An Darna Cuid
Fán am chéadna bhí na triochaidí ag druidim chun deireanais, agus Hitler ar bís ag fanúint leis an chéad chionsiocair le toiseacht ar an chogadh. Bhí an chuma ag teacht ar na cúrsaí go rabh riachtanas géar ann le tacaíocht gach dream ar leith a earcú ar mhaith le cúis na Breataine, fiú má bhí scód nua le ligean le lucht labhartha na mionteangacha. hAithníodh athrú na gaoithe ins an Bhreatain Bhig ach go háirithe, nó ghabh na húdaráis leithscéal go poiblí le bunadh na tíre sin ar son an leatrom a bhí á imirt ar an Bhreatnais le fada, agus cuireadh áiseanna úra ar fáil leis an teanga a choinneáil beo agus a theagasc do na páistí.
Ansin, tháinig sé chun solais de réir a chéile nárbh ionann leas na Breataine Móire agus aimhleas na Gaeilge. Déanta na fírinne, dá mairfeadh na deargdhílseoirí ag cur in éadan na Gaeilge faoi na toscaí seo, thiocfadh le gluaiseacht na Gaeilge a chur ina leith go mb'iadsan na fíor-fhealltóirí, ó ba tábhachtaí leofa a n-éisealacht féin i dtaoibh na teanga ná cúis na Breataine Móire sa chogadh. Le linn do Hitler a bheith ag teannadh ar an tír go bagrach i dtús an chogaidh, bhí uachtaráin an stáitín scanraithe as a meabhair, agus Craigavon féin ag scrúdú a choinsiasa: dá n-éilítí air Tuaisceart na hÉireann a ghéilleadh do Bhaile Átha Cliath le Dev a bhlandar chun cogaidh in aghaidh na Gearmáine, an dtoileochadh sé leis? Bhí Craigavon suite siúráilte go rabh Hitler ag iarraidh daonlathas, sibhialtacht agus Críostúlacht a chur de dhroim an tsaoil go deo, agus tháinig sé ar an chomhairle i ndeireadh na dála go gcaithfeadh sé a vóta i bhfách le hathaontú na hÉireann dá rachadh an scéal go cnámh na huilinne.
Cha dteachaidh, áfach; ach, ar a laghad ar bith, ní rabh de roghain ag an lucht rialtais ach leor a ghabháil leis na toscaí nua de gheall ar cheist na Gaeilge. Sa bhliain 1942 a tháinig an briseadh mór. I samhradh na bliana sin fuair Coiste Réagúnda Oideachais Chaisleán na Deirge agus an tSratha Bháin achainí ó bhulc mhór scoláirí rang Gaeilge a chur ar bun i Scoil Teicneolaíochta an tSratha Bháin, agus ar ndóighe, d'eitigh an Coiste iad. Na rialacháin a bhí i bhfeidhm san am, áfach, d'fhág siad na daltaí i dteideal a n-achainí a fháil, agus nuair nach rabh siad sásta glacadh leis an diúltú, chrom PríomhAire úrcheaptha an Tuaiscirt, J.M. Andrews, ar a fháil amach goidé a thiocfadh leis a dhéanamh le cosc a chur le teagasc na Gaeilge amach is amach le fáil réitithe den tsíorbhrilsce. Chuaigh foireann an Aire Oideachais John Robb a chíoradh na ndoiciméad, ach má chuaigh, ba bheag an cuidiú lena gcás a bhí iontu. Ó bhí an Bhreatnais in éis aitheantas oifigiúil a fháil anois sa chóras oideachais, agus an chuma ar an scéal go rabh údaráis Londan ag súil le fuascailt den chineál chéadna i gcúrsaí na Gaeilge is na Gàidhlig, b'é an t-aon tátal amháin a bhí inbhainte as an iomlán dhearg go gcaithfeadh lucht rialtais an Tuaiscirt a dtoil a ligint leis na Gaeilgeoirí.
