Tobar na hÉigse

Gearrscéal Fantaisíochta

le

MAARIT VERRONEN

Cuid a Dó

Panu Petteri Höglund a d'aistrigh

Ar nós mhuintir na Bléasláice go léir, bhí lucht an tábhairne sin iontach araiciseach chun bleid a bhualadh ar aon duine a rabh cuma an strainséara air. Shíltí an dúrud de mhuintir na dtíortha coimhthíocha fán tuaith i gcónaí, nó cha rabh daoiní ón choigríoch ag stopadh san óstán ach le cupla mí anuas, agus an chorrdhuine acu a tháinig a fhad le sráidbhaile Jezakina féin, cha bhuailfeadh sé isteach i dteach an ólacháin. Fir chnagaosta agus seanóirí ba mhó a bhí ag déanamh teanntáis orm, agus an chuid ba mhó acu dall ar theangacha iasachta, rud nár mhaolaigh ar a bhfonn comhráidh ar aon nós. Ar ámharaí an tsaoil, bhí Gearmáinis réasúnta maith ag Jaro, gabha an chroiméil mhóir.

B'é Jaro laoch na háite. D'úirt sé gur chaith sé cupla bliain sa phríosún ar chúiseanna polaitíochta go dtí go bhfuair sé "athoiliúint spiadóireachta".

"D'fhoghlaim mé roinnt Gearmáinise agus garrantóireachta agus cuireadh ag obair in óstán galánta mé, áit a rabh turasóirí aosta ón Ghearmáin ag teacht ar thóir sláinte", a mhínigh sé go gealgháireach. "B'é an jab a bhí agam ná cluais a thabhairt do chomhrádh na dturasóirí gan a nochtadh dófa go rabh an teanga agam agus tuairisc a thabhairt ar a gcuid seanchais go tráthrialta don Rúnseirbhís."

B'iad na banaltraí óga sciamhacha a bhíodh ag comóradh na "rachmasóirí" ba mhó a bhíodh faoi scrúdú ag Jaro, agus na tuauiriscí a bhreacadh sé síos le haghaidh na Rúnseirbhíse, bhíodh "an-lón léitheoireachta iontu, agus iad an-mhioninste ar fad, ach is fánach focal fírinne a bhíodh iontu". Ag cur síos ar na laethanta a bhí dó, bhí Jaro iontach mall ag dul in anás seanchais, agus thóg sé cupla uair an chloig orm é a chur ag trácht ar chúrsaí a sheanfhóid féin:

"Chuala mé go dtáinig coiste an tseanrialtais chónaidhmigh anseo a dhéanamh taighde ar Khrzarka, agus fonn ar na boic mhóra mianadóireacht nó tionsclaíocht de chineál ínteacht a chur ar bun anseo..."

"Is iomaí coiste a tháinig a smúrthacht an bealach seo ar feadh deich mbliana", a d'fhreagair Jaro. "Is mór an trua nach rabh mise anseo san am. Bheinn ar an chéad duine ag bualadh bob orthu, ar mhaithe leis an spraoi amháin. Chuala mé go mba nós leofa cupla duine de mhuintir na háite a fhruiliú le biadh agus earraí eile gnáthúsáide a sholáthar dófa. De ghnáth, áfach, chloídíst lena gcuideachta féin, agus treoraí dá gcuid féin acu."

Shílfeá gur ag iarraidh mé a bhodhrú le miontréithre seafóideacha a bhí Jaro, ach níor theip m'fhoighde orm. B'é an treoraí tromán an scéil. Bhíodh duine ar leith ag treorú geolaithe agus luibheolaithe ar a dturasanna go Krzarka; duine nach rabh cosúil leis an chuid eile acu. Mar a d'inis Jaro, ní bhíodh mórán spéise ag na saineolaithe ina gcuid oibre: bhídís ag diúgadh a gcuid buidéal agus ag falsóireacht thart. Bhíodh an treoraí iontach dúthrachtach, áfach, agus é ag dul ar lorg samplaí as a stuaim féin, á bpacáil agus á lipéadú go cúramach.

