Einstein agus na Dúphoill - Cuid a Trí

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

Réalt dhúbailte a bíos i gceist le pulsár x-ghathach agus leathréalt den bheirt ina neodrónréalt. Bíonn an neodrónréalt ag sú isteach damhna as an leathréalt eile, agus ar tús, fanann an damhna seo ag timpeallú na neodrónréalta agus ag astú tonnta raidió - níl ins an neodrónréalt go fóill, ins an am sin, ach gnáthphulsár raidió. Agus an réalt ag déanamh bulla báisín, coinníonn sí an damhna amuigh ag timpeallú, le teann an fhórsa lártheifigh. De réir a chéile, áfach, tá an neodrónréalt ag cailleadh fuinnimh, agus í ag rothlú níos maille. Ins an deireadh thiar thall, ní leor an fórsa lártheifeach leis an damhna a ruaigeadh ó dhromchla na neodrónréalta, go háithrid i bhfianaise an fhórsa mhóir imtharraingtigh atá ins an réalt bheag dhlúth throm. Mar sin, toisíonn an damhna a bhualadh fá dhromchla na neodrónréalta, ach ós rud é go bhfuil sracadh ins an réimse mhaighnéadach i gcónaí, ní ligtear an damhna isteach ach in aice leis na poil mhaighnéadacha. Ansin, áfach, tá an oiread sin fuinnimh ins an imbhualadh a ghní an damhna leis an réalt agus go gcruthaíonn sé radaíocht a bhfuil minicíocht mhillteanach inti - sin le rádh, x-ghathanna.

Is féidir do neodrónréalt den chineál sin an oiread damhnas a shú isteach oiread agus go sárófar teorainn na cinniúna féin: ansin, i ndiaidh na himphléisce, beidh dúpholl (cliseár) ann. Ach aríst, cad é an cineál réalt é an dúpholl?

Is é an dúpholl an cineál réalta ina bhfuil an damhna ar fad pacáilte taobh isteach den fhad ó lárphointe na réalta ar a dtugtar ga Schwarzschild. Is féidir ga Schwarzschild a chomhaireamh d'aon phíosa maise de réir na foirmle seo:

rSchwarzschild = 2 G m/c2

Ciallaíonn na litreacha na rudaí seo a leanfas:

rSchwarzschild = ga Schwarzschild

G = tairiseach imtharraingthe Newton, agus é ar fáil ar lámhleabhar fisice ar bith

m = mais na réalta

c = luas an tsolais ins an fholús.

Coinnigh cuimhne air anois nach bhfuil baint ar bith ag an fhocal sin "ga" ins an fhoirmle le radaíocht ar bith. Is ionann "ga" agus an fad ó lárphointe an chiorcail go dtína imeall, nó ó lárphointe na liathróide (lárphointe an sféir) go dtína dromchla.

An té a áireochas ga Schwarzschild don Domhan s'againn nó don Ghrian, gheobhaidh sé amach go mbeadh sé dodhéanta amach is amach mais iomlán na reann seo a fháscadh isteach i liathróid comh beag sin. Ach nuair a bíos mais níos mó i gceist - mais ollfhathachréalta, cuir i gcás - is minic nach ndealraíonn sé leath comh doiligh sin, agus a ndóthain mhór spáis ag na hadaimh taobh istigh de gha Schwarzschild. Scéal eile, áfach, go ndeánfaidh siad imphléasc comh túisce is a gheobhfar isteach iad, agus iad ag titim síos ins an lárphointe - an tsingilteacht - gan pilleadh choíche: a n-imtharraingt féin a fháiscfeas in aice le chéile go doscartha iad, ansin.

Le tréithre an dúphoill a chur in iúl don léitheoir, ní miste príomhchoincheapa áithrid a mhíniú dó:

NA TURASANNA AMCHOSÚLA, ÁITCHOSÚLA, AGUS SOLASCHOSÚLA.