B'ar chrann John Robb a thit sé achoimre a thabhairt ar na cúrsaí i litir a scríobh sé don PhríomhAire. D'aidmhigh sé go rabh an-ghail ar an Ghaeilge i measc na gCaitliceach, agus an teanga á teagasc agus á staidéar in ollscoltacha ar an dá thaoibh den Teorainn, eadar Ollscoil na Ríona, Choláiste na Tríonóide agus choláistí Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Agus an Bhreatnais is an Ghàidhlig ag dul chun cinn sa chóras oideachais go géar gasta, ba chiotach an mhaise dúinn an Ghaeilge a chaitheamh amach as ár gcuid scoltach anois, agus an ráchairt atá uirthi de réir gach dealramh. D'aidmhigh mo dhuine fosta go mb'fhéidir go rabh cúiseanna polaitíochta leis an éileamh mhór ar an teanga, ach bhí sé barúlach go mb'fhearr na téacsleabharthaí a choinneáil faoi shúil cigirí oifigiúla agus faoi smacht an Rialtais, ná an cheist a fhágáilt faoi scoltacha scairte a dheánfadh a seacht ndicheall mídhílseacht, diúnas agus gach cineál mioscais Fhíníneach a chothú fríd mheán na Gaeilge.
Ba mar sin a sroicheadh an "leamhsháinn", mar a deir Liam Andrews, i gceist theagasc na Gaeilge agus dheontais oifigiúla a mhaoinithe sa Tuaisceart. Is é an tátal a bhaineanns mo dhuine as an stair seo atá ríofa aige ná:
Tá daoiní de na hAontachtóirí inniu ag cosaint naimhdeas a bpobail féin i leith na Gaeilge fríd an locht a iompairc ar na Náisiúntóirí. Maíonn siad go rabh féiniúlacht chomhshaoránachais ag roinnt leis an Ghaeilge i dtús báire, ionas go rabh sí ar fáil do na Protastúnaigh comh maith; agus go mb'iad na náisiúntóirí Caitliceacha, ina dhiaidh sin, a chuir féiniúlacht polaitíochta in áit an chomhdhaonnachais i gcruth is gur h-eitíodh na hAontachtóirí fán teanga. B'fhéidir, áfach, nach bhfuil an scéal comh simplí sin. [...] Sna bliantaibh go gairid in éis na Críochdheighilte bhí daoiní de mhaithe is de mhóruaisle na nAontachtóirí sásta a h-áit féin a dheonú don Ghaeilge, mar sheanteanga dhúchais na tíre, i gcóras oideachais an stáit úrbhunaithe ins an Tuaisceart, cibé fá dtaoibh de bhaint na teanga le náisiúnachas míleata na gCaitliceach. Ní díol amhrais é go dtearn an Náisiúnachas Caitliceach, an dóigh a dteachaidh sé i bhfeidhm ar na hAontachtóirí, a chuid féin lena gcur ag tréigbheáilt an tseasaimh mheasartha seo i dtaobh na teanga; ach bhí níos mó tionchair ag forbairt inmheánach an Aontachtachais féin [mar córas smaoiteachais is mar idé-eolaíocht] ar an athrú barúla seo ná mar atá na hAontachtóirí sásta a aidmheáil inniu. B'fhéidir, ach le tuilleadh cruthúnais a fháil ar an méid seo, chrothnaigh mé cur síos níos cruinne ar an dóigh a dtáinig athrú barúla ar na Protastúnaigh maidir leis an Ghaeilge. Tá cuma ghiorraisc thobann ar an athrú sin mar a chuireanns an t-údar inár láthair anseo é: ghníthear talamh slán de ar tús go rabh dream mór Protastúnaigh ag gabháil den Ghaeilgeoireacht, ach ansin, i ndiaidh bhunú an stáitín, ní bhfaigheann muid le léamh mar léiriú ar mheon comhaimseartha na bProtastúnach ach seanmóiríocht frithGhaeilgeoirí ar nós Dehra Chichester-Parker. Cá háit ar imigh na Gaeilgeoirí Protastúnacha sin ar fad? Nár fhág siad lorg ná leanúnachas ar bith ina ndiaidh? An amhlaidh nach rabh fáil ar chuimhní cinn, litreacha ná doiciméadú cuimsitheach eile ar smaoitíocha duine de na Protastúnaigh Ultacha a rabh suim sa Ghaeilge acu? Sílim go mb'é a leithéid an cur síos ab fhearr chun an caochló intinne comhchoitianta seo a scrúdú.
