a n-urgharda cheana féin ag iarraidh bataire de chuid an Tuaiscirt a shealbhú. Ar an bhomaite dheireanach a tháinig scabadh ins na Deisceartaigh. I dtuilleamaí a líonmhaireachta a bhí siad, go bunúsach, agus Picéad sásta iad a chaitheamh i mbéal an bháis, le súil is go mbeadh sé féin ní ba mhaille ag éirí gann i saighdiúirí ná an Tuaisceart ag spíonadh a rabh de lón cogaidh aige. Mar sin, d'fhéadfá a rádh go rabh Picéad ag íobairt a chuid fear in aisce. Más amhlaidh a b'fhacthas an scéal dá chuid saighdiúirí, is léir nach bhfanfadh mórán meanman iontu, an oiread acu is a mhairfeadh, i ndiaidh an trí lá seo.

Seacht mbliana is ceithre scór ó sin, bhunaigh ár n-aithreacha náisiún nua ar an oileán úr seo. Saoirse ba chúis leis go dtáinig an náisiún nua ar an fhód an chéad lá riamh, agus b'é ba chuspóir leis an stát nua ná an ceart céadna agus an dínit chéadna a chinntiú, go prionsabalta, do gach aon duine mar a chruthaigh Dia é.

Inniu, tá muid sáite i mórchogadh chathartha, mar náisiún. Tá muid ag iarraidh a fháil amach, an bhfuil fad saoil ar bith daite don náisiún, nó d'aon náisiún a bunaíodh ar a leithéid de dhúshraith agus ar a leathbhreac de chúis is de chuspóir. Chruinnigh muid le chéile anseo, áit ar cuireadh cath mór millteanach de chuid an chogaidh sin, le fód de pháirc seo an áir a choisreacan mar sheanbhaile dófa siúd a thug a n-anamana anseo ar mhaithe leis an náisiún. Ní bheadh aon duine ag súil lena mhalairt uainn.

Mar sin féin, agus sinn ag trom-mheabhrú ar na cúrsaí seo, caithfidh muid a aidmheáil nach acmhainn dúinn féin an áit seo a naomhadh ná a choisreacan. Na fir chróga chalma, cuma cé acu beo nó marbh dófa inniu, a throid anseo, b'iadsan a choisric an áit agus a phronn uirthi naomhadh nach féidir linne cur leis ná baint de. Is beag sonrú a chuirfeas an saol mór inár gcuid cainteanna anseo inniu, agus is lú cuimhne a choinneofar orthu; ach ní féidir dearmad a dhéanamh choíche dá dtearn ár gcuid laochra ins an bhall seo. An cúram sin gan chríochnú a dtearn siadsan a gcion féin lena chur chun cinn, ar dhóigh comh huasal sin, caithfidh muid, ós beo dúinn, an cúram sin a thabhairt i gcrann. Ár mbeatha féin atá le coisreacan is le tiomnú don mhóréacht atá romhainn féin amach - agus is treisiú linn ins an obair seo cuimhne na marbh a d'íobair iad féin ar mhaithe leis an chúis sin - lena chinntiú nach bhfuair siad bás in aisce; le beatha nua agus saoirse úr a bhaint amach don náisiún seo; agus le féacháilt chuige nach bhfuil an rialtas seo - rialtas na cosmhuintire, faoi stiúir na cosmhuintire, ar mhaithe leis an chosmhuintir - nach bhfuil an rialtas seo le dhul de dhroim an tsaoil.

Abraham Lincoln ar mhachaire áir Gettysburg

Torthaí Gettysburg

I ndiaidh Gettysburg, bhí buaite ar an Deisceart. Cha rabh an cogadh thart go fóill, áfach. Bhí an Tuaisceart ag féacháilt leis an obair a chríochnú le dhá mhórionsaí: arm Potomac le dhul chun teagmháila le Mac Uí Laoi i dtuaisceart Virginia, agus arm an Iarthair le Georgia a ghabháil agus foinsí na lónadóireachta a thriomú ar fhórsaí an Deiscirt.

B'é Uiliséas de Grónta a bhí i gceannas ar an arm i Virginia, ach ní rabh sé in ann ag Mac Uí Laoi, a rinne an-dochar dá chuid díormaí ag Wilderness is ag Spotsylvania. Ar an tríú lá de Mhí Mheithimh, 1864, a chuaigh Uiliséas de Grónta chun troda le fórsaí an Deiscirt i gcath Cold Harbor, ach má chuaigh, briseadh air go dona. Cha dtáinig sé in aon ghaobhair do Richmond, agus i gcomparáid leis an ródach a chuaigh ar a mhuintir féin, níor éirigh leis mórán damhgair a dhéanamh d'fhórsaí an Deiscirt ach an oiread. Bhí ní ba mhó ratha ar fheachtas an ghinearáil Sherman.