B'é an seanscéal aríst é, ach an iarracht seo ní rabh an t-eolas á scabadh ar fud an domhain, ach á choinneáil faoi cheilt. Fear ó Khrzarka a bhí ins an treoraí, agus é ar a dhicheall ag iarraidh na socadáin seo de shaineolaithe a chur ó dhoras. Mar sin, chuir sé dallamullóg amach is amach ar na taighdeoirí. Cuma cén cineál acmhainní agus saibhreas nádúrtha a bhí ins na sléibhte, d'fhéach fear Khrzarka chuige nach bhfágfaí ach dramhaíl mar shamplaí ag lucht an choiste taighde.

Ar áit na mbonn, d'fhostaigh mé Jaro go ceann dhá lá le teanga a dhéanamh domh ar mo chamchuairt. Theastaigh uaim go gcuideochadh sé liom a theacht ar achan duine a rabh treoraí de chuid na dtaighdeoirí feicthe aige. B'fhéidir nach mbeadh ann ach am is airgead amú, nó bhí léarscáiliú na n-acmhainní nádúrtha i gKrzarka críochnaithe le fiche bliain anuas. Mar sin féin, bhí mé meáite ar gan a dhath a ligean thar mo chluais.

Chaith mé an chuid eile den Luan agus an Mháirt go léir ag dul ó bhaile go baile le ceastóireacht a chur ar bhreis is deichiúr d'fhinnéithe aosta nár theip buaidh na cabaireachta ar aon duine acu. De réir a chéile, rinne mé siúráilteacht de nach mbíodh ach aon duine amháin ag treorú na saineolaithe. Ag deireadh na gcaogaidí, ní rabh ann ach fear folláin óigeanta nach rabh aon rud as an ghnáth ar a chosúlacht. Ní rabh aon chomhrádh déanta ag aon duine dá bhfaca é a rachadh thar an ghnáth-mhionchaint: ní bhíodh d'ábhar cainte acu ach an chuma a bhí ar an aimsir agus an mhíchuma a bhí ar chóisir na saineolaithe a rabh an treoraí ag obair dófa.

Chuir mé isteach airneál na hoíche ag ól i mbeár an óstáin, ó nár rith aon chaitheamh aimsire eile liom; thairis sin, ba mhian liom na ceisteanna casta a ruaigeadh as mo chloigeann go ceann tamaill. Cha rabh aon mhaith ins na hagallaimh, rud a d'aidmhigh mé liom féin nuair a d'fhág mé slán ag Jaro ar leic a dhorais féin. Chinn mé ar lá saoire a thógáilt Dé Céadaoin agus freastal ar chomhdháil na meitéareolaíochta. Bhí léacht Ghrab socraithe go déanach tráthnóna, agus bhí a fhios agam go gcuirfinn stainc éigin air dá dtiocfainn a dh'éisteacht leis.

Nuair a tháinig mé isteach sa léachtlann, ní rabh mé i bhfad ag cur sonrú i bhfear a bhí ina shuí ar an treas suíochán ón chiumhas sa tsraith is faide siar, nó cha rabh an cineál lipéad ainm ar a bhrollach a bhí á chaitheamh ag lucht na comhdhála. Shíl mé nach rabh ann ach duine de mhuintir na háite a bhí fruilithe le timireacht a dhéanamh: teilgeoir na sleamhnán a oibriú, físchaiséid a chur sa taifeadán, lampaí nua a sholáthar don osteilgeoir, agus araile. Cha rabh cuidiú den chineál seo de dhíobháil ar an chéad bheirt, agus is beag adhmad a bhain mise as a gcuid cainte, nó bhínn an t-am ar fad ag caitheamh corrshúil thar mo ghualainn le fáil amach cad é a bhí eadar lámhaibh ag an fhear anaithnid. D'fhan sé ina shuí ina sheanáit, agus é ag éisteacht go fiosrach.

Bhí Grab ar an treas léachtóir, rud a thug orm dearmad a dhéanamh d'fhear an chúlbhinse. Bhí Grab comh sotalach is ba dual dó, agus cupla duine den lucht éisteachta ag draothadh gáirí go ciúin fán dóigh a rabh sé ag toghadh a chuid focal. Ar an drochuair domh féin, ní bhfuair an duine mórán locht ar a chuid torthaí. B'fhacthas domh go gcuala mé duine éigin ag rádh i gcogar i m'aice: "Bithiúnach cruthanta atá ann, mar Ghrab - ach tá sé cumasach, agus an ceart aige." B'fhéidir gur mé féin a d'úirt é - nó a shíl é.