Camille O'Reilly
Is follasach gurb í aiste O'Reilly an ceann is mó teoirice acu seo. Mar a d'úirt mé cheana, tá aithne agus gnaoi ag an tsaol mhór Ghaelach uirthi cheana féin mar gheall ar an leabhar udaí An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann - Polaitíocht na Teangan is an Dúchais ("The Irish Language in the Northern Ireland - The Politics of Language and Identity"), ina gcaitheann sí súil an antraipeolaí ar cheist na teanga sna Sé Chontae - nó i mBéal Feirste, le bheith cruinn, ó is fánach má ghní sí aon phlé ar leith ar na háiteanna eile sa stáitín. An aiste a chum sí fá choinne an leabhair atá faoi chaibidil agam anseo, is achoimre ar an leabhar udaí eile í, go bunúsach.
I dtús báire cromann sí ar chur síos ínteacht a thabhairt ar shuíomh na Gaeilge in Éirinn inniu. Tagraíonn sí don úsáid shiombaileach is gnách a bhaint as an teanga, agus í barúlach gurb é Tuaisceart na hÉireann an áit is mó agus is fairsinge Gaeilgeoireachta ar na saoltaibh seo. (Is iomaí duine a shíleanns, dáiríribh, gurb amhlaidh atá, ach tá mé féin den bharúil go mba chóir gan barraíocht creidiúna a thabhairt don nóisean seo, leitheadach is uile agus a ghlactar leis.) Tráchtann O'Reilly ar an dearcadh fhorleathan ar an Ghaeilge mar acra pholaitíochta agus ar an Ghaeilgeoireacht mar ghníomh polaitíochta fosta.
Tarraingíonn sí uirthi an coincheap sin a bhfuil sí comh doirte dó: an díoscúrsa. Ag trácht ar chúrsaí na teanga dófa, is minic do na Gaeilgeoirí úsáid a bhaint as focail agus cora cainte ar leith, de réir an chineál dearcaidh atá acu ar an Ghaeilge agus ar an tsainbhaint atá aici le córas na cumhachta ins na Sé Chontae. Má ghlacaimid leis nach bhfuil cuid mhór de réaltacht na sochaí ann taobh amuigh d'intinn an duine, is é an díoscúrsa an cineál ar leith cainte a bíos ag na daoiní lena áitiú ar a chéile gurb ann do réaltacht na sochaí, nó gurb ann do rud ar leith mar chuid den réaltacht. (Mar shampla, ní bheadh ins an airgead féin ach miotal teilgthe is páipéar daite, ach go bé go gcreideann na daoiní ann mar airgead, agus iad ag tarraingt orthu focail nó leaganacha cainte ar leith - "praghas", "luach", "báite i bhfiacha", "tá seacht bpunt agam ort" - lena áitiú ar a chéile go bhfuil fiúntas ag baint leis an airgead dáiríribh. Díoscúrsa atá i gceist leis na focail agus na cora cainte seo fosta - díoscúrsa an gheilleagair, na heacnamaíochta agus an airgeadais.)
Is é is brí le díoscúrsa ceannasach ná an díoscúrsa a úsáidtear leis an bhaint a athchruthú is a atógáil is a athneartú atá ag na cumhachtaí le chéile ins an tsochaí cheana féin - is é díoscúrsa an choimeádachais é, mar sin. Thig le dreamanna ceannairceacha forlámhas an díoscúrsa seo a chur ag guagaíl fríd úsáid a bhaint as seoraí cainte na cumhachta féin ar bhealach nuálach, chruthaitheach, nó fríd mhalairt díoscúrsa a chur ar bun. Aithníonn O'Reilly an dá chleas á n-úsáid ag Gaeilgeoirí an Tuaiscirt.
Tá O'Reilly den bharúil gur féidir tri dhioscúrsa a shainaithint i measc Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt, mar atá: an díoscúrsa díchóilínitheach, an díoscúrsa cultúrtha agus díoscúrsa na gceart sibhialta.
