CUID A DÓ
Again, learners can take a look at a glossary here
Bhí an bhliain 1964 ag druidim lena deireadh agus an geimhreadh ar na bacáin, nuair a casadh seanfhear oibre orm ar stáisiún na dtraenach i dTampere - fear nach dtabharfaidh mé ach N. air feasta, ós beo do dhaoiní dá mhuintir i gcónaí. Bhí greas beag comhráidh againn fá lucht ár gcomhaitheantais in Ikaalinen, ach ansin chuaidh sé a bhaint fóideoga eile ar fad, agus é cineál míchompordach: "A mhaighistir, mhothaigh mé go rabh tú ag cur sheanchas an Roilbhéanaigh. Ba mhaith liom scéal amháin a inse duit, nó bíonn mo bhean i dtólamh ag áitiú orm na cúrsaí seo a chardáil le duine a bhfuil eolas a dtuigthe aige. Cúrsaí thar a bheith uafásach iad...Ach caithfidh mé mo sheal a thabhairt leofa. An bhfuil deifre ort?"
Go bunúsach, bhí mé le h-imeacht i gceann cúig bhomaite déag, ach déanta na fírinne cha rabh d'fhiachaibh orm aon deifre ar leith a dhéanamh. Thoiligh mé le fanúint leis an chéad traein eile. Ó bhí cotadh ar N. labhairt liom in éisteacht an tsaoil mhóir, thóg muid an bus go Pispala. Ansin a thuirling muid den ghléas siúil le tamall a chaitheamh ag spaisteoireacht, agus rinne muid ár gcomhrádh ag tarraingt ar chladach an locha udaí Pyhäjärvi dúinn. Bhí cuma na neirbhíse ar N. Uaireanta bhíodh sé ag caitheamh súil ina thimpeall mar a bheadh eagla air roimh lucht cúléisteoireachta agus gliúcaíochta.
D'úirt N. go dteachaidh sé ins na Gardaí Dearga comh maith le duine, agus é seacht mbliana déag d'aois sa bhliain 1918. Tráthnóna amháin fuair seisean agus beirt chomrádaí dá chuid ordú a dhul ar cuairt chuig Rolfwén leis an áit a shiortú. Chuala mé uaidh gur go gairid roimh an chéad chogadh a tógadh teach Rolfwén. Fán am sin féin bhí iomrá na haonarántachta ar an fhear féin, ach ina dhiaidh sin is uilig bhí an-iontas ar mhuintir na háite go roghnóchadh sé Ruutinkari thar aon bhall eile le cur faoi. Bhí a chostas féin ag baint leis an ábhar tógála a thabhairt a fhad leis an oileáinín. Nuair a bhí múrtha cosanta á dtógáil anseo is ansiúd san Fhionlainn le linn an chéad chogadh dhomhanda, b'é an chonclúid a bhain lucht an ghrinn as na cúrsaí ná "go mb'é an Roilbhéanach a thóg a theach i Ruutinkari ar tús, agus an tImpire ag déanamh aithris air anois."
Níor shroich an patról beag Ruutinkari ach le clapsholas, agus nuair a shroich, bhí fáilte cineál scigmhagúil ag Rolfwén roimh na Gardaí. Ní rabh mórán troscáin sa teach, arsa N., agus bhí cuma sách ainnis ar an bheagán a bhí ann. Na fraitheacha áfach, bhí siad breac le pioctúirí aistíocha, "réaltaí ilbhearacha agus a leithéidí". I gcúinne amháin bhí tábla beag agus cineál cloch dhubh air a dtáinig luisne dhearg inti le linn iad a bheith ag caint le fear an tí.
Ba chuimhneach liom focail an rabháin ón Rómáin: Tiocfaidh Zathucker, agus an criostal dearg.
