I ndiaidh na dtrioblóidí seo, tháinig Caitríona Mhór ar athrú comhairle i dtaoibh shaoirse na scológ is na seirfeach, ní nárbh ionadh. Bhí an caochló seo le haithne ar a polasaithe cultúir fosta. I dtús a réime bhí sí an-ghnoitheach ag iarraidh faisiúin intleachtúla Phárais a chur chun cinn sa tír, ach ní rabh sí róthugtha don litríocht dhúchasach a bhí ar na bacáin fán am seo. Nuair a thoisigh sí a thabhairt airde uirthi, ní le dea-mhéin a rinne sí é. Chuir sí an-ghron ina rabh á chur ar pár ag na huaisle faoi thionchar an smaointeachais Iartharaigh chéadna a rabh sí féin comh doirte dó. Chaith sí Niocoláigh Nóiviocov, athair na hiriseoireachta Rúisise, i dtóin phríosúin, nuair a d'aithin sí go rabh sé ag foilsiú leaganacha Rúisise de scríbhinní radacacha Francacha. Bhí réabhlóid na Fraince sna fonsaí tógála san am, nó fiú faoi lántseol, rud a bhí ag cur go mór mór as don Bhanimpire, mar is léir ón dóigh ar chaith sí le hAileacsandar Raidistseav.
Chardáil mé cinniúint Raidistseav i gcomhthéacs eile cheana féin, ach ní miste cupla focal a rádh ina thaoibh anseo féin. D'fhoghlaim Raidistseav dlí i Moscó, agus ansin, chuaigh sé go dtí Leipzig na Gearmáine le dlaíóg mhullaigh a chur ar a oideachas ar an choigríoch, mar a theastaigh ó Rúisigh ardléannta a linne. Phill sé chun an bhaile agus thoisigh sé a dh'obair ina dhlítheoir ins an státseirbhís, rud a chuidigh leis aithne cheart a fháil ar iomlán na héagóra sóisialta ar fud na Rúise. Mar sin, scríobh sé leabhar - Taisteal ó Chathair Pheadair go Moscó - ina dtug sé cur síos neamhbhalbh ar na fadhbanna agus na trioblóidí a bhí ag crádh na tíre. Thairis sin, bhí sé de dhánacht i mo dhuine an tátal a bhaint as an scéal nach dtiocfadh feabhas ná biseach ar na cúrsaí ach córas an tseirfeachais a chur ar ceal agus na scológa a shaoradh ó bhráca. Réabhlóideachas lom mínáireach a bhí anseo, dar le Caitríona, agus ruaig sí Raidistseav chun na Sibéire i ndiaidh an fear bocht a dhaoradh chun báis ar tús. Tháinig Raidistseav slán ó thua an bhásadóra, ach nuair a fuair sé cead pilleadh chun an bhaile ón tSibéir, i ndiaidh bhás Chaitríona, bhí a chroí briste ag an chruatán, agus cha rabh biseach ar fáil dó: chuir sé lámh ina bhás féin le teann éadóchais.
Ní rabh réimeas Chaitríona saor ó chogaíocha, ach oiread. Nó chuir stáidbhean na Rúise, mar a thug Runeberg, file náisiúnta na Fionlainne, uirthi, - chuir sí cupla cath ar na Sualannaigh; ach b'é an sean-namhaid, sabhdán na Tuirce, ba mhó a tharraingíodh súil Chaitríona ina leith. Bhí Gustaf a Trí, rí na Sualainne, iontach araiciseach chun troda le hoirthear na Fionlainne a fháil ar ais ón Rúis, ach, thairis sin, bhí sé ag dréim le Cathair Pheadair a ghabháil, i gcruth is go dtiocfadh leis malairt impire a chur in ionad Chaitríona - impire a bheadh ina phuipéad ag an tSualainn! Ar ndóighe, thuirsigh Gustaf é féin agus a chuid saighdiúirí i bhfad roimh an chuspóir neamhréadúil meigleamáineach seo a bhaint amach ar aon nós; ón taoibh eile de, siúd is go rabh arm na Rúise ábalta go maith an fód a sheasamh in éadan na Sualannach, bhí an teagmháil seo ag éileamh fórsaí armtha a bhí ag teastáil ar chathéadan na Tuirce. Mar sin, nuair a socraíodh an tsíocháin i ndiaidh chupla bliain cogaíochta sa bhliain 1790, bhí an dá thaobh sách géilliúlach dá chéile, agus iad ar aon bharúil nach rabh aon ghá leis na teorainneacha a athrú soir ná siar.
