Cliceáil anseo
   
  English
   
  Íoschóipeáil
   
   
 
   
   
   
   
   
   
 
   
   
   
 

Tús Maith Leath na hOibre | A Good Beginning is Half the Work!

Tús Maith | Cúrsa Féinteagaisc Gaeilge d'Aosaigh !

Tús Maith 1: Is cúrsa spreagúil féinteagaisc Gaeilge d'aosaigh é an cúrsa seo.  Is le haghaidh daoine fásta ag tosú ar an teanga a fhoghlaim atá an cúrsa seo.

Féachtar ann, chomh maith le buntús eolais ar an  teanga a sholáthar, le léargas ar ghnéithe d’oidhreacht chultúrtha na Gaeilge a chur ar fáil. Tá míreanna ann, mar shampla, ar logainmneacha, ainmneacha daoine agus ar thraidisiún amhránaíochta na Gaeilge Téacs lándaite agus trí dhiosca. Praghas: £20 nó €30.  Lacáistí ar fáil do ghrúpaí. 

Le fáil ó:

ÁIS, 31, Sráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath 2

Teil: ++353 1 6616522

i siopaí leabhar ar fud na tíre  nó díreach ón fhoilsitheoir:

Ogmios, 10 Bóthar Dhún an Chreagáin, Doire BT48 OAD 

Teil:  ++44 28 71264714

r.macgabhann@ulster.ac.uk 

Beidh Tús Maith 2, an dara cuid den chúrsa seo, réidh le foilsiú roimh dheireadh 2003.

:: Tairiscint Speisialta ::

Cuirfear ar fáil mar phacáiste ranga cóip iomlán den chúrsa (téacs agus dioscaí) + deich gcóip den téacs (gan dioscaí) ar £120/ €180. Bheadh an pacáiste seo an-fhóirsteanach do chlub nó eagras atá ag iarraidh ranganna Gaeilge a sholáthar dá chuid ball (eagras contae CLG, mar shampla, nó CCÉ).  Ná déan moill. Ordaigh anois é!  Níl ach líon teoranta pacáistí den chineál seo ar fáil.

Má ordaíonn aon eagras trí cinn ar a laghad de na pacáistí seo, beidh údar an chúrsa ar fáil le seimineár a reáchtáil do na múinteoirí ranga ar mhodh oibre agus ar chur chuige an chúrsa.  Tuilleadh eolais faoin seimineár seo ón fhoilsitheoir.

Is iarléachtóir sinsearach le hOideachas Aosach i Scoil an Oideachais d’Ollscoil Uladh Risteard Mac Gabhann, a bhfuil blianta taithí aige ag plé le foghlaimeoirí aosacha agus ag traenáil múinteoirí don earnáil aosach.

Arna chur i dtoll a chéile ag: Pól Ó Muireasáin | Gaeltrans