An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann

Athinsint Chriticiúil ar an Leabhar The Irish Language in Northern Ireland

An Leabhar agus a Scríbhneoirí

Iontaobhas ULTACH a d'fhoilsigh an leabhar áithrid seo a bhéas faoi chaibidil thíos anseo ins an bhliain 1997, agus Aodán Mac Póilín ina eagarthóir uirthi. Amach ó Aodán féin tá altanna leis na húdair seo a leanfas le fáil ins an leabhar:

Feirsteach is eadh é Liam ANDREWS a bhfuil baint aige le pobal Gaeilge Bhóthar Shaw, agus é i ndiaidh múinteoireacht a staidéar ins an Bhreatain Bhig, rud a fháganns go bhfuil Breatnais líofa aige comh maith le Gaeilge. Is é is ábhar spéise dó ná an pháirt atá agus a bhí ag an Ghaeilge i gcuraclam na scoile i dTuaisceart na hÉireann, agus é ag ríomh stair na Gaeilge i scoltacha an Tuaiscirt ins an aiste a scríobh sé don leabhar.

Maidir le Gordon McCOY, is as Dún Pádraig dó, agus é ag cardáil cheist na Gaeilge mar cheist antraipeolaíochta. Is iad na Gaeilgeoirí Protastúnacha an chloch is mó ar a phaidrín.

Duine acu sin atá in Ian MALCOLM, nó Eoghan Mac Giolla Choilm, mar a bheir sé air féin uaireanta; ar mhí-ámharaí an tsaoil cloíonn sé lena sheanainm phrósúil ag cumadh aistí beaga do . Is é Belfast News Letter a phríomhfhostóir, áfach.

Is drámadóir Gaeilge é Antaine Ó DONNAILE a bhfuil taighde déanta aige d'Institiúid Theangeolaíochta na hÉireann ar thoscaí sochtheangeolaíochta Ghaeltacht Ghaoth Dhobhair.

Agus, ar ndóighe, chuala an saol - saol mór an Gaeilge ar a laghad - trácht ar Chamille O'REILLY. Is Meiriceánach í a bhfuil mórshaothar dá cuid féin foilsithe aici fán Ghaeilge ins an Tuaisceart.

FAINIC! Ní athinsint lom atá anseo ach athinsint chriticiúil a bhfuil tráchtaireacht de mo chuid féin measctha fríthi. Má tá léargas cuimsitheach ar an leabhar seo uait, caithfidh tú í a cheannacht tú féin agus do bhreithiúnas a thabhairt uirthi. Níl mé go bunúsach ach ag iarraidh na torthaí taighde atá sa leabhar a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge. Agus a fhad is atá an leathanach seo i gceist, is ionann "toradh taighde" agus "an rud a fuair Mo Mhórgacht Uasal tábhachtach ar an leabhar", agus is féidir go gcuirfeá féin spéis i ngnéithe eile ar fad de staid na Gaeilge ins na Sé Chontae.

Ian Malcolm

Is é alt Ian Malcolm an chéad aiste ins an leabhar. Ar dtús aidmhíonn sé gur leasc leis i gcónaí barraíocht trácht a dhéanamh ar a chuid Gaeilgeoireachta le Protastúnaigh eile, agus an drochamhras nó an t-aineolas i leith na teanga comh leitheadach sin ina measc.

Cuireann Malcolm an-bhéim ar an Ghaeilge mar theanga bheo bhíogúil - gach seans nach rabh ach meas na teanga mairbhe ag mo dhuine uirthi sula bhfuair sé blas uirthi dáiríribh, agus caithfidh sé gur baineadh geit as ansin, ag fáil amach dó comh beoga agus a bhí sí i gcónaí. Fágann sé cuid mhaith den mhilleán i bpatuaire nó naimhdeas na bProtastúnach i dtaobh na teanga ar na Poblachtánaigh, a bhfuil an oiread sin mí-úsáide bainte acu aisti lena gcuspóirí féin a chur chun cinn.

Deir Ian Malcolm nach bhfuil sé féin ag dul a thiontó ina Phoblachtánach agus é ag foghlaim Gaeilge; creidimis uaidh an méid sin ar a laghad. Is gádh a chuimhneamh, ins an am chéadna, go míníonn sé an chuid eile de dhrogall a mhuintire féin i dtaoibh na teanga i dtéarmaí ba mhó a shamhlófá leis na náisiúntóirí. Nó deir Malcolm go bhfuil géarchéim féiniúlachta - amhras i leith a ndúchais féin - ag crádh na bProdasnach, agus iad in éad leis na Caitlicigh fán Ghaeilge. Míniú é sin a chluinfeá go réidh ó na Poblachtánaigh (ach mar a léirigh Stiofán de Brús ina leabhar Faobhar na hAontachta: Aisling Pholaitiúil na nDílseoirí Ultacha, cha ghlacfadh mórán Dílseoirí leis ar scor ar bith): bheir Malcolm le fios go n-aithníonn a mhuintir iad féin i ndubhfhaopach i gcomhrac an dá thír nach bhfuil acusan ach breacbhaint le ceachtar acu.

