Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
An Darna Cuid
Tá cúig rannóg i Shi Ji agus a ghné litríochta féin ag baint le gach ceann acu. Croinicí agus annálacha atá ins an chéad chuid, agus na táblaí cróineolaíochta ar a lorg ins an darna ceann. Ina ndiaidh sin a ghnítear staidéar ar bhrainsí difriúla léinn agus eolais is ar a bhforbairt stairiúil. Ins an cheathrú cuid a bheirthear cur síos ar ghinealas is stair an tríocha teaghlach uasal is tábhachtaí ins an tír. Críochnaítear an leabhar le beathaisnéisí na bpearsan stairiúil - macasamhail Shíneach do sceitsí beathaisnéisiúla Phlútarc nó Choirnéilias Néapós? - arb iad an chuid is mó fiúntas litríochta den tsaothar seo. B'iomaí scríbhneoir Síneach a rinne a dhianstaidéar féin ar stíl Sima Qian le deaShínis agus dea-scéalaíocht a fhoghlaim uaidh. Bhí an-tionchar ag an leabhar staire seo ins na tíortha eile fosta a rabh an tSínis á saothrú iontu anallód mar theanga chultúrtha - ar nós na Seapáine, na Cóiré agus Vítneam.
B'i dtréimse rítheaghlach Han, comh maith, a forbraíodh an dán próis, nó fu. Sima Xiangru (179-117 r. Chr.) a scríobh rogha na ndánta fu, agus é á mholadh go háithrid as an dán a chum sé fán Impire i mbun sealgaireachta. Bhí teagasc morálta aige ins an dán áithrid seo, agus é barúlach go rabh na huaisle ag déanamh dochar don chosmhuintir leis an chineál seo siamsaíochta, só agus diomailteoireachta. Taispeánann seo, ar a laghad, nach rabh eagla ar rogha scríbhneoirí na Síne anallód, ach oiread leis an lá inniu, a gcasaoid a dhéanamh fá pheacaí na n-uasal, an tImpire ina measc.
Ag teannadh anonn i dtréimhse mhuintir Han thoisigh scor agus scabadh na sochaí a dh'fhágáilt rian an éadóchais ar an litríocht aríst; mar sin, tá blas na buartha is na cumha so-aitheanta ar fad ar an chuid is fearr d'fhilíocht na linne. Is iad an "Naonúr Déag de Sheandánta" iad, nó Gushi Shijiu Shou. Is é scarúint an fhile le grádh a chroí is príomhábhar do na dánta seo, agus é ina mheafar, b'fhéidir, ar an dóigh a rabh sochaí na Síne ag fágáilt slán ag seanshuaimhneas a saoil agus trioblóidí na géarchéime úire ag bagairt uirthi.
Le linn na scoilte a tháinig ar an tSín go ceann trí chéad go leith de bhliantaibh (220-581 i ndiaidh bhreith Chríost) tugadh isteach go leor smaoitíocha úra. B'iad na Tungúsaigh, na Mongólaigh agus na ciníocha eile a bhí i seilbh an Tuaiscirt san am seo, ionas nach rabh seanchultúr na tíre á saothrú ach ins an Deisceart. Bhí bunadh na Síne ag iompó i leith a gcuid seanphisreog ar lorg sóláis agus slandála, ach má bhí féin, bhí cineálacha eile spioradáltachta ag déanamh a mbealaigh isteach ó na tíortha cúil, fosta - an Budachas thar aon rud eile.
Leis an tseantsaoithiúlacht a chaomhnú beo in am seo an ghátair féin chuir Xi Kang (223-262) bun le grúpa Seachtar Saoi na Coille Bambú, agus é ag cleachtadh léann cineál éalaitheach - meitifisic agus glanealaíontóireacht, l'art pour l'art, beag beann ar an tsochaí is an pholaitíocht - le dearmad a dhéanamh den tsaol chorrach ina thimpeall. Tá seo le haithne ar fhilíocht Xi Kang freisin. Níor tharrtháil dó an t-éalóchas ealaíonta, áfach, nó nuair a tháinig faobhar ar an chamastaíl pholaitíochta ina thimpeall, cuireadh chun báis é comh maith le duine.