B'é an t-éacht ba mhó i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh a d'éirigh le Caitríona ná críochdheilghilt na Polainne. (Nó an choir ba mhó, dar le muintir na Polainne.) Nuair a bhí rí nua le ceapadh don tír sin sa bhliain 1763, chuaigh Caitríona i muinín gach cineál uisce faoi thalamh agus bagairtí le puipéad dá cuid féin a chur ag rialú na tíre sin. Bhí an t-ádh léithi, nó gaireadh rí de Stanislaw August Poniatowski, iar-leannán leapa dá cuid féin, agus é ina ambasadóir Pholannach i gCathair Pheadair go dtí an ceapachán seo. Fear ró-éirimiúil, ró-thírghráúil a bhí i Stanislaw August le Caitríona a shásamh taobh amuigh den leaba, mar a d'iompaigh an scéal amach, nó bhain sé mealladh aisti ar fad lena chuid polasaithe: d'fhéach sé le córas polaitíochta na Polainne a fheabhsú is a dhaingniú agus an tsean-ainriail a ruaigeadh, agus é ag iarraidh eacnamaíocht na tíre a thabhairt i dtreo an bhisigh comh maith. Nuair a sháith Caitríona a ladar i saol pholaitiúil na Polainne leis an fhorbairt seo a chosc, chuaigh uaisle na tíre in anuabhar uirthi. Thionóil siad i mBar le konfederacja a bhunú - is é sin, cineál "comhcheilg phoiblí" nó comhcheangal den chineál a cheadaigh bunreacht na Polainne do na fir uaisle. Bhí sé de chuspóir acu ar tús an creideamh Caitliceach a chosaint, ach is é an chiall a bhain an chuid is mó de na baill as seo ná go rabh an comhcheangal le cath a chur ar Chaitríona agus ar na Rúisigh. Bhí lucht an chomhcheangail in ann slua mór saighdiúirí a earcú go sciobtha, agus iad ag éirí an-bhagrach i súile an Bhanimpire.
An chéad chuspóir a bhí ag an chomhcheangal, áfach - an cath i bhfách leis an Chaitliceachas - níor thaithin sé le cách i bPolainn ilnáisiúnta, ilchreidmheach na linne. Mura gcuireadh an Comhcheangal an oiread sin béime ar an chreideamh Chaitliceach, d'fhéadfaí Cosacaigh na hÚcráine - na Haighdeamacaigh - a chealgadh chun comhoibriú, ach mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, bhí na Cosacaigh as pabhar míshásta le pleananna na n-uasal, agus, ins an deireadh thiar thall, d'éirigh ina chogadh chathartha eadar an dá dhream. B'é ba toradh dó sin ná gur chuir an Rúis, an Ostair agus an Phrúis, an trí chomharsanach, - gur chuir siad ladar i gcúrsaí inmheánacha na Polainne aríst, agus ansin, chuaigh an chéad chríochdheighilt ar an tír, ins an bhliain 1772. Níor chaill na Polannaigh, áfach, ach píosaí beaga de thailte in aice leis na teorainneacha, ach b'é fíor-oighear an scéil gur cuireadh srianta i bhfeidhm ar rialtas na Polainne, srianta a bhí dírithe ar lucht rialtais na tíre a stopadh ó aon iarracht le córas rialaithe an stáit a leasú nó a nua-aoisiú. B'é an liberum veto an chloch ba mhó ar phaidrín na leasaitheoirí forásacha ins an Pholainn.
Is é is brí leis an liberum veto ná go rabh gach aon mhac máthar de na mionuaisle féin i dteideal bille ar bith a stopadh ins an Dáil - nó Sejm, mar a bheirthear uirthi as Polainnis - ach na focail nie pozwalam ("ní cheadaím") a rádh. Ní cheadóchadh Caitríona do na Polannaigh, áfach, an prionsabal seo a chaitheamh i dtraipisí. Fad is a bheadh sé i bhfeidhm, thiocfadh le Caitríona smacht iomlán a choinneáil ar an Sejm, nó ní bheadh de dhíth uirthi ach aon duine amháin de na teachtaí a bhreabadh chun reachtaíocht ar bith a chealú nach rabh ag teacht le sainleas na Rúise dar léithi féin.
