Tobar na hÉigse

Gearrscéal Fantaisíochta le

MAARIT VERRONEN

Níl aon duine i dteideal an scéal seo a chóipeáil, a thraschóipeáil, a athrú ná a phriontáil amach ach cead a iarraidh roimh ré i bhfoirm scríofa ar an Údar. It is strictly prohibited to copy, to download, to alter or to print out this text without acquiring in advance the explicit, written permission of the Author.

Tekijän luvalla iirintänyt Panu Petteri Höglund a d'aistrigh ón Fhionlainnis le caoinchead an Údair.

Is féidir an buntéacs Fionlainnise, Viisauden lähde, a léamh ANSEO. TÄSSÄ on suomenkielinen alkuteksti, Viisauden lähde.

Ba léir domh roimh ré nach ligfeadh Grab domh freastal ar chomhdháil eolaíochta na Bléasláice, dá mbeadh neart aige air. D'úmaigh sé é féin chun an turais i nganfhios domh féin; agus is cinnte go mb'eisean a d'fhéach chuige nach mbeadh cianóg rua ar fáil domh as ciste ár n-ollscoile féin, dá rithfeadh liom iarratas a chur isteach ar scoláireacht. Bhí an bheirt againn i ndiaidh mórshaothar eolaíochta a chur i dtoll le chéile a rabh lorg mo láimhe féin le haithne ar chuid mhór de; ach má bhí féin, bhí Grab meáite gan an saothar sin a chur faoi bhráid na comhdhála ar aon nós. A mhalairt ar fad, bhí sé le teoiric úr dá chuid féin a thaispeáint don tsaol mhór ansin. Ghlac sé buntáiste cheana féin ar chupla mac léinn a bhí ag ullmhú a dtráchtas céime le figiúirí a chuntas a bhí de dhíth air mar chruthúnas ar an teoiric. Ar ndóighe, ní rithfeadh le mo dhuine choíche ainmneacha na ndaor bocht seo a lua leis na torthaí. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, cha rabh i nGrab ach bithiúnach ceart cruthanta, ach san am chéadna, bhí an oiread sin ardmheasa ag an tsaol air mar mheitéareolaí den chéad scoith is nach rabh mórán seansanna ag mo leathbhreac cur ar mo shon ina éadan-san. De réir gach dealramh, bhí sé i ndiaidh mo chliú a mhilleadh orm cheana gach áit a mbíodh lucht eolaíochta ag teacht le chéile. Thráchtadh sé leis na hollúna eile orm mar chúntóir óg a rabh an-ghealladh faoina shaothar dochtúireachta - ach ansin chlis air go hiomlán. Ní rabh mé iontaofa ná in ann ag mo chuid oibre, ná éirim nó dúthracht ionam, má b'fhíor do Ghrab.

"Cá bhfuair tú luach an ticéid?!" B'é sin an chéad chaint a d'úirt Grab liom, agus alltacht air ar fad, nuair a d'inis mé dó ar an Aoine roimh an chomhdháil go rabh mé ag brath a dhul go dtí an Bhléasláice ar an lá chéadna.

"I mo threaspac féin; ba mhian liom riamh cuairt a thabhairt ar an tír", a d'fhreagair mise, agus sult an domhain á bhaint agam as an ghnúis bharrúil a tháinig ar Ghrab le tréan iontais.

"Riamh? Ní rabh an tír féin ann roimh an bhliain anuraidh", a cheartaigh sé, a thúisce is a tháinig an chaint leis aríst. Bhíodh Grab riamh ag beachtaíocht ar fhoclaíocht na ndaoiní mar sin. Bhí an duanóg chainte seo ní ba mhó as cosán ná mar ba ghnách, nó siúd is nár bhain an tír an neamhspleáchas amach ach le déanaí, bhí an t-ainm sin ar an chúige leis na céadta bliain anuas. Bhí cúiseanna maithe agam leis an fhonn imeachta a bhí orm - cúiseanna eolaíochta - nach nochtfainn do Ghrab choíche.

"Cad é atá tú ag dul a chur faoi bhráid na comhdhála?" a d'fhiafraigh Grab anois. Bhí sé féin ar duine acu sin a bhí luaite i mbilleog na comhdhála, agus bhí a fhios aige nach dtiocfadh liom ach mionpháipéar eolaíochta a léamh, ceann den chineál nach rabh gádh lena fhógairt roimh ré. "Ní chuirfidh mé m'ainm le do pháipéar, agus ní féidir leat mo theoiric a dhéanamh poiblí faoi d'ainm féin. Is beag a rinne tú ar mhaithe leis an fhoilseachán, thar an chupla léarscáil a línigh tú de réir sonraí a hullmhaíodh duit, agus an giota téacs a chlóscríobh tú. Dáiríribh níl sé tuillte agat d'ainm féin a chur leis ar aon nós."

