ceoldráma spáis, scéal eipiciúil atá suite amuigh ins an spás, agus eachtraíocht éadromchroíoch an Iarthair Fhiáin ag baint leis.
B'é Wilson Tucker, thiar ins na daichidí, an chéad duine a bhain úsáid as an téarma sin space opera, nó ceoldráma spáis. Tá an téarma féin bunaithe ar soap opera, is é sin, gallúntraí nó sobalscéal, agus blas dímheasúil ag baint leis. Nuair a chum Tucker an téarma seo, bhí clasaicigh an fhicsin eolaíochta, cosúil le Robert Anson Heinlein agus Isaac Asimov (gan aon trácht a dhéanamh ar Arthur C.Clarke ins an Bhreatain Mhór), díreach ag teacht i mbun a méide mar scríbhneoirí, agus Tucker ag tabhairt le fios gur scríbhneoireacht dháiríre nua-aimseartha a bhí eadar lámhaibh acu seo, i gcomparáid leis na húdair a tháinig rompu. Nó ní rabh iontusan, dar le Tucker, ach sclábhaithe d'údair agus iad ag táirgiú earraí do na hirisí éadroma lónléitheoireachta ar bhealach thionsclaíoch. Mar sin féin, cha rabh leithéidí Asimov comh difriúil sin leis na ceoldrámadóirí spáis. Bhain Asimov féin amach a chliú is a cháil le tríológ d'úrscéalta a dtugtar Tríológ na Fundúireachta, nó The Foundation Trilogy, uirthi, agus is ar éigean is féidir a mhaíomh nach bhfuil ins an tríológ seo ach ceoldrámadóireacht spáis den chineál is follasaí. Ar a laghad, tá go leor de phríomh-mhóitífeanna an cheoldráma spáis le haithne uirthi, cosúil le hImpireacht na Bó Finne - impireacht a shíneanns ó cheann ceann ár réaltra féin - agus leis na cathanna spásárthaí eadar na pláinéid a chuirfeadh cathanna na ngnátheitleán ins an dá Chogadh Dhomhanda i gcuimhne duit.
Is é an cineál scéal atá i gceist leis an cheoldráma spáis ná scéal éipiciúil eachtraíochta nár sparáladh an canbhás leathan air, agus imeachtaí an scéil seo ag titim amach ins an spás. Go minic, ní bhíonn mórán "eolaíochtúlachta" ag roinnt leis na scéalta seo. Níl ins na léasarghunnaí, na spásárthaí ná na cultacha brúchóirithe ach feistiú stáitse le cuma na hardteicneolaíochta a chur ar scéalta laochais den chineál thraidisiúnta. Déanta na fírinne, ní bheadh sé doiligh ná dodhéanta na scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta - na miotais Ghaelacha - a iompó ina gceoldrámaí spáis.
An dóigh a mbíonn an ceoldráma spáis i muinín mhúnlaí plotála na gnáth-mhiotaseolaíochta agus na gnáth-fhinscéalaíochta, tá sé le haithne, cuir i gcás, ar an chardáil a ghnítear ar an taisteal eadar-réaltach - ar na turasanna ó ghrianchóras go grianchóras - ins an cheoldráma spáis. Mar shampla, bíonn drogall agus leisce ar scríbhneoirí traidisiúnta an genre seo mórán taighde a dhéanamh ar an iarmhairt amleata.
Is é is iarmhairt amleata ann ná an dóigh nach ionann an t-am don té atá ag fanúint ins an bhaile agus don té atá ag dul go dtí Canopus (mar shampla) ar an spásárthach: de réir Einstein, nuair a bhainfeas mo dhuine amach Canopus, beidh sé beo beathaíoch i gcónaí, má bhíonn luas an spásárthaigh sách gar do luas an tsolais - siúd is go bhfuil Canopus suite níos mó ná trí chéad solasbhliain ar shiúl uainn. Nuair a thiocfas mo dhuine ar ais ó Chanopus, áfach, ní aithneochaidh sé an Domhan s'againn, nó beidh an t-am ar fad sleamhnaithe uaidh eadar an dá linn, siúd is nár mhothaigh sé na blianta ag imeacht ar aon nós nuair a bhí sé féin ag déanamh a bhealaigh trasna an spáis.
Is iomaí scríbhneoir ficsin eolaíochta a ghlac buntáiste ar an iarmhairt amleata seo - nó "paradacsa an chupla", mar a bheirthear air fosta - le haghaidh plotála, ach ní spás-cheoldrámadóirí a bhí iontu. Is coinbhinsiún tábhachtach é de chuid an cheoldráma spáis a bheag a dhéanamh den amleathadh nó fiú gléas ínteacht teicneolaíochta a thabhairt isteach a chuireanns ar ceal é - taisteal forsholasach, go bunúsach. Nó beidh sé i bhfad níos simplí gnáthscéal laochais fán troid eadar Maith agus Olc a phlotáil gan chuimhne a choinneáil ar an dóigh a gcuirfeadh teoiric na coibhneasachta an t-am as a riocht.