Bhí saol ní ba síochánta ag Tao Qian nó Tao Yuanming (365-427), agus meas an fhile is fearr lena linn féin air. Chaith sé an chéad leath dá shaol fhásta ina státseirbhíseach i gcúige Jin, a bhí ina stát neamhspleách ins an am seo. Nuair a d'éirigh sé tuirseach d'fhuadar na hoibre, phill sé 'na bhaile lena rabh fágtha dá bheatha a chur de i mbun curadóireachta is feirmeoireachta. Bhí sé iontach doirte do shaol simplí síochánta na tuaithe, rud is furast a aithne ar a chuid filíochta fosta; níorbh iad na dánta, áfach, ba mhó a spreagadh suim a chomhaimsearthach ina phearsa, ach an cineál saoil a bhíodh aige. Chuir sé beart lena bhriathar féin, agus é barúlach gur cineál mímhoráltacht a bhí de dhíth le "déanamh go maith": b'fhearr leis féin suaimhneas na hintinne ná só is saibhreas na saoltachta. Murab ionann agus lucht a linne féin, chuir sé caol air ró-mhaisiúlacht teangan agus stíle a sheachaint, agus é meáite ar shimplíocht is ionraiceas na luathamhrán Síneach a athchruthú ina chuid scríbhinní.
An chéad scáil a d'fhág teacht an Bhudachais ar fhilíocht na tíre, aithnítear i saothar Xie Lingyun (385-443) í. Státseirbhíseach de phór an Tuaiscirt ab eadh é ar éalaigh a mhuintir aduaidh ag cúbadh ó lámh láidir na n-ionsaitheoirí nuair a ghabh treibheanna fáin na cúigí thuaidh. Ba mhinic dó cur síos a thabhairt ar áilleacht na nádúra is an radharcra, agus thabhaigh sin a chliú dó mar "athair na filíochta radharcra ins an tSín". Bhíodh sé comh maith ag féacháilt le teagasc an Bhudachais a chraobhscaoileadh ina chuid dánta, agus b'fhéidir go rabh baint ínteacht ag an díograis reiligiúnda seo le comh taismeach agus a d'éirigh dó ag teannadh le críoch a shaoil dó: ar dtús ruaigeadh ó fhód a dhúchais é, agus doisín bliain ina dhiaidh sin h-imríodh bás an fhealltóra air.
Mar a ghnítí ins na bliantaibh roimh rítheaghlach Han, cuireadh go leor diolaimí litríochta in eagar le linn na scoilte is na hainrialach, agus iad go minic ag ceangailt dá chéile prós is líricí, scéalta is dánta.
Scéilíní grinn is eadh iad na gearrscéalta beaga ins an diolaim udaí Shishuo xingu, "Scéalta Úra ón tSaol Mhór". Seanchas pearsanta fá dtaobh de laochra na staire - cineál caidéis - atá iontu, agus iad ag caitheamh anuas go haorúil ar an Khongfuziachas agus ar rialacha béasaíochta na fealsúnachta seo.
Diolaim thábhachtach eile de chuid na tréimhse seo ab eadh í Wenxuan, "Bolg Soláthair na Litríochta", agus í ag cur i dtaisce gach cineál scríbhneoireachta eadar phrós agus fhilíocht. Chan ar chúiseanna teagascúla a cuireadh an cruinneagán áithrid seo le chéile, ach le sult is subhachas a thabhairt don léitheoir, comh maith le h-áilleacht stíle na teangan a cheiliúradh. Siúd is nach rabh an fiúntas céadna ceartchreidmheachais ag baint leis an diolaim seo agus le clasaicigh an Khongfuziachais, rinne sí a bealach a fhad le scoil traenála na státseirbhíseach mar lón léitheoireachta do na daltaí.
