gafa

Tús agus Eithne

Sa sliocht seo ó “Gafa”, .i. an chéad trí chaibidil, faigheann an léitheoir spléachadh ar staid truacánta.  Tá an bhean sa scéal seo, Eithne, go huile is go hiomlán léi féin.  Cé go bhfuil fear céile agus clann aici, tá saol uaigneach aici mar tá sí imeallaithe ina baile féin. 

Eoin

Tagann sí ar threalamh a bhaineann le drugaí faoi leaba a mhic, Eoin.  Ní mhothaíonn sí féinmhuiníneach go leor ina teach féin chun an cheist a phlé lena mac.  Níl ag éirí go rómhaith leis an stócach ar scoil agus tá an méid sin ina ábhar imní ag Eithne fosta.

Breandán

Ní amháin sin, ach níl cuidiú ar bith le fáil aici óna fear Breandán.  Ní bhíonn cumarsáid cheart idir an lánúin na laetha seo.  Tá sé féin i mbun caidrimh rúnda leis an rúnaí ón scoil agus is léir uaidh sin gur cuma leis faoina bpósadh.

Sinéad

Is gnáthdhéagóir í a n-iníon, mar atá Sinéad.  Ní cuidiú ar bith dá máthair í agus Eithne céasta ag fadhb na ndrugaí.  An méid sin ráite, níl an mháthair leath chomh buartha faoi iompar an chailín agus atá sí faoi na rudaí atá idir lámha ag a mac.

San úrscéal seo léiríonn an t-údar, Ré Ó Laighléis, go bhfuil drochghaol ar fad idir na príomhcharachtair.  Tuigeann an léitheoir an méid seo de thairbhe nach féidir leis an mháthair sa scéal, Eithne, an fhadhb mhór lena mac a phlé leis an duine is cóngaraí ina saol, mar dhea, a fear céile féin.  Ní féidir léi a muinín a chur ann.  Bíonn leisc uirthi fiú an fhírinne a chur faoi bhráid Bhreandáin mar tuigeann sí nach dócha go seasfaidh sé léi ina cruachás.  Tá “Gafa” scríofa san aimsir láithreach, rud a chuireann go mór le dráma agus le teannas an scéil.

Téama

Foghlaimíonn an léitheoir nach féidir le teaghlach maireachtáil go maith le chéile muna bhfuil muinín, meas agus cumarsáid i láthair.
Clann Lir