Sin é an cineál cainte a shamhlófá le Grab, ach ní rabh aon ghreim aige orm a thuilleadh:

"Níl mé lena dhath a léamh don chomhdháil. Níl ann go bunúsach ach go bhfuil spéis agam i dtaighde na ndaoiní eile. Is fearr liom rudaí nua a fhoghlaim ná mo chuid tuairimí a bhrú ar dhaoiní eile."

Chuir an méid seo rímhéad ar Ghrab: dar leisean, ní bheadh ina leithéid de thuras ach saoire, agus ní rabh mé i dteideal seachtain iomlán saoire a ghlacadh, a laghad oibre is a bhí déanta agam. Mar sin, nuair a bheadh mo sheal oibre istigh i gceann cupla mí, ní bheadh de rogha aige ach mo dhiúltú fá sheal nua. Bhí a fhios agam go rabh a intinn socraithe suas aige le fada an lá mé a shacáil, agus an col a ghlac sé liom. Cha rabh ins an Bhléasláice ach an tsiocair a bhí de dhíth air. I mbreis ar an tsacáil, bhí achasán i ndán domh comh maith.

"Níor sheadaigh tú riamh in aon chineál ar leith eolaíochta", ar seisean le faobhar an dímheasa ar a ghuth. "Chuaigh tú le réalteolaíocht ar tús, ansin chrom tú ar fhisic na gcáithníní, agus ansin dhílsigh tú do dhúthracht don mheitéareolaíocht. Tharraing tú, fiú, malairt ollscoile ort sular chríochnaigh tú do shaothar dochtúireachta."

Shíl Grab gur cúis náire a bhí ina leithéid. Is iomaí duine den chineál chéadna a casadh orm tráth mo shaoil. Ní bhfuair mé sásamh mo shainte riamh ins na hinstitúidí eolaíochta a bhíodh faoi smacht ag marbháin den chineál sin, agus d'imigh mé uathu ar eagla go dtolgfainn an bás uathu. San am chéadna, bhí taighde de mo chuid féin eadar lámhaibh agam, beag beann ar mhionstiúrthóirí den tseort seo. Obair sách doiligh a bhí ann: ar tús cha rabh a fhios agam cá bhfaighfinn an chéad leide. Bhí ag éirí liom anois, áfach, agus cuma ag teacht ar an scéal gurb ins an Bhléasláice a gheobhainn freagra gach ceiste agus fuascailt gach rúin.

Níor mhothaigh mé mé féin róshiúráilte go fóill ag dul isteach ar bord an eitleáin domh. Cha rabh aon ticéad ar ais agam, ach mura rabh, b'é ba phríomhchúis le sin ná nach rabh a luach agam: ní rabh mé comh cinnte sin go bhfanfainn sa Bhléasláice. Bhí mé riamh ar beagán páighe, gan agam ach luach mo chothbhála is costas mo thaighde. Ní rabh a dhath ar fáil ó mo thuistí, nó bhí siad féin ar an ghannchuid, ó chuaigh siad ar pinsean. Na gaolta eile aríst, bhí mé in éis an oiread sin airgid a fháil ar iasacht uathu is nach bhfaighfinn faic na fríde i mbreis air, ach mise an seanleabhar a ghlanadh roimh aon rud eile. Ní rabh aon duine comh mór liom is go dtabharfadh sé airgead domh, nó ní bhíodh mórán muiníne agam riamh as daoiní coimhthíocha.

Bhí mé i ndiaidh cíos m'árasáin a chur ar an mhéar fhada agus gach a rabh agam de mhaoin shaolta a chur i ngeall le luach an bhealaigh a íoc a fhad leis an Bhléasláic agus an oiread sin airgead tirim a charnadh le chéile is a réiteochadh an bealach romham sa tír féin. Níl a fhios beo agam cad fáth a nglacfainn páirt ins an chomhdháil meitéareolaíochta fós. B'fhéidir go mba mhian liom bheith ag cur as do Ghrab - nó b'fhéidir go rabh tuilleadh fianaise uaim le mo chreideamh a chothú.

Bhí an Bhléasláice ar ceann de na stáit úra nár chuala an saol mór mórán iomrá orthu go deireadh na n-ochtóidí. Cúige cúil a bhí ann de thír iar-Shóisialach a thit as a chéile, agus an rath ar bhunadh na tíre nach bhféachfadh aon chomharsanach leis an chúige a fhorghabháil ansin. Bhí dhá mhilliún ina gcónaí ann agus iad ag labhairt Bléasláicis - teanga ar leith, a deiridís féin go bródúil, siúd is nach rabh ann, dar leis na teangeolaithe nár Bhléasláicigh iad, ach canúint de chuid phríomhtheanga na hiar-mháthairthíre.

