Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

CRAICEANN

Cuid a hAon - Cuid a Dó - Cuid a Trí

Nuair a shroich muid an Ghráig Mhór, leath sí blaincéad beag ar an talamh agus chuaidh muid inár suí air. Thoisigh muid a dh'ithe ár gcodach agus tae milis deas á shnáthadh againn léithi. Thost muid go ceann bomaite le sult a bhaint as tuaimeanna binne an tsamhraidh.

Go hobann bhraith mé mo shearc álainn á ligean féin orm. Thuit a ceann ar mo bhrollach agus í ag gnúsachtaigh go sona sásta, agus mo chroí á lasadh le grádh. Chuir mé mo lámh chlé thart uirthi, agus fáiméad póige nach dtug mé láithreach bonn daoithi!

"Nach gnaoiúil dathúil deas iontach tú, a stóirín", arsa mise, "a stóirín, a stuairín, an stuaire is fearr dár shiúil an domhan ariamh!" D'fholaigh mé m'aghaidh i measc a cuid gruaige agus mé ag cumailt mo ghrua lena h-éadan.

"Ba mhaith liom fanúint mar seo go deo deo!" a d'fhreagair sí agus tocht codlata nó brionglóidí ar a glór. Bhí mo chroí ag greadadh le h-áthas ar nós an druma mhóir, agus mise ag muirniú agus ag diúrnú a colna boige te. Ghéill sí domh go dtí go dtáinig mo lámh taobh istigh dá ceathrú: ansin chuaigh stangadh fríthi agus í á réabadh féin uaim.

"Lig domh!" a scairt sí go scanrúil. "Chan fhuil an fonn sin orm."

Bhí mo bhod ina sheasamh cheana féin, agus ghoill an diomá seo go goimhiúil orm. "Nach maith leat mise?" a bhléasc mé.

"Chan é sin atá i gceist", arsa an bhruinneall. "Chan fhuil mé cinnte...Faitíos atá orm...Lig liom mo chuid ama..."

Nuair a chuala mé a glór á thachtadh ag an ghol, agus na deora ag teacht lena shúile, tháinig náire orm. Eadar dhá chomhairle a bhí sí, á stróiceadh is á streachailt an dá bhealach. A sáith deacrachtaí aici gan mé a bheith do mo shíor-chur chun tosaigh uirthi.

"Bíodh agat", a d'úirt mé agus mo ghuth féin ar tí teipeadh orm. "Ach tuigeann tú, is iomaí mealladh a baineadh asamsa, agus eagla m'anama orm go gclisfidh tú orm." Thuit mé ar mo ghlúntaibh agus mo lámha a chur thart ar a cosa. "Chan fhuil mé ródhearfa faoi sin, ach uaireanta tchíthear domh gur bhuail galar an ghráidh go tromchúiseach mé an iarracht seo." Bhí an croí ag pléascadh ionam agus b'ar éigean a tháinig na focla liom.

"Mura gclise tú orm, cha chlisim féin ortsa!" a d'fhreagair sí i gcogar, ag cumailt mo chuid gruaige daoithi. Chuir mé cluais ar a croí lena chinntiú gur ag bualadh go beo beathach a bhí sé.

Mhaireamar tamall fada dár snaidhmeadh ina chéile, agus achan duine againn ag sileadh na ndobhar de dheora goirte géara. Nuair a bhíomar tar éis an racht uilig a ligean dár gcroí, b'fhearr i bhfad a mhothaigh muid sinn, agus b'éasca a chuaigh againn rianta ár lóin a ghlanadh. Ansin thugamar aghaidh ar an loch athuair, agus thoisigh muid a chanadh amhrán de réir mar a tháinig siúl maith fúinn.

Fá dheireadh bhaineamar amach an ceann scríbe. Bhí na tonnta ag glioscarnaigh is ag splancarnaigh le solas lonnrach na gréine, agus na faoileáin cheanndubha ar foluain anseo is ansiúd os cionn an locha. Bhí an lá comh h-álainn deas te agus a b'fhéidir dó, agus ba leis an bheirt againn an slisín milis seo uilig d'áilleacht shamhrata na nádúra.

