Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
Is ar éigean is cumhain liom an bealach a tháinig mé chun an bhaile. Nuair a tháinig, bhí mo chuid éadaí roiste réabtha, agus an radharc a bhí ionam bhain sé scanradh as mo thuistí. Cha dteachaidh agam mórán freagra a thabhairt agus iad do mo cheistiú cad é a d'fhág an anchuma sin orm, agus b'é an tátal a bhaineadar as ná gur éirigh taisme ínteacht domh ins an choill. Bhí mé féin sásta gan an tuairim seo a cheartú: b'é ar 'úirt mé leofa ná gur thit mé i bpoll nach dtug mé fá dtear go dtí gur sciorr na cosa uaim ar a bhruach.
Char ith mé greim den tsuipéar, agus chaith mé oíche chorrach ag smaoineamh ar an ghirsigh álainn bhoicht agus ag doirteadh deora. Ba bheag an gar domh gan a aidmheáil gur chaith mé cuid mhór den am ag bleán mo bhoid agus pioctúir an cailín ag rince frí m'intinn. Rinn mé tréaniarracht an cailín a ligean chun dearmaid, ach cha rabh gar ann. Nuair a tháinig an ball bán ar an lá, cha rabh ionam ach pioctúir an airneáil, agus dhiúltaigh mé do bhiadh ar bith a bhí á thairiscint domh ag mo mháthair ag bord an bhricfeásta.
"A mhic-ó", ar sise, "cad fáth nach bhfuil tú ag ithe? Nach dtaitníonn do chuid leat? Monuar mura dtaitní ach cibé scéal é is duine fásta tú agus a thuigbheáil sin agat nach dtig liom biadh ar leith a ghiollacht d'achan duine againn..."
"Gabh mo leithscéal", a d'fhreagair mise. "Sílim gur tholg mé ulpóg inteacht. Char chodail mé aon néal aréir, agus cha dtig liom ithe ach oiread."
"An sampla bocht!" arsa mo mháthair. "B'fhéidir gur le slaghdán a buaileadh thú sa choillidh."
"Is féidir, tá an ceart agat", a d'fhréagair mé. "Ach is dóigh liom féin gurb é an t-aer istigh fán teach is mó a ghoilleanns orm. Tá sé ró-the anseo agus an ghrian ag taitneamh. Sílim go ndéanfaidh mé seal spaisteoireachta."
"Déan sin más é do thoil é", ar sise. "Ach má thig tinneas ort pill chun an bhaile láithreach."
Chuaigh mé amach a spaisteoireacht ar an tséala an ghirseach a fháil a chonaic mé chois an locha. Chaithfeadh sé nach rabh aon stócach ag cúirtéireacht léithi go fóill! Leisean a rachfadh sí a shnámh dá mbíodh! Cha mbeadh sí i gcall a cuid lámh féin! Ghabhainn achan tsráid ó cheann go ceann agus radharc a fháil ar aghaidh achan ógmhná dár casadh orm, ach cha rabh gar ann: cha rabh bruinneall an chladaigh ina meascsan.
Thoisigh mé a chaitheamh lá i ndiaidh lae ag gabháil thart sa chathair ar lorg na hainnire. D'amharcainn ar chailíní a bhí ag díol uachtar reoite chois doras mór na leabharlainne. D'fhanainn taobh amuigh den chlós cluichíochta nuair a chríochnadh báirí Chraobh na nÓgbhan san eitpheil, tharla go rabh a leithéid ar cois sa chathair agus scaifte Éireann de spéirmhná óga ag glacadh páirt. Chuaigh mé comh géar sin in éadóchas agus gur chaith mé corrshúil ar na ráitseachaibh a thaobhadh leis an toigh ósta "An Bhiotáilte Bhorb". Cha rabh aon mhaith ann uilig ar ndóighe: dá bhfeicinn an stuaire a casadh orm chois an chladaigh, ar an toirt a d'aithneochainn í - ach dheamhan a bhfaca!
