Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

AN CEACHT LE FOGHLAIM ÓN RÚIS INNIU - CUID A hAON CUID A DÓ CUID A TRÍ

NA CÁNACHA MAR PHRAGHAS NA SAOIRSE

Ní hé anord agus feasbhaidh cheannasaíochta an stáit an t-aon chúis amháin leis an dóigh a bhfuil bunchearta an duine fágtha chun sliobarnaí ins an Rúis. Tá cúis eile ann, mar atá, an státchiste folamh. Tá an síorghanntanas airgid ag creimeadh saoirse an duine aonair ar an dóigh chéadna agus go bhfuil sé ag baint de chumas féinchosanta míleata na tíre. Tá cearta an duine ag brath ar úsáid fhónta an airgid phoiblí, comh maith leis an údarás phoiblí a bheith á chur i bhfeidhm go h-éifeachtach, - rud is léir don té a chuala iomrá ar an drochbhail atá ar phríosúin na Rúise inniu. Má tá na rátaí mortlaíochta thuas in airde ar fad, go h-áithrid de dheasca galair thógálacha ar nós na créachta (fuair dhá mhíle de phríosúnaigh bás leis an aicíd seo ins an Rúis sa bhliain 1996 amháin) i measc na ngardaí comh maith leis na cimí, ní haon drochíde a bheir na séiléirí do na príosúnaigh is cúis leis an chruachás seo, ach plódú uafásach, biadh do-ite agus feasbhaidh an chineál dochtúireachta is bunúsaí. Ní haon chéasadh d'aontsiúl atá i gceist le sárú chearta an duine aonair anseo, ach bancbhriseadh an airgeadais phoiblí. Mar sin, ní féidir le stát bancbhriste gnoithe an stáit liobrálaigh a dhéanamh, cibé fá "leibhéal cultúrtha" na tíre.

Nuair atáim ag trácht ar dhócmhainneacht (insolvency) na Rúise, nílim a mhaíomh nach bhfuil na hacmhainní ann ná a rádh go bhfuil na saoránaigh shaibhre shócúla ag rith gann. Nó tá an dá chuid le fáil sa Rúis, eadar airgead agus lucht a chaite. Is é an rud atá mé a mhaíomh ná go bhfuil an stát féin comh dócmhainneach is nach bhfuil sé in inmhe a cheart dlíte a scimeáil de bhrabús an náisiúin lena chaitheamh le seirbhísí poiblí a chur agus a choinneáil ag imeacht, in áit gach pingin ruadh a fhágáilt i bpóca na gcaimiléirí gnoithe. Is stát neamh- nó frithliobrálach í an Rúis, toisc go bhfuil sí comh báite sin i bhfiacha gan acmhainn a nglanta. Agus tá sí dócmhainneach mar stát, toisc go bhfuil sí comh lofa sin - toisc nach bhfuiltear ag cloí le haon chaighdeán ná fiú íosmhéid sna seirbhísí poiblí, agus na cáiníocóirí ag diúltú an rialtais fá chánacha, toisc nach bhfuil muinín dá laghad acu as an rialtas.

Ceann de bhuncheachtanna an nua-fhrithliobrálachais Rúisigh is eadh é nach féidir cearta an duine a choinneáil i bhfeidhm ach an chumhacht chuí a bheith ag an stát le cáin a ghearradh is le h-airgead a chaitheamh. Le h-acmhainní a bhaint as an tsochaí go h-éifeachtach, ní mór don stát bheith sách láidir le cuidiú a fháil ó na saoránaigh. Ní hionann an lámh láidir agus an stát láidir liobrálach, ós rud é go bhfuil an "stát láidir", sa chiall liobrálach, go bunúsach ag brath ar an údarás dlisteanach, ar an rialtas atá in ann tacaíocht in aisce a bhlandar ó mhuintir na tíre. Má bhagraíonn feidhmeannaigh an stáit an mhíle murdar ar na gnóluchtaí nach n-íocann na cánacha mar is cuí, agus an saol mór is a mháthair eolach go hiomlán ar an dóigh a sciobann na feidhmeannaigh chéadna leofa féin gach pingin chánach dá gcuireann siad lámh orthu gan sciúrtóg ruadh a fhágáilt sa státchiste, ní féidir a shamhlú leis an lucht gnoithe ná le cáiníocóirí eile, ná a éileamh orthu, go dtabharfaidíst uathu go múinte béasach an cháin atá dlite díofa. Má tá an stát le cánacha a ghearradh ar an tsochaí go rathúil, caithfidh sé a bheith ábalta cuma is craiceann an chothrom féinne a chur air féin agus ar a bhfuil eadar lámhaibh ag lucht a stiúrtha, cuspóirí an chaiteachais phoiblí a chur in iúl ar bhealach intuigthe, agus a dhul i gcomhar le dreamanna agus gníomhaithe tábhachtacha sa tsochaí chun comhfhadhbanna a réitiú.