Bhí sé ina oíche dhorcha cheana, nuair a thuirling an t-eitleán ar aerfort bheag taobh amuigh den phríomhchathair. B'é an chéad imprisiún a d'fhág an tír orm gur daoiní laghacha cineálta a bhí ina gcónaí ansin: daoiní a rabh bród agus iontas agus áthas orthu anois, i ndiaidh an neamhspleáchas a bhaint amach; mar sin féin, cha rabh aithne an náisiúnachais bhoirb bhrúidiúil orthu. Bhí fear seiceála na bpasanna, fiú, ag obair go díograiseach dúthrachtach, díreach mar a bheadh sé as pabhar mórtasach as an phost a bhí aige - a leithéid níor casadh orm riamh aroimhe.

Bhí lá go leith ama ar mo phraeic agam roimh thús na comhdhála fá dhá scór ciliméadar ó thuaidh den phríomhchathair. Chaith mé an chéad oíche sa phríomhchathair, ach ní bhfuair mé mórán scíste, agus na scórtha smaoitíocha ag lot codladh m'oíche orm. An chuid ba mhó den am, bhí mé i mo luí ar leaba an óstáin, agus mé ag léamh mo chuid cáipéisí, siúd is go rabh siad beagnach de ghlanmheabhair agam cheana féin. Mé féin a d'aistrigh iad ag streachailt fríothu le cuidiú na bhfoclóirí.

Rudaí praiticiúla a bhí ag déanamh scime domh comh maith. Bhí lucht an aerfoirt is an óstáin ag labhairt Béarla go seoigh ar fad. Na daoiní óga agus an lucht léinn, bhí Gearmáinis ag a mbunús, teanga a rabh mé féin sách eolach uirthi. Ar an drochuair, bhí mé cinnte gur seandaoiní gan léann gan Bhéarla ba mhó a bheadh de dhíth orm.

Níor bhuair mé mo chloigeann leis an airgead, áfach, nó áit shaor a bhí ins an Bhléasláice do dhuine de bhunadh an Iarthair. Bhí sí ag dul chun nua-aoiseachais go tiubh téirimeach i ndiaidh blianta fada uaignis agus neamairt, ach ní thiocfadh leat iargúltacht a chur i leith na tíre. Bhí an Bhléasláice riamh chun tosaigh ar an chuid eile den tsean-mháthairthír ó thaoibh na heacnamaíochta de.

Machaire mín méith mionchnocánach a bhí sa chuid ba mhó den tír, agus a muintir ag saothrú an talaimh ar a suaimhneas leis na cianta cairbreacha anuas, beag beann ar fhuadar an tsaoil mhóir. Thigeadh fórsaí armtha ón choigríoch leis an tír a fhorghabháil agus d'imídís aríst gan barraíocht peannaide a ghearradh ar an Bhléasláice. Bhíodh na Bléasláicigh sásta go leor teangacha agus dóigheanna nua a fhoghlaim, cáin a íoc le lucht a héilithe agus an corrchleamhnas a shocrú le strainséir. Ní thiocfadh le haon duine "náisiún na Bléasláice" a shainmhíniú go sásúil. Bhí cead a gcos ag a mhuintir ar fud an mhachaire, agus nuair a tarraingíodh na teorainneacha nua, bhí siad ag cloí leis na haibhneacha ba mhó.

Ach ba chuma liomsa fán mhachaire. B'é an sliabhraon beag in aice le lárphointe céimseatúil na tíre, ar an taoibh thuaidh de, ba mhó a mhuscail mo shuim. Krzarka a thugtaí ar an tsliabhraon, siúd is go mbíodh go leor ainmneacha stairiúla eile air, de réir mo chuid caipéisí - ach b'fhada ó lig muintir na Bléasláice na hainmneacha seo i ndearmad. Bhí Krzarka comh beag is nach rabh sé ag cur isteach ar aon duine. Na fórsaí forghabhála a thigeadh isteach ó na tíortha iasachta, théidís thart timpeall ar Khrzarka, ó nach dtiocfadh le ceithearnaigh faoi chóiriú trom cogaidh dreapadh suas na fargáin. Shílfeá nach rabh páirt ar leith riamh ag Krzarka i stair an domhain, ná fiú i stair na Bléasláice. A mhalairt a bhí fíor, áfach.

Bhí mé díchreidmheach drochamhrasach, nuair a fuair mé an chéad radharc ar an téacs ar húradh faoi gurb ó pheann Eudoxos féin a tháinig sé. Roimhe sin, ní rabh aon saothar le hEudoxos aimsithe riamh: ní rabh fágtha den fhear ach scéalta scéil agus tagairtí i scríbhinní lucht a chomhaimsire, a chuid mac léinn agus a gcuid daltaí siúd.