Is é an díoscúrsa díchóilínitheach an ceann is mó a shamhlaítear le Sinn Féin agus leis na Poblachtánaigh. Chuaidh an díoscúrsa seo go mór mór chun tábhachta thiar ins na hochtóidí, nuair a chuala an saol iomrá ar an Ghaeilge mar teanga rúnda ag lucht an chéalacain ar an Cheis Fhada. Tá O'Reilly den tuairim, áfach, nach miste súil a chaitheamh ar luathbhlianta Chonradh na Gaeilge le bunrúta an díoscúrsa dhíchóilínithigh a fháil. Is é an sampla is sine dá luann sí den chineál seo cainte ná focail an ainm chleite Fergus Mac Lede ón Irish Freedom sa bhliain 1913:
Is fada ó dhílsigh na Sasanaigh a gcuid fuinnimh do choncas na hÉireann [...] B'í an teanga, mar mhúnla dár sainsibhialtacht, ba tubaistí a d'ionsaigh siad [...] Is í an obair is dual do Chonradh na Gaeilge ná náisiún na hÉireann a stopadh ó chomhshamhlú le náisiún na Sasana [...] Arm polaitiúil den chéad scoth is eadh í an Ghaeilge in aghaidh chúngú na Sasana ar Éirinn.
Na focail udai arm polaitiúil [...] in aghaidh chúngú na Sasana ar Éirinn is croíleacán do dhíoscúrsa an díchóilíneachais ins an tsliocht seo, más fíor d'O'Reilly. Níor athraigh an díoscúrsa seo mórán, dar léithi, siúd is go dtáinig cuma eile ar fad ar na himthoscaí polaitíochta ó na blianta sin ar aghaidh. Déanta na fírinne, bheir sí le fios gurb iarracht atá ins an díoscúrsa seo - agus i ndíoscúrsa polaitiúil an Phoblachtánachais go hiomlán - suíomh polaitiúil na hÉireann i dtús an chéid a athchruthú agus seachmall an leanúnachais a choinneáil beo breabhsánta in intinn lucht a leanstana.
Ar ndóighe, tá an díoscúrsa féin ag athrú anois de réir mar atá an t-am ag imeacht agus bun ínteacht ag teacht ar aimsir na polaitíochta sna Sé Chontae. Ghní O'Reilly tagairt don chineál seo ráitis ó dhuine de lucht leanstana an Phoblachtánachais:
Is ionann é mar ghníomh focal Gaeilge a labhairt amach agus urchar a scaoileadh ins an troid atá á cur ar mhaithe le saoirse na hÉireann. (lch. 100 ins an leabhar)
De ghrádh na polaitíochta a chuir mé an chéad suim ins an Ghaeilge. Cha dteánfainn a dhath ar bith ach spreagadh polaitíochta a bheith agam chuige. B'í an pholaitíocht ar dtús a chuir i dtreo aon rud chultúrtha mé. [...] Is féidir leat an cath a shainmhíniú ar bhealtaí éagsúla, agus b'iad Bobby Sands agus na Gaeltachtaí ins an phríosún a chuir an Ghaeilge i dtús cadhnaíochta [...] Na daoiní a tháinig ón phríosún, ba daoiní de do chuid féin iad [...] B'fhéidir gur deartháir leat a caitheadh i dtóin phríosúin agus a phill ´na bhaile leis an Ghaeilge ina phluic, agus d'imeorfadh a leithéid sin a thionchar féin ort, an dtuigeann tú? (lch. 101 ins an leabhar; fear óg atá ag caint anseo)
D'fhógair lucht Sinn Féin in ard a ngutha gur ceist pholaitiúil í ceist na teangan, is é sin, gur cinneadh polaitiúil ab eadh é an cinneadh a bhain an Ghaeilge de bhéal an phobail an chéad lá riamh.
Caithfidh na daoiní a thuigbheáilt go bhfuil an fhrithGhailgeoireacht fite fuaite le láithreacht na ndíormaí Briotanacha in Éirinn mar rud. Cathfidh bunadh na hÉireann a aithne nach dtiocfaidh an Ghaeilge ar ais ar bhealach na draíochta nuair a thréigfeas na Briotanaigh an tír seo. Nuair a tháinig siad isteach an chéad uair riamh, bhí an teanga thíos leis, agus caithfidh sí biseach a fháil sula n-imí na Briotanaigh. Thairis sin, caithfidh muid glacadh leis go gcuideochaidh athshlánú na teanga linn deireadh a chur le gabháltas Gall ar Éirinn. Agus an Ghaeilge ag teacht chuici aríst, rachaidh an Galldachas in éag. (Lch. 101 sa leabhar. Paimfléad de chuid Shinn Féin atá againn anseo. Mé féin a chuir Gaeilge ar an tsliocht Béarla a bhí ag O'Reilly.)