Tháinig imní ar mo mháthair dháiríribh, agus an anchuma a bhí ag teacht orm.
"Tchí mé ort nach go rómhaith atá tú", ar sise. "Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht go tromchúiseach as ord leat. An eadh go bhfuil uaigneas ort anseo?"
"Is féidir go bhfuil."
"Cogar i leith anois a mhic", a d'úirt sí. "Tiocfaidh mo sheanchara, cailín a bhí sa rang chéadna liom ar scoil fadó fadó, tiocfaidh sí ar cuairt chugainn arú amáireach, agus a nighean-sa i dteannta léithi. Tá mé cinnte dearfa siúráilte go n-éireochaidh leis an ghirsigh s'aici meanma a thabhairt duit. Casadh orm cupla uair í agus tig liom a rádh gur scoithghirseach dhea-mhúinte chliste lách atá inti. Sílim go rachfaidh aici an lionndubh sin a bhaint díot."
Thug mé freagra aonsiollach inteacht nach cumhain liom a thuilleadh cad é a bhí ann. B'ar éigean a bheinn in ann giodróg inteacht a fhulaingt a dtug mo mháthair scothstuaire uirthi.
"Ocht mbliana déag atá sí d'aois, an nighean s'aici", arsa mo mháthair, "agus í ag brath ar staidéar a dhéanamh ar shíceolaidheacht nuair a bheas a hArdteistiméireacht bainte amach aici."
Cha dtáinig asam ach gnúsachtach ghrusach.
"Tháinig chun solais aithne súl a bheith aici ort nuair a thrácht mé ort léithi."
"Is iomaí óinseach óg sa chathair seo agus mearaithne orm acu." Tháinig gráin fhuafar orm agus mé ag smaointiú gur sean-chomhscoláire de sheort inteacht a bhí i gceist, bíodh is go rabh níos mó ná cupla bliain agam uirthi de réir dealraimh. B'fhear liom dearmad dubh a dhéanamh de na bliantaibh a chaith mé ag streachailt leis an tsaol i mo dhéagóir.
Gheal lá an chaighdeáin agus mé i mo phusachán gan lúcháir nó fáilte. D'fhéach mé lena bheag a dhéanamh den chuairt a bhí le theacht. Bhí mé i mo shuí in ainm a bheith ar mo shuaimhneas. Nuair a bhí an tráthnóna ag teannadh linn, mothaigheadh clingireacht an chloig ón doras, agus chuaidh mo mháthair go deifreach in araicis na gcuairteoirí.
Chuala mé ag beannú daofa í, ach oiread leathorlaí char bhog mé, ach amháin éirí i mo sheasamh. Tháinig seanchara mo mháthar ionsorm agus a deasóg ar tairiscint aici le croitheadh a bhaint aisti. Bheir mé greim éadrom ar an láimh agus mé ag monabhar teilgean caighdeánta cainte inteacht a d'fhóir don ócáid. Ansin d'airdigh mé mo shúile le hamharc a fháil ar an nighean...Agus bhraith mé moghlaeir tochta ag brú ar mo chroí: na ceannaightheacha séimhe áilne a d'aithin mé, agus an aoibh ghrámhar ghnaoiúil, agus an cholainn chruthúil. Ainnir an locha a bhí inti ina steillbheatha!
Chonaic mé go rabh an ghirseach ábhairín cúthalach liom: theastaigh uaithi cuideachta a dhéanamh domh, ach amháin nach dtáinig na focla léithi. Rinn mé mo sheacht gcroídhicheall le meangadh gáire cairdiúil a dhrannadh léithi, agus d'úirt mé:
"Cogar, a dheirfiúirín", arsa mise, "is mise an té anseo a mbíonn cúthalacht air, seachas tusa."