Tá Malcolm inbharúla, áfach, go dtig leis na Prodasnaigh a mhór a dhéanamh dá gcás, agus é ag moladh dófa an chuid is fearr a roghnú ón dá thaoibh. Áiríonn sé an Ghaeilge ar an chuid seo, agus é ag cur béim air ins an am chéadna nach gcaithfidh sé glacadh le gnéithe den chultúr Ghaelach nach dtaitníonn leis - ar nós an IRA nó an damhsa tíre - fiú más ionúin leis an Ghaeilge. Lochtaíonn sé Cumann Lúthchleas Gael fosta, agus meas an tseicteachais aige ar an eagraíocht. Is dóigh leis nach bhfuil an tseanfhréimhíocht is dúcha don Ghaeilge ag baint leis na lúthchleasa Gaelacha - chan fhuil iontu ach traidisiún tobchumtha, dar leisean. B'fhearr le mo dhuine tús áite a thabhairt don Ghaeilge, thar na lúthchleasa, mar phríomhghné den chultúr Ghaelach.

Aidmhíonn Malcolm go réidh go bhfuil sé iontach doirte don Ghaeilge, agus é ag cur fanaiceachas teanga ina leith féin. Caitheann sé cuid mhór dá am ag cur snas ar a chuid Gaeilge, agus é ag diúltú dófa siúd nach gcreideann go dtig cúrsaí an lae inniu a phlé as Gaeilge. Ina dhiaidh sin, aithníonn sé é féin ina Phrotastúnach Ultach i gcónaí.

Tráchtann Malcolm ar a athair a rabh breacaireacht ínteacht Gaeilge aige riamh agus a mba mhinic dó dinnsheanchas Gaeilge Chúige Uladh a mhíniú dá mhac fadó. D'éirigh an t-athair as an teanga, áfach, nuair a chuir an tIRA dlús lena bhfeachtas teorann thiar i ndeireadh na gcaogaidí, rud a d'fhág faitíos ar athair Mhalcolm roimh an chuid den chathair ina rabh na ceachtanna Gaeilge ar fáil. Is dóigh leis an mhac anois gur léiriú é seo ar an chaoi a bhfuil foréigean an IRA ag cur ging eadar na daoiní seachas rud ar bith a "aontú".

I ndiaidh dó a stair phearsanta a ríomh, cromann Malcolm ar chur síos ar an dóigh a ndearcann na Protastúnaigh ar an Ghaeilge inniu. Aithníonn sé trí chineál Gaeilgeoirí Protastúnacha: an chéad ghrúpa, is cuma leofa fá chúrsaí polaitíochta; an darna grúpa, is sliocht sleachta iad do na Protastúnaigh a ghlac páirt in éirí amach na bliana 1798, agus dearcadh náisiúnaíoch acu dá thoradh sin, siúd is gur Protastúnaigh iad; an tríú grúpa, tá dearcadh Aontachtach acu, ar nós Malcolm féin.

Deir Malcolm nach dual do na Gaeilgeoirí Protastúnacha a spéis ins an teanga a phoibliú go fairsing i measc a muintire féin. Mar sin, tarlaíonn sé ó am go h-am go síleann Gaeilgeoirí aneas, agus iad ag fáil an chéad aithne ar mo dhuine, gur Poblachtánach atá ann a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge ar an Cheis Fhada!

An chuid is mó de na Poblachtánaigh féin a bhfuil an teanga acu, bíonn siad iontach laghach don Ghaeilgeoir Phrotastúnach, a deir Malcolm; ar mhí-ámharaí an tsaoil, is féidir an tátal a bhaint as seo, ná nach bhfuil siad ag fáiltiú roimh an éagsúlacht de dhearcaíocha polaitiúla ag teacht isteach i saol na Gaeilge leis na Gaeilgeoirí Protastúnacha, ach go bhfuil siad ag déanamh go bhfuil an tAlbanach áithrid seo ar tí iompó i leith an Phoblachtánachais comh maith le bheith ag cur suime sa teanga. Mar sin, tá cineál mímhuinín ag Malcolm as ionraiceas na náisiúntóirí a fhearanns fáilte roimhe chun na gluaiseachta Gaeilge.

Ina dhiaidh sin, nuair a éilíonns sé nach bhfuil sé ag éirí as an Aontachtóireacht siúd is go bhfuil cúis na Gaeilge á cur chun cinn aige, ní bhaineann sin de chineáltacht na nGaeilgeoirí Caitliceacha. Is léir don léitheoir, áfach, gur ball goillsteanach é an t-ábhar seo do mo dhuine.