Mar a chonaic muid thuas, ceanglaíonn an díoscúrsa díchóilínitheach an Ghaeilge is an Ghaeilgeoireacht go daingean den chath atá na Poblachtánaigh a chur leis an tír a athaontú. Dearctar ar an Ghaeilge mar dhlúthchuid den chath seo, agus is "arm cogaidh" í an Ghaeilge féin, dar leis na díchóilínitheoirí.
"Ar an taoibh eile de chlaí na hidé-eolaíochta", mar a deir O'Reilly féin, tá díoscúrsa an chultúir ar fáil. Díoscúrsa is eadh é a shéananns go prionsabalta aon chiall pholaitiúil a bheith leis an Ghaeilgeoireacht nó le hAthbheochan na Gaeilge inti féin. Is ionann "polaitiúil" agus "Poblachtánach" ins an choimhthéacs seo go minic, de réir O'Reilly, ach is féidir go bhfuil a leithéid dosheachanta: má ghníthear iarracht d'aon tsiúl an teanga a choinneáil slán scoite scartha ó pholaitíocht an tseicteachais, nó fiú, a chur ar tairgsint mar mhalairt ar an tseicteachas, is é an Poblachtánachas an príomhchineál "seicteachais" a bhéas i gceist, ós rud é gurb é an príomhchineál seicteachais a chasfar ar na Gaeilgeoirí i measc a muintire féin, a fhad is a bhéas na Caitlicigh ar an t-aon phobal amháin den bheirt ar féidir aon sluachultúr Gaeilgeoireachta a shamhlú leis, agus na Gaeilgeoirí Prostastúnacha ina n-éanacha corra i measc a mhuintire féin, ag léamh Sheathrún Céitinn cois tine sa bhaile acu féin.
Théid díoscúrsa an chultúir siar a fhad le Dubhghlas de hÍde féin, a deir O'Reilly, agus an chéad léacht a thug sé uaidh fá dtaobh de comh riachtanach a bhí sé Éire a dhíghalldú, is sampla sármhaith é den díoscúrsa áithrid seo. Mar is eol dúinn, b'é ba toradh don aitheasc seo gur cuireadh Conradh na Gaeilge ar bun, agus de hÍde ar a sheacht ndicheall fíchead leis an eagraíocht a stiúradh glan ar chúrsaí polaitíochta - iarracht nach bhféadfadh rath a bheith uirthi ach seal, ó bhí an scailp eadar na hAontachtóirí agus lucht iarrtha an Rialtas Dúchais (home rule) ag dul chun leithne in aghaidh an lae, ó thús na fíchiú haoise i leith.
Deir O'Reilly go bhfuil dhá riocht ann inar féidir don díoscúrsa seo a dhul. (Siúd is nach bhfuil mórán lochta agam ar sn dóigh a n-úsáideann sí an focal mór udaí díoscúrsa - agus caithfidh mé béim ar leith a chur air nach mise an fear ceart le locht a fháil ar a cuid taighde, ós rud é nach bhfuil aon chur amach agam ar an antraipeolaíocht - ní mór domh a rádh go gcuireann an chaint seo aici ar dhá riocht as domh, ar bhealach. Uaireanta, ghní mé iontas an amhlaidh go dteachaidh sí beagáinín beag thar fóir ag simpliú cúrsaí casta crosta fríd aon díoscúrsa amháin a aithne áit a bhféadfaí dhá cheann a aithne. Ón taoibh eile de, éacht is eadh é an taighde a rinne sí ar chúrsaí na Gaeilge ins an Tuaisceart cibé scéal é, agus dúshraith dhaingean curtha aici faoi thuilleadh oibre.)
Mar sin, is iad an dá riocht seo ná an riocht glanchultúrtha agus an riocht ar a dtabharfainn féin "an riocht frithPhoblachtánach". Cuireann díoscúrsa an chultúir i riocht ghlanchultúrtha béim ar an Ghaeilge mar sheoid luachmhar - más ceadmhach domh an seanchliché smolchaite seo a tharraingt anuas ó sheilf an stórais - is é sin, is luach ann féin an teanga. Deir múinteoir ó Bhéal Feirste, agus é faoi agallamh ag O'Reilly (lch. 103) gurb iad an áilleacht is dual don teanga agus an t-athrú dearcaidh ar an tsaol a théid leis an Ghaeilge a mheall i dtaoibh na teanga é an chéad lá riamh - súil eile, mar a deir lucht TnaG.
