Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
ATHDHÁILIÚCHÁN NA SÓCMHAINNÍ MAR INIAMH SÓISIALTA
Ba chóir dúinn, fosta, athsmaoitiú a dhéanamh ar an pháirt atá ag an chaiteachas shóisialta inár sochaí féin, agus sinn ag dianbhreathnú ar a bhfuil fágtha den Chumannachas i ndiaidh an dóigh ar chlis air gan choinne. Fad is a bhí stáit den chineál seo ann, bhí lucht na heite deise in ann na deontais a rabh na daoiní i sochaithe liobrálacha ina dteideal a chonstruáil mar spleáchas ar an tsochaí. Bhítí ag dearcadh ar an duine a bhí i dtuilleamaí na deolchaire mar chodarsnacht iomlán don duine aonair neamhspleách a rabh déanamh gnoithe ann. Ba chóir dúinn, áfach, glacadh leis an chaiteachas shóisialta mar ghléas le eisiamh sóisialta a throid, agus sinn i ndiaidh a fheiceáilt cén bhail a d'fhág an frithchoimirceachas ar an Rúis, áit a bhfuiltear ag fágáilt na bpáistí féin gan freastal gan tindeáil.
Más fíor féin go bhfuil na pinsinéirí, agus daoiní eile féin, ag éileamh a gcuid seandeontas ar an stát, chan é sin is príomhchúis leis an ghéarchéim atá ag stróiceadh státchiste na Rúise as a chéile. Is iad an uasaicme mhífhreagrach, agus iad ag glacadh a mbuntáiste ar an mhíriail choitianta, thar aon dream eile a chuir an buiséad ó mhaith, i gcruth is nach dtig rialtas a mb'fhiú a ainm é a chur ar bun ins an tír, agus an stát gan a bheith in ann oiread is cáin a ghearradh ná airgead a chaitheamh.
Má tá na pinsinéirí, na h-iarshaighdiúirí iar-Afganastánacha agus lucht glanta Shearnóbail ar an daoraí fán ghearradh síos is deireanaí ar a gcuid deontas, ní hí a bhfalsacht in éis deich mbliana is trí scór de Shóisialachas is príomhfhadhb, ach an dóigh a bhfuil iarfheidhmeannaigh iarChumannacha ar éirigh leofa sócmhainní eacnamaíochta an náisiúin a chúigleáil is a smuigleáil amach ar an chúldoras go dtí bancanna Cípreacha - an dóigh a bhfuil an dream seo ag éileamh orthu an tslandáil shóisialta a thabhairt suas a rabh a muinín aisti na blianta fada a chaith siad á maslú féin i mbun oibre. Má tá na daoiní míshásta, ní hé is bun leis go bhfuil siad róspleách ar na deontais tar éis bhlianta fada an Chumannachais - tá siad míshásta, go bunúsach, ar an ábhar go bhfuil a fhios acu an bhob a buaileadh orthu.
Tabhair fá dtear gurb ionann an dóigh mhífholláin ar chaill muintir na Rúise a dteagmháil leis an Rialtas agus an dóigh ar cailleadh an teagmháil is an caidreamh eadar an sách is an seang - an dóigh a bhfuil lucht na hanchoda scartha ó lucht na gannchoda. Ba chóir dúinn ár dtrom-mheabhrú a dhéanamh ar an chineál baint ab fhearr ba chóir a bheith ag an tsách leis an tseang sa tsochaí, agus sinn ag feiceáilt scarúnachas leithleasach na scothaicme ins an Rúis - ag feiceáilt comh sásta agus atá siad nach gcaithfidh siad a bheith á bhfliuchadh ag an chith chéadna leis na bochtáin. Agus an Cogadh Fuar ar a lántseol, ba nós linn, dochreidte is uilig mar atá sé, blas an tSóisialachais, an "bóthar go dtí an seirfeachas" mar a chuir Friedrich Hayek i bhfoclaibh é, a aithint ar achan scéim a bhí ag gealladh rilíf do na bochtáin agus ar achan duine a chuirfeadh in iúl gos ard comh buartha is a bhí sé fá chruachás na ndaoiní bochta. Inniu áfach tá déanamh eile ar na cúrsaí, agus an fráma tagartha bunoscionn lena rabh ann roimhe seo. Agus an dóigh uafásach míchothrom a dtearn uachtaráin an pháirtí Chumannaigh maoin an Stáit a phríobháidiú ar mhaithe leofa féin, nach mba chóir dúinn an cheist a chur á cardáil, cén oiread athroinnt ar an mhaoin is féidir a chur i gcrích gan na prionsabail liobrálacha a shárú?
Cé hiad na srianta a chaithfear a chur leis an mhíchothromas ins an chineál sochaí is fearr? Cad é an difríocht atá eadar an conradh sóisialta liobrálach - na saoránaigh ag íoc cánacha le feidhmeannaigh phoiblí a sholáthróchas seirbhísí poiblí dófa dá bharr sin - agus an conradh babhtála eadar an páirtí cumannach agus an domhnán coiriúil a cheadaíonns do na boic mhóra bheith beag beann ar an chuid eile?