B'ins an chúigiú haois i ndiaidh bhreith Chríost a d'éirigh an prós parailéalach faisiúnta. Is é is brí le prós parailéalach nó pianwen ná go bhfuil ceithre nó cúig cinn de litreacha Sínise ins achan abairt, agus achan abairt ina scáil ar an cheann roimpi ó thaobh na gramadaí agus dul na bhfocal de. Is é an saothar is tábhachtaí dár scríobhadh ins an stíl seo ná an teoiric litríochta leis an fhear léinn Bhudaigh Liu Xie (465-520) dar teideal Wenxin Diaolong ("Intinn na Litríochta agus Greanadh na nDragan") - is é is impleacht don teideal aistíoch go gcaithfidh an dea-scríbhneoir intinn (ciall agus scéal) na litríochta a choinneáil i gcothrom le h-áilleacht na foirme (is é sin, gléasanna agus cleasanna na gnáthscríbhneoireachta, agus iad cosúil, ar bhealach, le gléasra an tsnoíodóra is an ghreanadóra agus é á úsáid le pioctúir críochnaithe den dragan a chruthú). Caithfidh sé gur léiriú maith é saothar mo dhuine ar a theagasc féin, agus é ag tabhairt cur síos ar ghnéithe agus ar rialacha na litríochta faoi rithim an chórais udaí pianwen! Is fánach an fear léinn Iartharach a rithfeadh leis teoiric na litríochta a leagan amach agus a chardáil i bhfoirm dáin! D'éirigh na Sínigh comh cleachta ar an phianwen agus gur chrom siad fá dheoidh ar na rudaí is leadránaí, ar nós cáipéisí oifigiúla, a chumadh mar phrós parailéalach, agus is beag an t-ábhar iontais é tar éis an tsaoil gur éirigh lucht na fíorlitríochta dubh dóite ar fad de na geáitsí seo, go h-áithrid ins an tseachtú haois i ndiaidh bhreith Chríost, le linn rítheaghlach Tang.
B'é Chen Ziang (661-702) an chéad fhile tábhachtach acu sin a chuidigh le faisiún rófhairsing an phróis pharailéalaigh a chloí, agus é ag cumadh filíocht pholaitiúil, fiú, faoi chlúid na siombailí agus na meafar deacair. Meng Haoran (689-740) atá ar an chéad mhórfhile chlasaiceach de chuid thréimhse Han. B'aonaránach é Meng gan mhórán suime ins an rathúnas shaolta, duine ar chlis air céim a bhaint as scoil na státseirbhíseach. File nádúra a bhí ann agus greann cineál dóite nó searbhasach ag roinnt lena chuid líricí.
Is minic a chuirtear Meng i gcomparáid le Wang Wei, nár chloígh le filíocht amháin: ba mhinic dó pioctúirí a phéinteáil nó ceol a sheinm fosta. Shaothraigh sé a chuid mar státseirbhíseach, agus b'é an Budachas a reiligiún - an sruth Budachais a dtugtar chan air as Sínis - zen an leagan Seapáinise a úsáidtear go fairsing ins na tíortha Iartharacha. Ceathrúna a scríobhadh sé, agus é ag iarraidh a dhearcadh ar shuíomh an duine mar chuid den nádúir a chur in iúl comh gonta gearrfhoclach is a thiocfadh leis.
Leis an tréimhse seo a bhaineanns Li Bo (nó Li Taibai, 701-762) freisin, agus é ar duine de na filí Sínise is mó a léitear ins an Iarthar. File Bóihéimeach nó fiú drabhlásach a bhí ann a chaith cuid mhór dá shaol ag fánaíocht. Siúd is gur chum sé a lán filíochta fá áilleacht na nádúra freisin, is iad na hamhráin óil a thabhaigh a chliú dó. Insítear na céadta scéalta fá bheatha is fá bhás mo dhuine. Tharraing sé súil an Impire ina leith le feabhas a chuid filíochta, ach má tharraing féin, níor athraigh an cháil sin mórán fána shaol. Gaireadh acadúlach agus ginias filíochta de Li Bo go hoifigiúil, ach bhí sé comh tugtha dá shaol ag taisteal ó cheann ceann na tíre agus gur ball sách díláithreach d'Acadamh na Filíochta a bhí ann.
Fánaí a bhí in Du Fu (712-770) fosta, agus thiocfadh linn Pádraic Ó Conaire na seanSíne a thabhairt air, nó chaith sé a shaol ar muin asail in éis tréimhse ínteacht a chur isteach ina mhionstátseirbhíseach gan scrúdú críochnaithe. Siúd is go rabh stíl a bheatha cosúil le Li Bo, bhí blas eile ar fad ar a chuid filíochta. Nó bhí líon tí le cothú aige, agus é go minic ag déanamh a ghearáin fán tsaol chruadálach a scar lena mhuintir féin is lena chuid carad é, agus é ag saothú luach cothbhála a theaghlaigh ar an choigríoch. Ba dual dó locht agus ábhar cáinte a fháil ar an tsochaí, leis. Bhí aithne phearsanta aige ar Li Bo, agus thiomnaigh an bheirt seo cupla dán dá chéile.