Shuigh muid síos agus bhain dínn na bróga lenár gcosa a fhothragan, agus sinn ag ól na mbraontach deireanach a bhí fágtha sa chrúiscín miotail. Rinn muid mionchomhrádh faoi seo agus siúd, ach ba doiligh deacair d'umhail a choinneáil ar a rabh á rádh agat agus an fairsingeach folcánta falcánta os do choinne i dtólamh do do mhealladh chun snámha.

Agus deireadh an tae ólta stadamar den chomhrádh, agus mhair an lántost go dtí go dtáinig liom na focla seo leanas a fháscadh amach mo bhéal:

"Ba mhaith liom snámh. Nach meallacach an chuma atá ar an loch?"

"Tá", ar sise, "ach chan fhuil culaith snámha agam."

Rinn mé miongháire drúisiúil, ag cuimhneamh domh ar an uair a chonaic mé an chéad uair í, agus í gan a ceann a bhuaireamh leis an chulaith snámha an tráth sin.

"Chan fheiceann duine nó deoraí anseo sinn cibé."

"Tchífidh tusa mé", ar sise.

Bhí mé ar tí a ráidhte go rabh mé le fada tar éis í a fheiceáilt fornocht, ach choinnigh mé siar an méid sin

"Cha dtéan mo shúile damhgar ar bith ort", a d'fhreagair mé. Chuir sin ag gáire í.

"Dáiríribh?" ar sise. Ansin thoisigh sí a chaitheamh a cuid balcaisí daoithi. An meangadh brionglóidí céadna a chonaic mé ar a béal a raibh aithne comh maith sin agam air.

Ba thúisce a chuaigh mise a shnámh áfach, agus nuair a tháinig sí san uisce ag lapadáil go faiteach faichilleach chun doimhneachta, char éirigh liom na cathuithe a chloí braoiníní a stealladh ar a craiceann deas nocht.

"Stad de sin!" a scairt sí ag scréachaigh.

"Gabh amach san uisce, agus stadfaidh mé", a d'fhreagair mé go haerach. "Tum thú féin anois!"

Rinn sí a tumadh, bíodh is go rabh eagla uirthi roimh an uisce fhuar. Ansin rinn muid seal snámha, agus nuair a tháinig tuirse orainn thugamar aghaidh ar ais ar an chladach.

Bhí scíste mhaith go géar de dhíobháil orainn nuair a dhruideamar comh cóngarach sin leis an chladach agus gur shrois ár gcosa an grinneall. B'iomaí uair a bhaineamar taca as a chéile le bheith gan truisleach, agus nuair a bhí an bheirt againn tar éis a thuáille féin a thógáil as an mhála agus a chasadh thart air féin, thuiteamar inár gcarn de chosa is lámha ar an bhlaincéad s'aici. Mar sin a d'fhan muid go ceann cupla bomaite déag, a shúile dúnta druidte ag achan duine againn. Cha rabh le cluinsbheáil ach ceol na dtonntach is scréachach á déanamh ag corrfhaoileán.

Chuir sí a ceann ar mo bhrollach agus lig a colainn deas te orm. Mhothaigh mé ag osnaíl le h-áthas í. Mo ghrádh gheal go deo deo na ndeor, arsa mise i m'intinn féin, ní mhairfidh mé leathlá feasta gan tú i m'fhochair. Bheir mé barróg uirthi agus mé á pógadh is á cumailt, na deora ag teacht liom go flúirseach, agus mo ghlór á thachtadh.

D'éirigh mo bhod ina cholgsheasamh chruaidh agus é ag sciorradh ar leathcheathrú na girsí. D'imigh coipeadh gáire uirthi, agus í ag baint go cúramach cuthalach don chrann clis.

"Cén seort cipín é seo?" ar sise go gealgháireach.

"Sin é an sás a chuirfeas áthas ar an ainnir is ansa liom dár casadh orm riamh!" a d'fhreagair mé, agus fuair mo ghrádh geal póg i ndiaidh póige uaim.

"Cuir...ort...an...cochall", a d'úirt sí, agus diúgaireacht thruacánta thruamhéileach á meascadh le sceitimíní gliondracha ina glór. "Más mise do ghrádh."