Bhí N. ag inse leis i gcónaí: chuartaigh na Gardaí an áit, agus cha rabh siad in ann airm neamhcheadaithe ná ailp bhídh a aimsiú ansin. An fear a bhí i gceannas ar an phatról, d'fhiosraigh sé de Rolfwén go drochamhrasach, an gléas raidió a bhí ins an chloich dheirg le dhul i dteagmháil leis na Gardaí Bána. ("Cha rabh mórán cur amach ag na daoiní san am sin ar an teicneolaíocht, agus iontas á dhéanamh acu i gcónaí den ghuthán agus den raidió féin", a mhínigh N.) D'fhreagair Rolfwén gur sás le "radaíocht an talaimh a thomhas" a bhí ann, agus é á fhorbairt aige. Nuair a bheadh an gléas inúsáidte, bheadh sé sásta a áis a thabhairt do rialtas na nDearg le mianaigh agus miotail a aimsiú sa talamh.
Bhí na Gardaí eadar dhá chomhairle, ach b'é deireadh an scéil nach rabh i gceist acu ach airm, lón cogaidh agus biadh a choigistiú. Mar sin, bhí siad sásta an teach a fhágáilt le dhul síos sa tsoiléar, áit a rabh cupla seanraidhfil, mar a d'úirt Rolfwén, agus é thar a bheith sásta iad a thabhairt uaidh. D'fhan N. amuigh ag coinneáil súil ar fhear an tí, agus an bheirt eile ag siortú an tsoiléir.
Ní bhfuair siad thíos ansin ach cupla buicéad préataí, glasraí agus iasc leasaithe, agus an beagán a bhí ann ní thiocfadh le haon duine "ailp" a thabhairt air a chaithfí a choigistiú.
"Cá bhfuil na raidhfilí?" a d'éiligh ceann feadhna an phatróil agus mífhoighead ag teacht air.
"Is cuma duit fá na raidhfilí. Is spéisiúla agus is éifeachtúla i bhfad an t-arm rúnda a ba mhaith liom a chur in aithne daoibh: PÉIST AN MHEÁN-OÍCHE!"
D'airdigh Rolfwén a smigead go maorga agus é ag scairt focail aistíocha. "Ní chreidim gur teanga de chuid na ndaoiní daonna a bhí ann. Leis na froganna agus na caróga ba mhó a shamhlóchainn a leathbhreac", arsa N.
Ar an bhomaite sin thit cláraí na fraighe cúil ar urlár an tsoiléir leis an bhealach a fhágáilt glan d'arrachtach comh scanrúil is gur chuir cuimhne a radhairc féin baspairt ar N. i gcónaí. Bhí sé ag dul rite liom mórán céille a bhaint as an stadaireacht chainte a tháinig aige, agus é ar tí lúth a theanga a chailleadh; ach d'éirigh liom a thuigbheáilt gur péist mhór dhubh, trí mhéadar ar fad, a bhí ann a rabh lámha an phortáin aige comh maith le cloigeann an duine. "Chan ainmhí ceart a bhí ann ar scor ar bith. Tá gach aon leabhar zó-eolaíochta nó faisnéise fán dúlra léite agam ó thús deiridh, ach ní tháinig mé trasna ar phioctúir d'aon ainmhí a bheadh cosúil leis an arrachtach sin."
Fuair mo dhuine a leithéid de dhrochbhuille gur éalaigh sé i mbéal a chinn. D'éirigh leis an baile mór a bhaint amach, nó fuarthas ag rámhailligh as a mheabhair é ar adhmhaidin ins an tsráid udaí Mänttikuja. Tugadh go teach na ngealt i Hatanpää é agus thóg sé cupla seachtain air a theacht chuige aríst. "Ach b'é lár mo leasa é, i ndiaidh an iomláin, an t-am sin a chaitheamh ins an teach mhór. Nó eadar an dá linn ghabh na Gardaí Bána Ikaalinen, agus mura bhfaighinn bás sa teagmháil is dócha go gcuirfidist chun báis mé ina diaidh."