Fá dheireadh thréimhse mhuintir Tang tháinig gné úr filíochta ar an fhód, mar atá, ci. Amhránaíocht a bhí i gceist leis ar dtús, agus na filí Síneacha ag cumadh líricí nua d'fhoinn fhaisiúnta cheoil a fuarthas ar iasacht ó Lár na hÁise. Amhráin ghráidh is anghráidh a bhí ins na dánta ci go minic, agus gnáthchaint na ndaoiní ag imirt a tionchair ar an teanga is an stíl iontu.
Tháinig an ghnáthchaint isteach ins an fhilíocht ó na "filí aonaráin", nó ó "fhilí an tSléibh Fhuair", mar a bheirthear orthu freisin. Filí gan ainm a bhí iontu: cuireadh a gcuid scríbhinní in eagar faoin chomhainm chleite Hanshan a chiallaíonns An Sliabh Fuar. Tá an Sliabh Fuar ann dáiríribh, agus é suite i gCúige Zhejiang i Sléibhte Tiantai. Bíonn dánta an tSléibh Fhuair ag cur síos ar shaol na manach Budach ins na cúlriasca seo, áit a rabh mainistir acu.
Maidir leis an phrós, is eol dúinn cheana go dteachaidh scríbhneoirí thréimhse Tang chun ceannairce ar an chóras pianwen, agus iad ag éileamh geáitsí bréagfhiliúnta an "phróis pharailéalaigh" a chaitheamh i dtraipisí ar mhaithe le prós simplí na gclasaiceach. B'iad na scéalta fá dtaobh de mhiorúiltí, chuanqi, an toradh ba tábhachtaí ar an fhorbairt a tharraing an ghluaiseacht athnuachana seo ina diaidh. B'iad na scéalta seo a chuir tús leis an fhíor-ghearrscéalaíocht i litríocht na Sínise.
Ba faoi rítheaghlach Tang a cumadh na chéad shaothair liteartha ins an teanga baihua, nó i dteanga scríofa nua-aoiseach neamhchlasaiceach a bhí ag cloí le comhréir agus stór focal na gnáthchainte. B'iad misinéirí an Bhudachais a chuir tús le saothrú liteartha na gnáthchainte, agus iad a gcumadh scéilíní beaga teagascúla leis an Bhudachas a chraobhscaoileadh i measc na cosmhuintire. Ar ndóighe, cha rabh an chosmhuintir in ann na scéilíní seo a léamh iad féin: cha dteánadh na manaigh ach a mbreacadh ar pár lena gcur i láthair i lúb chruinnithe mar a bheadh drámaí beaga iontu. B'i ndlúth-theagmháil leis an amharclannaíocht tíre a d'fhorbair litríocht na gnáthchainte riamh.
Le linn rítheaghlach Song a scríobhadh síos na chéad leabhráin huaben nó diolaimí scéalaíochta agus béaloideasa. Ós rud é nach rabh meas na hardlitríochta ins an tSín ach ar an litríocht ins an teanga chlasaicigh, is follas nach rabh an lucht léinn sásta glacadh le béal-litríocht na gramaisce mar fhoirm ealaíne a mb'fhiú suim a chur inti dáiríribh, ach, b'fhéidir, mar shiamsaíocht pháistiúil.
