Rugadh Britney Spears ar an dóú lá de Mhí na Nollag 1981 i Kentwood i Louisiana sna Stáit Aontaithe.  Tá sí ina cónaí anois i Hollywood.  Is bean óg í.  Tá a cuid gruaige fada agus tá a súile donn.  Tá sí thart fá 1m 65cm ar airde agus tá thart fá 55 kg inti.  Jamie atá ar a hathair agus Lynne atá ar a máthair.

Tugann a cairde “Bit Bit” uirthi.  Is fearr léi bheith ag siopadóireacht, ag amharc ar scannáin, ag léamh úrscéalta rómánsúla agus ag snámh.  Is breá léi bheith ag dul go dtí an trá.

Is iad snámh, leadóg, galf agus cispheil na spóirt is fearr léi.  Is iad Mel Gibson, Tom Cruise, Brad Pitt, Ben Affleck agus Leonardo Di Caprio na haisteoirí is fearr léi.

Is maith léi bheith ag ithe pizzaí, hot-doganna, pasta, brioscaí agus uachtar reoite agus ceapairí rósta.  Is é gorm an dath is fearr léi.

Is iad Mariah Carey, Whitney Houston, Madonna, Brandy agus Lauren Hill na hamhránaithe ban is fearr léi.  Is iad Michael Jackson agus Prince na hamhránaithe fir is fearr léi.  Is iad TLC, Aerosmith agus Goo Goo Dolls na grúpaí is fearr léi.  Tá tionchar ag Madonna, Whitney Houston, Mariah Carey agus Otis Redding ar a ceol.

Ceannaíonn sí a cuid éadaigh i Betsey Johnson, Bebe, A/X agus Rampage agus i siopaí eile nach iad.  Caitheann sí bróga reatha, t-léinte agus brístí géine.  Is maith léi a stíl a athrú i gcónaí.  Is maith léi íomhá dearfach a chur chun tosaigh.

Ní maith le Britney a cosa.  Síleann sí go bhfuil siad ró-mhór!