Nuair a phléasc cogadh amach eadar an Rúis agus an Tuirc ins an bhliain 1788, ghlac na Polannaigh buntáiste air sin agus d'éirigh siad amach in éadan na Rúise. Ní rabh an t-ádh leofa ach tamall beag, áfach, agus b'é deireadh an scéil ná gur cloíodh an cheannairc, agus ansin, chaill an Pholainn cuid mhór dá críocha i gcríochdheighilt nua sa bhliain 1793. B'é Comhcheangal Targowica an gléas polaitiúil a bhí ag Caitríona leis an bhuille seo a chur i gcion: dornán de thiarnaí uaisle na Polainne a ghlac seasamh i bhfách leis an Rúis agus a chuaigh le chéile ina gcomhcheangal, agus iad ag iarraidh ar Chaitríona a theacht chun a dtarrthála agus "an dlí" a chur i bhfeidhm ar an tír in athuair. Chuirfeadh an cleas seo i gcuimhne ort an polasaí a bhíodh ag Stailín ins an fhichiú haois agus é ag cur smacht ar na "daonphoblachtaí" in Oirthear na hEorpa.
Go gairid i ndiaidh don darna críochdheighilt a theacht i bhfeidhm d'éirigh na Polannaigh amach aríst agus Tadeusz Kosciuszko i gceannas orthu, ach ní rabh rath ar an cheannairc seo, ach oireadh leis an iarracht roimpise. Nuair a bhí an cluiche caillte ag Kosciuszko, d'éalaigh sé béal a chinn as a thír dhúchais, agus chuaigh an treas críochdheighilt ar an Pholainn. B'ansin a cuireadh an tír de dhroim an tsaoil go dtí go dtáinig sí ar an fhód aríst i ndiaidh an chéad chogadh domhanda.
Fuair Caitríona bás sa bhliain 1796. Siúd is nár chruthaigh sí leath comh liobrálach ná mar ba mhaith léithi a chur in iúl, is léir go dtearn sí a dicheall an tír a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir agus an córas rialtais a chur in oiriúint do riachtanaisí an lae. Thug sí cuireadh d'fheirmeoirí Gearmánacha cur fúthu ins an Rúis le modhanna nua curadóireachta a mhúineadh do na scológa, ach is beag rath a bhí ar an scéim seo. Le linn Chaitríona a bheith ina banimpire a tháinig an práta chun úsáide ag muintir na Rúise fosta. Bhí sé sách fadálach ag dul chun leitheadúlachta, áfach. Mar a chonaic muid thuas i gcás na ceannairce atá ainmnithe as Pugaitseov, ní rabh Caitríona róchinnte fán dóigh cheart le ceist an tseirfeachais a fhuascailt ach an oiread. Níor thuig sé riamh go rabh na scológa ionraic fán dílseacht a bhí acu don Impireacht mar fhoras sóisialta, fiú nuair a bhí siad ag déanamh ródaigh ar na huaisle. Shíl na scológa go mba leofasan an talamh, agus go mba leis an Impire iad féin: is é an meas a bhí ag an scológ ar na tiarnaí talaimh nach rabh iontusan go bunúsach ach lonnaitheoirí agus mealltóirí a chuir iad féin eadar eisean agus an tImpire. Mar sin, má bhí sé i ndúchas na scolóige an tiarna talaimh a dhiúltú fá dhílseacht, níorbh ionann seo go fóill agus é a bheith ag diúltú don Impire. - Agus cibé fán spéis a chuireadh Caitríona i bhfealsúnacht na hEagnaíochta, nuair a tharraing na smaointíocha nua seo Réabhlóid na Fraince ina ndiaidh, baineadh stangadh as Caitríona, agus chrom sí ar ais ar an choimeádachas le linn í a bheith ag druidim le deireadh a saoil féin.