Mura féidir le rialtas na Rúise bunchearta an duine a chosaint, níl siad in ann ach an oiread an comhshaol a choinneáil glan ó nimh, leabhartha a chur i lámhaibh na bpáistí bunscoile, scannáin x-ghathaithe a choinneáil leis na hospidéil, pinsean a íoc leis na seanoibrithe, asfalt a chur ar na bóithre, na traenacha a choinneáil ag imeacht nó an t-uisce sna sconnaí a dhéanamh inólta, agus is é an réasún céadna é i gcónaí: níl siad in ann freastal ar na riachtanaisí poiblí, ó nach dtig leofa na h-acmhainní a bhailiú ón náisiún ná a chur i dtreo a gcuspóirí cearta, glan ar lámh cham na gcoirpeach. Tá na cúirteanna ag obair, is fíor, ach tá duillíní na gcúirteanna fágtha chun deiridh, ós rud é nach bhfuiltear ag cur a ndóthain caiteachais i leataoibh fána gcoinne, agus an méid airgid féin a ghealltar do na cúirteanna, is minic a chuireanns lucht na headarghabhála gach cianóg de ina bpócaí féin. An dóigh a bhfuil na bunchearta ag brath ar na cánacha, mar sin, taispeánann sé gurb á an stát a sholáthraíonns na cearta. Na cearta "diúltacha" féin, ní díonadh iad le ladar an stáit a choinneáil ar shiúl ó shaol an duine aonair: is iad na cáiníocóirí a mhaoiníonns na cearta seo lena gcuid airgid, agus is cuid iad de na seirbhísí sóisialta a chuireanns an rialtas ar fáil in éiric na gcánach le leas an duine aonair agus na sochaí araon a chosaint.

AN MHAOIN AGUS AN STÁT

Cuid de seo is eadh é an ceart úinéireachta. Tharraing an Rúis Shóibhéadach ár súil ar an dóigh a dtig le dlíthe is rialúcháin an stáit gníomhaíocht eacnamaíoch an duine aonair a thachtadh. Cruthaíonn an Rúis iarShóibhéadach gur féidir don ghustal phríobháideach eacnamaíochta a dhul in éag in éagmhais an Stáit comh maith. Mura bhfuil an stát in ann cearta an duine aonair chun úinéireachta a shainmhíniú go soiléir, a phronnadh ar an duine cheart agus a chinntiú dó de réir an dlí, ní leor an úinéireacht leis an duine a chur ag coinneáil bail mhaith ar a chuid féin, ná ní leor an t-ollphríobháidiú leis na daoiní a chur i mbun gnoithe dá gcuid féin.

Ní hamháin go gcaithfidh an rialtas an margadh a chomhlánú agus an dlaíóg mhullaigh a chur air. Ceist níos bunúsaí atá ann. Leis an mhargadh a chur ar bun agus a choinneáil ag imeacht tá reachtaíocht agus córas dlíthe de dhíth nach féidir a chruthú i sochaí atá ina praiseach ó thaobh na polaitíochta de. Mura féidir don chaipitlíochas oibriú i sochaí atá i mbraighdeanas ag an dúrud pleanála agus rialúchán, ní féidir é ach oiread má tá gach rud ar díol, na feidhmeannaigh phoiblí san áireamh. Tá gá le maorlathaigh chun an saormhargadh féin a reachtáil, ar chuantar is gur dream dea-oilte dobhreabtha iad na maorlathaigh seo.