Ins an téacs a bhfuair mise seilbh air, bhí Eudoxos ag trácht ar fhear aistíoch a tháinig ina fhianaise tráthnóna amháin: bhí déanamh garbh ar a cheannaightheacha, ach shéan a ghlór a chosúlacht go hiomlán, nó nuair a labhair sé, bhí blas an duine ardsibhialta aige. D'úirt an cuairteoir strainséartha go mb'as tír bheag shléibhtiúil Khrzarka dó, nach rabh inti ach oileáinín ardchultúir eadar ríochtaí barbartha an Tuaiscirt. Bhí sé ag siúl an domhain, ar seisean, agus é ag iarraidh léann na ríochtaí éagsúla a thabhairt le chéile. Sna tíortha cúil dó, chuala sé iomrá ar Eudoxos, a mhínigh sé, agus d'úirt sé go mba chúis onóra dó féin an lámhscríbhinn a bhí leis, agus í scríofa ar sheithe ghabhair, - go mba chúis onóra dó an lámscríbhinn áithrid seo a phronnadh ar réalteolaí mhór na Gréige. Thairg sé, fiú, an lámhscríbhinn a aistriú go Gréigis, ar eagla nach dtuigfeadh Eudoxos teanga mhuintir Khrzarka.

De réir dealraimh, is é an rud a bhí ins an lámhscríbhinn ná bunsonraí fá dtaobh de na grinnithe réalteolaíochta a d'fhoilsigh Eudoxos ina dhiaidh sin faoina ainm féin. Mar ab eol do chách, nuair a bhí Eudoxos céad éigin bliain ag iompar na bhfód, scríobh Aratos, duine de lucht a chomhdhúchais, dán teagascúil, ina dtug sé cur síos ar theoiric na sféar, a chum Eudoxos leis an mheicnic neamhaí - gluaiseachtaí na reann - a mhíniú. An obair a rinne Eudoxos, mar dhea, ag grinniú na réaltaí, bhí sé léirithe go mionchruinn sa dán. Nuair a chuaigh saineolaithe na nua-aoiseanna a dhéanamh a dtaighde féin ar obair Eudoxos, áfach, tháinig siad ar an chonclúid nárbh é an réalteolaí Gréagach féin a rinne an obair: bhí na sonraí seo bailithe míle go leith bliain roimh lá Eudoxos sa tseisiú domhanleithead déag is fiche thuaidh, - is é sin, i bhfad i gcéin ón Ghréig.

Shíl mé ar tús nach rabh i gceist le teagmháil Eudoxos agus an fhir ó Khrzarka ach gnáthbhrionnú; de réir a chéile, áfach, thréig an drochamhras mé, nuair a tháinig mé trasna ar chur síos i ndiaidh a chéile ar dhaoiní den chineál chéadna: strainséirí ag tabhairt pronntanais éigse leofa. An chuid ba mhó, ní rabh ann ach nótaí beaga leath doléite ar imeall leathanaigh nó ar lipéid bheaga pháipéir. Bhí nótaí den chineál sin le Kepler agus le Newton cóipeáilte agam, nótaí a thug siad in amhail a chaitheamh i dtraipisí. I gceann de na lipéid seo, bhí Newton ag cur i gcuimhne dó féin go gcaithfeadh sé "a sheiceáil le fear Khrzarka, cad é an dóigh cheart le luach an tairisigh a shainmhíniú". Bheadh sé furasta go leor aon nóta amháin den chineál seo a mhíniú mar chomhtharlúint; ach bhí níos mó ná céad ceann ann, agus iad beag beann ar a chéile; bhí achar dhá mhíle bliain ama eadar an chéad cheann agus an ceann deireanach.

Bhí torthaí mo thaighde ag teacht glan crosach ar a rabh le léamh i dtaoibh Khrzarka ar na billeoga turasóireachta agus ar mhapaí na Bléasláice. Níor chuir aon duine suim i gKrzarka riamh, dar le lucht scríofa na mbilleog: ba chuma le muintir na tíre féin fá dtaobh de na sléibhte. Bhí Krzarka ligthe i ndearmad ar fad. Ní rabh na sleasa comh géar ná comh dodhreaptha is go dtarraingeochaidíst sléibhteoirí ceanndána ina leith le triail a bhaint astu. Ní rabh i gKrzarka ach moll mór cloch, agus níor bacadh le hoiread is aon bhóithrín amháin a ghearradh eadar na clocha: an té a rachadh an bealach, ní bheadh teacht ná radharc aige ach ar thuilleadh clocha. Rinne rialtas na gCumannach suirbhéireacht ar acmhainní nádúrtha na sléibhte, ach b'é an neamhní glan an t-aon toradh a tugadh. Diabhal mianach ná gual, deamhan artola, an drae salann nó seoid; ní rabh de phlandaí féin ansin ach caonach, féar agus an corrbhláth beag a dhreofadh go gasta dá dteántaí a athchur thíos i dtalamh an ísleáin.