Is féidir a rádh gurb as an teagmháil seo eadar an litríocht agus an béaloideas a fáisceadh an t-úrscéal Sínise, cosúil leis an chaoi ar chuir na Volksbücher, na "leabhartha pobail", tús leis an úrscéalaíocht Ghearmáinise. Nuair a chuala an saol iomrá ar imeachtaí ar leith ins an phríomhchathair, ar eachtraí cogaidh nó ar ábhair eile scéalaíochta is seanchais, ba dual don chosmhuintir dathanna dá gcuid féin a chur ar an scéal, ionas gur cruthaíodh sraith scéalaíochta i mbéal an phobail. Ansin, chuir foireann ínteacht aisteoirí suim ins na scéalta seo, ach b'éigean dófa, ar ndóighe, a n-eagar féin a chur ar na scéalta le bheith in ann iad a léiriú ins na haontaí mar dhráma loighiciúil le tús, imeachtaí agus clabhsúr. B'é an chéim dheireannach gur thoiligh fear léinn éigin tamall dá am uasal oirirc a chur amú ag breacadh ar pár an scéal seo i bhfoirm chríochnaithe liteartha - agus b'é seo an t-úrscéal fá dheoidh!
Forbairt fhadálach fhadaraíonach a bhí i gceist le seo, ar ndóighe, rud is féidir a shoiléiriú le tagairt do Shuihu shuan ("Ar Imeall an Uisce"), atá ar ceann de na húrscéalta pobail is cliúúla. Tá an plota bunaithe ar an iarracht chun ceannairce a rinne an robálaí Song Bang i dtús na darna haoise déag. Scríobhadh dráma i ndiaidh dráma fá dtaobh den ábhar seo ins an treas agus ins an cheathrú haois déag, ach b'ins an tseachtú haois déag a tháinig an t-úrscéal ar pár fá dheoidh. Úrscéal eachtraíochta a bhí ann, agus é lán imeachtaí, aicsin is rómánsúlachta robálaithe díreach cosúil le scéal Robin Hood.
Áirítear Xiyou ji, "Turas an Iarthair", ar an cheann is spéisiúla de na luathúrscéalta seo. Tá sé in ainm a bheith ag cur síos ar shaol fíorphearsa stairiúil, mar atá, Xuanzang, a bhí ina fhear mhór léinn is Budachais agus a d'aistrigh a lán scríbhinní naofa de chuid a reiligiúin féin ó na teangacha Indiacha go Sínis. Tá beathaisnéis an fhir seo measctha fríd a lán ábhar miotaseolaíochta, rud is léir ón pháirt atá ag Sun Wukong ins an scéal. Nó is neach miotasúil amach is amach é Sun Wukong, Rí na nApaí: cleasaí ainrialach is eadh é nach eagal leis dia ná diabhal; b'fhéidir go bhfuil baint ínteacht aige le Hanuman, dia-apa na Hiondúch. Cibé scéal é, carachtaeir iontach tíriúil is eadh é Sun Wukong, agus gnaoi bhunadh na Síne air leis na cianta cairbreacha. Instear an iliomad scéaltaí béaloideasa faoina chuid cleas agus geáitsí, agus é ag baint na bearnan den Impire féin, comh cliste is atá sé.
Fuair na húrscéalta gáirsiúla ins an teanga labhartha a scríobhadh ins an tseisiú agus ins an tseachtú haois déag - fuair siad lucht mór léitheoireachta ins an Iarthar: Jinpingmei agus Roubutuan. Tá fiúntas ínteacht liteartha ag roinnt leis an chéad cheann acu, ós rud é go dtugann sé tuairisc chruinn, chan amháin ar shúgradh na leapa, ach ar ghnáthshaol na ndaoiní ins an tseantSín comh maith. Maidir le Roubutuan, áfach, is é is brí lena theideal ná "Cairpéad Feola", nó - lena chur i nGaeilge níos fearr - "Cairpéad Craicinn", agus an t-iomrá air i measc na saineolaithe féin gurb é an craiceann an phríomhchúis lena léamh. Tá an dá leabhar aistrithe go teangacha Iartharacha, go Béarla gan amhras.
Cumadh lear mór gearrscéalta i gcaint na ndaoiní fosta, ní nach ionadh. hAistríodh gearrscéalta anghrácha Ling Mengchu (1580-1644) go dúthrachtach go teangacha Iartharacha, ach an léitheoir nach bhfuil an oiread sin craicinn de dhíth air, is dócha go gcromfaidh sé ar Jungu qiguan thar aon leabhar eile. Is diolaim gearrscéalta í, agus ciallaíonn an teideal "Miorúiltí ónár linn féin agus ó na laethanta a bhí". B'é Baoweng Laoren a chuir le chéile na scéalta ilghnéitheacha seo ins an tseachtú haois déag, agus tharraing siad súil na n-aistritheoirí Iartharacha orthu comh maith.