Nuair a théim i muinín mo chirt chun cos a chur ar "mo" sheilbh féin (más talamh atá ann), úsáid a bhaint aisti, daoiní iasachta a choinneáil ar shiúl uaithi, í a dhíol, a fhágáilt le huacht nó a chur ar morgáiste, tá mé i dtuilleamaí ruda nach bhfuil le fáil sa Rúis, sin le rádh, córas dlí is cúirte atá cuibheasach cóir agus cothrom, comh maith le bheith dea-eagraithe, dea-mhaoinithe, agus údarás dlisteanach ag roinnt leis. Ní hé amháin go bhfuil an córas liobrálach dlí ag cosaint mo chuid maoine saolta agus mo cheart úinéireachta. Thairis sin, leagann sé amach rialacha na húinéireachta, ar nós an dualgas a chur ar na tiarnaí talaimh bail a choinneáil ar a gcuid eastát, nó an dóigh cheart a chinntiú le maoin chomhúinéireachta a dhíol. Mar sin, níl sé róchiallmhar an ceart úinéireachta a shamhlú le "saoirse ón rialtas": b'ionann sin agus a rádh gurb é is cuspóir leis an cheart chun ficheall a imirt ná sinn a shaoradh ó rialacha na fichille.

An té a ghní a mharana ar an chaipitlíochas i stát fannlag, ba chóir dó a thuigbheáilt comh héadóchasach, comh teoranta atá coincheap lánsaoirseach an "neamhspleáchais". Ní féidir le h-"aonarán neamhspleách" coinníollacha seachtracha a "neamhspleáchais" féin a chur ar bun go neamhspleách, ach amháin i gcomhar leis an chomhchoitiantacht. Mura bhfuil lucht na cumhachta le do thaobh, ní féidir leat "do cheart a chur i bhfeidhm" - ní féidir leat, fiú, dhul 'na bhaile chugat féin ná suíochán a ghlacadh i do chathaoir féin. Is é an rud céadna a d'fhoghlaim na Muslamaigh i Mostar Thiar sa Bhoisnia nuair a cuireadh ruaigeadh orthu as baile. Nó níl ins an úinéireacht ach córas casta de rialacha agus an stát aá gcoinneáil i bhfeidhm. Lena rádh níos drámatúla fós, níl ins an mhaoin phríobháideach ach focail le gaoith, ach an pobal a bheith in ann arm a earcú, a dhruileáil is a shlógadh leis na críocha a chosaint ar chreachadóirí is foghlaithe ón iasacht. Sin an ceacht a d'fhoghlaim muid ó Srebrenica, mar shampla.

Is fiú na himpleachtaí a ríomh anseo: Tá an duine aonair i dtuilleamaí na comhchoitiantachta - tá sé i dtuilleamaí an phobail agus an ruda is príomhuirnéis don phobal, mar atá, an stát comhéigneach cáinghearrthach, le haghaidh a chuid cearta daonna liobrálacha. Rud follasach é ar ndóighe, ach más follasach féin, ceann eile is eadh é de na rudaí follasacha nár aithin muid a bhfollasacht agus an Cogadh Fuar ag stiúrú ár gcuid smaoiteachais.

FANNLAIGE AN CHAIPITLÍOCHAIS RÚISIGH

Is é is bun leis an eacnamaíocht liobrálach ná an mhuinín atá ag na daoiní as a chéile. Ar nós an ghustail agus na dúthrachta, is manadh síceolaíoch é an mhuinín agus an iontaoibh, agus í níos bunúsaí ná an dlí féin. Ach más dual don chóras liobrálach an cineál sin manaí a chothú agus a chúiteamh, is dual don chóras fhrithliobrálach iad a thachtadh. Ós rud é nach gcuirtear conarthaí trádála i bhfeidhm go fónta ins an Rúis, ní fiú leis na creidiúnaithe luach a ghearradh de réir plean glasíocaíochta. I riocht an uathrialachais, áit nach baol duit lámh an rialtais, tá an tsracaireacht ag rith damhsa, agus na hiasachtaí fadtéarmacha gann ar fad. Nó is ceann de phríomhthascanna an stáit liobrálaigh é peirspictíochtaí níos faide a chur os comhair na ngníomhaithe príobháideacha fríd bhuanrialacha inmhuiníne a chinntiú dófa. Ní fiú pingin ruadh an mhaoin shaolta mura gcreididh tusa agus na daoiní a d'fhéadfadh an mhaoin a cheannacht uait - mura gcreididh sibh ar fad go bhfuil aon todhchaí ann. [P.P.H.: Ní fiú pingin ruadh an gluaisteán galánta a cheannaigh tú ar an airgead a shaothraigh tú go cneasta ar an choigríoch má ghoidtear uait í a thúisce is a thrasnóchas tú teora na Rúise.]