Maidin Dé Sathairn a fuair mé an chéad radharc ar Khrzarka amach ar fhuinnneog an tseomra óstáin - sin é a shíl mé, ar a laghad, siúd is go mb'fhéidir nach rabh ann ach scamaill. Chaith mé conablach an lae ag cur aithne ar an chathair, ag bualadh isteach ins na caiféanna agus ag siúl na sráideanna gan mórán deifre a dhéanamh, agus mé ar mo chroídhicheall ag iarraidh fóideoga a bhaint leis na daoiní. Ní rabh mé ag súil le haon duine sa chathair mhóir, ar ndóighe, scéalta a inse domh fá dtaobh de bhunadh na sléibhte. Déanta na fírinne, cha rabh de dhíth orm ach a theacht isteach ar atmaisféar agus nósanna na tíre, go mbeadh an dóigh cheart agam ar aon fhaisnéiseoir dá gcasfaí orm.

Bhuail mé bleid ar thriúr mac léinn agus thairg mé beoir dófa le caint a bhaint astu, agus dhearbhaigh siad cibé tuairim a bhí agam maidir leis an dearcadh a bhí ag Tadhg an mhargaidh sa tír seo ar shléibhte Krzarka:

"Tá na sléibhte ar ár mbratach, ar ár n-armas agus ar na deismireáin a dhíoltar leis na turasóirí sa tsráid, ach ní chuireann aon duine suim iontu. B'fhéidir go dtiocfaidh athrú air sin lá éigin amach anseo...ach tá obair eadar lámhaibh ag uasal is íseal inniu, agus an tír le tógáil as an nua. Is mian le gach duine againn gnóthas a bhunú sa bhaile mhór nó feirm dá chuid féin a shaothrú fán tuaith. Níl éadáil ar bith le baint as na sléibhte."

Bhí saothar orm cúl a choinneáil ar mo theanga, ar eagla go dtabharfainn uaim léacht fada fá dtaobh de cad é an rud is mó éadála go fadtéarmach. Thuig mé go gcaithfeadh na Bléasláicigh a sochaí a athchruthú ó bhonn, rud a thógfadh an-obair orthu. Thar aon rud eile - níorbh eol don bheirt stócach agus don ghirseach a rabh ar eolas agamsa fá Krzarka.

An comhrá a bhí agam leis na hógánaigh, áfach, chuir sé i gcuimhne domh Grab agus a leithéidí-san, agus iad riamh ag deachtú do na daoiní eile cad é ba riachtanaí dófa a dhéanamh ar an tsaol seo. Mar sin, ag baint amach láithreán na comhdhála domh, bhí drochghiúmar orm cheana. Óstán só úrthógtha a bhí ann agus é suite in aice le sráidbhaile Jezakina.

Bhí sléibhte Krzarka ar an taoibh eile den loch fhada chaol, dhá chéad méadar ar shiúl, ach ní rabh deifre orm m'aghaidh a thabhairt ansin go fóill. Leis na blianta anuas, bhí mé ag tarraingt ar an tsliabhraon sin de réir a chéile, ar nós bíse mar a déarfá, agus bhí sé ceart go leor gan an iomarca driopás a dhéanamh anois ach an oiread. Sheiceáil mé ag deasc na bhfáilteoirí go dtiocfadh liom gluaisteán a fháil ar cíos ón óstán, agus cheannaigh mé mapa mórscálach den timpeallacht, ach níor bhac mé leis an áit a fhágáil go fóill.

Ádhúil go leor, ní fhaca mé ach duine nó beirt a rabh cuma an mheitéareolaí orthu. An chuid den óstán ina rabh an chomhdháil le reachtáil, bhí sé beagnach folamh, amach ón chupla stocach a bhí ag caitheamh bríste cabhlach, agus iad ag iompar isteach cathaoireacha, táblaí agus cláracha dubha; thairis sin, bhí bean a rabh cuma an rúnaí dhúthrachtaigh uirthi ag cóiriú taispeántas beag i lár an téatair. Chaith mé siar leathdhoisín deoch ag ceann de na táblaí amuigh faoin pharasól; ansin rug mé ar bhuidéal uisce bheatha agus rinne mé mo bhealach suas go dtí mo sheomra féin. Bhí mé ag brath ar litreacha agus nótaí Einstein a léamh uair eile fós, ach sa deireadh thiar thall chuir mé ar leataoibh iad agus thit mé i mo ghillire ar mo leaba.