I ndiaidh bhás Chaitríona, tháinig a mac Pól (Paibheal) a hAon i gcomharbacht uirthi. Bhí Pól go tréan in aghaidh Réabhlóid na Fraince, agus é sásta conradh comhghuailiochta a shocrú leis an Tuirc - le bíobha bunaidh na Rúise féin! - chun cuidiú a fháil in éadan na Fraince agus a tionchair réabhlóidigh. Rinne an Rúis is an Tuirc an-chomhar ag cur ruaigeadh ar na Francaigh ó oirthear na Meánmhara. Roimh i bhfad, áfach, d'éirigh eadar an Rúis agus na tíortha eile a bhí ag iarraidh an réabhlóid a choinneáil taobh istigh den Fhrainc. Go háithrid, bhí na Sasanaigh an-teann as an smacht a bhí acu ar an fharraige, agus ní cheadóchaidíst d'aon stát eile a dhul in iomaíocht leofa. Bhí Pól géarbharúlach nach rabh cead ceart trádála ag na stáit eile fad is a choinneochadh na Sasanaigh súil ar achan long a mhusclóchadh a ndrochamhras. Bhí Pól comh haraiciseach is go dteachaidh sé chun cogaidh in aghaidh na Sasana fá dheoidh, agus d'ordaigh sé dá chuid Cosacach ionsaí a thabhairt fán India.
Níor thaitin an díth chéille seo le ginearáil na Rúise. Ba léir dófa nach rabh cabhlach na Rúise introda le loingeas cogaidh na Sasana. Leis an tír a shábháil ar ionradh na Sasanach, d'éirigh na ginearáil amach in éadan Phóil agus mharaigh siad é. B'é an mac ba sine aige, Alastair (Aileacsandar) a hAon a tháinig ina ionad ansin.
B'é Alastair a hAon an chéad Sár sa naoú haois déag, nó chuaigh sé i gceannas ar an tír in Earrach na bliana 1801; agus dealraíonn sé go rabh sé ar an Impire ba chumasaí dár rialaigh an tír san aois sin. I dtús a réimis shocraigh sé síocháin le Sasain agus leis an Fhrainc, le súil is go gcoinneochadh sé an Rúis glan ar an chogadh eadar an bheirt eile. De réir is mar a bhí Napoleon ag éirí bagrach, áfach, fuair Alastair riachtanach a dhul i gcomhghuaillíocht le Sasain agus leis an Ostair in éadan na Fraince. Rinne na Francaigh ciolar cíot d'arm na hOstaire is na Rúise in Austerlitz (Slavkov i nPoblacht na Seice ins an lá atá inniu ann) sa bhliain 1805, agus nuair a madhmadh ar na Prúisigh dhá bhliain ina dhiaidh, fuair Napoleon geaftaí na Rúise foscailte roimhe. Bhí Alastair cinnte nach dtiocfadh leis an fód a sheasamh in éadan Napoleon, agus shocraigh sé síocháin leis an Fhrainc le hanáil a tharraingt agus scíste nó cairde a fháil roimh an chéad teagmháil eile. D'iarr Napoleon ar Alastair cogadh a chur ar an tSualainn nach rabh sásta páirt a ghlacadh in Imshuí na hIlchríche, is é sin, an scéim a bhí ag Napoleon ilchríoch na huile Eorpa a dhrud ar longa na Sasana. Rinne Alastair mar a hiarradh air - ar a laghad, d'ionsaigh sé an tSualainn agus ghabh sé an Fhionlainn ó na Sualannaigh ins an bhliain 1809, rud a dearbhaíodh i gconradh síochána Hamina/Fredrikshamn. Thairis sin, chuir Napoleon duine dá chuid marascal, Jean Baptiste Bernadotte, i gceannas ar an tSualainn. Ní rabh Bernadotte, - ar gaireadh Rí na Sualainne de faoin ainm Séarlas Eoin (Karl Johan) - comh mór sin istigh le Napoleon mar a shamhlófá le ginearál dá chuid. Nuair a tuigeadh do Bhernadotte agus d'Alastair araon nach rabh an t-imshuí ach ag dul chun dochair don dá thír, eadar an Rúis agus an tSualainn, chuaigh siad i gcomhghuaillíocht le chéile in aghaidh na Fraince. Ní thabharfadh Alastair an Fhionlainn ar ais don tSualainn, ach gheall sé do Bhernadotte go rabh cead aige an Ioruaidh a ghabháil ón Danmhairg in éiric na Fionlainne.