Tá a fhios ag na caipitligh é, agus iad claonta gan infheistíocht a chur i dtíortha, ar nós na Rúise, ina bhfuil an ráta lascaine ag éirí ró-ard ag na gníomhaithe eacnamaíochta. Ní dócha go mbacfadh aon duine le h-infheistíocht fhadtéarmach a chur in áiseanna táirgíochta a chruthóchadh jabanna agus fostaíocht do na gnáthRúisigh, dá rachfadh sé rite le mo dhuine a chuid acmhainní a chosaint ar shracairí armtha. Mar sin, caitear an chuid is mó den chaipiteal infheistíochta le h-acmhainní nádúrtha a bhaint as an talamh, ós rud é go bhfuil sé sách furasta súil a choinneáil orthu le linn a mbainte is a n-iompartha, agus pingin mhaith airgid le saothrú orthu ar an mhargadh eadarnáisiúnta.

Ní leor srianta a chur leis na praghsanna chun toscaí infheistíochta na Rúise a chur i dtreo a mbisigh, ós rud é go bhfuil an todhchaí féin faoi bhagairt i gcónaí ag éagobhsaíocht na trádála, na baincéireachta, na gcánach is na ndleachtaí custaim. Siúd is nach féidir tíorántacht ná deachtóireacht a chur i leith na Rúise a thuilleadh, ní féidir an rialtas Rúiseach a thrust go fóill, agus mar sin, ní rialtas liobrálach é. Ós rud é nach dtig leis an stát cáin a ghearradh ar na gnóluchtaí coiriúla, níl de roghain aige ach na gnóluchtaí iasachta a chrádh le cánacha aisghníomhacha, nó is iad na gnóluchtaí iasachta amháin a choinníonns cuntais de réir an dlí agus nach bhfuil in áit dhiúltaithe do na húdaráis. Sampla gléineach is eadh é an dóigh ghearr-radharcach a mbíonn na cigirí cánach ag céasadh na ngnóluchtaí iasachta den tionchar atá ag ainriail an tsaoil pholaitíochta ar an leas phoiblí.

An fuath a bíos ag na daoiní ar an chaipitlíochas sa stát fhannlag, ní féidir a mhaíomh, mar a deirtear go minic, nach bhfuil ann ach iarsma den tsóisialachas. Tchíthear do Thadhg an mhargaidh sa Rúis inniu nach bhfuil aon dáiliúchán ceart dlisteanach ar an mhaoin sa Rúis inniu, nó ní bhfuair na húinéirí a gcuid le hobair ná le hoidhríocht - ní tháinig siad i seilbh a bhfuil acu de réir rialacha a rabh glacadh an tsaoil mhóir leofa. Coincheap níos casta is eadh í an úinéireacht phríobháideach ins an Rúis ná i dtíortha an Iarthair, ós rud é nach bhfuil an tsochaí iarChumannach in ann creach ghoidte a bhaint den ghadaí ná a thabhairt ar ais do na ceartúinéirí.

Síleann lucht tóraíochta an bhrabúis ins an Rúis, de ghnáth, gurb iad na pléascáin láimhe an gléas is fearr le déileáil le hiomaíocht ghnoithe. Cuireann an caipitlíochas neamhphóilínithe seo míshástacht ar na daoiní, ós rud é nach bhfuil i bríomhghníomhaithe na heacnamaíochta, dar leofa, ach drong de chaimiléirí nach bhfuil in ann gnáthdhíospóireachtaí gnoithe a ráitiú gan a dhul i dtuilleamaí imeaglú agus marú ar conradh. Léiriú eile ar éagumas an stáit is eadh é an dóigh a bhfuil na "Nua-Rúisigh" ábalta a ngaisneas pearsanta a bhaint as mífhreagracht uileghabhálach na gcomhluchtaí. Ceannaíonn stiúrthóirí na ngnoithí stáit ionchuir óna gcairde féin ar phraghas ard, agus iad ag díol na dtáirgí leis na cairde ar sladmhargadh, ionas go bhfuil an comhlacht á dhí-chaipitliú, agus an mhaoin phoiblí ag sileadh isteach i bpócaí príobháideacha. Sciobann siad leofa na sócmhainní agus fágann siad na dócmhainní ag luí ar an chiste phoiblí. Ní bheidíst in ann a scimeáil a dhéanamh comh handáilte sin, ach go bé nach bhfuil cumhacht a stoptha ag aon duine ar spéis leis an leas poiblí.