B'é ba bhunúdar leis an liobrálachas [mar a thuigtear i Meiriceá é, P.P.H.] a theacht ar an fhód an chéad uair, ná gur tuigeadh nach mba leor í lámh láidir na bpéas leis an mhaoin phríobháideach a chosaint ar lámh thapaidh an ghadaí, agus go rabh call agus géarghá le córas rilífe poiblí chun maolú ar éadóchas na mbochtán, lena chinntiú nach rachaidíst i dtuilleamaí gadaíochta mar ghléas beatha. Níorbh é cuspóir an liobrálachais riamh na haicmí a chur ar ceal, ach comhréitiú a chothú eatarthu, eadraiscín a dhéanamh lena n-anacal ar a chéile. Is é a ghní leagan na fichiú haoise den "réimeas mheasctha" liobrálach ná urraim a thabhairt do cheart úinéireachta an dreama ar an anchuid, agus é, san am chéadna, ag cinntiú cothrom na féinne sa chúirt, cead cainte, vótála, stailce, oideachais agus cearta leasa shóisialta don dream atá ar an ghannchuid.
Má chreideann cuid théagartha d'aon ghrúpa shóisialta ar leith - den náisiún go léir, cuir i gcás - go bhfuiltear ag imirt dearg-mhíchothrom orthu, is mór an dochar é do mheanma is do dhlúthpháirtíocht an ghrúpa. Le bheith in ann cogadh a fhearadh, dlí a chur i bhfeidhm, síocháin a choimeád nó fiú borradh eacnamaíochta a spreagadh is a dhreasú, fuair na stáit liobrálacha úsáideach an faobhar a bhaint den mhíchothrom eacnamaíochta fríd rilíf a sholáthar do lucht an éadóchais agus fríd "urlár" nó bunghléas beo a chinntiú nach féidir le haon duine a dhul níos ísle ná é. Le saoreacnamaíocht a choinneáil ag imeacht - eacnamaíocht ina gcaithfear na hailpeanna móra de mhaoin phríobháideach a chosaint ar chreachadóirí iasachta agus intíre - ní mór féacháilt chuige go mothaíonn an dream ar an ghannchuid go bhfuil rud ínteacht i ngeall acu sa tsochaí - go dtig leofa níos mó a ghnóthú ar pháirt a ghlacadh i saol na sochaí agus a rialacha a urraimiú, seachas diúltú glan do na dlíthe agus a dhul chun cearmansaíochta ar an stát. An stát liobrálach atá ag maíomh go bhfuil sé ag labhairt is ag gníomhú thar cionn na sochaí is na saoránach go léir, ní féidir creidiúint ar bith a thabhairt dó, ach amháin é a bheith ag aidmheáilt gur fadhb mhorálta é an t-eisiamh sóisialta - na bochtáin a bheith á dtréigbheáilt ag an tsochaí agus á bhfágáilt ar an bhlár fholamh - fadhb mhorálta a chaithfear a leigheas agus a bhfuil dúshlán mór polaitíochta inti.
Caithfimidne dúshlán na faidhbe seo a thabhairt muid féin, comh maith leis na Rúisigh. Le linn an Chogaidh Fhuair d'fhoghlaim muid urraim a thabhairt dár sochaí féin ar a saoirse, agus sinn ag dearcadh ar an daorsmacht a bhí á imirt ar shochaí na Rúise Sóibhéadaí. I ndiaidh mheath an Chumannachais is é an rud is tábhachtaí a chuimhníonns dí-eagar polaitíochta na Rúise dúinn ná go bhfuil an liobrálachas go mór mór i dtuilleamaí rialtas fónta. An té a deir go bhfuil an duine aonair in ann sult iomlán a bhaint as a shaoráidí pearsanta ach an chumhacht phoiblí ag ligint dó, tá sé bréagnaithe go hiomlán ag an chineál saoil atá ag muintir na Rúise inniu. Lenár saoirse féin a chosaint, is fearr dúinn an t-údarás dlisteanach polaitiúil a chosaint atá ag cinntiú agus ag soláthar na saoirse seo dúinn. Agus ba chóir dúinn gan a bheith róghaisciúil ag maíomh as an bhuaidh ar an Chumannachas, fad is nár éirigh linn an t-eisiamh sóisialta a leigheas atá ag dul chun donais inár sochaí féin in aghaidh an lae.
CÓIPCHEART: 1999, The American Prospect, Inc. Stephen Holmes: WHAT RUSSIA TEACHES US NOW. The American Prospect #33, Iúil-Lúnasa 1997. Níl sé ceadmhach an t-alt seo a athdhíol, a chur in athchló ná a athdháileadh ar phraghas, ach cead a lorg roimh ré ar an údar. Cuir gach fiosrúchán chuig permissions@prospect.org. Arna athfhoilsiú as Gaeilge le caoinchead ó Lisa Charbonneau agus an t-údar.Here republished with permission from Lisa Charbonneau and the author. Irish translation copyright/cóipcheart an aistriúcháin Ghaeilge Panu Petteri Höglund, 2001.