Maidir leis na haontachtóirí agus na dílseoirí, ní bhíonn siad leath comh soicheallach sin, siúd is nach bhfuil siad comh dúdhiúltach agus a chreidfeá, ach oiread. Bíonn iontas ar roinnt acu, agus cuid de na daoiní, fiú, ag léiriú tuigse do phóitéinseal na Gaeilge le h-eadraiscín a dhéanamh eadar an dá phobal agus a gcultúr - nó iarrann siad ar mo dhuine Gaeilge a chur ar an amhrán An tSais a Chaitheadh m'Athair! Tá na dílseoirí dochloíte dochomhairleacha doleigheasta ann ar ndóighe, agus iad ag bagairt an míle murdar ar an Lundy a bhfuil d'anuabhar ann teanga na namhad a tharraint air féin, ach ní minic a éiríonns a leithéid do Mhalcolm, de réir dealraimh.

Is cosúil go bhfuil scáth eagla ar go leor Protastúnaigh roimh an teanga, nó is i manaí Poblachtánacha ar na ballaí is minicí a tchí siad í - Sinn Féin! Tiocfaidh ár Lá! agus a leithéid sin. Ón taoibh eile de, is féidir iarsmai na seanGhaeltachta a aithne i gcónaí i measc na bProtastúnach Ultach, nó tráchtann Malcolm ar dhuine a d'aidmhigh, cúpla lá i ndiaidh dó caitheamh anuas ar Mhalcolm ar son a chuid Gaeilgeoireachta, go rabh an teanga ó dhúchas ag a sheanathair féin.

Ansin tarraingíonn Malcolm staid shochúil na Gaeilge air, agus é as pabhar dóchasach as todhchaí na teanga. Tá sé go láidir i bhfách le Gaeilge Bhéal Feirste, cibé locht a gheobhfadh lucht an ghlanteangachais uirthi, nó is teanga bheo bhreabhsánta í i ndiaidh an iomláin. Chan fhuil mo dhuine róthuigseach ina dtaoibh siúd nach bhfuil sásta leis an chineál Gaeilge a chluinfeá ins an Tuaisceart, ná ina dtaoibh siúd a chuireanns in éadan na gcanúintí eile.

Ceist lárnach atá ann fosta, an bhfuil teacht ag na Protastúnaigh ar ranganna Gaeilge: cá háit a dtiocfadh leofa an teanga a phiocadh suas? Tá an fhadhb seo fite fuaite le cothú na spéise ins an Ghaeilge i measc na bProtastúnach. Molann Malcolm Now You're Talking, an tsraith teilifíse, a chuir an chéad léargas ar an teanga ar fáil do na Prodasnaigh.

Chuir sé eadar iontas agus rímhéad air nach rabh cláracha an chúrsa seo dírithe ar na Caitlicigh amháin: bhí an locht sin go minic ar na sean-téacsleabharthaí, dar le Malcolm, agus iad ag cur thar maoil le manaigh is mná rialta.

Amach ón teilifís agus ó na cúrsaí téipthaifeadáin, áfach, tá áiseanna foghlama na Gaeilge an-ghann ar na Prodasnaigh. Ní mórán duine acu a gheibh óna mhisnigh cuairt a thabhairt ar bhruachbhaile Chaitliceach ar lorg na teanga, a deir Malcolm.

Molann Malcolm Oideas Gael i nGleann Cholm Cille cionn is an dóigh a soláthraíonn an scoil seo áis foghlama na teanga don Phrodasnach comh maith leis an Chaitliceach i bhfad ó pháirc an áir i stáitín an Tuaiscirt.

Níl Malcolm i bhfách leis an Ghaeilge mar chuid de churaclam na scoltach stáit, áfach. Bheir mo dhuine le fios go mbainfeadh na biogóidí a leas féin as lena chur in iúl go bhfuiltear ag cur d'fhiachaibh ar bhunadh dílis Uladh teanga na reibiliúnach a fhoghlaim. Is é an rud is mó atá d'fheidhm ar mo dhuine ná meabhraíocht a mhúscailt is a chothú i measc na bProdasnach ins an pháirt a bhí ag an Ghaeilge i saol a sinsear féin.

Aodán Mac Póilín

An darna haiste a cuireadh i gcló sa leabhar atá faoi chaibidil agam, b'ó pheann Aodáin Mhic Phóilín a tháinig sí, agus eisean ag cur fríd chéile an bhaint atá ag an Ghaeilge agus ag gluaiseacht a hathbheochana leis an pholaitíocht.