Ansin rinn sí sciotaíl dheas, agus ba ghasta go leor a thoisigh muid a chomhrádh go cineálta caidreamhach. Fuair mé amach go luath gur meabhróg mhachnamhach fosta a bhí sa lachóigín lách seo, agus tuigeadh domh nach meancóg ar bith a d'imigh orm nuair a thug mé cion rúnda daoithi. Shonraigh mé fosta gurbh iad na rudaí céadna a chuireadh ag gáirí an bheirt againn. Ba mhór an sólás agus an t-airdiú meanman a bhí ann, agus mo chroí ag éirí leis an smaoitiú go mbeadh áiméar agam feasta sult is subhachas a bhaint as a cuideachtain, cibé cé acu gnáthchara nó leannán a bheadh inti.
"Gabhaim pardún agat", ar sise fá dheoidh, "ach tchíthear domh nach róchuma atá ort. An bhfuil tinneas inteacht ort?"
"Tá, nó bhí", a d'fhreagair mise, agus faitíos an domhain orm roimh luisne a theacht orm. "Dealrann sé gur thóg mé cineál breoiteachta agus mé ag dul na gcoillteach seachtain ó shin."
"An eadh go mbíonn tusa ag siúl na gcoillteach comh maith!" a bhléasc sí orm go gliondrach. "Cén bealach a chuaidh tú?"
"Bhail...seadh...bhí sé ar intinn agam Rosc na Coilleadh a thabhairt orm." Baineadh stangadh as an ghirsigh, agus dheifrigh mé a rádh: "Ach tháinig seachrán orm ionas nach bhfuair mé a bhaint amach...b'fhéidir go mba chóir domh mo chuid éadaí a iompó amach."
"Cad é a bhí de dhíobháil ort ansin?" a d'fhiafraigh sí go foghach.
"Faic na ngrást cha rabh", a d'fhreagair mé go saonta sóntach macánta cneasta, "ach amháin gurb áit uaigneach álainn shuaimhneach atá ann. Ba mhinic a thaobhainn leis an loch sin agus cónaí orm anseo go fóill. Nuair a thigeadh lionn dubh orm ghabhainn liom agus aghaidh a thabhairt ar an loch sin le bheith i mo shuí chois a chladaigh i gceann mo chuid smaointí gan mo chloigeann a bhuaireamh le haer an tsaoil."
Agus an méid seo ráite agam cha rabh aon mhoill orm scéal eile a tharraingt orm go ceann tamaillín, ach ba luath a philleamar ar an loch agus an áilleacht ina mhórthimpeall. Nuair a tháinig cuma imeachta ar na cuairteoirí, b'fhacthas domh go mb'fhiú domh m'áiméar a thástáil.
"Cogar, a dheirfiúirín", a d'úirt mé léithi, "nach mba mhéanar picnic a chóiriú ag an loch udaí? Cuirimis lón astair le chéile agus as go brách linn go dtí Rosc na Coilleadh! Cad é mar a thaitníonns sin leat?"
"Chan fhuil a fhios agam", ar sise.
"Bhail, ba mhaith liomsa an loch a fheiceáilt uaireanta, ach charbh áil liom ach an oiread do dhíbirt ansin, má theastaíonns uaitse bheith i d'aonar ansin gan daoiní eile ag cur isteach ort, tig liom imeacht romhatsa in m'aonar agus d'fhágáilt ag an loch. Nach fearr sin ná go dtiocfainn aniar aduaidh ort, agus scanradh do chroí a bhaint asat?"
Thost sí gur chlaon sí a ceann.
Lá arna mhárach ghreadamar linn bealach an locha. Bhí a chuid bídh ag ceachtar againn, agus mise ag giúlán teirmis liom a bhí lán de thae siúcraiste, agus braoinín
maith de shú oráiste measctha ann. Bhíomar ag mionchaint go súgrach aerach le chéile, agus má bhí faitíos nó cúthalacht uirthi go fóill romham, ba mhaith a chuaigh
aici a chloí. Roinneamar le chéile achan ráfla de chuid na cathrach ag sciotaíl go gealgháireach dúinn, agus ó am go chéile bhuail racht gáire an bheirt againn comh láidir agus go mb'éigean dúinn taca a bhaint as colainn a chéile.
Ar aghaidh anseo