Sherman ag léirscrios an Deiscirt

I ndiaidh dóibh ceantar Chattanooga a fhágáilt ina ndiaidh, rinne Shearman agus a chuid díormaí ascnamh mór agus iad ag dul ar aghaidh in aice leis na bóithre iarainn. Siúd is go rabh cliú an chosantóra chliste ar Sheosamh Johnston, an ginearál Deisceartach a bhí i gceannas ar arm an námhad, cha rabh Sherman le stopadh, agus bhí Jefferson Davies comh míshásta sin leis an tSeonstanach bhocht is gur chuir sé Seán Liam Hood ina ionad mar cheannasaí. Cha rabh Hood ábalta a dhath eile a dhéanamh, áfach, agus i dtús Mhí Mheán Fómhair, ghabh fórsaí Sherman Atlanta, príomhchathair Georgia.

Is dual do chogadh carad eadar muintir na tíre céadna barr fíochmhaireachta, cruálachta agus brúidiúlachta a fháil ar ghnáthchogadh eadar dhá thír. I ndiaidh an iomláin, an saighdiúir atá ag cur catha ar son a thíre féin, níl sé deacair aige a thuigbheáil nach taise do lucht na taoibhe eile é. Iad siúd ar éirigh ina chogadh dhearg eatarthu ar chúiseanna polaitíochta inmhéanacha a gcomhthíre dúchais, cha mbíonn ach meas an fhealltóra is an tréigtheora acu ar a chéile, agus iad claonta a shílstint nach bhfuil sé dlite don duine eile go gcaithfí leis de réir rialacha gnáthshiosmaide na cogaíochta. Chan fhuil sé doiligh ná dodhéanta, ansin, ag an ghnáthshaighdiúir féin snomh agus fuath pearsanta a thabhairt don namhaid, go háithrid má bhíonn a chuid oifigeach sásta scód a ligint leis an chineál seo mothúchán. Bhí a leathbhreac le haithne, cuid mhór, ar an dóigh a rabh Sherman ag fearadh a chogaidh ó cheann ceann an Deiscirt, agus na briathra a chan sé le bunadh Atlanta, in éis dó an áit a fhorghabháil:

Ní fearr liom ná libhse an cogadh mar rud. Na daoiní a tharraing an cogadh seo anuas ar ár dtír dhúchais, chan fhuil masla ná mallacht ann nach bhfuil tuillte acu. Chan mise a chuir tús leis an chogadh seo, agus tá mé níos fonnmhaire ná aon duine agaibh féin íobairt a dhéanamh le síocháin a chur ar bun aríst. Cha dtáinig muid anseo le bhur gcuid Gormach, tithe ná tailte a ghoid uaibh; ach is amhlaidh go bhfuil sé de dhualgas oraibh dílseacht agus urraim a thabhairt do dhlíthe na Stát Aontaithe. Nó is é rud go bhfuil cearta áithride ag na Stáit Aontaithe in Georgia.

Bhí an teachtaireacht sách soiléir: cha rabh Sherman sásta tuigse ar bith a thabhairt do "shainchearta aon Stát ar leith" mar choincheap; bhí na Deisceartaigh i ndiaidh feillbheart a imirt ar an Aontas, siúd is go mba don Aontas sin a bhí a ndílseacht ag dul de réir dlí is cirt, thar a stát féin; agus anois, bhí an ceacht le foghlaim acu, agus pionós an fheillbhirt le gearradh dófa. Ruaigeadh muintir Atlanta as a gcathair féin, nó rinne díormaí an Tuaiscirt campa sealadach den áit; agus nuair a bhí a leas bainte acu as an chathair, chuir siad le thine í.

I ndiaidh dó Atlanta a chur de dhroim an tsaoil, thug Sherman aghaidh i dtreo an chósta. Bhí dhá mhí caite sa chathair aige. Anois, lean a chuid díormaí leofa ag treabhadh rompu: rinne siad loitiméireacht agus léirscrios gach áit a dtiocfadh siad, agus iad ag marú na mbeithíoch, ag goid an arbhair, ag déanamh a bhfuail sna toibreacha agus ag cur na dtithe le thine. Níor thuirsigh Sherman de bheith ag síor-áitiú ar iarsmaí agus iarmharáin an ródaigh seo go mb'é seo an pionós cóir, an feall a bhí ag pilleadh ar na fealltóirí, agus go mb'fhearr do shibhialtaigh an Deiscirt bheith buíoch beannachtach nár maraíodh as fuil fhuar iad.

