Ba sciobtha a fuair Havu aisfhreagra, agus sin go prap, nó chuaigh Aarne Laurila i mbun pinn ar leathanaigh Suomen Sosialidemokraatti. Chuir seisean "idéalachas Rúnaibeirgeach" i leith Havu agus é ag iarraidh freisin fíorchiall na criticeoireachta a mhíniú a rinn Linna ar an arm: ní polaiteoireacht a bhí ar siúl aige, dar le Laurila, ach ionsaí ar na droch-oifigigh: is é an rud atá ag dódh na geirbe aige ná go bpronntar údarás oifigiúil ar dhaoiní nach bhfuil údarás ó fhréimhíocht iontu. Fuair Laurila an leabhar an-ionraic thar aon rud eile, nó bhí eadar ghliondar agus chritheagla an tsaighdiúra á thaispeáint inti.
An chéad duine a thug a bhreithiúnas ar an leabhar san athbhliain 1955, b'ise Maija Savutie agus í ag scríobh do Vapaa Sana na gCumannach. Fuair sí an leabhar maith go leor, ach amháin nach rabh an idé-eolaíocht cheart (sin le rádh, Cumannachas) inti, nó ní rabh aon pheirspictíocht aicmeach, aon léargas ar chogadh na n-aicmí sóisialta, le h-aithne ar an úrscéal. An teachtaireacht frithchogachais a bhí le reic ag Linna bhí sí teoranta d'uafáis an chogaidh mar chogadh, agus Linna ag déanamh dúdhearmad de chogadh mar choir de chuid na rachmasóirí impiriúlacha. Scríbhneoir buirgéiseach a bhí i Linna tar éis an tsaoil, arsa Savutie mar chlabhsúr.
Bhí an leabhar eadar chamánaibh ag an ghnáthphobal fosta. An fear céadna a shantaíodh cliú an Scríbhneora roimhe seo, mar Linna, b'éigean dó anois a aghaidh a cheilt ins na cuirtíní agus é ar an traen, nó bhíodh an chuid eile de na pasantóirí ag cardáil a leabhair nó ag déanamh aithris ar phearsana an úrscéil.
B'iad na hargóintí ba shuntasaí a bhí ag na daoiní nár thaitin an leabhar leofa go dtug Linna bréagthuairisc ar an tsaighdiúir Fhionlannach, agus é ag ginearálú cásanna aonair de dhiúnas na ngnáthshaighdiúirí ar a gcuid oifigeach. hÚradh freisin go dtearn Linna éagóir ar na hoifigigh is ar bhanóglaigh na heagraíochta udaí Lotta Svärd, cailíní óga a bhíodh ag cuidiú le cór lóin an airm agus leis na banaltraí. Ach an dócha go n-ionsóchadh Linna lucht leanstana Lotta Svärd, agus a bhean chéile casta air an chéad uair le linn í a bheith ina duine de na "lottaí"?
Na hiar-oifigigh a rabh fíorchogaíocht curtha díofa acu, bhí siad ag taobhadh le Linna, áfach. Is féidir a rádh gur ardmheas ar an leabhar a bhí acu siúd a rabh cur amach acu ar ghnáthshaol an chathéadain. Cuireadh úrscéal Linna i gcomparáid le Im Westen nichts Neues ("An cathéadan thiar gan athrú"), úrscéal cáiliúil Erich Maria Remarque fá dtaobh den chéad chogadh domhanda. Ar nós Remarque thaispeáin Linna fosta an bhearna agus an fheasbhaidh comhthuigse eadar na saighdiúirí ag an chathéadan agus a gcuid gaolta sa bhaile.
Tar éis an leabhair seo chrom Linna ar an éipic mhór inar chardáil sé go mioninste cuimsitheach stair na Fionlainne ó thús na haoise i leith. Scéal mhuintir Khoskela a bhí i gceist, agus creatlach an scéil sceitseáilte ag Linna cheana ins an tSaighdiúir Anaithnid:
Nach tusa atá ag canadh amhrán de chuid na nGardaí Dearga, arsa Rokka; ach d'iarr Koskela ar Vanhala gan stad de, agus é féin ag bualadh bos leis an amhránaíocht a thionlacan. Ina bhuachaill óg do Khoskela bhí an t-amhrán seo go maith aige, nó bhíodh an teaghlach ag tacú go dian daingean dúthrachtach le cúis na nGardaí Dearga. B'é mac mhinistéir na paróiste, agus é tar éis a chuid saighdiúireachta a fhoghlaim ina óglach in Arm na Gearmáine - b'eisean a chuir chun báis beirt uncail de chuid Khoskela. Hóbair dá athair féin bás a fháil sa champa géibhinn. Níor dhíol iontais do sheanKhoskela gaisce a mhic féin sa chogadh, nó nuair a bhí seisean sna Gardaí Dearga bhí sé i gceannas ar a chomplacht féin, agus murar básaíodh é ní feasbhaidh Sóisialachais ab údar leis ach dearg-ádh amháin.