Má ghlacaimid leis an Am mar cheathrú diminsiún, agus Spás an trí dhiminsiún eile á scrúdú in éineacht leis an Am, mar Spás-Am, beidh muid ábalta trí chineál turasanna spás-ama a aithne thar a chéile: na turasanna amchosúla, na turasanna áitchosúla is na turasanna solaschosúla. Má fhreagraíonn soicind amháin ama, mar choibhéis, do sholas-soicind amháin faid (is é sin, an fad a chuireanns an solas isteach in aghaidh na soicinde, thart timpeall ar thrí chéad míle ciliméadar), beidh turas amchosúil ann má ghluaiseann muid linn níos gasta ins an am ná ins an spás - is é sin, má bhíonn níos mó ná soicind amháin ama de dhíth orainn le fad solas-soicinde a chur dínn. Beidh turas solaschosúil i gceist, má bhíonn an t-am is an spás ag imeacht thart linn ar aon luas, is é sin, solas-soicind amháin in aghaidh na soicinde. Agus beidh turas áitchosúil ann má bhíonn muid ag dul i malairt áite níos gasta ná an solas féin.

Is é a n-abair teoiricí Einstein linn ná nach féidir linn féin ach turasanna amchosúla a dhéanamh. Le dhul i dtuilleamaí coincheapa de chuid na matamaiticeoirí, is asamtóit dúinn é luas an tsolais - thig linn a theacht comh cóngarach dó agus is mian linn, ach ní chuirfeadh róicéid uilig an domhain ag taisteal ar aon luas leis an tsolas sinn. An "dlúth-thiomáint" a bíos comh minic sin i gceist ag foireann an Réalt-Astair (sin le rádh, an Star Trek) ar an teilí, is é tátal garbh na saineolaithe nach mbeidh a leithéid d'áireagán ann choíche. Bíonn turasanna solaschosúla á ndéanamh ag na gathanna solais agus ag radaíocht leictreamhaighnéadach eile. Is dual do na gathanna seo cloí le luas an tsolais, intuigthe go leor, agus iad ag taisteal solas-soicind in aghaidh na soicinde, solasbhliain in aghaidh na bliana, agus mar sin de.

Turas áitchosúil atá ann, ansin, má táthar ag bogadh níos luaithe ná an solas nó aon radaíocht eile. Dealraíonn sé nach féidir le haon réad dá mbaineann lenár n-ollchruinne féin turas áitchosúil a dhéanamh. Ar ndóighe, ní hionann sin is a rádh nach mbeadh iarracht éigin tugtha ag intinn bheo an tsaineolaí ar coinníollacha na dturasanna áitchosúla a leagan amach go teoiriciúil, de réir na matamaitice. Is gnách taiceoin a thabhairt ar na cáithníní (nach bhfuil iontu, faoi láthair, ach tuairimíocht agus teoiriceoireacht) a ghluaiseanns níos luaithe ná an solas féin. Níl a fhios againn an bhfuil taoiceoin ann ar scor ar bith, agus más ann dófa, níl sé cinnte an bhfuil siad in ann eadarghníomhú nó imoibriú ar bith a dhéanamh lenár n-ollchruinne féin. Dáiríribh, mura bhfuil, is cuma linn cé acu ann nó as iad, nó más amhlaidh nach dtig iad a shonrú le haon ghléas brathadóireachta dár gcuidne, tá sé comh maith againn glacadh leis nach bhfuil siad ann ar aon nós. Mar sin féin, is féidir a lán a rádh i dtaobh na dtaiceon gan a dhul ach i dtuilleamaí na gcothromóidí matamaitice. Ach siúd is go bhfuil muid i dtaithí go leor frithchosúlachtaí agus rudaí aistíocha fán taca seo, sáraíonn na taiceoin an chuid is mó acu. Más ann do na taiceoin - is é sin, más ann d'aon rud a shásanns na cothromóidí i gcruth is go bhfuil sé ag gluaiseacht níos luaithe ná an solas - dealraíonn sé go gcaithfidh siad a bheith ag teacht inár n-araicis ins an am, ag dul ón todhchaí go dtí na laethanta a bhí. I ndiaidh an méid sin a chluinstint dúinn, is fearr linn, is dócha, glacadh leis nach bhfuil taiceoin ar bith ann.