Tá a stair féin ag an aoir agus ag an scigaithris ins an tSín, agus ós rud é gur le teann diúnais ar an lucht léinn a tháinig litríocht na gnáthchainte ar an fhód an chéad lá riamh, tá sé cineál cuí gur scríobhadh úrscéal mór san ochtú haois déag le h-ula mhagaidh a dhéanamh de na saoithe seo. Caitheann fear inste an scéil, státseirbhíseach a fuair bata is bóthar toisc é a bheith ró-ionraic, róchainteach i dtaoibh lobhadas agus fimínteacht na bhfear léinn, - caitheann sé súil an-dian ar shaol a chuid iar-comhoibríonna, ach má chaitheann, is cur síos spéisiúil é a scéal freisin ar bhéasaíocht na linne. Rulin waishi nó "Stair Neamhoifigiúil an Lucht Léinn" is teideal don scéal shuntasach seo, agus b'é Wu Jingzi (1701-1754) a scríobh é. Tá ráchairt ínteacht ar an úrscéal seo i measc aos foghlamtha na teanga Sínise, tharla go bhfuil sé réasúnta soléite - dar le lucht an tsaineolais.
Tháinig an úrscéalaíocht ghnáthchainte i gcrann le Honglou meng, nó Suan an tSeomra Dheirg (nó Shitou Ji, Scéal na Cloiche), le Cao Xuejin. Fuair Cao bás sa bhliain 1818 gan chlabhsúr a chur lena úrscéal, ach fuarthas fear léinn eile lena chríochnú. Sága teaghlaigh ó ghlúin go glúin atá ann, cosúil le Muintir Buddenbrook leis an Ghearmánach Thomas Mann. Tá an leabhar seo ar maos le filíocht (na fir óga ag cumadh dánta do na cailíní a bhfuil siad i ngrádh leofa) agus le cultúr ábhartha (nuair a bheirthear tuairisc mhionchruinn ar ghnáthaimh laethúla na ndaoiní, ar na gléasa a úsáideanns siad lena bpeannadóireacht a dhéanamh, ar na baill troscáin a suíonn siad orthu, ar an chineál bídh a itheanns siad agus na héadaí a chaitheanns siad). Tá ciall d'intinn an duine ag Cao Xuejin nach minic a dtigtear ar a leathbhreac eile ag scríbhneoirí na seantSíne, agus tuigse dhúchasach, instinneach aige ar an tsiceolaíocht. Thairis sin, tá guth agus stíl phearsanta ag baint le gach duine ar leith den dá chéad (!) príomhcharachtaeir ins an leabhar. Is é is toradh don mháistreacht seo, ar ndóighe, go bhfuil ráchairt agus gnaoi ag na Sínigh ar Shuan an tSeomra Dheirg, agus lear mór athoiriúnaithe déanta acu ar an scéal le haghaidh amharclainne nó fiú teilifíse.
B'é Pu Songling thar aon duine eile a rinne iarracht foirmeacha nua próis a chur i bhfeidhm ar an tSínis Chlasaiceach. Scríobh seisean ceithre chéad scéal fá dtaobh de mhiorúiltí, Liaozhai zhiyi, ins an tseanteanga. Scéalaíocht tíre a bhí i gceist, dáiríribh, a bhí bailithe ag mo dhuine i measc na cosmhuintire, ach b'é an obair a chuir Pu roimhe ná friotal gonta críochnaithe clasaiceach a aimsiú do na scéalta béaloideasa seo. Tá na Sínigh an-gheanúil ar an diolaim seo i gcónaí, ach is fearr leofa na hathinsintí i gcaint na ndaoiní a léamh, nó cha mbeadh ach fíorbheagán acu in ann bun nó barr a dhéanamh den leagan chlasaiceach inniu.