Ar dtús, caitheann sé corrshúil ar phacaistiú na féiniúlachta saindúchais ins an Tuaisceart. Is minic do Chaitliceach a bhfuil pór na Sasana le haithne ar a shloinneadh i gcónaí seasamh a ghlacadh i bhfách leis an Ghaeilge nó leis an Phoblachtánachas, in éadan Prodasnaigh a bhfuil sloinneadh Gaeilge air, agus lucht an dá thaobh gan a bheith in ann a thuigbheáilt comh háiféiseach agus a tchítear a leathbhreac sin don choimhthíoch.

Is Caitlicigh iad formhór na nGaeilgeoirí ins an Tuaisceart, siúd is go mbíonn na Poblachtánaigh féin ag áitiú, ar leibhéal na bolscaireachta ar a laghad, gur le cách in Éirinn í an Ghaeilge, cuma cé acu Caitliceach, Protastúnach nó Easaontóir atá i gceist, mar is nós leofasan a rádh. (Ach ar ndóighe, bíonn siad ar an deilín chéadna fá dtaobh den idé-eolaíocht Phoblachtánach fosta, ag áitiú nach seicteachas atá ann ach idé-eolaíocht uileghabhálach, rud nach léir don Phrodasnach a bhfuair gaol dá chuid bás i bpléascadh buama de chuid na bPoblachtánach.) Mar sin, is iomaí Protastúnach a shíleanns gur leis na "Fíníní" amháin í mar theanga. Chan mar sin a bhí ar tús, a chuimhníonns Mac Póilín, agus é ag tagairt don Bhainríon Victeoiria féin le sin a chruthú. Ar an chéad chuairt a thug sise ar Bhéal Feirste chuala sí bunadh na háite - na Prodasnaigh - ag fearadh na fáilte roimpi as Gaeilge. Cha dtáinig cuma an náisiúnachais ar an teanga ach ó na míle ocht gcéad nóchaidí i leith - nuair a cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun, mar is eol dúinn. Siúd is go dtearn fear a bhunaithe, Dubhghlas de hÍde, a dhicheall dearg leis an pholaitíocht a choinneáil amuigh, tháinig sí isteach ar an chúldoras nuair a chomhairligh radacaigh náisiúnaíocha Bhráithreachas na Poblachta (IRB) gabháltas a dhéanamh ar an Chonradh lena n-úsáid féin a bhaint as.

Tá Mac Póilín barúlach go rabh polaitiú seo an Chonartha i ndúchas idé-eolaíoch na heagraíochta ó thús báire, siúd is nach n-aidmheochadh de hÍde féin é. Theastaigh uaidhsean fuinneamh an náisiúnachais, a rabh aithne aige air, ó chaith sé féin seal ina Fhíníneach ina fhear óg dó - theastaigh uaidh an fuinneamh seo a chur ag obair don teanga fríd lucht an náisiúnachais a earcú fá choinne chúis na Gaeilge. A mhalairt a tharla, áfach, nó b'é an náisiúnachas a rinne a chuid féin den teanga.

Cuireann Mac Póilín sonrú ins an dóigh a rabh an reitric neamhpholaitiúil ag teacht crosach ar an idé-eolaíocht náisiúnaíoch. Bheir an t-údar le fios go mb'é buaidh reacaireachta agus doiléireachta Dhubhghlais de hÍde thar aon rud eile a stop na daoiní ó impleachtaí náisiúnaíocha na Gaeilgeoireachta a aithne nó a thuigbheáilt: go gairid roimh chasadh an chéid tharraingíodh aontachtóirí agus bráithre buí féin ar an Chonradh. Tháinig deifre orthu ina dhiaidh sin an eagraíocht a thréigbheáilt, nuair a d'fhuadaigh lucht an Phoblachtánachais í.

Inniu féin, níor éirigh ach go lagmheasartha le lucht na neamhpholaitiúlachta smál an Phoblachtánachais mhíleata a ghlanadh den teanga. Luann Mac Póilín cúiseanna praiticiúla le seo: má chromann an Prodasnach ar an teanga a fhoghlaim, níl de roghain aige ach a dhul i dteagmháil le Gaeilgeoirí Caitliceacha, lag is uile mar atá an teanga ins na ceantair Phrotastúnacha i gcónaí; agus má chastar Gaeilgeoirí Caitliceacha ar mo dhuine, is dóchúla ná a mhalairt go mbeidh corrPhoblachtánach ina measc, rud a chuirfeas an-bhuairt ar an Phrodasnach, fiú mar smaoitiú. Ní thig a chrosadh ar na Poblachtánaigh a dhul a dh'fhoghlaim na teanga ach an oiread, ar ndóighe!

Liam Andrews

Liam Andrews a chum an tríú haiste ins an leabhar, agus is é an teideal iontach dóchasach atá air ná The very dogs in Belfast will bark in Irish - "beidh madraí an bhaile féin ag tafann as Gaeilge". Ar ball beag a tchífear cé a d'úirt an méid seo. Táimid uilig ar bís ag fanúint leis an lá a thiocfas tuar faoin tairngreacht seo, le cuidiú an Rí!