Is dócha go gcuala an léitheoir trácht cheana féin ar an chontúirt atá ins na dúphoill: réad ar bith a thiocfas ina ghaire, súfaidh sé isteach é, agus ós rud é go súfaidh sé isteach an solas féin, tá sé dubh. Aon fhoinse sholais atá níos cóngaraí ná ga Schwartzschild do lárphointe (singilteacht) an dúphoill, súfar a cuid solais ar fad isteach ins an lárphointe, agus ní bheidh sí le feiceáil taobh amuigh den dúpholl. Dáiríribh, a thúisce is a bhéas an teorainn sin trasnaithe ag an fhoinse sholais, ní bheidh sí ná a cuid solais in inmhe an dúpholl a fhágáilt - ar an ábhar gur turas áitchosúil a bheadh ann dá bhfágfadh. Déanta na fírinne, ó thaobh na matamaitice de, tá an teorainn seo ag teannadh amach ar luas an tsolais ó na réada agus ó na gathanna solais féin atá i ndiaidh titim isteach ins an dúpholl. Ba mhaith leat cúlú, nó an spásbhád a chasadh timpeall agus eitilt ar ais, ach ní bheadh gar ann, ós rud é go bhfuil an teorainn ag éaló uait comh sciobtha leis an tsolas féin.

An amhlaidh, ansin, go bhfuil an dúpholl ag fás comh sciobtha sin is go bhfuil a dhromchla á shíneadh amach ins an spás agus luas an tsolais faoi? Bhail, is fíor é go bhfuil an dúpholl ag fás, de réir mar atá sé ag tiomsú tuilleadh maise, agus an t-ábhar ag titim isteach - ach is cuid é den dóigh a gcuaraíonn an imtharraingt mhillteanach an spás féin as alt ná gur féidir do dhromchla an dúphoill a bheith ag éaló ar luas an tsolais ó na réada atá taobh istigh, siúd is nach bhfuil sé ach ag fás go malltriallach, as peirspeictíocht an tsaoil amuigh.

Cibé scéal é, dá bhfaighfeá thú féin taobh istigh den dúpholl, bheadh sé comh maith agat a bheith ag iarraidh breith ar an gha solais a éalaíonns uait agus an chuid den ollchruinne atá suite taobh amuigh a bhaint amach aríst. Nuair atá tú taobh istigh, tá tú ag titim isteach ins an tsingilteacht comh cinnte is go bhfuil an Cháisc ar an Domhnach agus an t-am ag dul ar aghaidh. Má tá tú déanta as taiceoin agus do chuid ama féin ag dul i malairt treo ná am an chuid eile againn, is dócha go bhfuil cead éalóidh agat as an dúpholl féin, ach mura bhfuil...slán leat.

AN LÉASLÍNE DHEIREANACH, DHEIFNIDEACH

Is é an téarma a bhaist na heolaithe ar theorainn nó ar dhromchla sin an dúphoill ná léaslíne theagmhais. Is í an léaslíne theagmhais fíor dheireanach na spéire, léaslíne dheifnideach na hollchruinne. Cad fáth a dtugtar "léaslíne theagmhais" uirthi? Bhail, chan fhuil ins an fhocal "teagmhas" go bunúsach ach téarma galánta de chuid mhuintir Átha Cliath ar "imeachtaí" nó ar "tharlúintí" na gnáthchainte: bheadh sé comh maith agat "teorainn dheireanach na n-imeachtaí" a thabhairt air. Nó is amhlaidh nach féidir leis an bhreathnadóir taobh amuigh a dhath ar bith a fháil amach fá dtaobh d'aon chineál imeachtaí taobh istigh den léaslíne seo.