D'fhág Sherman agus a chuid sluaite rian léirscriosa ina ndiaidh a bhí céad ciliméadar ar leithead. Ghearr claíomh an Tuaiscirt cneá fhada fhairsing trasna an Deiscirt a bhí i bhfad ag déanamh ábhair agus í mall ag cneasú. An dochar a rinneadh d'eacnamaíocht an Deiscirt, thug sé spreagadh do gach cineál coirpeoireachta, déirceoireachta agus ruagaireachta reatha. Bhí eadar gheal agus ghorm thíos leis an obair a rinne Sherman, ach is léir nach rabh sé ag cuidiú le haon athmhuintearas eadar an dá chine, agus an dá dhream ag iompairc an loicht ar a chéile.

Bhain Sherman amach Savannah le teacht na Nollag, míle ocht gcéad a ceathair is trí scór - b'é a phronntanas don Uachtarán é, a mhaígh an Ginearál. Ach níor leor é sin, nó nuair a tháinig lá na Féile Bríde, bhí díormaí Sherman ag imeacht lena seanfhiántas i gCarolina Theas, agus má bhí, bhí Pilib Ó Sioradáin, fear comhcheirde do Sherman, ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an fhear eile: nó scaoil sé lena chuid saighdiúirí ar fud Ghleann Shenandoah le greadlach den chineál chéadna a dhéanamh don cheantar.

An Deireadh

Bhí gunnaí móra an Tuaiscirt ag scaoileadh urchair le Richmond leis na míonna fada anuas, agus an bruach thoir d'Abhainn Mississippi sealbhaithe ag na Tuaisceartaigh le fada an lá. I dtús Mhí Aibreáin, b'éigean do Roibeard Ó Laoi Richmond a thréigbheáilt le hiarsmaí a airm a shábháil, agus ar an naoú lá den Aibreán, rinne sé iarracht briseadh fríd chathéadan na dTuaisceartach le dhul le fórsaí an tSeonstanaigh. Fuair sé amach go luath nach rabh gar ann, agus b'éigean dó glacadh leis go mb'é an deireadh é. In Appomattox, ar an naoú lá de Mhí Aibreáin, 1865, ghéill Roibeard Ó Laoi d'Uiliséas de Grónta, agus bhí an chogaíocht thart. Nuair a d'fhéach oifigeach dá chuid lena áitiú ar Mhac Uí Laoi go gcaithfeadh sé cromadh ar threallchogaíocht lena shásamh a bhaint as na Tuaisceartaigh, dhiúltaigh an Ginearál don smaoitiú seo go dian: cha mbeadh ina leathbhreac de dhíoltas ach obair amú, ní ghnóthóchadh sé aon chogadh a thuilleadh - charbh áil le Mac Uí Laoi drong de bhithiúnaigh agus de cheithearnaigh choille a dhéanamh dá arm.

Go luath sna sálaí ag na saighdiúirí a ghabh an áit, chonacthas Abraham Lincoln ag tabhairt a chuairte ar Richmond. Theastaigh uaidh dualgas seo an bhuaiteora a chomhlíonadh gan barraíocht calláin a tharraingt, ach bhí fuar aige. Nó nuair a fuair na Gormaigh an chéad radharc ar a bhFuascailteoir, d'imigh an scéala ar fud na háite mar a bheadh loscadh sléibhe ann. Tháinig na Gormaigh chun tosaigh le beannú don fhear a thug a saoirse dófa; rug seanbhean acu greim ar chóta an fhir mhóir, agus í ag scairt: "Tá a fhios agam anois go bhfuil mé saor ó bhráca, nó chonaic mé an tAthair Abraham le mo dhá shúil chinn, agus bhraith mé go mb'eisean a bhí ann dáiríribh!" Agus tháinig na Gormaigh le chéile le hionann creidimh a chanadh fá "Dhia, Rí na hOllscruinne", nach rabh A lámh instoptha ag aon chumhacht shaolta ar domhan.

Is fíor nach mb'é seo fuascailt dheifnideach an chine ghoirm ins na Stáit Aontaithe go fóill; agus is féidir a rádh go dtearnadh práiseach uafásach den Atógáil, tréimhse atógála an Deiscirt i ndiaidh an chogaidh; thar aon rud eile, fuair Lincoln féin bás go truamhéileach sula rabh a obair críochnaithe. Nó, go gairid i ndiaidh dheireadh an chogaidh, scaoil aisteoir Deisceartach urchar marfach leis nuair a bhí an tUachtarán ag baint suilt as dráma grinn ins an amharclann. Mar sin féin, bhí Lincoln i ndiaidh éacht mór a dhéanamh: ghlan sé smál na daoirse is na daorbhroide de chliú na tíre a bhí, ins an am, ar an daonlathas ba mhó ab fhorbartha ar fud an domhain.