le Leasuithe áithrid a chur le Bunreacht na Stát Aontaithe.
Ó tharla Stáit an Tuaiscirt agus Stáit an Deiscirt ag teacht crosach ar a chéile ar bhealach thromchúiseach, agus cearta is slándáil na Stát Daorshealbhacha sa Deisceart, go háithrid a gcearta ar fud chomhlimistéar na Stát, ina gcnámh spairne;
agus ós rud é nach bhfuil sé ach cuí agus óraice an t-easaontas seo, a bhfuil contúirt don Aontas féin ann, a thabhairt chun suaimhnis go deo le forálacha bunreachtúla a bhéarfas a cheart do chách le seansíocháin agus gnáth-dheamhéin a chur ar bun aríst eadar saoránaigh na Stát Aontaithe mar is cóir:
Glacfaidh Seanad agus Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, a thionóil le chéile ina gComhdháil (ar cuntar go n-aontóchaidh beirt as gach triúr leis) an Chomhairle seo a leanas:
go gcuirfear na haltanna thíos ar leabhar na reachtanna mar leasuithe le Bunreacht na Stát Aontaithe ar aon bhailíocht leis an chuid eile den Bhunreacht, ach triúr as achan cheithre Stát glacadh leofa:
Alt a hAon: In aon chuid de na críocha a bhfuil na Stáit ina seilbh inniu nó a dtiocfaidh na Stáit ina seilbh feasta, taobh thuaidh de sé chéim déag is fiche agus deich nóiméad is fiche, cuirfear cosc agus toirmeasc le daoirse nó daorbhroid, ach amháin mar phionós ar son coire, a fhad is a fhanfas an limistéar sin faoi fhéinrialtas réagúnda. In aon chuid den limistéar taobh theas den líne domhanleithid thuasluaite, géillfear aitheantas do dhaoirse an chine Afracánaigh, agus ní bheidh an Chomhdháil ag iarraidh cosc ná toirmeasc a chur léithi, ach beidh sí á cosaint mar chuid den cheart úinéireachta ag forais agus fothruithe uilig an féinrialtais réagúnda, a fhad is a mhairfeas sí i bhfeidhm. Aon limistéar, taobh thuaidh nó theas den líne thuasluaite, agus a fhad is a cheadóchas an Chomhdháil, a bhfuil an daonra ann a theastaíonns le ball den Chomhdháil a thoghadh, glacfar leis isteach san Aontas, ach rialtas poblachtach a bheith ann, ar aon chumhacht le gach Stát a bhí ann roimhe, agus an daoirse i bhfeidhm nó ar ceal ins an Stát nua seo, de réir mar a fhorálfar ina bhunreacht féin.
Alt a Dó: Ní bheidh de chumhacht ag an Chomhdháil an daoirse a chur ar ceal in áiteanna atá faoi dhlínse eisiatach na Comhdhála, agus iad suite i Stáit ina bhfuil cead na daoirse i bhfeidhm.
Alt a Trí: Ní bheidh de chumhacht ag an Chomhdháil an daoirse a chur ar ceal i nDúiche Cholumbia, a fhad is a fhanfas sí i bhfeidhm in aon cheann den dá stát atá ag críochantacht leis, mar atá, Virginia agus Maryland, ná gan cead a lorg ón daonra áitiúil roimh ré, ná gan éiric cheart a íoc leis na daorshealbhóirí nach bhfuil sásta leis an chineál cur ar ceal sin. Ní bheidh de chead ag an Chomhdháil, ach an oiread, oifigigh de chuid an Rialtais Fheidearálaigh, ná baill de chuid na Comhdhála, a bhfuil de dhualgas orthu cur fúthu ins an Dúiche, a stopadh óna gcuid daor a thabhairt isteach leofa, ná iad a choinneáil i ndaoirse ansin a fhad is a bhéas de dhualgas orthu fanúint ins an Dúiche, ná iad a thabhairt leofa ar ais ag imeacht ón Dúiche dófa.
Alt a Ceathair: Ní bheidh sé de chumhacht ag an Chomhdháil cosc ná toirmeasc, ná bac féin, a chur le hiompar na ndaor ó Stát go Stát, nó go limistéar, ina bhfuil cead na daoirse i bhfeidhm, cibé cé acu iompar tíre, abhainne, nó farraige atá i gceist.