D'amharc mé eadar an dá shúil uirthi. B'annamh go nuige seo a chonaic mé a leithéid de dhreach uirthi. "Ná clis orm, tá mé i ngrádh leat" - seo é an méid a bhí le léamh ar a ceannaightheachaibh. Bhraith mé an coinsias do mo phriocadh, an croí ag greadadh, agus tháinig léaspáin ar mo shúile.

"Is tusa", a d'fhreagair mé, agus mo chroí á réabadh is á roiseadh le corraí.

Chuir mé an clúidín ar mo bhoidín, agus ansin thoisigh mé a shuaitheamh breall bheag dheas na hainnire, ag méaradradh is ag súgradh léithi, agus mo liobra ag léarscáiliú is ag mapáil achan chnoc is achan ghleann ar an cholainn bhog scéimhiúil, agus rinn sise a croídhicheall mé a chumailt lena lámha creathacha, ach dáiríribh ba bheag an gar a bhí ann. Bhraith mé teas agus deise a colna feadh mo chraicinn féin, agus nuair a thum mé mo bhod isteach a faighin, tháinig crith an áthais fríd an dís againn. Ansin thoisigh muid a bhogadh fá chéile, ár liobra ag pusaíl ar a chéile, ár gcuid deoraí á meascadh le chéile, agus má tháinig oiread leathfhocail asainn, ba lán de ghrádh é.

Cha dtearn mé deifir léithi. Ghlac mé m'am. Mhair mé ag útamáil is ag méaraíocht lena baill phríobháideacha, agus nuair a mhothaigh mé an taom ag teacht orm, tharraing mé siar agus dhá mhéar a chur timpeall ar an bhoibilín lena chinntiú nach sroisfinn an bhuaic go róghasta. Ansin chrom mé ar ais ar mo shearc a ghiúmaráil, agus í ag toiseacht a dh'úthairt go mífhoighdeach cheana féin.

Fá dheoidh bhaineamar amach buaic ár gcomhaoibhnis. Mhothaigh mé an chéad tritheamh taobh thiar de mo mhagairlí, agus an ainnir ina talamhchrith fúm. Thoisigh muid a bhúirfigh agus a chaoineadh, agus chuaigh dian deacair orm ár gcoirp a aithint thar a chéile: ba liomsa a h-áthas is a pian, ba léithi achan mhothachtáil dá dtáinig fríomsa.

Tar éis an bhuailte d'fhanamar inár luí go fóill beag. Ar dtús bhí sí ina codladh, nó bordáil leis, agus an aoibh chéadna ar a haghaidh a chuir orm an gliondar an chéad uair dá bhfaca mé í. A bhruinneall bheagdheas iontach, cha chlisim ort go deo!

Ansin tháinig lúth inti, agus imní uirthi.

"Má aithneann mo mháthair orm go bhfuilimid tar éis an rud seo a dhéanamh?"

Rinn mé iarracht a faitíos a mhaolú.

"Má aithneann féin, cén damhgar? An dóigh leat go ndíbeorfaidh sí as baile thú?"

"Cha ndíbreann", a d'fhreagair sí, "ach sílim go mbeidh sí ag seanmóiríocht agus ag achasán, agus ba bheag ba mhaith liom a cuid eascainí a éisteacht. Tig léithi bheith ina diabhal déanta cruthanta agus an giúmar sin uirthi."

"Má labhraimse mé féin léithi?"

"Goidé a déarfas tú?" ar sise, agus an chuma uirthi nach rabh rómhuinín aici as m'acmhainn dioplómaiticiúlachta.

"Fág fúm é", a d'fhreagair mise.

Rinn mé a comóradh chun an bhaile, agus nuair a d'fhéach sí le slán a fhágáilt, dhiúltaigh mé daoithi: chuaigh mé isteach léithi. Bhí a máthair ag déanamh suipéir agus sinn ag drud an dorais ar ár lorg.

Ba léir go bhfaca sí láithreach bonn uirthi goidé bhí déanta againn, ach ba leasc léithi an drochtheanga a tharraingt uirthi agus mise ina haice.

"Dia duit", arsa mise go cairdiúil.

"Dia is Muire duit", a d'fhreagair sí.

"Tá nighean den chéad scoith agat", a d'úirt mé, "agus mise i ngrádh léithi."