Is é is ábhar d'aiste Andrews ná an dóigh ar chaith an Rialtas leis an Ghaeilge agus lena teagasc i scoltacha na Sé gContae ó chruthú an stáitín go blianta an Darna Cogadh Domhanda, tréimhse a d'athraigh na himthoscaí ó bhun.

Is eol dúinn gur bunaíodh stáitín an Tuaiscirt le tréan diúnais ar an tSaorstát, fiú mar mhalairt idé-eolaíoch air, cosúil leis an dóigh ar bunaíodh an tAontas Sóivéadach lena lá mar mhalairt idé-eolaíoch ar an chaipitlíochas. B'é dearcadh oifigiúil na nAontachtóirí nach rabh siad le rialtas a chur ar bun a ghéillfeadh an cead cainte céadna do lucht an dá thaobh, ach rialtas a chuirfeadh faoi chois gach ceannairceoir a bheadh ag iarraidh Poblacht Éireannach a chur ar bun: b'é an "pointe úimléideach le coinneáil i gcuimhne" nach mba chóir meas an ghnáthfhreasúra pholaitiúil a bheith ar na "reibiliúnaigh".

Leis na deargdhílseoirí a ghiúmaráil, b'éigean do rialtas na nAontachtóirí measartha caol a chur orthu tionchar na "bhfealltóirí" ar an tsochaí a chosc go hiomlán. Agus ós rud é go rabh teacht i gcónaí ar an dílseoir dhian a d'aithneochadh lámh na Róimhe ar an mhireoig chultúrtha ba neamhchiontaí de chuid na gCaitliceach, cha rabh de rogha ag an rialtas ach an cineál seo mireoga a aithne agus a thoirmeasc roimh ré. Ar ndóighe bhí an Ghaeilge ar ceann de na "mireoga" ba mhó a tharraing súil na nAontachtóirí uirthi féin.

Siúd is gur chaith cuid ínteacht d'Aontachtóirí a seal i gConradh na Gaeilge roimh a pholaitiú, agus traidisiún áithrid ag an Ghaeilge i measc na bProdasnach, bhí an dearcadh frithGhaeilge ag dul chun cinn ar an taoibh Phrodasnaigh. Ar lá bunaithe an stáitín bhí dornáin seanchainteoirí dúchais fágtha ansin in áiteanna, ar nós Oileán Reachlann nó Gleannta Aontroma, agus cuid acu seo, fiú, ina bProdasnaigh. Ó bhí cliú an Chaitliceachais ar an Ghaeilge fán taca seo, áfach, bhí na Gaeil Phrodasnacha ag éirí as a dteanga dhúchais go géar gasta, agus má bhí, níor bhac rialtas an Stormont le haon iarrachtaí tacaíochta ach oiread.

Deir Liam Andrews nach dtug an tAcht um Rialtas na hÉireann (ón bhliain 1920) aon fhíor-aitheantas do chearta daonna na gCaitliceach ins an Tuaisceart, siúd is go rabh forálacha ínteacht ann le féacháilt chuige nach gcuirfí rialtas aon chreidimh ar bun. Ós rud é, áfach, go rabh na hAontachtóirí in áit a mhaíte go hinchreidte gur priacail mhíleata don stát a bhí ins na Poblachtánaigh, reachtaigh siad péindlíthe a chuirfeadh ar a gcumas gach rud faoi rothaí na gréine, beagnach, a chosc, dá rithfeadh le biogóid ínteacht blas an Phoblachtánachais a fháil air. Thar aon rud eile, b'é an tAcht um Chumhachtaí Speisialta na nÚdarás Sibhialta a cuireadh i bhfeidhm ar na Caitlicigh: b'é seo an dlí míchliúiteach ar 'úirt rialtas cinedheighilte na hAfraice Theas faoi go mbeidís féin sásta na dlíthe apairtéide uilig a mhalartú ar alt amháin as an Acht áithrid seo.

Le comhdhlúthú an chórais úir rialtais ins an Tuaisceart thoisigh an polasaí i leith na Gaeilge á mhúnlú. Cibé sotal a ghéill rialtas na Ríochta Aontaithe do lucht na Gaeilge roimh Chogadh na Saoirse, bhí na hAontachtóirí barúlach anois go mba chóir na Caitlicigh a dhiúltú faoi aríst agus na forálacha a chur ar ceal a bhí ann roimhe sin le teagasc na teanga a thacú i scoltacha an Tuaiscirt. Bhí na deargdhílseoirí ag bagairt báis ar theagasc na Gaeilge, agus bhí sé ar na tascanna ba túisce a dtug an Tiarna Londonderry, an chéad Aire Oideachais sa Tuaisceart, fúthu, ná stádas na Gaeilge sna scoltacha a theorannú is a lagú. Ghair sé ábhar roghnach daoithi nach gceadófaí a mhúineadh do na scoláirí in aghaidh a dtola féin in aon scoil sa stáitín, agus nach mba chóir a chleachtadh taobh amuigh de na ranganna Gaeilge féin. Bheadh sé ceart go leor Gaeilge a theagasc as Gaeilge, a fhad is nach múinfí, cuir i gcás, an reiligiún nó an uimhríocht fríd mheán na teanga.