Glactar leis go mb'é Edward Elmer Smith - "Doc" - a chuir an chéad tús leis an cheoldráma spáis. Thoisigh sé ar an cheird leis an tríológ udaí Skylark, is é sin, tríológ na Fuiseoige. Is deacair, áfach, scéalta na Fuiseoige a ghlacadh dáiríre a thuilleadh, nó chan fhuil craiceann na fírinne ná na hinchreidteachta ar an phríomhlaoch - tá sé i bhfad rófhoirfe, róshaor ó laigí daonna.
D'éirigh ní b'fhearr le sraith Lensman, a tháinig ó pheann Doc Smith i ndeireadh na dtríochaidí agus ins na daicheadaí. Is é an cineál scéal atá i gceist le leabhartha na sraithe seo ná cur síos ar choimhlint atá ag dul suas ón leibhéal is ísle, go dtí go bhfaighfidh an léitheoir é féin i bpianpháis fá dtaobh de chinniúint na hOllchruinne ar fad. Nuair a chuaigh Doc Smith i gceann na sraithe seo, bhí sé i ndiaidh a chuid ceachtanna scríbhneoireachta a fhoghlaim ó laetha na Fuiseoige i leith, agus líofacht na scéalaíochta aige anois. Mar sin féin, bhí seanlocht an cheoldráma spáis ar na leabhartha i gcónaí, mar atá, an teicneachabaireacht, mar a deir lucht na ceirde. Is é sin, bhí laochra an scéil ag síorchaint fá dtaobh den mhaisíocht ardteicneolaíochta a bhí ag dul leis an scéal, rud a bhain go mór mór de chraiceann an scéil - nó ba léir gur leis an léitheoir a bhí siad ag labhairt, gan aon tucaid inmheánach de chuid an scéil féin leis an chabaireacht seo.
Maidir le hEdmond Hamilton, príomhchomharba Smith , bhí seisean ina cheardaí shároilte scríbhneoireachta, i gcomparáid lena dtáinig roimhe de cheoldrámadóirí spáis, Doc Smith féin ins an áireamh. Bhí Edward Hamilton tugtha do stáitsiú an fhicsin eolaíochta a chur i bhfeidhm ar chlasaicigh ghnáthléitheoireachta na litríochta Béarla - tá úrscéal aige, mar shampla - The Star Kings - nach bhfuil ann go bunúsach ach The Prisoner of Zenda le hAnthony Hope-Hawkins, agus é curtha in oiriúint do thimpeallacht an cheoldráma spáis. Tá blas áithrid den scigaithris agus den ghreann le haithne ar an leabhar.
Ins na caogaidí, áfach, tharraing Hamilton gnúis ní ba dáiríre air féin. Anois, chuaigh sé a thabhairt cur síos ar iompairc chumhachta na gcoilíneachtaí éagsúla spáis. Tá na coilíneachtaí seo i ndiaidh a neamhspleáchas a bhaint amach ón Domhan, ach anois, tá ag éirí eatarthu, agus gach aon choilíneacht ag iarraidh an Domhan a ghabháil daoithi féin, ós rud é go dtabhóchadh seanphláinéad dúchais an chine dhaonna an-chliú d'aon spásríocht a shealbhóchadh é. Battle for the Stars is teideal don úrscéal seo, agus tháinig sé i gcló an chéad uair ins an bhliain 1956. Is é The Haunted Stars an t-úrscéal is tábhachtaí dár bhreac Hamilton síos lá a shaoil, áfach. Ins an leabhar seo, tuirlingíonn na spásairí ar an Ghealach, agus is é an rud a gheibh siad rompu thuas ansin ná iarsmaí i ndiaidh sárshibhialtachta eachtardhomhanda. De réir a chéile, iompaíonn sé amach gurb í an tsárshibhialtacht seo a chuir an chéad bhun leis an chine dhaonna riamh, mar choilíneacht nó mar phlandáil. Is móitíf é seo atá spíonta inniu ag lucht na hasarlaíochta agus na húfó-eolaíochta, cosúil le hErich von Däniken, ach nuair a bhí Hamilton i mbun pinn, is dócha gur smaointiú úr a bhí ann go fóill.
Thoisigh an ceoldráma spáis den chineál "thraidisiúnta" a rith gann fán am sin. Ní rabh an oiread sin de na hirisí "laín" (pulp) fágtha ar an tsaol a thuilleadh, agus mar sin, ní fhéadfá do chuid a shaothrú comh réidh sin ar an chineál seo scríbhneoireachta ní ba mhó. Iad siúd a bhí ag cromadh ar fhicsean eolaíochta a scríobh ins an am, bhí uaillmhian liteartha orthu, agus iad ag déanamh a bheag den cheoldráma spáis, nach rabh ann, dar leofa, ach gnáthéalóchas.