Is minic, áfach, a théitear i muinín dhíoscúrsa an chultúir mar chuid den iompairc fá cheartúinéireacht na Gaeilge eadar na Poblachtánaigh agus na Gaeilgeoirí neamh- nó frithPhoblachtánacha. Chuala muid go minic an focal fuadach ag cuid mhór acu siúd a bhaineanns leis an chéad dream acu, agus iad ag áitiú go bhfuil lucht leanstana an Phoblachtánachais ag déanamh a ngaisneasa as an Ghaeilge lena gclár oibre féin a chur i gcrích - go bhfuil siad in éis an teanga a fhuadach.
Is féidir a rádh gurb é Iontaobhas ULTACH guth "oifigiúil" an díoscúrsa seo i gceachtar den dá riocht thuasluaite, in éineacht le Grúpa na dTraidisiún Cultúrtha (Cultural Traditions Group). Mar a deir Muiris Ó hAodha ón Ghrúpa: (lch. 105): Is é is príomhchuspóir don Ghrúpa ná na daoiní a chur ag cardáil is ag caibidil na dtraidisiún cultúrtha éagsúla i dTuaisceart na hÉireann in atmaisféar síochánta neamhchointinneach. Mar shampla chuidigh muid le Protastúnaigh a marana a dhéanamh ar an Ghaeilge gan col a ghlacadh léithi, nó le Caitlicigh amharc ar mhórshiúl Oráisteach gan ábhar imeagla a aithne ann. Ar ndóighe is féidir an cheist a chur nach amhlaidh gurb é is príomhchuspóir le mórshiúlta áithride Oráisteacha ná úinéireacht agus forlámhas a éileamh ar thalamh an Tuaiscirt nó fiú imeagla a chur ar na Caitlicigh, agus nach amhlaidh go n-úsáidtear an teanga Ghaeilge féin uaireanta le goillstint ar na hAontachtóirí comh mór agus is féidir. (Foilsíodh an sliocht seo an chéad uair i leabhrán faoin teideal Giving Voices a tháinig amach ó Ghrúpa na dTraidisiún Cultúrtha sa bhliain 1994. Lch. 105 sa leabhar.)
Cuireann O'Reilly sonrú ar leith ann ins an tsliocht seo nach samhlaíonn Muiris Ó hAodha an Ghaeilge ach leis na Caitlicigh, rud nach bhfuil ag teacht lena bhfuil le rádh ag an Dochtúir James Hawthorne ins an leabhar chéadna, agus eisean ag tairiscint na Gaeilge mar chuid de chultúr trasphobail an Tuaiscirt. Mar sin, níltear go hiomlán ar aon fhocal fá shuíomh na Gaeilge eadar an dá phobal: tá siad ann a áitíonns gur leis an dá phobal í mar theanga, agus an chuid eile á cur chun cinn i measc na bProtastúnach mar aichearra go dtí an cultúr Caitliceach.
Cibé scéal é, is ionann go minic an Ghaeilge a chardáil is a úsáid de réir dhíoscúrsa an chultúir agus a bheith ag iarraidh an teanga a dhípholaitiú. Ní chun sochair amháin a théid seo don Ghaeilge, b'fhéidir. Nó an té atá ag iarraidh an teanga a "dhípholaitiú", is féidir a chur ina leith nach bhfuil sé ach ag iarraidh cosc agus cinsireacht a chur le h-úsáid na teanga i gcoimhthéacs na polaitíochta - go h-áithrid, lena húsáid i gcoimhthéacs na polaitíochta Poblachtánaí. Mar a deir duine acu siúd atá faoi agallamh ag O'Reilly ina leabhar féin, tá sé cosúil leis an léitheoireacht i Meiriceá Theas: má fhoghlaimíonn sibh léamh, is maith an rud é, ach má léann sibh na leabhartha toirmiscthe, níl ionaibh ach drong de Chumannaigh. Is dóigh lena lán Caitlicigh gurb é is impleacht don díoscúrsa chultúrtha ná nach bhfuil ins an Ghaeilge ach mireog chultúrtha a chuideochas leat na logainmneacha a chiallú - agus nach bhfuil sé go hiomlán ceadaithe nó inmholta an teanga a úsáid le cúrsaí tromchúiseacha a chardáil.