Má shíl an Tiarna Londonderry go gcuideochadh a chuid smaoitíoch leis an bhunadh Chaitliceach a thabhairt chun suaimhnis, bhí fuar aige, nó b'é ba toradh dá chuid pleananna ná gur chuir na múinteoirí Gaeilge cath agóide ar bun. Dhiúltaigh siad an rialtas fána ndílseacht le cabhair airgid ón Roinn Oideachais i mBaile Átha Cliath. Coinníodh an baghcat ar obair go ceann deich mí, agus scoil Chaitliceach as achan triúr ag glacadh páirte ann an t-am ar fad.

Níor mhaolaigh an feachtas seo ar fhonn an rialtais an Ghaeilge a chur faoi chois, áfach. I Lúnasa na bliana 1922 a cromadh dáiríribh ar pholasaí Gaeilge an Tuaiscirt a leagan amach. Bhí na coláistí neamhspleácha Gaeilge do mhúinteoirí lena n-aitheantas agus a gcuid deontas a chailleadh, ach ní rabh an Ghaeilge le himeacht scun scan; ábhar breise a bheadh inti feasta, go prionsabalta. Go n-uige sin, bhí cineál timire á mhaoiniú ag an stát le teagasc na Gaeilge a eagrú, ach fuair seisean bata is bóthar anois. Cha rabh na deargdhílseoirí sásta leis an bheagán seo, áfach. Ba dóigh leofa go rabhthar ag fabhrú don Ghaeilge thar theangacha iasachta eile, agus b'é an chéad toradh a tháinig ar a gcuid iarrachtaí ruaigeadh a chur ar an teanga ná gur fágadh ar imeall an churaclaim í in éineacht leis an Fhraincis - dealraíonn sé nach rabh na húdaráis ró-dhoirte d'aon teanga seachas an Béarla ins an am sin.

Bhí sé de cheart ag na Caitlicigh, áfach, deontas a lorg leis an teanga a mhúineadh mar ábhar breise, agus cha rabh aon mhoill orthu úsáid a bhaint as an rogha seo. Chuir an ráchairt sin imní agus fearg ar na húdaráis, áfach, agus chrom siad in áit na mbonn ar an bhearna a bhaint de na Gaeilgeoirí, nuair a chualathas an chéad iomrá go rabh teagasc na teanga ag dul chun cinn aríst.

Sa bhliain 1926, áfach, agus na "leasuithe" seo á bhfógairt ag na húdaráis, chuir Comhaltas Uladh, fo-eagraíocht leath-neamhspleách an Chonartha in Ultaibh, chuir siad troid suas chun a seanstádas a bhaint amach don teanga in athuair. Fuair toscaireacht de chuid an Chomhaltais cead isteach chuig an Tiarna Charlemont a bhí ina Aire Oideachais fán am seo, agus mura rabh seisean sásta an seanstádas - ón am roimh bhunú an stáitín ó thuaidh - a ghealladh, níor chloígh sé lena ndearcadh siúd a bhí ag cur in éadan na teanga ar chúiseanna prionsabálta.

Ó nár chloígh, fuair sé é féin go géar gasta i ndubhfhaopach ag na deargdhílseoirí: chuir na Fir Bhuí ina leith go rabh sé i ndiaidh an stát agus an rí a reic ar saorchonradh leis na Gaeilgeoirí, nó geall leis. Má bhí sé sásta cuireadh isteach a thabhairt dá leathbhreac de dhroing agus greas comhráidh a dhéanamh leofa go múinte, cha rabh aon mhuinín as a thuilleadh ag bunadh dílis Uladh. B'éigean dó, anois, a chuid dintiúirí mar Aontachtóir a tharrtháil, agus d'iarr sé, mar sin, ar rúnaí Chomhairle Aontachtach Uladh, Wilson Hungerford, maolú ar an chorraí i measc na ndílseoirí. B'é an fhuascailt a rith le Hungerford, ansin, ná gur fhoilsigh sé litir gan ainm ar iris na nAontachtóirí, agus é ag móradh siosmaid an Aire i leith cheist na Gaeilge ins na scoltacha. San am chéadna bhí an litir comh breac le dímheas ar an teangain is nach bhféadfadh aon duine a chur síos don scríbhneoir go mbeadh sé i bhfách leis an teanga nó lena cúis:

Cha dtig le haon Phrotastúnach ná Dílseoir obair an Chonartha udaí - Conradh na Gaeilge a bhí i gceist aige, ar ndóighe - a chosaint, agus é i ndiaidh teagasc na Gaeilge a chur le láimh láidir an tíoránaigh d'fhiachaibh ar dhaoiní nach rabh fonn a foghlama orthu ná cead a diúltaithe acu. (Shílfeá go mb'é an céasadh ba chruálaí ar domhan Gaeilge a fhoghlaim, dar le Hungerford!) Ach is Aire é an Tiarna Charlemont a bhfuil sracadh agus spionnadh ann, agus fuair lucht Chonradh na Gaeilge amach nach féidir é a bhladar ná a imeaglú chun rud ar bith a dhéanamh nach mbeadh ag teacht le fíor-leas an oideachais i dTuaisceart na hÉireann.

Mhínigh Hungerford nach rabh aon pháiste le Gaeilge a fhoghlaim ina ainneoin féin, ach má bhí tuistí na bpáistí Caitliceacha comh hamaideach le teagasc na Gaeilge a éileamh dá gcuid clainne, nach rabh an rialtas le haon iarracht a dhéanamh chun na diabhail bhochta a chur ar bhealach a leasa.

Ar ndóighe, ba Aontachtóir agus frithGhaeilgeoir é Charlemont, ach ó ba rud é go mb'éigean rud ínteacht, dá laghad é, a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí a shuaimhniú - nó i ndiaidh an iomláin cha rabh lucht rialtais an Tuaiscirt féin in ann a dhiúltú go rabh na Caitligh ann mar dhaoiní - ní rabh an darna rogha ag na státseirbhísigh, mar státseirbhísigh, ach a dhul i gcomhairle le chéile le breithiúnas a thabhairt ar an cheist. Mar sin, scríobh siad meamraim, agus comh túisce is a chaith an chuid is binbí de na dílseoirí an chead chorrshúil ar cheann de na meamraim seo, tháinig tallann feirge orthu, agus iad ag déanamh go rabh uisce faoi thalamh uafásach ar obair leis an Ghaeilge a chur chun cinn ins an chóras scolaíochta. Ní rabh bunús na nAontachtóirí comh buartha sin, ach dealraíonn sé go rabh tionchar ag na cancráin is na leathghealta féin má bhí siad ag cleachtadh a ngealtachta faoi bhrat na Dílseachta. Thar aon dream eile, bhí eagraíocht ínteacht a thugadh "Conradh na Dílseachta" uirthi féin ag ciapadh an Aire leis an tsiabhrán pharanóiach a bhí ar bhaill na heagraíochta fán Ghaeilge, agus iad ag creidbheáilt gur cineál gríosóir rúnda achrainn a bhí ins achan mhúinteoir Gaeilge.

Rinne na húdaráis a ndicheall Conradh na Dílseachta a ghiúmaráil, nó d'eisigh siad meamram eile fós inar leag siad amach suíomh na Gaeilge ins an chóras oideachais: bhí líon na ndaltaí le Gaeilge ag titim, agus dá gcoiscfí scun scan í, dheánfadh na Caitlicigh cnámh spairne agus tucaid trioblóidí daoithi: b'fhearr, mar sin, stádas ínteacht a ghéilleadh don Ghaeilge sna scoltacha - ar an chuantar nádúrtha, ar ndóighe, nach rachfadh sé thar an stádas a bhíodh aici roimh bhunú an stáitín.

Cha rabh Conradh na Dílseachta sásta leis an mhíniú, nó bhí siad barúlach nach mba chóir oiread agus sciúrtóg amháin d'airgead an Stáit a chaitheamh leis an Ghaeilgeoireacht a mhaoiniú. Bhí gá le litir fhada ón Tiarna Craigavon féin leis an dream seo a shásamh: ríomh sé fios fátha an pholasaí oifigiúil go mionchruinn ó thús go deireadh, agus ó ghlac sé an strus air féin, d'éirigh leis fá dheoidh an Conradh seo a shuaimhniú agus a chinntiú dófa nach ag géilleadh d'aon bhrú Phoblachtánach a bhíothar.

Cha dtearn na hAontachtóirí dearmad de cheist na Gaeilge, áfach. Ins an bhliain 1933 d'ionsaigh Feisire de chuid na ndílseoirí an Ghaeilge, agus é ag éileamh míniú ar an dóigh a mbítí ag íoc airgid le múinteoirí Gaeilge as sparán an stáit. An turas seo cha rabh fear tarraingthe an challáin sásta leis an chéad chur ó dhoras a fuair sé ó na húdaráis, agus é ag tabhairt le fios go rabh sé ag cur mídhílseacht i leith an rialtais. Bhain sé gach cineál fad is fairsinge as an scéal, agus é den bharúil nach rabh fiúntas trádála ná gnoithe ar bith ag roinnt leis an Ghaeilge a thabhóchadh údar a teagaisc daoithi. Ina dhiaidh sin féin, d'fhan an Rialtas dian daingean dásachtach ag cur ar son a bpolasaí féin, agus iad ag áitiú go rabh spéis ghinearálta chultúrtha oideachasúil ins an Ghaeilge ag codán nach beag de bhunadh Thuaisceart na hÉireann.