Dáiríribh, bíodh is go bhfuil an mhatamaitic in ann cuid mhór de shaintréithre an dúphoill a thuar is a mhíniú, tá sé ag dul de na fisiceoirí féin míniú ceart a fháil nó a thabhairt ar an staid ina bhfuil an damhna i singilteacht an dúphoill. Mar a chonaic muid, damhna díchineálach atá ins na neodrónréaltaí - damhna a chaill a ghnáth-thréithre, i gcruth is nach féidir mórán a rádh i dtaobh a chomhshuímh nó a chomhdhéanta de. Chuaigh an díchineálú seo ní b'fhaide fós ins an dúpholl: damhna atá ann a d'imigh ar fad, gan ach a mhais a fhágáil ina dhiaidh. Le fírinne, is maith leis na saineolaithe a rádh gur réalt "bhlagaideach" atá ins an dúpholl, nó siúd is go mbíonn go leor saintréithre - "ruainní gruaige" - ag baint le gach sampla de ghnáthdhamhna, níl ach triúr acu fágtha ag an dúpholl: an mhais, ar ndóighe; an lucht leictreach, má bhí a leithéid ag an damhna a rinne an dúpholl; agus an móiminteam uilleach - is é sin, an dóigh a bhfuil an dúpholl á chasadh thart air féin.

Singilteacht a bheirthear ar lárphointe an dúphoill, agus is coincheap é sin a fuarthas ón mhatamaitic. Is é is brí leis an tsingilteacht ins an mhatamaitic ná pointe ina bhfuil luach na feidhme dochuntaiste, agus am graf ag dul go héigríoch. Mar shampla, má leagtar an fheidhm udaí y = 1/x amach ina graf ar chóras na gcomhordanáidí, tchífear an graf ag dul síos, síos, ar an taobh chlí den ordanáid (an ais cheartingearach, nó an y-ais - is í an aibsíse an ais chothrománach, nó an x-ais) agus ag dul suas, suas, ar an taobh dheis daoithi. Is é an nialas singilteacht na feidhme áithride seo: ní féidir a rádh cad é is y ann, más ionann x agus 0. Tá singilteacht an dúphoill cosúil le singilteacht na feidhme matamaiticiúla, ins an chiall is go bhféadfá a rádh gur pointe í an tsingilteacht ina dteipeann ar an mhatamaitic féin. Agus iad ag oibriú amach samhlacha matamaiticiúla le cur síos a thabhairt ar an ollchruinne agus le torthaí a gcuid taighde is trialacha a mhíniú ar bhealach loighiciúil chomhsheasmhach, bíonn na fisiceoirí sách drogallach i dtaobh singilteachtaí, nó má gheibh siad trasna ar shingilteacht, is é an rud is túisce a rithfeas leofa ná go bhfuil teipthe ar an tsamhail mhatamaiticiúil a d'úsáid siad mar mhíniú. Nuair a bhí teoiric Einstein ina haireagán nua i gcónaí, ba dual do na heolaithe a shílstint gur locht ar an teoiric a bhí ins na dúphoill. Is é sin, má bhí an tátal inbhainte as an teoiric go mbeadh rud comh haiféiseach leis an dúpholl ann, bhí cuid mhór de na heolaithe féin den bharúil nach rabh ann ach cineál seachthoradh de chuid na matamaitice, agus go gcaithfí an tseafóid seo i dtraipisí nuair a thiocfadh an feabhas ceart agus an dlaíóg mhullaigh ar an teoiric. D'athraigh an scéal thiar ins na seascaidí, go háithrid nuair a tuigeadh go mb'ionann na pulsáir agus na neodrónréaltaí a bhí tuartha ag lucht na dteoiricí. Ó bhí neodrónréaltaí ann dáiríribh, glacadh leis nach rabh sé comh hamaideach sin, i ndiaidh an iomláin, creidiúint éigin a thabhairt do na dúphoill féin, feasta.

Ach fan! Tagraíodh don mhóiminteam uilleach a chaomhnaíonns an dúpholl, siúd is go gcailltear an chuid is mó de shaintréithre an damhna ins an imphléasc ina n-iompaíonn an réalt ina dúpholl. An ionann sin is a rádh gur féidir go bhfuil dúpholl ag casadh ar a fearsaid?