Nuair a fuair Napoleon amach fán uisce faoi thalamh seo, chruinnigh sé le chéile na sluaite síoraí de shaighdiúirí as na tíortha uilig a bhí faoina smacht fán am seo - an Grande Armée, mar a tugadh ar an arm udaí. Thrasnaigh an Grande Armée teorainn na Rúise i ndeireadh Mhí an Mheithimh den bhliain 1812, ach má thrasnaigh féin, ní rabh moill ná cúl ar mhuintir na Rúise cur le chéile ar mhaithe leis an tSár, leis an tír agus leis an chreideamh, in aghaidh an "tíoránaigh aindiaga", mar ab fhacthas Napoleon dófa.
I ndiaidh chath Bhoroidíonó i Mí Mheán Fómhair den bhliain chéadna d'éirigh le Napoleon Moscó a bhaint amach. Bhí an chuma ar an scéal go rabh na saighdiúirí á gcur thar a n-acmhainn aige, agus súil aige go dtiocfaidís trasna ar bhiadh is ar bheatha ins an chathair. Bhí na Rúisigh tar éis an áit a thréigbheáilt, a bheag nó a mhór, gan plaic bhídh a fhágáil ina ndiaidh. Le teann frustrachais, chuir Napoleon cuid den chathair le thine, ach má chuir féin, cha rabh gar ann: ní bhfaighfeadh sé aon tairiscint síochána ó Alastair cuma cá fhad eile a d'fhanfadh sé. Ins an deireadh thiar thall, cha rabh de roghain aige ach pilleadh 'na bhaile. Ansin, áfach, bhí geimhreadh míchliúiteach na Rúise ag teannadh ar a chuid saighdiúirí, agus chuir treallchogaíocht na Rúiseach go mór mór leis an éag a bhí ag siúl ar an Ghrande Armée. Nuair a d'fhág Napoleon an Rúis, ní rabh ach fear amháin fágtha aige as achan chúigear déag a bhí aige nuair a thoisigh sé ar an fheachtas.
Tháinig díormaí dochloíte Alastair sna sálaí ag Napoleon, áfach. Faoi cheannas an tSáir chruinnigh stáit na hEorpa le chéile in aghaidh na bhFrancach, go dtí go dteachaidh an dá arm chun teagmhála i gCath na Náisiún in aice le Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1813. An bhliain a bhí chugainn, 1814, bhain Alastair amach príomhchathair na Fraince, áit a bhfuair sé fáilte an laoich ó mhaithe agus ó mhóruaisle na hEorpa.
Tá cliú mhaith ar Alastair i gcónaí, go háithrid i bhfarradh is an cineál Impire a bhí ina athair. Dealraíonn sé, áfach, go rabh an dá Alastair ann, nó, i mbreis ar an oideachas shaorealaíonta a fuair sé, níor sparáladh diantréanas an tsaighdiúra air ach an oiread, nó bhí a athair géarbharúlach go gcaithfeadh an buachaill an taobh sin den tsaol a fheiceáil comh maith céadna. B'é ba toradh don déscarúint seo go rabh Alastair ag guagaíl eadar an dá thine Bhealtaine go lá a bháis.
I dtús a réimis chuir Alastair ar bun club comhráidh, "coiste na maitheasa poiblí", mar a bhaist sé air in aithris ar ainm an rialtais réabhlóidigh ins an Fhrainc. Ní rabh i gceist leis an choiste seo ach fir uaisle ag útamáil le smaointíocha radacacha nach rabh inchurtha i gcrích ins an Rúis ar aon nós ná slí. Nuair a d'éirigh ina chogadh dhearg eadar an Rúis agus an Fhrainc an chéad uair, scoir Alastair an coiste seo.
Cha rabh mórán ratha ar Mhíocháil Spéaranscaí ach an oiread. Bhí seisean ina Phríomh-Aire (nó ina Phríomh-Státrúnaí, de réir na téarmaíochta oifigiúla) ins na blianta 1807-12, agus é as pabhar díocasach ag féacháilt le córas rialtais na tíre a leasú is a chur in oiriúint don aois úr. Theastaigh uaidh dúmaí nó tionóil ionadaíochta a bhunú ar achan leibhéal i riarachán na tíre - ó dhúma an pharóiste go dúma na huile Rúise (sin le rádh, bhí sé meáite ar phairlimint cheart a chur ar bun ins an tír) - ach nuair a tháinig a chuid pleananna a fhad le seo, thoisigh Alastair a chur amhrais iontu: cha rabh sé ag dréim lena dhath dá chumhacht uathlathach a thabhairt uaidh (nó a "tharmligean", mar a deirtear i mbéarlagair an dlí), i ndiaidh an iomláin. Ins an bhliain 1812, chaill Spéaranscaí a phost, agus dibríodh go dtí an tSibéir é. Mar sin féin, cuireadh cineál dúma nó comhairle stáit ag obair de réir mar a bhí leagtha amach ag an phríomh-aire mhí-ádhúil. Ní pairlimint d'aon chineál a bhí ann, áfach, ach comhthionól comhairleach, agus an Sár féin ag ainmniú na gcomhaltaí. Seanghinearáil a bhíodh ar an chomhairle seo, an chuid ba mhó acu.