Ní fhaca N. an bheirt fhear eile riamh ina dhiaidh sin. Bhí sé suite siúráilte gur ith an t-arrachtach iad, ach ní dheachaidh aon duine ar lorg fios fátha an scéil riamh, agus an tír ina cíor thuathail ag cogadh na gcarad. Chreidtí gur éalaigh an bheirt fhear go Tampere ar nós go leor Gardaí Dearga eile sa taoibh seo den tír, agus go bhfuair siad bás i bpáirc an áir nuair a ghabh na Bána an chathair mhór. Ina dhiaidh sin féin, d'aithníodh na daoiní smúit dhiamhair dhothuigthe ar Rolfwén. Roimhe sin cha rabh ach iomrá na mbealtaí barrúla air, ach anois bhítí á sheachaint, agus faitíos ag teacht ar chuid de na daoiní roimhe. Shamhlaíodh muintir na háite rúndiamhrachtaí uafásacha le mo dhuine, siúd is nach rabh siad in ann aon mhíniú ceart a thabhairt ar an chineál rúndiamhrachtaí a bhí siad a mhaíomh.
"Caithfidh sé gur mhair sé an chéad chupla bliain eile ar a laghad ag coinneáil an pheata sin aige", arsa N., "nó nuair a bhíodh an sléacht ag dul ar na hainmhithe le teacht an fhómhair, cheannaíodh an Roilbhéanach ailp mhór feola, eadar mhuiceoil agus chaoirigh, fiú an chorr-bhó iomlán eadar chrúba is adharca. Bhí iontas ar an tsaol mhór is a mháthair fán oiread sin bídh a bheith ag teastáil ó fhear a bhí comh seang stiúgtha é féin. Ní rabh ann ach mála lán cnámha, dáiríribh, agus ní fhreastlaíodh sé ar chuairteoirí ach an oiread. D'fhiafraigh duine de cad é a bhí sé a dhéanamh leis an fheoil, agus b'é an freagra a thug sé ná go rabh baoití de dhíobháil air le haghaidh cráifisc. Cráifisc mo thóin! Cha dtiocfadh le portáin an locha go léir an ailp sin d'fheoil a ithe, agus is ar éigean má chuir an Roilbhéanach pota gliomach amháin ins an loch tráth a shaoil. Deirim leat go mb'é an t-arrachtach a bhí á bheathú ag mo dhuine."
Dealraíonn sé gur éirigh Rolfwén tuirseach den arrachtach i dtús na bhfichidí. Tháinig sé go hobann isteach i gcuan an bhaile mhóir agus thug ordú brící agus soimint a thabhairt chuige go dtí Ruutinkari ar an toirt, agus ba chuma leis fán phraghas. Cha rabh a fhios ag aon duine cad é a rinne sé leis an ábhar tógála seo nuair a fuair sé seachadta chuige é, ach bhí N. barúlach gur theastaigh uaidh bealach éalóidh na péiste thíos ins an tsoiléar a dhrud le balla bricí. Go gairid ina dhiaidh sin fuair Rolfwén ar cíos bothán i Rantopää - Ceann an Chladaigh - áit ar shocraigh sé síos ansin lena chuid cleathainsí ar fad. Bhí sé ar shéala a dhul as a mheabhair, de réir cosúlachta, nó bhí sé liathbhán ins an aghaidh, agus é ag creathnú le teann neirbhíse is ag monamar leis féin gan bheann ar na daoiní eile. ("Samhail leat, lá amháin tháinig uaisle ina araicis go geafta an bhaile mhóir, ach níor chuir sé aon sonrú iontu, agus é comh sáite ina chuid rámhaillí féin.") As Sualainnis a bhíodh sé ag labhairt, arsa N., agus an chosmhuintir dall ar fad ar a chuid cainte; ach thug an dochtúir Eränen corrchluais éisteachta dó, agus é in ann a rádh in aithris ar Rolfwén go mbíodh an fear aistíoch ag trácht ar an tsorcóir gan ainm, ar mhachaire Leng agus ar bhriseadh na séalaí. Bhíodh an dochtúir ag scríobh ar nuachtán na háite, agus spreag cás Rolfwén é chun cupla alt a fhoilsiú fán chontúirt atá sna pisreoga do lucht a gcreidte.
Cha rabh mórán scíste i ndán do Rolfwén ina áit nua ach oiread le Ruutinkari, nó cibé crothán céille a d'fhan aige fán am seo, thréig sé go doleigheasta é an t-earrach a bhí chugainn. Tugadh go Hatanpää na nGealt é, áit a bhfuair sé bás i gceann cupla bliain. "Bhí sé ag scairtigh ar Satakuua is ar Kutunluu - cnámh na minsí - nuair a tháinig carr an ospidéil á thabhairt léithi."