Is ionann, agus is féidir, ar ndóighe. Deir dlí imchoimeádta an mhóimintim uilligh, ná, mura gcailltear móiminteam uilleach, agus an mhais a bhí spréite go fairsing á cúbadh isteach chuici féin, go dtiocfaidh géarú ar comh luath is atá an mhais sin ag casadh ar a fearsaid. Agus ós rud é go bhfuil mais comh mór sin fáiscthe taobh istigh de gha Schwarzschild, is léir go gcaithfidh an dúpholl a bheith ag casadh iontach tiubh, siúd is go rabh an fhathachréalt a bhí ann roimh an imphléasc, - siúd is go rabh an fhathachréalt sin beagnach socair. Mar sin, tá an scéal beagáinín níos casta ná mar a shíl muid ar tús: ní pointe atá ins an tsingilteacht, ach cineál pláta nó ciorcal atá ag casadh thart ar fhearsaid an dúphoill (agus thart ar lárphointe an dúphoill, atá suite i lárphointe an phláta sin). Is gá a chur ar a shúile don léitheoir nach bhfuil imeall airdithe thart ar an phláta seo - ní pláta itheacháin atá ann. Déanta na fírinne, níl airde ar bith ann - tá sé déthoiseach go hiomlán.

Bhí R.P.Kerr ar an chéad shaineolaí a thug míniú matamaiticiúil ar struchtúr an dúphoill rothlaigh, thiar ins na seascaidí. Sin é an fáth gur gnách "poll Kerr" a thabhairt ar an dúpholl rothlach. ("Poll Schwarzschild" a d'fhéadfá a thabhairt ar an dúpholl - nó ar an mhúnla eolaíoch den dúpholl - nach bhfuil ag casadh.) Taobh amuigh den léaslíne theagmhais, tá léaslíne eile ann, agus níl sí ina sféar (liathróid) fhoirfe, ach ina tainséirín nó ina seadóg. Cuimlíonn an tainséirín seo leis an léaslíne theagmhais ag mol thuaidh agus ag mol theas an dúphoill - is é sin, an dá áit a bhfuil fearsaid rothlaithe an dúphoill ag dul fríd an léaslíne theagmhais. Is é os cionn mheánchiorcal an dúphoill is faide amach ón fhíor-léaslíne theagmhais a shroicheanns an darna léaslíne. Bheirthear eirgisféar ar an "taoschnó" eadar an léaslíne theagmhais agus an darna léaslíne, agus teorainn na cónaitheachta an téarma a thagraíonns donm darna léaslíne.

Chuala muid cheana nach bpillfidh aon duine ná deoraí ón taobh istigh den léaslíne theagmhais, agus nach féidir linn eolas ná solas féin a fháil ón áit sin. Ní hionann sin is an t-eirgisféar, nó is féidir leat d'éaló a dhéanamh ón eirgisféar, ar acht go bhfuil ballasta éigin leat agus tú in ann é a chaitheamh uait le linn tú a bheith ins an eirgisféar - nó "ag dul leis an eirgisféar" is fearr a rádh. - Is é sin, is féidir leat éaló ar an dóigh seo, murar shroich tú an fhíor-léaslíne theagmhais go fóill.

Ní féidir le haon rud ná réad ins an eirgisféar bheith socair i gcomparáid le haon phointe tagartha taobh amuigh: tá na réada ansin ag timpeallú an dúphoill de réir an dóigh a bhfuil an dúpholl féin ag déanamh bulla báisín. Níl sé dodhéanta go fóill éaló ón dúpholl, más ins an eirgisféar atá tú, ach le sin a dhéanamh, caithfidh tú do chuid bagáiste a chaitheamh isteach ins an dúpholl - gheobhfá do sháith fuinnimh ansin leis an eirgisféar a fhágáil. Dáiríre, is é an rud atá lucht na matamaitice a dhéanamh ná go bhféadfá an fuinneamh iomlán a fháil, mar fhuinneamh gluaiseachta, a fhreagraíonns do mhais an "bhallasta" a chaith tú ins an dúpholl, de réir fhoirmle Einstein (E = mc2).

Má thiteann tú isteach ins an dúpholl, áfach, fáiscfear an t-anam asat comh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach. Ní mór a rádh, áfach, gur féidir go mbeidh an t-anam fáiscthe asat i bhfad sula sroichidh tú an léaslíne. Is iad na fórsaí taoidmheara is cúis le seo.