I ndiaidh Ghrab, b'é a dheargnamhaid a tháinig os ár gcomhair - Francach beag bogchoiscéimneach a chaith léaráidí agus táblaí dúisitheacha ar an osteilgeoir ceann i ndiaidh a chéile. Bhí sé in éis luachanna a thomhas anseo, ansiúd agus ar fud an domhain agus an chuma orthu go rabh siad ag cur lena theoiric. Ní rabh mórán cur amach agam ar an teoiric féin, ach mura rabh, bhí mé ag tacú léithi ar chúiseanna prionsabálta, ó nár imigh lá le leathbhliain anuas nach mbeadh Grab ag bodhrú na ndaoiní ina thimpeall ag tabhairt bogmharú don teoiric.

Nuair a bhí an léacht istigh, b'ón tsraith ab fhaide siar a tháinig an chéad cheist. Sheas an fear gan lipéad ainm suas agus é ag fiafraí i scoth an Bhéarla, cad é mar a tháinig an Francach ar a chuid luachanna:

"Thug mé fá dear go bhfuil ceann de na stáisiúin mhonatóireachta suite i Sléibhte Khrzarka anseo ins an Bhléasláice. Cha dtearn aon duine monatóireacht thráthrialta riamh ar chúinsí na nádúra ansin. Áit aistreánach iad na sléibhte, agus níl thar dhornán beag daoiní eolach ar an taoibh sin tíre ná in ann a mbealach a dhéanamh ansin. Tá aithne agam ar achan duine atá ábalta treoir a dhéanamh do chuairteoirí is do thaighdeoirí i gKrzarka. Ní rabh aon duine againn ag cuidiú leat, a Ollaimh."

Tháinig luisne i ngnúis an Ollaimh ón Fhrainc, agus chrom sé ar a chuid páipéar a shiortáil. Tharraing duine eile ár súil ar na stáisiúin mhonatóireachta eile, agus iad uilig suite i gcríocha corracha cúil in áiteanna aistreánacha nár tomhaiseadh luachanna meitéareolaíochta iontu riamh roimhe seo. Scannal ceart eolaíochta a bhí ann - an rud céadna a ghuigh mé riamh ar Ghrab, an diabhal. Nocht Grab féin go mínáireach an t-áthas a bhí air i ndiaidh thuathal a chéile iompairce. Bhí sé ag pramhsáil ar dhá leath a thóna le teann ríméid: chreidfeá gur cat i ndiaidh cúplála a bhí ann.

Comh míshásta is a d'fhág gliondar Ghrab mé, níor thuig mé ar tús gur fear ó Khrzarka a bhí ann ina steillebheatha agus é i mbun an chineál oibre ba dual dá mhuintir leis na mílte bliain anuas. Nuair a rith an smaoitiú seo liom, ghlac mé corraí le muintir Khrzarka an chéad uair riamh, beagnach in éadan mo thola féin. Chuaigh an tallann feirge thart, ach bhí sé d'uain agam mo chéad mharana a dhéanamh ar chupla ceist mhíchompordach nach rabh a bhfreagra agam.

Má bhí muintir Khrzarka comh críonna sin, cad fáth a rabh siad ar a seachnadh i gcónaí? Cad fáth a rabh siad ag cúlbhinseoireacht go fóill, agus cead léachtóireachta acu lá ar bith? An rabh siad comh díspeagúil inár leith is nach mba mhiste leofa caitheamh linn mar nach mbeadh ionann ach páistí ag súgradh. D'fhágaidíst bloc anseo agus bréagán ansiúd lenár gcuid smaoitíocha a thógáil is a chleachtadh, deiridíst an chorrfhocal nó dhó mar chuidiú linn.