Mar sin féin, tháinig scríbhneoirí úra ar an fhód ins na caogaidí féin agus iad ag scríobh litríocht den chineál áithrid seo. I dtús na gcaogaidí, bhain Poul Anderson - Meiriceánach de phór na Danmhairge - amach an-cháil agus é ag cumadh ceoldrámaí spáis a rabh an-gháifeacht iontu. D'fhéach sé leis na dlíthe nádúrtha a urramú ina chuid scríbhinní, ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne, níor éirigh leis gan déanamh in uireasa rudaí dodhéanta cosúil leis an taisteal forsholais. Ina dhiaidh sin féin, is dócha gurb é The Starman of Llyrdis le Leigh Brackett an ceoldráma spáis is tábhachtaí dár foilsíodh ins na caogaidí. Fear óg é an laoch, agus coimhthíos air roimh an ghnáthshaol. Gheibh sé amach, ansin, nach duine daonna ón Domhan é ar aon nós, ach duine de scothaicme eadar-réaltach spástaistil.
Ins an chéad leath de na seascaidí a tháinig an chéad scéal le Fred Saberhagen fá dtaobh de na Berserkers i gcló. An-smaointiú a bhí ins na Berserkers seo le haghaidh spás-cheoldrámadóireachta, nó is é an cineál rud a bhí iontu ná naimhde bagarthacha contúirteacha nach bhféadfá truaidhe ar bith a ghlacadh leofa. Meaisíní uathoibrithe troda a bhí iontu, agus iad fágtha mar iarsmaí i ndiaidh mórchogadh ínteacht spáis a bhí ligthe i ndearmad fadó. Anois, bhí siad ag dul timpeall an spáis ag déanamh ródaigh rompu, de réir a ríomhchláir, ar aon neach bheo a mbeadh de mhí-ádh air castáil orthu. Ar ndóighe, ní rabh sé deacair ag Saberhagen an dúrud de scéalta troda agus laochais a fháscadh as an bhunsuíomh seo.
Chuir an ceoldráma spáis a chraiceann de ins na seascaidí. Is iomaí íol a briseadh ins an am sin, agus ba dual do na hógánaigh cheannairceacha an-locht a fháil ar na scríbhneoirí ficsin eolaíochta a tháinig rompu. Is beag is ábhar iontais é gur cuireadh Faisisteachas agus gach aon mhioscais eile síos dófa siúd. Mar sin féin, níor thréig lucht an tseascaideachais an ceoldráma spáis, bíodh is go samhlófá leofa nach n-aithneochaidíst aon tsuáilce ar an genre. Nó bhí siad inbharúla gur scéalta príomhshamhaltacha laochais a bhí ins na ceoldrámaí spáis agus go bhféadfaidíst a n-úsáid féin a bhaint astu.
Tháinig spáscheoldrámadóireacht nua na Breataine Móire i gcrann ins na seachtóidí, nuair a scríobh Brian M. Stableford tríológ Dies Irae, ina gcuireann na daoiní cogadh ar ainmhithe saorga. Ins an am chéadna, bhí Barrington J. Bayley ag breacadh síos a chuid scéalta fá dtaobh den amthaisteal. Is é an suíomh a bhí ina chuid leabhartha ná dhá impireacht agus iad ag cur "cogadh ama" ar a chéile, ó bhí longa amthaistil ag an dá ríocht, agus iad ag iarraidh an stair a chlaonadh de réir a leasa féin.
Cad é a tharla ins na hochtóidí, ansin? Bhail, thar aon duine eile, ní mór Lois McMaster Bujold agus Iain M. Banks a lua. D'fhéadfá a rádh gur poil chontrártha iad. Is spás-cheoldramadóir éadrom í Bujold, agus Banks ag iarraidh uaillmhian ardliteartha a shásamh. Is Meiriceánach í Bujold, agus is í an Bhreatain Mhór is tír dhúchais d'Iain M. Banks. Ní thráchtar ach ar dhaoiní daonna i leabhartha Bhujold, ach tá úrscéalta Bhanks ag cur thar maoil le neacha eachtardhomhanda, eadar dhaonchosúil agus eile. Agus an cineál saoil a bíos ag na laochra in úrscéalta Bujold, níl sé doiligh do chomhionannú a dhéanamh leofa, ach maidir le Banks, is duairc, dothuigthe, suaithní, scanraitheach an seort ollchruinne a chuireanns sé os ár gcoinne.