Rud eile a ghní leas an chaipitlíochais ainrianta nach bhfuil dlíthe in aghaidh camaoise ann a thiocfadh a chur i bhfeidhm. Is dócha nach bhfuil na caimiléirí le dhul saor ó phionós go brách, ach fad is a rachfas, fanfaidh na daoiní ionraice siar ón tsaormhargadh. Ní hí an trádáil inti féin is fuath leis na gnáthRúisigh, ach a fhad is a bhéas siad scanraithe roimh an chamastaíl, cloífidh siad le céilí trádála a bhfuil aithne pearsanta acu orthu, agus muinín acu astu dá réir.

Sna tíortha Iartharacha, má chaithimid súil ar ghnoithe na dtithe itheacháin mar aon sampla amháin, glacann na tomhaltóirí buntáiste ar an mhargadh iomaíochta, ós rud é go bhfuil siad, mar vótóirí is mar cháiníocóirí, ag coinneáil údarás sláintíochta ag imeacht - údarás a cheadaíonns dófa triail a bhaint as proinntithe eile nach bhfuil aithne phearsanta acu ar a n-úinéirí gan eagla a bheith orthu roimh an ispíneachas. Mar sin, má tá an saormhargadh fannlag i gcónaí ins an Rúis beag beann ar an liobrálú eacnamaíochta, is é an chiall is féidir a bhaint as ná go bhfuil tábhacht ar leith leis an stát láidir mar eagraíocht pholaitiúil chun muinín a chothú eadar daoiní nach bhfuil aithne phearsanta acu ar a chéile - muinín atá de dhíth le haon mhargadh náisiúnta amháin a chur ar bun, in áit na mílte margaíocha áitiúla. Ní bheidh monarcán ispíní i Samara ag díol a dhath le teach itheacháin i Nizni-Novgorod, ach é a bheith in ann fiacha a bhailiú thar chríocha na gcúigí.

Ar ndóigh, tá dornán beag daoiní ann atá sách saibhir le bithiúnaigh a fhostó chun na fiacha a chruinniú chucu, bithiúnaigh a bíos comh garach is go maraíonn siad na creidiúnaithe mar chuid den ghnáthsheirbhís. Ach ní chuirfidh na bithiúnaigh féin aon chineál rialacha ginearálta i bhfeidhm ar an tsochaí fré chéile a thoirmiscfeadh an chamastaíl is na camghnoithí. Is follasach goidé an t-ábhar leis sin. Cuid den chomhleas is eadh iad na dlíthe in éadan caimiléireachta, agus iad bunaithe ar phrionsabail shimplí bhíoblúil na bunmhoráltachta: níl sé ceart séitéireacht a dhéanamh. Ós cuid den chomhleas iad, rachfadh siad chun leasa don tsochaí go léir, seachas do chiorcail dhruidte na mboc mór. Mar sin, aríst, léiríonn cás na Rúise dúinn an bealach a bhfuil an margadh liobrálach ag brath ar an daonlathas liobrálach öe haghaidh na bunmhoráltachta.

Cibé fá dtaobh den mhíthrócaireacht, den éagothrom uafásach agus den chamastaíl uileláithreach, d'fhéadfadh pobal na Rúise ar fad taithneamh a thabhairt do chóras an chaipitlíochais ainrianta, dá mbeadh sé in ann an tír a thabhairt chun rathúnais. Taobh amuigh de Mhoscó, áfach, chaill na Rúisigh a slandáil shóisialta gan a dhath a fháil ar a son ón eacnamaíocht a bhfuil borradh fúithi. Nó nuair nach bhfuil an stát ag feidhmiú, ní hí sluamharfóireacht na mbithiúnach ná ní hiad pirimidí na gcneamhairí airgeadais an t-aon toradh amháin a fhásanns air; baineann sé freisin de na hinfheistíochtaí san ionfrastruchtúr agus san oiliúint, comh maith le cearta na stocshealbhóirí a fhágáilt gan chur i bhfeidhm, na trádmharcanna a fhágáilt gan chosaint agus na bainc a fhágáilt gan an cineál rialúcháin a chinnteochadh go bhfuil an t-airgead creidmheasa ag dul do na fir ghnoithe, seachas do na caimiléirí. Is féidir freisin go bhfuil feasbhaidh na ndlíthe frithiontaobhais - nó feasbhaidh a bhfeidhmithe - ag cur isteach ar na hiarrachtaí chun torthaí na saoreacnamaíochta a roinnt go cothrom. Ar na cúiseanna seo - thar aon rud eile, ar an chúis nach bhfuil sainmhíniú soiléir ná cosaint chóir ar chearta na húinéireachta - níl an "príobháidiú" sa Rúis ag spreagadh nuáil ná infheistíocht, ag cur borradh faoi bhisiúlacht na n-oibrithe ná feabhas ar chaighdeán na táirgíochta, ná ag cinntiú bainistíocht mhaith.