Is é díoscúrsa na gceart sibhialta an bealach éalóidh as an chruachás seo go léir, dar lena lán. Má rinne na Poblachtánaigh an teanga a "pholaitiú", a thabhairt chun polaitiúlachta ar mhaithe leofa féin, agus lucht an díoscúrsa chultúrtha ag iarraidh an teanga a dhípholaitiú, is é is dual do lucht dhíoscúrsa na gceart sibhialta ná an teanga a ilpholaitiú, is é sin, béim a chur ar an Ghaeilge mar theanga a bhfuil gach duine agus gach dream polaitíochta nó saindúchais ins an Tuaisceart ina teideal, má thoilíonn sé a foghlaim agus úsáid a bhaint aisti ina ghnáthshaol. Mar a deir duine d'agallaithe O'Reilly:
Tá mé tinn tuirseach díofa siúd NACH bhfuil ag cur na Gaeilge chun cinn. Iad siúd a deir go bhfuil an teanga fuadaithe ag Sinn Féin, deirim leofa go mba chóir dófa féin an teanga a fhuadach. Mar sin, tá an Ghaeilge ar fáil d'achan duine - ach í a fhuadach!
Ós rud é go bhfuil torthaí taighde O'Reilly ar fáil ina leagan iomlán ina leabhar féin (The Irish Language in Northern Ireland - The Politics of Culture and Identity - molaim daoibh uilig an saothar seo a léamh go barainneach), cha dteánaim tuilleadh cardála ar a halt anseo. Thig alt
Ghordon McCoy
fá dtaobh d'fhoghlaimeoirí Protastúnacha na Gaeilge ar lorg an chinn a scríobh O'Reilly, agus is dream iad seo a gcuirfidh muid uilig suim iontu, agus an íomhá láidir Chaitliceach atá ag dul leis an teanga i gcónaí.
Deir McCoy go bhfuil spéis ag na meáin chumarsáide féin iontu, nó séanann siad a lán réamhbhreithiúnas reatha ar an t-aon ábhar amháin gurb ann dófa ar scor ar bith. Cuid de na Protastúnaigh seo, tá dearcadh náisiúnaíoch acu. Is minic a shíltear nach féidir do Phrotastúnach bheith ina náisiúntóir ach traidisiún an teaghlaigh a bheith mar chúltaca aige le sin - traidisiún na bliana 1798, ar ndóighe. Mar a aithnítear ar an tsliocht seo as agallamh a chuir McCoy ar dhuine de na náisiúntóirí Protastúnacha, is féidir cúiseanna pearsanta a lua leis an chineál seo dearcaidh freisin:
Bhí col ar leith agam le teaghlach ríoga na Breataine Móire; mar sin, bhí mé [...] ag déanamh mo mharana ar an dóigh ar mhothaigh mé mé féin i dtaoibh chríochdheighilt na hÉireann, ag déanamh m'iontais cad fáth a dtáinig an chríochdheighilt ar an tír seo an chéad uair riamh, agus sílim nuair a bhí mé ag freastal ar scoil na gramadaí gur thoisigh mé a theacht ar an chonclúid nach mba chóir don chríochdheighilt a bheith ann ar aon nós [...] Ansin, cad iad na tréithre is bunúsaí, na gnéithe is dúchasaí de chultúr na hÉireann [...] nach mbeadh leatromach ar aon taoibh, nach mbainfeadh ar aon bhealach phrionsabalta le haon dream amháin thar an phobal eile? B'í an Ghaeilge an ghné ba mhó acu, agus ní dual daoithi a bheith ag aon phobal thar an chuid eile. (lch. 132)
Ar nós go leor náisiúntóirí Caitliceacha, níl na náisiúntóirí Protastúnacha in ann a thuigbheáilt cad fáth a bhfoghlaimeochadh aon duine de bhunadh Phrotastúnach an teanga ach dearcadh náisiúnaíoch a bheith aige ar cheist na críochdheighilte, nó é a bheith ar tí an dearcadh seo a ghlacadh chuige. Ní chreideann siad, mar sin, go bhféadfadh aon Aontachtóir doleigheasta dochomhairleach an Ghaeilge a thógáilt leis agus a chuid dearcaíocha polaitiúla a choinneáilt slán sa tiothbháil.
