Gluais d'Fhoghlaimeoirí agus iad ag léamh scéal na Péiste - A Glossary for Learners who are reading the scéal of the Péist

corradh is fiche bliain about twenty years

rúndiamhair mysterious

fíric fem., gen. -e, pl. -í fact; often in the plural na fíricí = the facts, the facts of the case

na fíricí a ríomh is a reic to recount the facts

ríomh/ríomh means "to compute, calculate" (hence ríomhaire = computer), but also (as here) "to narrate, recount"

reic/reic (here:) to narrate, recite, (but also:) to recite advertising slogans, to peddle, to sell (especially publicly, giving speeches about the quality of what you are selling; hence reacaire = peddler, market-seller, hawker)

rúnchróineolaíocht "cryptochronology", original Finnish kryptokronologia (both terms are tongue-in-cheek synthetic words; the word is probably supposed to mean "a historian of hidden, occult, times")

siosmaideach sensible, having common sense; adjective from siosmaid , fem., gen. -e: common sense. Agus é ar duine de na daoiní is siosmaidí... = and he [is, was] one of the most sensible people...

bealtaí (dialectal plural of bealach) (peculiar) ways, antics

dochuimsitheach mindblowing, inconceivable

diúnas defiance; i ndiúnas ar... in defiance of...

Kekkonen, Urho Kaleva (1900-1986): polaiteoir, duine de na daoiní is mó a chuir cor i gcinniúint na Fionlainne mar stát neamhspleách. Ghlac sé páirt i gcogadh chathartha na tíre sa bhliain 1918, sna Gardaí Bána, agus é i gceannas ar bhuíon na mbásadóirí. Ag teacht i gcrann dó, tharraing sé oideachas an dlíodóra air, agus é ina eascartach is ina réalt óg i bpáirtí na bhfeirmeoirí. Cha rabh an dá scór slánaithe aige agus é ina Aire Gnoithí Eachtracha cheana féin.

Siúd is go rabh Kekkonen go tréan in aghaidh an Chumannachais, bhí sé comh míshásta céadna leis an tionchar a bhí ag an eite dheis antoisceach ar chúrsaí na tíre, agus é meáite ar a bpáirtí siúd - Gluaiseacht Thírghráúil an Phobail - a chur faoi chois. Rinne sé iarracht ar chosc a chur ar an pháirtí, ach nuair a thiontaigh sé amach nach rabh an cosc seo inchosanta ó thaobh an dlí de, b'éigean do mo dhuine éirí as oifig an Aire. Ina dhiaidh sin, bhíothas ag cur ina leith nach rabh aon todhchaí i ndán dó i saol na polaitíochta, agus an botún seo déanta aige. A mhalairt a bhí fíor, áfach.

Bhí Kekkonen ina iriseoir agus ina cholúnaí polaitíochta fosta, agus na haltanna a scríobhadh sé sna blianta cogaidh faoi ainm cleite, bhí an-suim iontu ag lucht rialtais na tíre. Sa deireadh thiar thall, b'é lár a leasa gur chaith sé na blianta sin i leataobh. Nuair ab éigean don Fhionlainn síocháin a shocrú leis na Sóibhéadaigh, bhí an tír go mór mór i gcall polaiteoirí buirgéiseacha nó neamhChumannacha nach dtiocfadh le Stailín "faisisteachas" ná "gríosadóireacht chun cogaidh" a chur ina leith. Bhí Kekkonen ina measc siúd. Chaith sé an chéad chuid den tréimhse iarchogaidh ina PhríomhAire, go dtí gur vótáladh isteach ina Uachtarán é sa bhliain 1956.

Chaith Kekkonen na blianta 1956-1981 i mbun na hUachtarántachta. Ar tús, bhí an náisiún eadar dhá chomhairle faoi, nó bhí mímhuinín ag cuid mhór den eite dheis as, agus iad ag sílstean go rabh sé ag iarraidh an tír a "Shóibhéadú". Is fíor é go rabh sé meáite ar an chuspóir caidreamh cairdiúil a choinneáil ar obair eadar an Fhionlainn agus an Rúis Shóibheadach, rud a thug air, uaireanta, dhul thar fóir ag tabhairt orduithe cancránacha do na hiriseoirí fán dóigh cheart le scríobh fán chomharsanach mhór san Oirthear. Cúis mhór conspóide is eadh í san Fhionlainn inniu cé acu a bhí Kekkonen ag glacadh buntáiste ar na Rúisigh nó a mhalairt. Is léir gur bhain Kekkonen an-chaipiteal polaitiúil as an dlúthchaidreamh a bhíodh aige le cinnirí na Rúise Sóibhéadaí, agus cuid mhaith de na Fionlannaigh ag sílstint go mb'eisean an t-aon duine inár dtír a bhí in ann na Rúisigh a ghiúmaráil. Ceist eile, áfach, ar éirigh leis na Sóibhéadaigh riamh cuspóirí dá gcuid féin a chur i gcrích i saol pholaitiúil na Fionlainne fríd na ngaisneas féin a bhaint as mo dhuine - rud a shíl agus a deireadh naimhde Khekkonen.