Dhealraigh sé go rabh fronta ní ba fhairsinge á thiomsú in aghaidh na teangan ag na deargdhílseoirí, nó go gairid i ndiaidh na hionsaí ins an Phairlimint tháinig ráig eile ón Stormont. Aontachtóir neamhspleách a bhí ar obair an iarracht seo, beag beann ar an Aontachtachas oifigiúil. Chuir an tuathghríosóir seo i leith Rialtas an Tuaiscirt go rabh siad ag cur amú airgid ar an Ghaeilge - teanga nach rabh inti, dar leis, ach "gléas saigheadta chun fealltóireachta". B'é an t-aon leas amháin a thiocfadh a bhaint as an teanga, dar leis, ná jab rialtais a fháil ins an tSaorstát - níor theastaigh ó mo dhuine go maoineofaí a leithéid sin as pócaí an stáitín Thuaisceartaigh: má bhí Gaeilgeoirí de dhíth ar na naimhde ó dheas, níorbh é dualgas an tuaiscirt dhílis a n-oiliúint fána gcoinnesean.

Nuair a bhí feachtas comh fairsing seo ar siúl ag na deargdhílseoirí in éadan na teanga, cha rabh de rogha ag na húdaráis ach tabhairt isteach, nó ar a laghad aisfhreagra ínteacht a thabhairt. Chrom an Tiarna Charlemont ar mheamram a dhréachtáil le haghaidh Chraigavon, agus é ag cíoradh dearcadh agus tucaidí an dá thaobh i gcointinn na Gaeilge. Ghlac sé leis nach rabh fiúntas gnoithe nó tráchtála ag baint leis an teanga, ach ins an am chéadna d'aidmhigh sé go rabh páirt ag seanteanga thraidisiúnta na tíre i gcóras na scoile ar chúiseanna cultúir, díreach cosúil leis an stair féin. Agus na deargdhílseoirí ag breabhsú orthu mar sin in aghaidh na teangan, ní fhaca Charlemont i ndiaidh na iomláin aon rogha eile ach an deontas a chur ar ceal a bhí le fáil fá láthair le teagasc na Gaeilge a mhaoiniú. Ina dhiaidh sin féin, chuir mo dhuine in iúl go lom nach rabh sé i bhfabhar le frithGhaeilgeoireacht challánach, agus é suite siúráilte go rabh éirithe cuibheasach maith leis an Roinn an faobhar a bhaint de mhíshástacht an phobail Náisiúnaígh a bhí ag éileamh an Ghaeilge a choinneáil á teagasc ins na scoltacha.

Ní rabh Charlemont ag iarraidh an teanga a chur chun cinn ar aon nós, ach bhí sé barúlach go gcaithfí sop ínteacht a thairgsint do na Caitlicigh le maolú ar a gclaonadh chun mídhílseachta; thairis sin, ní chothóchadh feachtas callánach cársánach in aghaidh na teangan ach tuilleadh diúnais i measc na Náisiúntóirí, agus ba dóchúla dófa ina dhiaidh cromadh ar an teanga a fhoghlaim ná a bhí roimhe:

Is dual don Éireannach an rud toirmeasctha a dhéanamh, agus más drochrud ann féin é Gaeilge a fhoghlaim - níl mé cinnte gurb eadh, nó caithfidh sé gur aclú maith inchinne duit a fhios a bheith agat gurb é Eoin Robbhch an Ghaeilge ar John Robb - más drochrud ann féin é, is é gach a dtig liom a rádh, má chuirtear lánchosc léithi, go dtabharfaidh sé spreagadh comh mór sin don Ghaeilgeoireacht is go mbeidh madraí an bhaile féin ag tafann as Gaeilge, i mBóthar na bhFál ar a laghad.

B'é an comhréitiú ab fhearr eadar na pragmataigh is na deargdhílseoirí (ar ndóigh, ní rithfeadh le haon duine ceist a chur ar na náisiúntóirí) gur chaill na múinteoirí Gaeilge a ndeontas. Bhain na náisiúntóirí a n-úsáid féin as an éagóir seo ina gcuid bolscaireachta, ní nach ionadh; agus ar ndóighe, is é an freagra a dheonaigh na hAontachtóirí a thabhairt i nglór uasal go híseal ná nach rabh call ar bith leis an Ghaeilge ins an pháirt ghnoitheach fhorásach seo den Impireacht.

Ar aghaidh