CLUICHE FOCAL AN DAONLATHAIS

Tá feidhm ag na ceachtanna seo i gcás an daonlathais comh maith leis an eacnamaíocht. Bíonn toghcháin ann, agus tá cead cainte ag lucht na nuachtán, ach níl aon daonlthas ceart ann. Cad fáth nach bhfuil? Tá ceart vótála ag na saoránaigh, ach níl aon mhaith ina gcuid vótaí le spraic, brathladh agus foirteagal a chur ar an lucht rialtais. Ní chruthaítear an chumhacht sna toghcháin ins an Rúis. Níl ins na toghcháin ansin, an chuid is mó, ach scáthán na cumhachta atá ann cheana féin. Is iad na gréasáin cheilte chomhthacaíochta a phronnanns a chumhacht ar an rialtóir. Ní bhfaigheann lucht an údaráis a gcuid údaráis ó na gnáthshaoránaigh ar aon dóigh ná slí. Mar sin, dubh dóite dóthaineach, bréan breoite bailithe is uile agus atá an chosmhuintir de na polaiteoirí atá ag stiúradh na tíre, tá siad éirithe as cur in éadan an rialtais go gníomhach.

Agus forais na sochaí comh fannlag is atá siad, ní thig leis na vótóirí aon rud a chur ar bun a mb'fhéidir rialtas freagrach a thabhairt air. Tá sé intuigthe go hiomlán go bhfuil na daoiní ar nós cuma liom i leith an "daonlathais". Mura bhfuil an sracadh ins an stát lena gcuid dlíthe féin a chur i bhfeidhm, cé a bhacfadh lena chuid féin a iarraidh de chumhacht reachtaithe na ndlíthe? Ó nach bhfuil smacht ná eolas ag an phairlimint ar chomhairlí na rann stáit, ní féidir leis an fheisire ar chaith tú do vóta leis mórán difríochta a dhéanamh cibé.

Taispeánann an cluiche seo le focail ar nós "daonlathas" agus "toghchán" dúinn cén ceacht eile ba chóir a bheith foghlamtha againn cheana féin: ní bheidh aon toradh fónta ar na himeachtaí is na deasghnáthaí daonlathacha mura gcinntí siad go mbeidh na feidhmeannaigh phoiblí ag brath ar an rialtas lena gcumhachtaí a choinneáilt. Tá na saoránaigh ag brath ar an rialtas lena gcearta féin a chur i bhfeidhm, agus san am chéadna is dóigh nach bhfuil an darna suí sa bhuaile ag na rialtóirí a vótáladh isteach ach iad féin a iompar go freagrach, ionadaíocht a dhéanamh ar son na sochaí agus luach a gcuid vótaí a chinntiú do mhórchuid na vótóirí.

Is iomaí feidhmeannach sa Rúis nach n-aithníonn aon dualgas den chineál seo air féin. Tá sé ina chónaí taobh istigh de bhoilgeog a scaranns le cruachás na cosmhuintire é, agus é ag mairstint ar chreach an ghadaí, ar an airgead ar cairde ón Fhundúireacht Eadarnáisiúnta Airgeadais (IMF) agus ar na sínteanais a gheibh sé óna chuid carad i measc lucht an chamghnoithe. Ós rud é nach bhfuil siad i dtuilleamaí na cosmhuintire ar aon nós, ní mhothaíonn na feidhmeannaigh go bhfuil aon riachtanas ann le seirbhísí poiblí luachmhara a sholáthrú don ghnáthvótóir. Cha dtéid na dlíthe "cothroma ginearálta" i gcion ar an tsochaí, agus ní chuireann cruachás na sochaí imní ar bith ar an lucht rialtais. Níl na saoránaigh ag cuidiú leis an rialtas na dlíthe a choinneáilt i bhfeidhm, agus níl an rialtas in ann leas a bhaint as eolas agus gustal dílárnaithe na ndaoiní aonair.