Níorbh é seo deireadh an scéil dhuairc, áfach. Bhí iomrádh na nathracha nimhe ar Ruutinkari, rud a choinníodh muintir Ikaalinen ag seachaint an oileáinín. Ag druidim le deireadh na bhfichidí chinn beirt fhear óg nach rabh i bhfad ag cur fúthu in Ikaalinen ar thuras a thabhairt ar an oileán, beag beann ar an rabhadh a fuair siad ó mhuintir na háite. Níor phill ach duine acu ina bheo, agus é féin beo ar éigean; cha rabh de chuideachta aige ins an bhád ach corpán dubh ata a chara. B'é scéal an fhir a fágadh lena inse ná gur mhothaigh sé neirbhís agus falsaer ag teacht air ag dul i ngaire don oileán don bheirt acu, agus faitíos glan ag teacht i leaba an mhíchompóird de réir mar a bhí siad ag tarraingt ar Ruutinkari. Bhí aithne na heagla ar a chara comh maith, ach ní rabh ceachtar den bheirt stócach sásta bheith ar an té is túisce a d'aidmheochadh a eagla. Ní rabh siad ach ag dul i dtír, nuair a nocht nathair dhubh, méadar go leith ar fad, agus thug sí rúid fúthu ag baint greim as an fhear eile. D'éalaigh siad chuig a mbád le pilleadh 'na bhaile, ach ní rabh nimh na nathrach i bhfad ag tabhairt bhás an bhuachalla bhoicht. Rinne dochtúir na háite an dubhiontas den scéal: is fánach fear fásta a tholgfadh bás comh tobann sin as nimh an chineál nathrach a bíos le fáil ins an Fhionlainn. Le cobraí is le mambaí na trópaice ba mhó a shamhlófá a leathbhreac, ach an seasfaidíst fuacht na tíre seo? Bhí ruball leis an scéal agus é níos aistí fós: tugadh an corpán go Tampere le tuilleadh taighde a dhéanamh air i saotharlann an ospidéil mhóir, ach má tugadh, thraoith an t-at go hiomlán eadar Ikaalinen agus Tampere. Ní rabh aithne na nimhe ná na nathrach ar an chorpán, agus b'é an breithiúnas a thug na dochtúirí thall ansin air ná go bhfuair an fear óg bás leis an taom chroí a bhuail é nuair a baineadh geit nó scanradh as go tobann.
Níor lig aon duine leathchos ar Ruutinkari ó shin i leith. Bhí baicle de bhuachaillí óga ann a rabh saint ins na heachtraí acu, agus iad ag beartú turas go Ruutinkari; ach mar a d'inis duine acu i bhfad ina dhiaidh sin, tháinig eagla uafásach orthu go tobann píosa beag sular shroich siad an t-oileán, agus ní rabh aon mhoill orthu tiontó ar ais.
Shíl mé go mb'é seo deireadh an scéil is na sceimhle, ach ní rabh ag maolú ar N. agus é ag spalpadh leis. An samhradh a bhí caite, ar seisean, d'éirigh taismeach do thriúr daoiní agus iad amuigh ag bádóireacht. Teaghlach óg a bhí ann, an mháthair, an t-athair agus nighean ocht mblian d'aois, agus báitheadh iad uilig nuair a d'iompaigh a mbád mótair béal faoi. Ní bhfuarthas na corpáin riamh, agus bhí muintir na háite ag déanamh iontais den tubaiste seo, nó bhí bun ar an aimsir, cha rabh iomrá an óil ar aon duine de na tuistí, níor bhuail an bád fá chloich ná fá bhád eile, agus thairis sin bhí snámh maith ag an triúr acu. I mbreis ar an méid seo - arsa N. - bhí madadh leofa, agus dá rachfadh na daoiní féin i dtóin phoill, chreidfeá go rabh sé i ndúchas an mhadaidh, mar ainmhí, an trá a bhaint amach. Oíche amháin ins an fhómhar chuaigh ceal i mbó a bhí ar féarach in oileán eile, agus fágadh an chuid eile den eallach ar mire ar fad. Agus chuaidh ródach mór roiste is réabtha ar eangacha na n-iascairí...