I ndeireadh na bliana 1981 tholg Kekkonen ulpóg fhiabhrais agus é ag iascaireacht ins an Íoslainn. Chuaigh an fliú seo i bhfeadánacht agus in olcas air, agus nuair a chlis a chuimhne air, i gcruth is nach rabh sé in ann an Príomh-Aire Mauno Koivisto a aithne a thuilleadh, ba léir nach rabh sé in ann ag a chuid oibre ní ba mhó. Scoir sé dá oifig, agus chaith sé a rabh fágtha dá shaol ina áras oifigiúil, an villa udaí Tamminiemi, nó Ros na Darach. B'ansin a fuair sé bás ar an lá chéadna a sháraigh sé sé bliana is ceithre scór d'aois. Ina dhiaidh sin tiontaíodh an teach ina mhúsaem agus é dílsithe do chuimhne an fhir mhóir.

Bhí Kekkonen pósta ar an scríbhneoir Sylvi Uino a fuair bás i bhfad roimh a fear céile, thiar ins na seachtóidí. Bhí cliú an bhanaí mhóir air, áfach, agus eachtraí gnéis á gcur ina leith fiú nuair a bhí sé ag teannadh ar an cheithre scór bliain d'aois. Rugadh beirt mhac dó lena mhnaoi chéile, ach níor éirigh leofa riamh theacht i gcrann agus an t-athair ag caitheamh a scátha orthu. Bhí dúil nimhe ag duine acu san ól, agus fuair sé bás le cíoróis an chrua-ae roinnt bheag blianta in éis a athara.

ros promontory, headland

na déagaí is dhá scór the fifties

dhul chun leitheadúlachta become common, popular, or ubiquitous

bang or bann (feminine, gen. bainne, bainge) a stroke (swimming, rowing)

uaigneas does not just mean "loneliness", but also "spookiness"

puball tent

bunadh original inhabitants

gal agus gaisce a dhéanamh perform great feats

Cogadh na Fionlainne 1808-1809: Bhí baint éigin ag an chogadh seo leis an phraiseach a rinne Napoleon de chúrsaí na hEorpa go léir. Roimh an chogadh seo, bhí an Fhionlainn ina cúige den tSualainn leis na cianta cairbreacha anuas, siúd is go rabh an chuid is faide thoir dár dtír gaibhte ag na Rúisigh le tamall maith mar sciath chosanta do Chathair Naomh Peadair, an phríomhchathair nua a thóg siad i dtús na hochtú haoise déag in aice le críocha thoir na Fionlainne.

Thoisigh an cogadh i Mí Feabhra 1808 le hionradh na ndíormaí Rúiseacha thar theorainn na Sualainne cois na habhainne udaí Kymi, áit a bhfuil an chathair Kouvola inniu, a bheag nó a mhór. D'éalaigh na saighdiúirí Fionlannacha ó thuaidh le deisceart na tíre a fhágáilt i lámhaibh na Rúiseach, nó bhí lucht na ceanncheathrún ag cur a muiníne ins an dún daingean udaí Sveaborg (Viapori an seanleagan Fionlainnise, Suomenlinna an leagan nua) i ndeisceart na Fionlainne, in aice le Heilsincí; ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne, ghéill ceannphort an gharastúin Carl Olof Cronstedt do na Rúisigh gan oiread is urchar amháin a scaoileadh.

Siúd is go rabh na huaisle ins na cathracha móra sásta síocháin a shocrú leis na forghabhálaithe, chuir muintir na tuaithe go dáigh dásachtach in éadan na Rúiseach. Is iomaí saighdiúir ar an dá thaobh a fuair cneá a bháis nó a loite ins na cathanna treallchogaíochta i samhradh na bliana 1808. Cha rabh na treallchogaithe in ann an cogadh caillte a chasadh i dtreo na buaidhe, áfach. De réir a chéile, chloígh díormaí na Rúise frithsheasmhacht na bhFionlannach, agus fá dheireadh na bliana bhí an gabháltas críochnaithe. Ós rud é gur polaiteoir cliste a bhí ins an tSár Alastair, áfach, rinne sé a dhóthain leis na Fionlannaigh a bhlandar chun dílseachta. Chuir sé Göran Magnus Sprengtporten, Fionlannach a bhí i seirbhís na Rúise, i gceannas ar an tír mar Ghobharnóir Ginearálta, agus gheall sé do Chomhthionól na nAicmí i mBorgå (Porvoo) i ndeisceart na tíre i dtús na bliana 1809 go bhfaighfeadh na Fionlannaigh a dtír a rialú de réir a ndlíthe féin, beag beann ar reachtaíocht na Rúise. Mar sin, an bunreacht céadna a cuireadh ar ceal ins an tSualainn gan mhoill i ndiaidh an chogaidh seo, d'fhan sé i bhfeidhm san Fhionlainn go ceann céad bliain ina dhiaidh!