Bhí na litreacha de ghlanmheabhraíocht agam cheana, cibé scéal é: Einstein óg, "aitheantas spéisiúil" agus comhráite suimiúla nach dtug Einstein mórán cur síos ar a n-imthoscaí. Ní rabh le baint as na caipéisí cén cineál duine a bhí ins an aitheantas - mac léinn, fear iompartha nuachtán nó duine a casadh air ar an traein; ach b'as Oirthear na hEorpa dó, as "áit a rabh ainm uirthi a chuirfeadh briseadh gloine i gcuimhne duit". Ní rabh céad bliain imithe ó breacadh an nóta sin ar pár an chéad uair. Na rianta a bhí á dtaighde agam, níor chlúdaigh deannach na n-aoiseanna iad go fóill ar aon nós.

Le gealadh na maidine Dé Domhnaigh thoisigh luch na comhdhála a tharraingt ar an óstán, Grab ina measc. Is iomaí cruinniú den chineál seo a bhí feicthe agam cheana, agus bhí col is snomh glactha agam leofa leis na blianta anuas. B'anseo a mhothaigh sramaidí ar nós Ghrab iad féin ar a sáimhín só. Bhí siad ag croitheadh lámh dheas a chéile agus ag coinneáil na láimhe clí ina dorn dúnta sa phóca, ag súil go rachadh an duine eile an oiread sin thar an cheasaí leis an teoiriceoireacht ins an chéad fhoilseachán eile agus go dtiocfadh ula mhagaidh a ghairstin de. Beag beann ar an iompairc a bhí acu le chéile, d'fhéadfaidíst a dhul i gcomhar le chéile lá ar bith dá mbeadh d'áiméar acu stócach óg cotúil a uirísliú a bhí ag stadaireacht fríd raitréachta dá chuid féin os coinne an tseimineáir an chéad uair ina shaol. Bhí mo phurgóid féin agam leis, tráth, agus má bhí, is iomaí uair ina dhiaidh sin a chonaic mé daoiní óga eile sa chruachás chéadna.

D'fhan mé ag éisteacht leis na hóráidí ag tionscnamh na comhdhála sách fada, ach ansin théaltaigh mé amach roimh aon duine eile. Chuaigh mé a thriall ar an ghluaisteán a bhí faighte ar cíos agam, agus chaith mé cith ghairbhéil i mo dhiaidh ag fágáilt chlós an óstáin domh. Bhí mé ar tí bualadh fá thimbril lán lastas a bhí beirt bhan a tharraingt i dtreo na háite. B'fhéidir go rabh braon alcóil measctha fríd mo chuid fola go fóill, agus an chraosaireacht a bhí déanta agam ar an bhiotáilte an oíche roimhe sin.

Ní rabh an giúmar ceart orm go fóill ceastóireacht a chur ar aon duine in Jezakina ná in aon áit. Thiomáin mé timpeall ar sléibhte clochacha carst Krzarka ag cloí leofa comh cóngarach agus a d'éirigh liom, agus taobhshúil á coinneáil ar an léarscáil agam. Bhí mé ag leanstan cosáin chaola nach rabh siúlta ach ag na bó is ag na sréadaithe go dti seo, ag bun na sléibhte, eadar iad agus an loch. Gach áit a dtáinig mé ar abhainn nó ar cheann de na sruthláin, ní rabh de rogha agam ach m'aghaidh a thabhairt ar an mhachaire aríst, nó níor bhac aon duine riamh le droichead ceart a thógáilt i gcóngar do na sléibhte. Mharcáil mé ar mo mhapa gach áit dá bhfuair mé fóirsteanach mar phointe tosaigh do mo thuras taiscéalaíochta ar Krzarka, cibé cá ham a chromfainn air.

Nuair a phill mé ar an óstán, agus an gluaisteán ag dul in anás peitril, bhí cóisir oíche na comhdhála ag toiseacht cheana. Ghlac mé cithfholcadh faoi dheifre. Ní rabh mé ródhoirte don chineál sin pléaráca, nó is iomaí uair a chruthaigh an chóisir ní ba mheasa ná na léachtanna féin. B'é mo ghéarbharúil dhaingean go mb'í an bhiotáilte saor in aisce an t-aon chúis amháin a bhí agam féin le dhul ar chóisir den chineál sin. Chuir Grab sonrú ann go luath, agus ar ndóighe, bhí dímheas aige orm dá dheasca. Bhí sé ag ligint air féin, rud ba léir domh roimh ré, nach rabh aithne aige orm ar aon nós ná slí. É féin, comh maith leis na seanamadáin eile agus na daoiní óga a bhí ag iarraidh a n-áit féin ina meascsan a bhaint amach ­ ní bhlaisfidíst den bhiotáilte ach ar éigean; ansin, d'fhanfaidíst ina seasamh, ag baint taca as na fraitheacha nó ag triall ar chathaoireacha lena gcomhrá a dhéanamh ina mbeirteanna nó ina dtriúrach ar chúrsaí oibre - cad eile.