Alt a Cúig: I mbreis ar na forálacha i bParagraf a Trí de Mhír a Dó ins an Darna hAlt i mBunreacht na Stát Aontaithe, beidh sé de chumhacht ag an Chomhdháil, agus de dhualgas uirthi, forálacha dlí a reachtú lena chinntiú go n-íocfaidh na Stáit Aontaithe le fear a iarrtha luach iomlán na ndaor a d'éalaigh uaidh, má stopadh an sirriam, nó fear a dhualgais, le láimh láidir nó le himeaglú ó dhaor teifeach a cheapadh nó a ghabháil, nó má scaoileadh an daor teifeach sin saor le láimh láidir i ndiaidh a cheaptha nó a ghabhála, agus an t-úinéir fágtha gan ghléas gan deis lena dhaor a fháil ar ais de réir na gceart a ghéilltear dó ins an chlásal thuasluaite den Bhunreacht agus in aon dlí dá bhfuil reachtaithe leis an chlásal sin a chomhlíonadh is a chur i gcrích. In aon chás den chineál sin, agus na Stáit ag íoc éirice i ndaor teifeach, beidh na Stáit i dteideal, thar a gcionn féin, an dlí a chur ar rialtas áitiúil na háite inar tugadh fortacht don daor theifeach, nó ina dtearnadh an comhéigniú nó an t-imeaglú thuasluaite le cuidiú leis an teifeach - beidh na Stáit i dteideal, thar a gcionn féin, an dlí a chur ar an rialtas áitiúil ina leithéid de cheantar leis an éiric ins an teifeach a éileamh ar ais, maille le hús agus le damáistí. Agus beidh an rialtas áitiúil, i ndiaidh dó an t-iomlán sin a íoc leis na Stáit Aontaithe, i dteideal, mar chúiteamh ina bhris féin, an dlí a chur ar lucht na coire nó lucht tabhartha na fortachta a stop an t-úinéir óna dhaor theifeach a fháil ar ais, - beidh an rialtas áitiúil i dteideal an dlí a chur ar na daoiní seo de réir an nóis imeachta chéadna a bheadh á leanstaint, dá gcuirfeadh an t-úinéir seo féin an dlí orthu lena cheart a fháil ar ais.
Alt a Sé: Cibé leasú a chuirfear leis an Bhunreacht feasta, ní bhainfidh sé a dhath den chúig Alt roimhe seo; ná den treas paragraf ins an darna mír den cheathrú halt ins an Bhunreacht; agus ní chuirfear leasú ar bith leis an Bhunreacht a phronnfadh an t-údarás nó an chumhacht ar an Chomhdháil an daoirse a chur ar ceal ná a ladar a chur i gcleachtais na daoirse in aon Stát ina bhfuil sí dlíthiúil ceadaithe.
Agus fosta, ó tharla, i mbreis ar na cúiseanna easaontais a bhfuil a leigheas soláthraithe ins na leasuithe thuas a mholtar a chur le Bunreacht na Stát Aontaithe, - go bhfuil cnámha eile spairne ag cur isteach ar chaidreamh na Stát le chéile, agus a bhfuascailt faoin Chomhdháil de réir na cumhachta reachtaithí atá aici; agus ós rud é go bhfuil an Chomhdháil, a fhad is a thiocfas léithi, meáite ar gach cúis dhlisteanach míshástachta is cointinne a leigheas atá ag bagairt ar shíocháin na tíre agus ar dhiongbháilteacht a cuid foras is fothruithe;
1. Glacfaidh Seanad agus Teach Ionadaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá, a thionóil le chéile ina gComhdháil, an Chomhairle, ná, go bhfuil na dlíthe atá i bhfeidhm fá láthair le daoir theifeacha a thabhairt ar ais dá n-úinéir, - go bhfuil na dlíthe seo ag teacht go hiomlán le forálacha an Bhunreachta, agus Ard-Chúirt na Stát Aontaithe i ndiaidh a mbailíocht bhunreachtúil a dhearbhú is a chinntiú; agus go bhfuil na Stáit dhaorshealbhacha i dteideal urraim agius dílseacht do na dlíthe seo a éileamh ar mhuintir na Stát uilig; agus nach bhfuil na dlíthe seo le cur ar ceal ná le hathrú chun an faobhar a bhaint díofa; agus go bhfuil gádh le reachtaíocht ar leith chun pionós a ghearradh orthu siúd a fhéachanns le theacht chun fortachta is chun tarrthála do na daoir theifeacha nó le bac mídhlíthiúil eile a chur le feidhmiú agus le comhlíonadh na ndlíthe seo.