moll cloch a heap of stones

ballóg ruin

daoiní de thógáil na háite people who have been brought up in the place (i.e. in Ikaalinen)

taobhú le go near, frequent (especially used with negation): Ní thaobhóchainn leis an diabhal áit sin ar ór ná ar airgead "I would not go near that effing place for love or money"

gearrcach nestling, fledgling of a bird

monamar or monabhar muttering

cion(t)siocair real, primary cause

céile comhráidh the one you are talking with

na seanfhondúirí the old people, "founding fathers"

maighistir: this is how máistir is pronounced in Ulster

Máistir Ealaíon Master of Arts

cláraitheoir registrar

faoi rothaí na gréine/na spéire, cad...? what on earth...?

sa trí phobal "in the three parishes" = around here, in these parts. Especially used with superlatives ("he is the ugliest man around here" = is é an fear is gráice sa trí phobal).

tátal (logical) conclusion (conclúid is used in all the senses of the English word "conclusion". The "conclusion" of a book could also be called clabhsúr.)

síothlaigh/síothló die (peacefully)

mo dhuine the person I am talking about (cf. English your man = the man you are talking about)

siabhrán slight derangement, obsession

thoisigh mé a dhéanamh: tá mé ag déanamh means, idiomatically, "I reckon, I guess, I estimate"

i gcruth go mbaintí deireadh seanchais as achan mhionscannal so that people usually talked and made a fuss about every little scandal until the matter was completely exhausted

traigéidí teaghlaigh is tinteáin family tragedies

ball place

bréagmhaisiú false decoration, window-dressing

a bhainfeadh an lúth as do ghéaga that would paralyse you (with fear)

seanbhallóg old ruin

tolgadh infection, contraction of a disease; galar a tholgadh to contract a disease; an rabhthas ag creidbheáilt go rabh tolgadh éigin sa ghaoth? did the people think you could catch some sickness from the wind, that there was an infection to be caught in the wind? - A related word is tolgán = (fit of) illness, meaning more or less the same as the Ulster word ulpóg. Tolgán I attested in Máirtín Ó Cadhain to start with, but according to Cora Cainte as Tír Chonaill, it is also found in Ulster.

d'iompaigh an lí iontu their faces changed colour ( FEM means "complexion")

sciorr an ráiteas seo ar fhear... a man let this statement slip

cnámh na minsí the bone of a she-goat: minseach FEM she-goat. "Cnámh na minsí", "bone of a she-goat", is kutunluu in Finnish, and all Lovecraft fans should understand what that is aiming at.

saighean seine-net for fishing

eangach FEM fishing-net

cránaí a big individual, especially a big fish

chuir sé fiacail ann he stopped talking about it (abruptly, in midsentence). Mostly used with negative, however. I am not quite sure if this is correct, but it did feel correct when I wrote it.

buachloch precious or magic stone

geasróga magic rituals, spells, charms, superstitions

an mhuintir isteach the blow-ins, people from other places, intruders

gloiní cianradhairc binoculars (also déshúiligh)

riclín ruin, ramshackle house

ceann also means "roof"

bhí drochbhail air it was in a bad way. Compare bail a chur ar rud = repair, put in order

inse hinge

smionagar smithereens (= smidiríní, conamar)

ealt a flock of birds. Sciordann éan as gach ealt (proverb) = there will always be the odd man out.

garaíocht help, helpfulness

garneacht grandniece

garnia grandnephew

Ja, ja, farbror Göran... (Swedish, explained in Irish in the text)

bunal bundle

portús breviary, prayer-book. However, Book of Common Prayer is in Irish Leabhar na nUrnaithe Coitianta, if you are curious.

deismireán curio, souvenir

leathbhreac is the same as leithéid

sa bhaile domh once I was at home. Remember that in many adverbial phrases which can be thought of as equivalents of a whole sentence (in this case, it could be, for example, a thúisce is a bhí mé sa bhaile aríst = "as soon as I was at home again"), the subject of that sentence is pointed out with the preposition do.

mionscrúdú minutious scrutiny

leideadh hint (I never remember whether leid, leide or leideadh is standard or Ulster dialect, so you must put up with all three. I'll try to bring some logic into this later.)