"Creid é nó ná creid, a Mhaighistir, ach is é an rud a chreidim féin ná go bhfuil Péist an Mheán Oíche, mar a thug an Roilbhéanach féin uirthi, - go bhfuil sí scaoilte saor anois, agus í ag déanamh gach cineál mioscaise timpeall an locha. Nach féidir a dhath a dhéanamh fá dtaobh daoithi?"
Bhí mé sceimhlithe scanraithe ag scéal N. Fear stuama siosmaideach a bhí ann a mbíodh srianta dochta aige ar a chuid taomanna, ach de réir mar a tháinig sé ar aghaidh ag inse leis, chaill sé a stuaim ar fad, agus tocht an chaointe ag teacht ina ghuth, go dtí gur scread sé na focail dheireanacha in ard a ghutha. Cad é a bhí le déanamh, dáiríribh? Cén cineál péist a mhairfeadh beo breabhsánta bíogúil i ndiaidh dhá scór bliain a chaitheamh faoi bhuanghlas na mbricí is na soiminte i soiléar seantí in oileán scoite scartha?
Gheall mé do N. go dteánfainn mo mharana ar an scéal agus go n-inseochainn dó fá cibé comhairle a rithfeadh liom.
Bhí mé glan ó chodladh m'oíche ag na tromluithe ina dhiaidh sin, agus mo chuid brionglóidí lán péistí dubha ábhalmhóra agus iad do mo ruaigeadh ó cheann ceann na sráide udaí Pirulankuja. Nuair a bhí mé ag iarraidh tearmann a fháil i gceann de na tithe, scoilt an t-urlár fúm, agus fuair mé mé féin in uaigh a bhí ag cur thar maoil le harrachtaigh. Bhí cuid acu cosúil le diabhail bheaga na scéalta béaloideasa, cuid acu ar déanamh péiste, agus an chuid ba mheasa tháinig siad as aislingí drugáilte na n-ealaíontóirí sicidéileacha. Bhí ceol míbhinn ag baint macalla as fraitheacha na huaimhe, ach má tháinig maolú air, chualathas gach a rabh i láthair ag scairtigh go rithimiúil: Iä, iä! Tsathoggua! Bhí téagar dubh uafásach ag teannadh ionsorm ó dhorchadas na huaimhe...Mhuscail mo bhéicíl féin mé, agus nuair a d'éirigh liom fá dheoidh greim a fháil ar ruball an tsuain, taibhríodh domh go rabh spásbhád uaine - an sorcóir gan ainm! - do mo thabhairt go Machaire Leng...
Nuair a chuimhnigh mé ar na brionglóidí seo ar maidin, agus iad ag cur baspairt orm i gcónaí, rith liom go mb'ionann an t-ainm udaí Tsathoggua agus Zathucker nó Satakuua! Is eadh, ach cad é a bhí i gceist le Tsathoggua? Cha rabh mé in ann ach Sead, an stát Afracánach, nó Sléibhte Ahaggar ins an tSahára a tharraingt orm...
Chaith mé an chuid ab fhearr den mhaidin ag iarraidh a theacht ar chomhairle ínteacht le fadhb na Péiste i Ruutinkari a fhuascailt. Ansin áfach sheachaid fear an phoist litir chugam a rabh an chéad leideadh do leigheas na faidhbe inti. Bhí fear seolta na litreach ag moladh an ailt a d'fhoilsigh Bibliofilos uaim, agus é ag lorg teagmhála liom, nó bhí sé barúlach go gcuirfinn spéis ina rabh d'eolas breise aige. H. Herbert Bladh ab ainm dó, docent i kryptokronologi, Åbo Akademi - léachtóir le rúnchróineolaíocht, Ollscoil Sualainnise na Fionlainne - agus guthán is seoladh priontáilte ar an lipéad chéadna.
SAINEOLAÍ NA DIAMHRACHTA DUAIRCE