Ag druidim le deireadh na naoú haoise déag thoisigh na Sínigh a dh'aistriú litríocht ó na teangacha móra Eorpacha go fairsing. Siúd is go mba rogha leis an chuid ba mhó d'aistritheoirí na linne an tSínis Chlasaiceach a chur ar an chineál seo scríbhinní, chuir tionchar seo an Iarthair tuilleadh borraidh faoin ghluaiseacht chultúrtha a bhí ag éileamh aitheantais oifigiúil do chaint na ndaoiní, baihua. Ins na 1920idí a thoisigh an litríocht baihua a dhul chun cinn dáiríribh. B'é an scríbhneoir Zhou Shuren (1881-1936), nó Lu Xun mar ab ainm cleite dó - b'eisean an chéad scríbhneoir nua-aimseartha a bhain amach aitheantas forleathan lena chuid saothar, agus é préamhaithe sách daingean i litríocht a chomhaimsire féin, nó ba réalaíoch criticiúil é a cháineadh éagóir an tsaoil is na sochaí. B'iad na gearrscéalta is na haistí an chuid ba tábhachtaí dár scríobh sé.
File aithnidiúil ab eadh é Guo Moruo freisin (1892-1978) a ghlac páirt i mbunú Chumann na Cruthaitheachta i dtús na bhfichidí: d'fhág an cumann seo a shliocht ar litríocht na Síne, agus é ag cur chun cinn indibhidiúlachas rómánsúil. Nuair a tháinig cuma na cumhachta ar na Cumannaigh, áfach, bhí an t-indibhidiúlachas tréigthe ag mo dhuine cheana féin, ar mhaithe leis an réalachas Mharxach a thaitin comh mór sin le lucht an rialtais úir. Ní nach ionadh, bhain Guo amach céimíocht nach beag i saol chultúrtha na Síne Cumannaí. B'é príomhéacht Guo ins na fichidí gur fhoilsigh sé a chéad diolaim filíochta a rabh fiúntas litríochta inti: "Na Bandéithe". Scríobh sé drámaí fosta: is é Qu Yuan an ceann is cáiliúla acu, agus é ag plé le h-ábhar an tírghráidh.
Féadaimid a rádh gur duine den ghlúin chéadna a bhí i Lin Yutang (1895-1976), siúd is go mb'fhearr a rádh gur scríbhneoir Iartharach de phór na Síne a bhí ann. Nó ba sagart Preispitéireach é a athair, agus rinne Lin féin a chuid staidéir i Meiriceá agus ins an Ghearmáin. Ón bhliain 1935 i leith chónaigh sé go bunúsach ins na Státaí Aontaithe, agus é ag foilsiú leabhartha faisnéise agus cumadóireachta ina gcuireadh sé cultúr a sheantíre dúchais i láthair an léitheora Iartharaigh: b'é an Béarla teanga na scríbhinní seo. Siúd is gur chaith sé mórchuid a shaoil i Meiriceá, casadh i dTaiwan é nuair a shíothlaigh sé in aois a cheithre scór.
Rugadh Ba Jin ins an bhliain 1904, agus chaith sé seal blianta i bPáras sna fichidí, áit ar scríobh sé a chéad úrscéal. Chuir sé na blianta fada de ina shaorscríbhneoir agus ina iriseoir, go dtí gur cuireadh i leataoibh é le linn na bhfeachtas mór polaitíochta "in éadan na heite deise" agus "ar son na réabhlóide cultúrtha" i Sín na gCumannach. Ina ógánach dó chuir sé suim i dteagasc an ainrialachais, agus é ag lochtú éagóir na sochaí go dian dásachtach faoin tionchar seo ina chuid scríbhinní. Scríbhneoir próis ab eadh é a chum rogha a chuid úrscéalta sna tríochaidí agus sna daichidí.
Rinne an Cumannachas agus an Réabhlóid Chultúrtha an-ródach ar na scríbhneoirí Sínise, nó murar éirigh siad as an pheann ar fad, ní rabh de rogha acu ach leor a ghabháil leis an pholasaí oifigiúil nó aghaidh a thabhairt ar na príosúin bhrúidiúla. Cha dteachaidh ach ag an chorrfhile mairstint fríd na tréimhsí corracha gan a bheatha nó a mhisneach a chailleadh. Bhí Ai Qing (a rugadh ins an bhliain 1910) ar dhuine acu, file tuaithe a bhí faoi thionchar Guillaume Apollinaire, Vlaidimir Maigheacovscaí agus Walt Whitman.