Tharraing mise súil chuid mhaith daoiní orm féin, nó níor fhan mé i m'aonar ag ól. A mhalairt ar fad: chuaigh mé a bhaint fóideoga le meitéareolaithe dúchasacha na tíre. Bhí mé an-fhiosrach i dtaobh a gcuid taighde, agus níor choinnigh siadsan an tsreang rótheann ar a mála ach oiread. Ar ndóighe, bhí an teachtaireacht cheilte le haithne go soiléir: "tá muid as pabhar eolach, ach amháin go bhfuil muid comh bocht seo - téimis i gcomhar - tugaigí airgead dúinn."

Fuair siad amach go gasta nach ag tairgsint deontais ná comhthionscadail a bhí mé, agus tuigeadh domhsa nach rabh aon mhaith iontu le léargas a thabhairt ar Khrzarka. In Iarthar na hEorpa nó thall i Meiriceá a rinne siad bunús a gcuid staidéir, agus iad ag obair ar an choigríoch le fada an lá. Ní rabh aon duine acu sásta pilleadh ar an t-aon ollscoil amháin a bhí ag obair sa Bhléasláic féin, ach amháin go sealadach, b'fhéidir. Ní rabh a fhios acu aon chineál taighde a bheith á dhéanamh ar Khrzarka, ná aithne acu ar aon mhac léinn nó taighdeoir ó Khrzarka. Nuair a tháinig an seanchas a fhad le seo, bhain siad a dtátal féin as mo ghloine óil, agus iad ag míniú domh mar a bheadh páiste nó duine le Dia ionam gur áit gan áitreabh a bhí i Sléibhte Khrzarka.

Thuirsigh mé den dream sin go luath agus thuig mé nach bhféadfaidís fear Khrzarka a aithne ná sonrú a chur ann dá mbeadh sé ag damhsa ina chraiceann dearg ina dtimpeall agus é ag baint díshondais as stoc. Is dócha go mbeadh sé ní b'éadálaí labhairt leis na meitéareolaithe ba mhó le rádh - nach as an Bhléasláice d'aon duine acu - ach is dócha nach mbainfinn giobóg amháin eolais astusan ach an oiread. Fuair mé amach le fada go rabh an fhianaise ag éirí gann ag teacht i ngaobhair dár lá féin, maidir le tionchar Khrzarka ar fhorbairt na heolaíochta. Ní bheadh taighdeoir ár linne aidmheálach gurb ó mhac léinn anaithnid i gcaifitéire an champus ollscoile a fuair sé an chéad leid a chuir ar bhealach a leasa é. Chaillfeadh sé a chliú, dá n-aidmheochadh sé a leithéid: is fusa do na healaíontóirí géilleadh do thionchar den chineál sin, agus chluinfeá a leithéid de scéilíní fá sheanollamh éigin a bhí ag iompar na bhfód cheana, ach an té a bhí ina shaineolaí shiosmaideach ag déanamh taighde de réir pleananna stuama, ní thabharfadh sé isteach do chomhairle gach amadán mar sin.

Bhí sé iontach doiligh tagairtí do Khrzarka a fháil ag eolaithe ar nós de Broglie, Dirac, Hubble agus an chuid eile a bhí thuas san fhichiú haois nó a bhí ina mbeo i gcónaí. Bhí an-saothar orm ag dul ar lorg fianaise, agus cupla babhta buirgléireachta, fiú, déanta agam le leideanna a aimsiú. Ar ámharaí an tsaoil, eisceacht a bhí i bhFeynman: thrácht an fear seo, a d'éag sa bhliain 1988, go hionraic ar fad ar a chuid Krzarkach féin, ach ar ndóighe, rinne sé a bheag den tionchar a bhí acu air. B'é Hawking an cás ba deacra acu. Ós rud é go rabh meath ag teacht ar a chuid matán leis an ghalar a bhí á stiúgadh, ní bhíodh sé ag breacadh síos nótaí, agus, ar an ábhar chéadna, ní fhéadfainn séischomhrá a dhéanamh leis le fáil amach an bhfuair sé idéanna ar iasacht ó aon duine eile. Ós rud é go mb'eisean cosmeolaí mór na haoise, ní rabh sé incheaptha nach mbeadh cuairteoirí ó Khrzarka aige.