Is fíor, a deir McCoy, gur dóchúla don Ghaeilgeoir Phrotastúnach dearcadh náisiúnaíoch a bheith aige ná don ghnáthPhrotastúnach. Ón taoibh eile, áfach, cha rabh a seans, ná a seal, ag an Ghaeilge go fóill éirí faiseanta i measc na bProtastúnach; agus cibé scéal é, na náisiúntóirí Protastúnacha ar labhair mo dhuine leofa, ba náisiúntóirí iad sular chrom siad ar an teanga a fhoghlaim.
Dealraíonn sé nach deacair ach an oiread a theacht ar Aontachtóirí le Gaeilge i measc na nGaeilgeoirí Protastúnacha, agus iad meáite ar íomhá an Phoblachtánachais a bhaint den teanga, cf. an t-athfhriotal áithrid seo:
Is é atá eadar lámhaibh agam ná an tseoid luachmhar seo a tharraingt amach as an tinidh, seachas a dhul isteach ins an tinidh mé féin. Tá mé ag athshainiú na Gaeilge mar rud a gheibh mé tábhachtach cionn is gur Ultach atá ionam. Tá sé de dhíth orm Gaeilge Uladh a fhoghlaim, agus níl baint ar bith aige sin le haon náisiúnachas. (lch. 135)
Ós rud é go bhfuil spéis ionraic ag go leor Aontachtóirí i stair a dtírín féin, agus an Ghaeilge fite fuaite leis an stair sin, chan díol iontais é go mothaíonn is go n-aithníonn siad tarraingt na Gaeilge. Ón taoibh eile de, rachfadh sé rite le hAontachtóir ar bith dearmad a dhéanamh dá chuid réamhbhreithiúnas i dtaoibh na teanga de, ag cur san áireamh an dóigh a bhfuil na meáin chumarsáide ag cuidiú le hiarrachtaí Shinn Féin gothaí na Gaeilge a chur orthu féin leis an phoiblíocht. Mar a deir foghlaimeoir ó thuaisceart Chontae an Dúin (lch. 135):
Is staraí mise, agus aistriúcháin de dhíth orm go minic ag teacht trasna ar an Ghaeilge i bhfoinsí staire domh. Mar sin, bhí mé riamh meabhrach ar an áit a bhí ag an teanga i gcúrsaí stair is litríocht Uladh. Theastaigh uaim riamh bheith in ann filíocht Ghaeilge a léamh [...] Go géar ar fad a shantaigh mé í a fhoghlaim, ach san am chéadna bhí traidisiún Poblachtánach na Gaeilge ag drannadh leithne a chraois liom [...]
Ón taoibh eile, ceist chrosta is eadh í ceist an dúchais is na féiniúlachta náisiúnta i measc na bProtastúnach cibé. Taobhaíonn cuid mhaith acu le féiniúlacht à la carte, ag roghnú an chuid is fearr ón dá dhomhnán, ag baint an tsuilt chéadna as an Ghaeilge agus as ceol na bProms, mar a chonaic muid cheana ar achoimre an ailt le hIan Malcolm.
Is iad na hAontachtóirí meánaicmeacha is mó a bíos in áit na caoinfhulaingthe agus an liobráöachais seo, áfach. Níl na saoráidí céadna ag na Dílseoirí ó chúlra an lucht oibre, nó tá cuid mhaith acu sáite ins na trioblóidí, agus na paraimhíleataigh ag coinneáilt diansúil ar a bpobal féin, i gcruth is nach bhfuil mórán scóid á ligean le h-éanacha corra.
Is iomaí Gaeilgeoir Protastúnach as measc an lucht oibre a thaobhaíonns leis an fhéiniúlacht náisiúnta "Ultach" thar an fhéiniúlacht Bhriotanach, dar le McCoy, agus an oiread mealladh a bhain polasaithe na Breataine Móire astu.
Ar aghaidh
Pill ar ais