Nuair a bhí Napoleon cloíte, tháinig maithe is móruaisle na hEorpa le chéile i Vín le caoi cheart a chur ar chúrsaí na hilchríche aríst. Fágadh an Rúis i seilbh na Fionlainne, agus pronnadh an Ioruaidh ar an tSualainn ina héiric. D'éirigh ina achrann mhór eadar Alastair agus lucht rialtais na Prúise is na hOstaire fán Pholainn, nó bhí Alastair barúlach go mba chóir an Pholainn a athbhunú mar stát a bheadh neamhspleách go foirmiúil, ach é a bheith faoi aon choróin leis an Rúis. Ins an deireadh thiar thall, fuair Alastair an chuid lárnach den tír sin, limistéar ar tugadh "Polainn na Comhdhála" nó "Ríocht na Comhdhála" air, ós rud é go mb'í Comhdháil Vín a chruthaigh an stát seo. (Królestwo Kongresowe nó Kongresówka an leagan Polainnise.) D'fhág Alastair cineál féinrialtais ag na Polannaigh, ach má d'fhág, níor mhair sé ach tamall. Ins na blianta a bhí chugainn, d'iompaigh sé amach nach mó ná sásta a bhí na Polannaigh le pronntanas seo an tSáir, agus iad ag éirí amach ina éadan uair i ndiaidh uaire, go dtí go bhfacthas do na Rúisigh nach rabh de roghain acu ach an féinrialtas a chur ar ceal agus gnáthchúige a ghairstin den "ríocht".
Mar ba dual don Rúiseach, bhí féith an reiligiúin is na rúndiamhróireachta reiligiúnda in Alastair féin, agus mhol sé do na ríthe is na rialtóirí eile comhghuaillíocht a shocrú le chéile "leis an tsíocháin bhuan is an creideamh Críostaí a chosaint in éineacht". B'í seo an Chomhghuaillíocht Naofa, agus an chuid eile de lucht rialtais na hEorpa barúlach nach rabh ann ach seafóid. Mar sin féin, b'é ba toradh don chomhdháil is don chomhghuaillíocht gur thoisigh na polaiteoirí Eorpacha a ghlacadh na Rúise dáiríribh mar pháirtí comhoibrithe. Thar aon rud eile, bhí na ríthe is na polaiteoirí coimeádacha i dtíortha eile meáite ar iarsmaí na réabhlóide Francaí a choinneáil faoi smacht, lucht leanstana nó adhartha Napoleon thar aon dream eile. Bhí an Rúis araiciseach chun cuidiú leis an chuid eile acu ins an obair seo, rud a thabhaigh an-mhíchliú don tír i measc lucht an radacachais ar fud na hEorpa: bhaist siad "gendarme na hEorpa" ar an Rúis.
Tháinig Aileicséigh Araictséigheav i gcomharbacht ar Spéaranscaí. Ginearál a bhí in Araictséigheav, agus dearcadh dian míleata aige ar chúrsaí na tíre. D'fhág sé a shliocht ar an chuid deiridh de réimeas Alastair, ach ní rabh sé ábalta na leasuithe sóisialta a stopadh a rabh bun curtha leofa ag Spéaranscaí. Deirtear go seasann an dá thréimhse agus an dá chineál Príomh-Aire i réimeas Alastair don dhá chineál Alastair a bhí ann, an leasaitheoir forásach agus an saighdiúir dian dána.