Tá blas láidir an tsobalscéil ar a bhfuil scríofa ag Bujold. Na daoiní a chastar orainn ins an tsraith a chum sí fá dtaobh d'eachtraí an abhaic uasail udaí Miles Vorkosigan, gheibh an léitheoir dlúthaithne ar gach aon mhac máthar agus nighean athar acu, agus is deacair gan éirí fiosrúil i dtaobh a gcinniúna i ndiaidh an chéad chupla leabhar den tsraith a léamh.
Fosclaítear an tsraith le scéal gráidh Aral Vorkosigan agus Cordelia Naismith, arb iad tuistí Mhiles iad. Fear uasal agus oifigeach airm é Aral Vorkosigan. Déanta na fírinne, is ionann an dá rud ar Bharrayar, a bheag nó a mhór, agus is é is brí leis an réimír sin Vor- i dtús a shloinne go mbaineann sé le haicme na saighdiúirí uaisle. An chéim mhíleata atá ag Cordelia i spásloingeas Choilíneacht Beta, áfach, níl sí aici ach ar mhaith leis an fhoirmiúlacht. Go bunúsach, is spás-luibheolaí í. Tuirlingíonn dhá spásárthach - ceann ó Bheta, ceann eile ó Bharrayar - ar an phláinéad seo ins an am chéadna i nganfhios dá chéile, agus castar foireann an dá árthach dá chéile ag déanamh taighde agus mapála ar an phláinéad aineoil seo dófa. Éiríonn cath agus caismirt eatarthu, agus i gceann aimsire, is cúis chogaidh é cé leis an pláinéad seo.
Is follasach nach léiríonn Aral agus Cordelia mórán tuigse dá chéile i dtús báire. Is áit iargúlta é Barrayar, pláinéad a chaith na céadta bliain i ndorchadas na primitíbheachta i ndiaidh dá bhunadh dearmad a dhéanamh den ardteicneolaíocht. Dealraíonn sé gur mórthubaiste núicléach ba chúis leis an dearmad seo, nó is cuid de thraidisiún na mBarrayarach é an sceimhle a bíos orthu roimh na drochghéinte agus roimh na sócháin. Chuir na Barrayaraigh an chuid ba mhó den am seo isteach ag cogaíocht eatarthu féin, go dtí gur chuir an chéad Impire de rítheaghlach Vorbarra a thoil i bhfeidhm ar mhionuaisle an phláinéid go léir. Ina dhiaidh sin féin, bhí seaniarsmaí na radaighníomhaíochta comh láidir ag luí ar Bharrayar is go rabh sé de nós ag bunadh an phláinéid gach leanbh a bhí ó chuma a mharbhadh i ndiaidh a bhreithe leis na drochghéinte a throid. Is é an oidhríocht a d'fhág an nós seo ag na Barrayaraigh ná go bhfuil col agus snomh acu leis na sóiteáin - le haon duine a bhfuil de chuma air nach bhfuil a chuid géinte ar fónamh.
Nuair a tháinig an ardteicneolaíocht ar ais go dtí an pláinéad, b'iad muintir Cetaganda a thug leofa í. Agus nuair a tháinig siadsan, drochfhuadar amach is amach a bhí fúthu, nó is mar fhorghabhálaithe naimhdeacha a rinne siad a dtuirlingt ar Bharrayar. "Osdaoiní" saorga iad muintir Cetaganda, nó is cuid dá gcultúr í an bhithinnealtóireacht shofaisticiúil. Tá dóigh comh maith acu ar na géinte is gur féidir leofa na crainn a chur ag tabhairt cait is madraí mar thorthaí. Ach ós rud é gur gnách leofa innealtóireacht den chineál chéadna a dhéanamh ar ghéinte a gcuid páistí féin, is sóiteáin, arrachtaigh agus torathair uafásacha iad i súile na mBarrayarach. Ón taobh eile de, tá lagmheas ag muintir Cetaganda ar na Barrayaraigh, nach bhfuil iontu ach gramaisc d'fhaiteallaithe réamhstairiúla, dar leis na forghabhálaithe. Mar sin, ní díol iontais é go n-éireochadh ina chogadh eadar an dá dhream seo.An treallchogadh a chuir na Barrayaraigh ar na Cetagandaigh, tá sé i bhfad thart, agus a mhuintir féin i seilbh an phláinéid aríst le fada an lá. Ina dhiaidh sin féin, maireann iarsmaí an drochbhuille stairiúil i gcuimhne Aral Vorkosigan comh maith le muintir an phláinéid go léir. Mothaíonn muintir Bharrayar iad féin faoi lagmheas ag muintir Bhealach na Bó Finne ar fad, agus fonn millteach orthu a sásamh a bhaint as na Cetagandaigh - nó as aon náisiún choimhthíoch eile a chuirfeas bac orthu.