Tá imtharraingt an dúphoill ag dul i méadaíocht comh tiubh, agus tú ag teacht ina ghaire, agus go bhfuil do chosa á dtarraingt isteach ag fórsa níos láidre ná do chloigeann - is é sin, más i ndiaidh do chos atá tú ag titim isteach. Is é is toradh dó seo ná go bhfuil tú do do streachailt as a chéile ag difríocht na himtharraingthe, eadar do chloigeann agus do chosa - go simplí, tá do chosa ag iarraidh titim níos gaiste ná do chloigeann. Thairis sin, tréigfidh do chuid fola do chloigeann agus í ag sní ina tuile i dtreo do chos - má bhí iontas ort cad fáth a dtugtar "fórsaí taoidmheara" ar na fórsaí seo,tá aon mhíniú amháin agat anseo, ar a laghad. Is é an deireadh a bhéas le do scéal, mar sin, go roisfear do cholainn as a chéile. Taobh istigh den léaslíne, beidh an próiseas seo ag dul ar aghaidh, nó cosúil leis an dóigh a bhfuil an damhna sin díchineálaithe, i ndiaidh a shaintréithre a chailleadh amach is amach, gach a bhfuil fágtha díot féin de dhamhna, díchineálaítear go hiomlán é. Ní fhágfar aon chuimhne ar an chuma a bhí ort, ná ar an chineál culaith a bhí ort, ná ar an chineál spásbhád a d'úsáid tú, ná ar an chineál adaimh a bhí ionat, ná ar an chineál cáithníní as a rabh na hadaimh sin comhdhéanta. Ní bheidh ionat feasta ach méadú beag ar mhais an dúphoill.

Tagraíodh don dóigh cheana féin ar féidir an imtharraingt a chur i láthair mar spás cuaraithe. Ar bhealach, is féidir a rádh go bhfuil an spás cuaraithe go héigríoch ag an dúpholl. Deirtear, fiú, go n-éilíonn siméadracht na gcomhordanáidí matamaiticiúla bánpholl a bheith in ann ar an taobh eile den dúpholl, agus é suite in ollchruinne eile nó i bhfad ar shiúl inár n-ollchruinne féin, agus an damhna is an fuinneamh a ceapadh isteach ins an dúpholl ag brúchtadh amach as an bhánpholl. Níl ina leithéid seo, áfach, ach tuairimíocht atá bunaithe ar thorthaí matamaiticiúla na teoirice, agus dáiríribh, dealraíonn sé, fiú má ghlacaimid leis gur féidir don damhna is don fhuinneamh a theacht fríd an "pholl péiste", ón dúpholl go dtí an bánpholl - nó thar "Dhroichead Einstein agus Rosen", mar a bheirthear ar an "chanáil" seo fosta - go bhfuil an tsingilteacht suite i lár an droichid seo, agus í ag baint gach blúirín nó beartán faisnéise nó ionformáide den damhna a thiteanns isteach ins an dúpholl. Is é sin, más féidir don damhna atá ionat a dhul ón dúpholl go dtí an bánpholl, fáiscfidh an tsingilteacht na saintréithre asat mar a bheadh cineál muileann cosmach ann, i gcruth is nach bhfágtar díot ach damhna díchineálaithe le dhul an droichead anonn. Is é sin, nuair a bhéas an tsingilteacht réidh críochnaithe leat, ní bheidh sé inaitheanta ort fiú cén cineál adaimh nó cáithníní a bhí ionat roimhe seo. Na hiarsmaí a bhéas fágtha díot ansin, is féidir - nó abraimis: tá sé incheaptha ar a laghad - go séidfear amach as an bhánpholl iad ina dhiaidh sin, ach ós rud é nach bhfuil oideas do chruthaithe - an ionformáid nó an fhaisnéis atá de dhíth chun tú a athchruthú - ós rud é nach bhfuil an t-oideas seo ag dul leis na hiarsmaí fuinnimh sin, is beag an difear duit cé acu ann nó as don bhánpholl ar an taobh eile den dúpholl. Fríd is fríd, ní hé ár moladh oifigiúil é taisteal cosmach a dhéanamh fríd na "poill phéiste" seo: tá sé i bhfad níos folláine bheith ag amharc ar eachtraí fhoireann Enterprise nó Voyager ar an teilifís, ós rud é go bhfuil dlíthe fisice dá gcuid féin ag Kirk, Sisko, Kira, Janeway agus an chuid eile acu, agus an ollchruinne s'acusan i bhfad níos fabhraí don taistealaí spáis ná fíor-dhlíthe nádúrtha na hollchruinne s'againn.