Cé a cheadaigh dófa geáitsí an mhúinteora uilefheasaigh a chur orthu féin agus iad ag draothadh gáirí fán dóigh a rabh muid ag dul ar strae? Cén fáth a bpillidíst ar a seantost a thúisce is a bhíodh botún dár gcuidne ceartaithe acu? Nach mba leofa féin an pláinéad comh maith linn-ne: dá dteánfaimist dochar don Domhan, bheidíst thíos leis ar nós gach uile dhuine eile? An amhlaidh nach rabh siad ach leisciúil? An searbhóntaí dá gcuidsean a bhí ionainn? An dtiocfadh leofa a gcuid smaoitíocha a thabhairt i gcrann ar a leontaí féin, nó an rabh siad inár dtuilleamaíne leis an gharbhobair theoiriceoireachta is innealtóireachta a dhéanamh?

Bhí faobhar ag teacht ar an dóigh a rabh an léachtóir agus lucht a éisteachta ag caitheamh anuas ar a chéile, ach tháinig deifre ormsa a dhul ar thóir fhear Khrzarka, agus é ag téaltú leis as an léachtlann go malltriallach. Bhí an fear seo ní b'óige ná treoraí Jezakina, nó bhí lúth na hóige ina chuid géag. Ag tréigbheáilt na léachtlainne domh féin, diabhal a dhath a chonaic mé ach teimheal duine ar an taobh eile den fhorhalla. Thug mé ruathar faoi, ach bhí sé ag dul amach ar an doras mhór cheana. Amuigh sa chlós dúinn scairt mé air, ach má scairt féin, diabhal freagra a fuair mé. Chonaic mé rud éigin ag creathnú i measc na mbeaglán sa pháirc, shíl mé go mb'é cóta fhear Khrzarka é, agus rith mé liom ar a lorg aríst. Tháinig mé ar chabhsa nó bóithrín a bhí ag dul i measc na dtor, agus rianta de bhróga ar an talamh, ach i ndiaidh píosa beag a chur díom bhain mé amach crosbhealach, agus loirg dhoiléire ag dul i sé threo éagsúla ar a laghad. Ní rabh aon leide le fáil cé acu bealach a chuaigh fear Khrzarka.

Phill mé ar an óstán agus mé ag guí gos íseal go dtiocfadh fear Khrzarka ar ais. D'éirigh mé as an ól amach is amach agus chaith mé a rabh fágtha den chomhdháil i mo shuí ag éisteacht le gach aon léacht is ag dianstaidéar na bpáipéar taighde. Phacáil mé mo chuid cleathainsí le chéile go dlúth, le bheith ábalta an áit a fhágáilt go gasta. Dhóigh mé mo chuid nótaí, nó ba leasc liom iad a iompar liom, gan trácht ar iad a fhágáilt fá réir ag aon duine a thiocfadh an bealach. Thuig mé anois nach rabh mé riamh ach ag cur dallamullóg orm féin leis an aisling a bhí agam rún Khrzarka a nochtadh don tsaol mhór. Níor mhian liom a leithéid a dhéanamh ar aon nós: ní bhéinn sásta mo chuid eolais a roinnt le haon duine eile. Mé féin ba túisce a fuair amach fá dtaobh de Khrzarka, agus bhí mé i dteideal an chúnsóg seo a choinneáil agam féin.

Níor nocht fear Khrzarka é féin ag an chomhdháil athuair, ní rabh oiread is ballaíocht aithne ag aon duine air, ná focal comhráidh déanta acu leis. Bhí an scéal comh soiléir is a bhíodh riamh: cuireadh ladar beag i bhforbairt na heolaíochta le drochtheoiric a chaitheamh i dtraipisí - agus ansin, sheangaigh an gníomhaire as i nganfhios d'aon duine eile i ndiaidh a dhualgas a chomhlíonadh.

Ba díchéillí an mhaise domh fanúint san óstán, díreach mar a bheinn ag dréim leis an fhear a theacht ar ais le camchuairt threoraithe ar Khrzarka a fhógairt do lucht na comhdhála. Thoisigh mé a ghlacadh leis go gcaithfinn a dhul go Krzarka i m'aonar, rud a chuir an-eagla orm, siúd is go rabh mé ullmhaithe go cúramach. Ní rabh a fhios agam, ná fiú barúil, cad é a bhí i ndán domh i gKrzarka. Bhí iontas an domhain orm comh hiomlán is a bhí an áit ligthe i ndearmad ag an tsaol mhór. Cad é a bhí amuigh ansin - cad é a bhí i gKrzarka ar aon nós, mar rud?