Rialtas na gCoimirceoirí: Mharaigh comhcheilg uaslathach Rí na Sualainne Gustaf a Trí i Márta den bhliain 1792. B'é an Diúc Karl nó Séarlas, deartháir an Rí, a tháinig i gcumhacht ina dhiaidh sin. In éineacht le Reuterholm, rúndiamhróir agus misticeoir a arabh gradam ard aige sna Saor-Mháisiúin, chuir Séarlas ruaigeadh ar lucht leanstana Ghustaf as oifigí tábhachtacha an stáit. Chuaigh Séarlas agus Reuterholm i gceannas ar an tír agus bhunaigh siad "rialtas na gcoimirceoirí": rialtas sealadach a bhí ann go bunúsach, ach is dócha go rabh an bheirt sin meáite ar a gcumhacht a bhuanú de réir a chéile. Ansin áfach tháinig Gustaf a Ceathair Adolph, comharba dlíthiúil an Rí, i mbun a mhéide, agus chaith sé Reuterholm amach as an chúirt. Chúlaigh an Diúc isteach chuige féin lena chuid ama a chaitheamh ag cóiriú seisiúin mharbhdhraíochta nó ag leagan geasróga de chineál éigin eile - caitheamh aimsire ar mhéadaigh tionchar Reuterholm go mór ar spéis an Rí ann.

geasróg charm, magic ritual

pisreog superstition

asarlaíocht New Age-ism, occultism

ag druidim le deireadh an dáin dó approaching the end of the poem. Pay attention that in such verbal noun constructions as contain "ag", "i ndiaidh", "tar éis", "in éis", "roimh", which are meant to replace a whole clause, the thought-of subject of this hypothetical clause is indicated by the preposition do. Compare:
sular bhain mésubject amach an stáisiúnobject "before I reached the station"; and the corresponding
roimh bhaint amach an stáisiúinthought-of object domhthought-of subject "before[= roimh] my [= domh] reaching the station"

i bhfarradh is compared with

Reuterholmi, Ruotsin herra... Fionlainnis atá anseo, agus blas beag de chanúint an Oirthir le haithne uirthi: "pöyät" ("na táblaí") in áit "pöydät" an chaighdeáin, "et löyä" in áit "et löydä" ("chan fhaigheann tú") an chaighdeáin. Tá an mheadracht ag déanamh aithris éigin ar Khalevala, éipic náisiúnta na Fionlainne, ach is beag dán i mbéaloideas na tíre seo nach bhfuil an rithim sin ag dul leis, dáiríribh.

ag léimnigh, ag rámhailligh (jumping, raving): Although dative forms are generally confined to fossilised forms, you should take note of the fact that feminine verbal nouns ending in -ach usually still have a dative ending in -igh after ag or do.

níl lámh agat ar an mharbhdhraíocht you have no practical idea of, no skill in, necromancy. Marbhdhraíocht = "dead-magic", i.e. necromancy.

"an cuidiú ag titim as a chéile": this is only an Irish translation of the Finnish original, apu alla hajoaa, which does not make the slightest sense either.

teimheal "trace, sign", here "unclear form, dark silhouette"

stádar a policeman's beat; here used for: wandering to and fro, as if on a beat.

fuarchúiseach can mean "apathetic" but also "cool, calculated, chilly, frigid"

míghreann malevolent gossip (Ulster dialect)

caidéis (Connacht dialect) gossip regarding somebody's way to dress, his personal matters or qualities etc., the kind of gossip that keeps tabloid press alive.

faidréiseach tedious, dull

saobhmhian perversion

aisling vision, dream

rúisc/rúscadh to mix, to stir

Heilsincí: seo é an litriú a mholanns an Foclóir Póca mar Ghaeilge ar Helsinki, príomhchathair na Fionlainne

ar shéala may mean "about to (do sth)" as here, but also "with the intention to (do sth)". It is an Ulster expression, frequent in Séamus Ó Grianna.

tuairisc + GENITIVE a chur to ask where something or somebody is

coigistigh/coigistiú confiscate

Turku iar-phríomhchathair na Fionlainne, áit a bhfuil ArdEaspag na heaglaise Liútaránaí ag cur faoi.

le rud éigin/ínteacht a bheith de bharr m'fhuadair 'na bhaile [= abhaile, chun an bhaile] agam to get something in return for my toil, a concrete reward I can take home with me

am druidte na háite the closing-time of the place. Druid/drud is used for "to close, to shut" in Ulster.

deireadh súile a bhaint de rud to give up one's hopes regarding sth.

aibhleog live coal, ember. This is Ulster Irish. Sméaróid is used further south.

béal-litríocht oral literature, orature, folklore

Pill ar an scéal anseo.