Nó bhuaileadh na cuairteoirí seo isteach ag gach aon duine acu: gach aon duine mór le rádh, ar ndóighe, agus cuid mhór acu siúd nár chuala an saol a dhath ina dtaobh. Bhínn féin ag díriú ar na fisiceoirí agus ar na réalteolaithe, amach ón chorrcheimiceoir nó ón chupla bitheolaí agus leigheaseolaí. Nuair a tháinig an cruth ar an tairne, ní rabh aon duine ina measc nach n-aimseochainn ceangal éigin eadar é agus muintir Khrzarka, agus ní rabh comhtharlúint ná ádh i gceist. Caithfidh sé gur casadh duine ó Khrzarka ar achan tsaineolaí ar an dúlra, agus b'fhéidir go dtéidís i dteagmháil, fiú, le lucht an tsruithléinn, leis na hinnealtóirí, leis na healaíontóirí...Bhail, b'fhéidir go rabh mé ag dul thar fóir. I ndiaidh an iomláin, ní thiocfadh liom bheith cinnte ach i dtaobh na n-eolaíochtaí cruinne.

Creidim go rabh barúil sách stuama agam den dóigh a rachfadh torthaí mo chuid taighde i gcion ar an tsaol mhór - agus an oiread daoiní a dhiúltóchadh daofa amach is amach. Na rudaí a rabh talamh slán déanta díofa riamh ag na daoiní ba mhó siosmaide, bhréagnófaí cuid mhaith acu anois. Bhí an dúrud faisnéise carnaithe agam mar fhianaise, ach ba leasc liom iad a phoibliú gan tuilleadh a chur leofa. Mura gcreidtí ar an toirt mé, ní ghlacfaí dáiríribh mé ina dhiaidh sin ach an oiread.

Gach aon duine a chuaigh le taighde eolaíochta mar cheird, tá a thuairim aige féin fán dóigh a bhfuil an eolaíocht ag dul chun cinn. Na giobóga eolais a thig le chéile ó achan chearn den tsaol in intinn an taighdeora, fáisceann imeachtaí leictricéimiciúla na hinchinne an Smaoitiú Úr astu, ar mó é féin ná comhábhair a dhéanta. Baintear leibhéal nua castachta amach, nuair a eascraíonns cáilíocht agus ord úr ó lear mór dramhaíola seansmaoitíocha agus ceangailtí eadar néaróga.

Cibé cineál fianaise a bhí mise i ndiaidh a charnadh le chéile, ní chuirfeadh sé d'fhiachaibh ar aon duine éirí as a leithéid sin mar mhíniú ar an dóigh a bhfaibhríonn an eolaíocht. Níor theastaigh uaim ach a rádh go bhfuil daoiní ann agus iad ábalta ar fhorbairt na smaoitíocha nua a stiúradh, daoiní agus iad ag fágáilt leideanna in aice láimhe dófa siúd a bhfuil fios a bpioctha acu.

An chéad cheist a chuirfí orm ná an gcreidfinn go rabh dia éigin, nó tuilleadh acu, ag cur síolta eolais den tseort seo inár measc - nó b'fhéidir arrachtaigh ón phláinéad eile agus iad ag tuirlingt ón spás ina gcuid sásar eitilte. Níor chreid mise i ndéithe ná i neacha spáis, nó ní rabh mé i gcall ina leithéidí. An fhianaise a bhí bailithe agam, ní rabh sé ag tagairt do neacha neamhshaolta d'aon chineál, ach do dhaoiní ó Khrzarka, nach rabh difriúil leis an ghnáthdhuine ar aon nós, ach amháin go bhfágaidíst imprisiún intleachta ar a gcéilí comhráidh.

Maidin Dé Luain, i ndiaidh domh mo phóit a leigheas le tionnúr maith codlata, bhain mé amach lár sráidbhaile Jezakina, le súil is go dtiocfainn ar aon duine a bheadh in ann cupla focal a rádh fá strainséirí aistíocha a bhíodh ag téaltú leofa timpeall na háite - i ndiaidh an iomláin, ní thiocfadh le muintir Khrzarka a dtír a fhágáilt i nganfhios d'achan duine dá rabh ag cur fúthu in aice leis an tsliabhraon. Pháirceáil mé mo charr os comhair tí a rabh cuma an tábhairne air, shiúil mé isteach agus d'iarr mé eorna le h-ól ar fhear an tí. Bhí mé ábalta an méid sin a rádh i dteanga na tíre, ach ó bhí cuma an strainséara orm agus cramba an strainséara ar mo theanga, shín fear an tí leathlámh i ndiaidh na seilfe uachtair le canna beorach ón Danmhairg a thabhairt domh. An fear de thógáilt na háite in aice liom, nuair a d'úirt sé an chaint chéadna le fear an leanna, líonadh gloine as sconsa dó le leacht dhonn.

Ar lean