An Dóigh le Dúphoill a Chuartú is a Aimsiú

Siúd is go rabh na dúphoill, mar rud, tuartha ag teoiric Einstein le fada an lá, bhí na réalteolaithe is na réaltfhisiceoirí féin sách mall ag glacadh leis go bhféadfadh reanna neimhe comh haistíoch sin a bheith ann ar aon nós. Shíltí nach rabh ins an dúpholl, go bunúsach, ach tuairimíocht matamaitice. Ansin, áfach, cuireadh sonrú ins na pulsáir, agus tháinig an tuigse ag na saineolaithe gur neodrónréaltaí a bhí ins na pulsáir. Ó tharla go rabh na neodrónréaltaí is na dúphoill tuartha ag an teoiric chéadna, b'éigean do na réalteolaithe glacadh leis go mb'fhiú a bhfuadair an spéir a chíoradh le theacht trasna ar dhúphoill.

Ar ndóighe, ní bhíonn sé rófhurasta sonrú a chur in aon dúpholl. Mar a deir an t-ainm féin, is poll dubh dofheicthe é, agus é ag sú isteach an tsolais féin. Ach ós rud é go bhfuil sé ag slogadh isteach gach cineál miontruflaise as an spás, is féidir leis na saineolaithe a dhul ar lorg an damhna agus é ag sreabhadh isteach ins an pholl. Chuala muid cheana féin gur fórsaí neamhghnácha ar fad atá ag obair thart timpeall ar an dúpholl; agus déanta na fírinne, tá na fórsaí comh mór, comh láidir, is go gcuirfidh siad luisne radaíochta ins an damhna agus é ag teannadh leis an dúpholl nó ar tí titim isteach. Ag teacht i ngaire na léaslíne teagmhais dó, toiseochaidh gach slámán damhna a chaitheamh gathanna - a dh'astú cineálacha éagsúla radaíochta, rud a thig a aithne ach an gléas ceart a bheith agat. Ar ndóighe, ní mór cuimhne a choinneáil aÓs rud é gurb í an imtharraingt atá i gceist leis na fórsaí móra sin, rith leis an fhisiceoir Joseph Weber thall ins na Státaí, - rith leis, thiar ins na seascaidí, go bhféadfaí sonrú a chur ins na tonnta imtharraingthe agus iad á n-astú ag na dúphoill, nó ag an damhna agus é á shlogadh isteach. Tá sé tuartha ag Einstein, fosta, má bhíonn aon mhais ag gluaiseacht léithi go luasghéaraitheach, go mbeidh sí ag astú fuinnimh i bhfoirm radaíochta - bíoganna imtharraingthe. Radaíocht iontach lag atá ann, ach ós rud é go bhfuil imtharraingt na ndúpholl is na neodrónréaltaí comh láidir agus atá, tá siad in ann radaíocht imtharraingthe a astú atá ar thairseach na hinsonraitheachta. Mar sin, thoisigh Weber a thógáil sorcóirí móra, agus chuir sé gach aon dá shorcóir go tiubh in aice a chéile. Shíl sé go raibh sé ábalta bíoganna imtharraingthe a aithne ar an dóigh a mbíodh na sorcóirí seo ar crith i gcomhréir a chéile, ach dáiríribh, de réir a chéile fuarthas amach nach rabh aon mhaith ina chuid iarrachtaí. Inniu, úsáidtear teicneolaíocht de chineál eile ar fad leis an imtharraingt a bhrath: trasnamhéadracht léasair.

Is é is brí le trasnamhéadracht ná trasnaíocht a bheith á tomhas. Is é is trasnaíocht ann, i gciall na fisice, ná an dóigh a bhfuil dhá thonnchrith ag imirt thionchar ar a chéile.