Chaithfinn an freagra a fháil amach - chaithfinn fáil amach fá dtaobh dá lán rudaí eile le cois Khrzarka féin. Ní rabh an darna rogha fágtha agam a thuilleadh - ní shamhlóchainn pilleadh. An lá céadna a d'imigh mé liom go dtí an Bhléasláice, tháinig mé trasna ar phíosa páipéir. Litir oifigiúil a bhí ann - litir ó dhochtúir áithrid chuig mo mhuintir is mo chomhoibrithe. Lena cheart a thabhairt don tseanlúbaire, níorbh é Grab a bhí taobh thiar den scéal seo, áfach.

Bhí mé i ndiaidh a dhul faoi scrúdú ag an dochtúir seo, ach nuair a tháinig mé ina fhianaise an uair sin, chuir sé roinnt ceisteanna aistíocha orm, agus é ag cur i gcéill nach rabh a dhath eadar lámhaibh aige ach cuid de ghnáthchúraimí sláinteachais na hollscoile. A dhubhéitheach a thug sé, áfach: nó b'iad mo mhuintir is lucht m'aitheantais a d'iarr ar an dochtúir mé a bhlandar chuige féin leis an scrúdú seo a dhéanamh. Ní gnáthchleachtóir dochtúireachta a bhí ann ach an oiread, ach siciatraí. Scríobh sé sa litir go rabh ordú oifigiúil sínithe aige chun mise a chur i dteach na ngealt i m'ainneoin. Bhí an t-ordú sin ag na húdaráis anois, lena chur i gcrích.

Ar chúis ínteacht, cha rabh aon tuigse cheart riamh ag an dochtúir, ag mo mhuintir ná ag mo chuid comhoibrithe ar a rabh i gceist agam. Níor thuig siad riamh an fonn a bhí orm le foinsí na héigse a bhaint amach is le fanúint ina n-aice. Theastaigh uathu go bpillfinn: go gcuirfinn mo chuid smaoitíocha i bhfocail, go mbreacfainn ar pár iad, i gcruth is go bhféadfadh an chuid eile acu a bheag a dhéanamh díofa. Ní thaobhóchainn leofa a thuilleadh.

Bhí mé i ndiaidh an tionscadal taighde ba tábhachtaí a chríochnú, beag beann ar aon duine eile, agus d'aimsigh mé an rud a bhí mé a chuartú: an áit áithrid sin ar dhroim an domhain as a dtáinig gach aon bhlúirín eolais agus gach aon chromán éigse go dtí an saol mhór amuigh. Bhí mé ag síoráitiú an méid seo orm, go dtí go rabh deireadh an amhrais cloíte agam. Tráthnóna Dé hAoine, nuair a bhí an chuid eile de lucht na comhdhála á bhfáscadh féin isteach i dtacsaí an aerphoirt, thóg mise liom mo chnapsac agus d'imigh liom a dhéanamh mo shiúlóide ar an chosán in aice leis an bhruach.

Mhaolaigh mé mo choiscéim ag ceann thoir an locha le lán mo shúl a bhaint as an ghrian a bhí ag dul faoi os cionn mharbhchiúnas an uisce. D'aithin mé boireann liathbhán i measc na luifearnaí, agus bhí moll mór clocha ina bhalla os mo choinne fá chéad slat díom.

Bhí a fhios agam go mbeinn i gcroílár Khrzarka roimh theacht an dorchadais - agus cha rabh mé le pilleadh choíche.

A CHRÍOCH SIN

MAARIT VERRONEN

a chum

Tobar na hÉigse - Viisauden lähde

Panu Petteri Höglund a d'aistrigh go Gaeilge le caoinchead an Údair léannta. Tháinig an gearrscéal seo amach an chéad uair ins an díolaim Viimeinen lapsitähti ja muita ylimääräisiä ihmisiä ("An Réaltóg Linbh Dheireannach agus Daoiní Iomarcacha Eile"). Kirjayhtymä a d'fhoilsigh in Heilsincí sa bhliain 1994. Uimhir ISBN: 951-26-3925-4.