Fuair Alastair bás sa bhliain 1825, agus praiseach déanta aige de chúrsaí na comharbachta. D'eitigh an duine ba sine dá chlann mhac, Constaintín, don choróin ó thús; mar sin, chan fhuair an Sár de bhealach éalóidh ach ordú rúnda a thabhairt uaidh ag gairstin rí-oidhre den mhac eile, Niocoláigh (Nioclás). Bhí an t-ordú seo ag teacht crosach ar an dlí a bhí achtaithe sa bhliain 1797 le achrann comharbachta a sheachaint, agus nuair a tháinig Nioclás i réim in áit Chonstaintín, shíl go leor daoiní gur forghabháil mhídhlíthiúil cumhachta, nó coup d'état, a bhí déanta ag Nioclás.
D'éirigh comhcheilg d'oifigigh óga radacacha amach in éadan Niocláis, agus iad ag baint a leasa as an chuma dhoiléir a bhí ar chúrsaí na comharbachta. Ós rud é gurb i Mí na Nollag den bhliain 1825 a rinne siad a gceannairc, baisteadh ainm na nDeacaibristithe, nó lucht Mhí na Nollag, orthu. (Dekabr' an focal Rúisise a chiallaíonns "Mí na Nollag", agus níl sé doiligh a aithne go bhfuarthas mar iasacht ón fhoinse Laidine chéadna é agus an focal Béarla udaí December.) Cha rabh aon rath ar an éirí amach seo, áfach. A mhalairt ar fad, nó thug sé siocair don tSár cúngrú uafásach a dhéanamh ar achan chineál freasúra. Scríobh an seanréabhlóideach agus an dírbheathaisnéisí Aileacsandar Hertzen, nach rabh ach ina bhrín óg fán am seo, - scríobh sé ina dhírbheathaisnéis ríspéisiúil Byloe i dumy ("Cuimhní cinn agus smaointíocha") go dtáinig athrú cuma ó bhonn ar an Impireacht le teacht Niocláis i seilbh na corónach. An té ar mian leis a ríomh cá ham a chuaigh an Rúis go deifnideach ar bhealach a míleasa, is dócha nach mbeidh sé mórán as cosán má chuireann sé an marc i Mí na Nollag den bhliain 1825. Tugaimis cluais éisteachta do Hertzen:
[...] Mura rabh i séimhe Alastair ach cur i gcéill - nach mb'fhearr an cur i gcéill féin ná an tíorántacht fhoscailte, mhínáireach?Maidin amháin sa gheimhreadh, go míthráthúil b'fhéidir, tháinig an Seanadóir ar cuairt chugainn. Bhí cuma bhuartha air, nuair a tháinig sé, bhí coiscéim ghéar ghasta faoi agus é ag tabhairt aghaidh ar staidéarlann m'athara. Sméid sé orm fanúint sa tseomra mhór agus dhruid sé an doras ina dhiaidh.
Cha rabh mé, áfach, i bhfad ag déanamh iontais de cibé rud a thit amach. Tháinig foscal beag ar dhoras an halla, agus fear a rabh gnúis dhearg air ag cur forrán orm de chogar íseal: b'é seo giolla an tSeanadóra, agus léim mé chuige ar an toirt.
- Nach gcuala tú an scéala? a d'fhiafraigh sé.
- Cén scéala?
- Fuair an tImpire bás i dTaganróg.
Bhain an nuaíocht seo cliseadh agus stangadh asam, nó go dtí seo níor taibhsíodh domh riamh go bhféadfadh an tImpire bás a fháil. Tógadh le hurraim mhór d'Alastair mé, agus tháinig cumhaidh orm anois i ndiaidh an lae a chonaic mé an uair dheireanach i Moscó é. Bhí muid ag déanamh spaisteoireachta, agus casadh ag Tvéarscaighea Zastava orainn é. Bhí sé ag taisteal i gcuideachta cupla ginearál, agus é ag pilleadh ó Chodaonca, áit a mbíodh na saighdiúirí á gcur ar inlíocht. Bhí gnúis fháiltiúil air, agus aghaidh bhog chruinn, ach bhí sé ag amharc cineál tuirseach nó buartha. Nuair a tháinig sé a fhad linn, d'airdigh mé mo hata dó; chuir sé sonrú ionam, agus é ag meangadh gáirí is ag beannú domh. Nach mór eadar é agus Nioclás, fear a chuirfeadh meidiúsa bearrtha le croiméal i gcuimhne ort!