2. Agus, go bhfuil aon dlí dá bhfuil ag teacht crosach ar na hachtanna a reachtaigh an Chomhdháil fá dtaobh de cheapadh is de ghabháil na ndaor teifeach, nó ar aon acht eile dár reachtaigh an Chomhdháil de réir nós imeachta an Bhunreachta, - go bhfuil aon dlí dá chineál sin curtha ar ceal agus ar neamhní, comh maith le haon dlí a chuireanns cosc, toirmeasc, stopadh nó bac le gnáth-chomhlíonadh agus feidhmiú cuí na n-achtanna; go bhfuil aon dlí den chineál seo curtha ar ceal agus ar neamhní mar is dual d'aon dlí a dhul ar neamhní nach bhfuil ag cur le forálacha Bhunreacht na Stát Aontaithe. Na dlíthe Stáit sin, ar neamhní is uile mar atá siad, aidmhítear gur fhág siad a sliocht ar chleachtais agus gur chuir siad bun le torthaí a mhoilligh riarachán ceart agus feidhmiú cuí na n-achtanna go háithrid fá dtaobh d'athcheapadh agus fá dtaobh d'athghabháil na ndaor teifeach, a tháinig ón Chomhdháil, agus gur chuir na dlíthe, dá réir sin, a lán leis an easaontas agus leis an chointinne a d'éirigh eadar na Stáit ar na saoltaibh seo. Mar sin agus ar an ábhar sin, is dóigh leis an Chomhdháil nach bhfuil sé míchuí a mholadh, le meas agus i ndáiríreacht, do na Stáit ina bhfuil dlíthe den chineál sin i bhfeidhm, iad a chur ar ceal agus a ghairstint ar ais, nó leasuithe agus míniúcháin a chur leofa de réir nós imeachta na gnáthreachtaíochta le bac a chur le cibé mí-úsáid mhísciúil is féidir a bhaint astu.
3. Gur cóir an tAcht a reachtaíodh ar an ochtú lá déag de Mhí Meán Fómhair, míle ocht gcéad a deich is dhá scór, agus ar a dtugtar Acht na nDaor Teifeach ins an ghnáthchaint, - gur cóir an tAcht áithrid seo a leasú le taille an choimisinéara, atá luaite ins an ochtú rannóg den acht, a dhéanamh cothrom ins na cásanna uilig a réitíonns sé, cibé cé acu ar mhaithe leis an éilitheoir nó ina éadan a ghlacanns sé comhairle. Agus lena chinntiú nach mbainfí míchonstruáil as an fhoráil seo, is cóir an clásaldeireanach ins an chúigiú rannóg den Acht thuasluaite, a chuireanns ar chumas an duine atá i seilbh bharántais le daor teifeach a cheapadh nó a ghabháil, gairm scoile a chur ar mhuintir na háite le cuidiú leis, agus dualgas ar lucht na dea-shaoránachta a theacht chun fortachta dó leis an bharántas a chomhlíonadh - is cóir an clásal seo a leasú leis an údarás agus an dualgas cúnta a theorannú do chásanna ina bhfuiltear ag cur in aghaidh fhear an bharántais nó ag bagairt a leithéide air, nó an chontúirt ann go dtiocfar chun tarrthála don daor theifeach.
4. Go gcuirfear na dlíthe i bhfeidhm agus i gcion atá reachtaithe le cosc a chur leis an trádáil le daoir ón Afraic, go háithrid na dlíthe in éadan iomportáil na ndaor go dtí na Stáit Aontaithe; agus is cóir gach dlí is reacht a achtú atá de dhíth chun an cuspóir seo a bhaint amach.