Ba chóir dúinn, agus sinn ag déanamh ár marana ar fheasbhaidh seo na comhoibre eadar feidhmeannaigh chneasta phoiblí agus saoránaigh chneasta aonair, - ba chóir dúinn aitheantas nua a thabhairt do phríomhchuspóir an bhunreachtúlachais liobrálaigh.

Ní hamháin go bhfuil an bunreachtúlachas liobrálach ag cosaint an mhóraimh ar thíorántacht an mhionlaigh agus a mhalairt; tá sé de dhíobháil freisin le comhar comhleasa a chur ar bun eadar an beagán agus an mórán.

An "conradh sóisialta" ar a bhfuil sochaí na Rúise bunaithe inniu, níl ann go bunúsach ach an chumhacht neamhfhreagrach á pronnadh ar an rialtas ar acht nach ngearrann sé cáin ar an tsaibhreas. Conradh eadar "scothaicmí" (élites) na sochaí atá ann: lucht an rialtais agus lucht na camastaíola, nó cómhaireachtáil an nomenklatura - na scothaicme polaitíochta - agus na gcaimiléirí coiriúla ag luí le chéile i mbun míghníomhartha brabúsacha gan phionós. An chéad rialtas Rúiseach atá dáiríribh fána ngnoithe, caithfidh siad an dlí a thabhairt isteach aríst i gcúrsaí an gheilleagair agus daoiní cneasta - ar nós lucht gnoithe a charnanns rachmas gan a dhul i dtuilleamaí na gcleas cam is na láimhe láidre - a spreagadh chun teacht le chéile in eagraíochtaí a bheadh ina gcrann taca ag an dlíthiúlacht. Ach nuair nach bhfuil polaiteoir cneasta amháin fágtha sa tír, cha dtig athrú comh bunúsach sin a chur ar obair ins an tsochaí. Agus dá mbeadh teacht ar an chineál sin daoiní, cá háit a bhfaighfidíst na fir ghnoithe chneasta?

Ní hé an phríomhcheist ná "cé atá i mbun na gcúrsaí"; is é an phríomhcheist ná "cad fáth a mbeadh aon duine ina mbun". Cé a ghlacfadh air an strus uilig leis an tír a rialú, agus iarsmaí na himpireachta comh flúirseach i gcónaí agus go dtig leat bheith ag imeacht le haer an tsaoil sa bhaile is i gcéin ag sciobadh do chuid féin díofa? An chuid sin den tsochaí nach bhfuil fáil acu ar an tsaibhreas iarShóibhéadach, fágtar taobh amuigh den chonradh shóisialta iad, agus a chead acu déanamh as dófa féin a fheabhas is a thiocfas leofa nó bás a fháil ag iarraidh lá eile saoil a bhaint amach duit.

Dealraíonn sé nach bhfuil i sochaí na Rúise ach sochaí an orláiste bhriste, agus maidir le lucht na bpribhléidí, ní fiú leofasan leatrom a imirt ar an mhóramh ná an phrólatáireacht a dhúshaothrú: tá siad sásta neamhshuim a dhéanamh den chuid eile de mhuintir na tíre. Níl an lucht oibre ar stailc, nó ní bheadh gar ann; ní ag glacadh buntáiste ar an lucht oibre a charn toicí an lae inniu a ailp, ach ag piocadh an chuid is fearr den cháca leis le haghaidh easportála. Amach ón fhíor-chorrbhrainse eacnamaíochta - thar aon cheann eile, easportáil na n-acmhainní nádúrtha - ina n-íoctar na hoibrithe go raidhsiúil tráthrialta, ní bheadh aon fheabhas le baint amach le stailc. Ní bheadh ach magadh i gceist le stailc i ngnólucht bancbhriste stáit nach bhfuil ag táirgiú luach a reachtála féin. Ní theastaíonn ó aon duine na hoibrithe a bhlandar chun conradh a shocrú. Ní féidir "meánaicme" nua a chruthú fríd scaireanna a roinnt ar na hoibrithe i ngnólucht nach bhfuil ag táirgiú breisluach ar bith, nach bhfuil in ann páirt a ghlacadh in iomaíocht an mhargaidh eadarnáisiúnta agus nach bhfuil ann go praiticiúil ach teach na deolchaire in éagmhais chóras ceart leasa shóisialta.

ATHDHÁILIÚCHÁN NA SÓCMHAINNÍ MAR INIAMH SÓISIALTA