I dtosach báire ní rabh de rún ag Linna buille a bhualadh i bhfách le lucht na ceannairce deirge, ach pioctúir iomlán a tharraingt de shaol a chompail dúchais féin; nó nuair a chrom Linna ar an obair seo an chéad uair bhí sé ar aon bharúil le lucht na taoibhe "báine" i leith an chogaidh chathartha. Fuair sé roimhe nótaí fá dtaobh de stairsheanchas na h-áite, agus iad breactha ag a chol ceathrair, fear a cailleadh go hóg. As na nótaí seo a d'fháisc sé imeachtaí agus pearsana thús ár gcéid fá dhéin a thriolóige móire eipiciúla, Täällä Pohjantähden alla (Anseo faoin Réalta Pholach).
Tháinig an chéad chuid amach sa bhliain míle naoi gcéad naoi ndéag is dhá scór (1959), agus saol Jussi Koskela faoi chaibidil ann. Oibrí dúthrachtach is eadh é Jussi, agus é á mhaslú féin ag tabhairt an tseascainn chun míntíreachais; ach ós rud é nach bhfuil a chuid talaimh ach ar léas ag Jussi ó mhinistéir an pharóiste, caithfidh sé a thabhairt uaidh nuair a thoisíonns a chlisiúint ar an mhinistéir is ar a mhnaoi uaillmhianta a gcuid fiacha a ghlanadh le barr a gcuid talaimh féin.
Cuireann an éagóir seo fearg ar an mhac is sine de chuid Jussi, Akseli Koskela. Fán am seo cuireann Halme, táilliúir an tsráidbhaile, suim i gcúrsaí na sochaí is na polaitíochta agus é ag éirí ina Shóisialach de réir a chéile. Toisíonn sé a mhíniú an tSóisialachais d'Akseli. I ndeireadh an chéad leabhair den triolóig chí muid Akseli ag pósadh na mná is ansa lena chroí, mar atá, Elina; ach tá néalta dubha an chogaidh chathartha ag cruinniú os cionn na tíre cheana féin - rud a bheir an scríbhneoir le fios leis na focail scoir cháiliúla seo:
Más álainn féin samhradh na Fionlainne níl ann ach seal.
Sa dara cuid den tríológ tá Akseli ag tacú go láidir le cúis an tSóisialachais: chan é an t-achrann atá de dhíth air ach cothrom na Féinne, áfach. An fear a thug an idé-eolaíocht nuadh seo leis go dtí Pentinkulma, an táilliúir Halme, tá seisean an-dian i leith na dlíthiúlachta is na síochántachta i gcúrsaí polaitíochta, agus a shliocht sin ar smaointeachas Akseli. Mar sin féin, is é barúil an fhir óig go mb'olc an seanadh dó gan a dhul sna Gardaí Dearga agus an chuid eile d'aos óg an bhaile ansin roimhe. Tiontaíonn Halme, agus é leath ina ula mhagaidh go dtí seo, tiontaíonn sé amach ina laoch mhór: cha rabh lámh aige in eagrú na nGardaí Dearga, ach nuair atá an cogadh teipthe orthu agus an baile faoi smacht na nGardaí Bána, cuirtear Halme chun báis cionn is é a bheith ina thuathghríosóir Sóisialachais tráth. Ag dul chun a bhásaithe féin dó cailleann sé a mhaide siúil, agus is siombaile é seo ar an chaoi a gcuireann sé uaidh a chuid geáitsí tuathshoilsitheoireachta nuair a bheir sé a aghaidh go cróga ar an bhás éagóir seo. Más ábhar spraoi a bhí ann lá a shaoil, fuair sé bás an laoich - sin é an dearcadh is an meas a bíos ag bunadh na háite air tar éis a bháis. Ach is beag an lorg a fháganns a chuid smaoitíoch fá dtaobh de mhuintir na tuaithe a thabhairt chun tsibhialtachta: díoltar a chuid leabhar mar ábhar tineadh.