Bealaí Ceilteacha

This page translated courtesy of Tadhg O'Muiris, Toronto, Canada


Ráiteas na gCuspóra

Ó cuireadh ar bun é, tá sé mar aidhm ag Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta pobal domhanda a bhaint amach trí chomhar agus tacaíocht, agus cothrom a choimeád idir gníomhaíochtaí intleachtacha agus gníomhaíochtaí cultúrtha. Cuireadh í ar bun cúig bliana ó shin ag grúpa daoine a bhí gníomhach sa phobal Ceilteach, agus a chonac cé chomh riachtanach a bhí sé go dtabharfaí níos mó aitheantais don mhnaoi sa chultúr.

Cruthaíodh an t-eagras chun go n-onórófaí, go gceiliúrfaí, agus go gcuirfí chun cinn mná Ceilteacha agus a n-oidhreacht. Thairis sin, tá sé mar aidhm againn tuiscint na hilgnéitheachta laistigh dena cultúir cheilteacha a spreagadh trí ionracas, creidiúint agus údaracht.

Faoi láthair táimid ag cur bhonn airgeadais fónta ar bun, ag leathnú méid na ballraíochta, agus ag cur le gníomhaíochtaí an eagrais, idir áitiúla agus idirnáisiúnta. Tá sé mar chuspóir againn aitheantas a bhaint amach dúinn mar eagras chun tosaigh i dtógáil phobail idirnáisiúnta do mhná Ceilteacha.

Cúlra an Eagrais

Corpraíodh Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta in Iúil 1997, agus tá Bord Idirnáisiúnta Stiúrthóirí aige anois, ar a bhfuil baill ó 5 stát agus 3 thír, Ceanada agus Éire san áireamh. Tá ionadaithe ó sheacht dtír sa bhallraíocht, formhór na réigiún Ceilteach ina measc, maraon leis an Diaspóir Cheilteach.

Tá 4 chomhdháil bhliantúil rathúil tionoltá ag an eagras idirnáisiúnta, inar cuireadh le chéile freastalaithe agus láithreoirí ó gach cúinne an domhain, le ceiliúradh ár gcultúir chomónta. Bhí i réimse na gcomhdhálacha seo ó gníomhaíochtaí intleachtacha dáiríre go cairdeais bhuana a chruthú.

I 1999, cuireadh clár Duais Mná Ceiltí Eisceachtúla ar bun. Onóraíonn an Duais na mná atá ar fheabhas Éireann ina n-ábhair éagsúla, agus a spreagann daoine eile. Tá grúpa de bhaill onóracha tacaíocha déanta de dhream gradamach de scoláirí agus d’ealaíontóirí Ceilteacha a spreagann meas a beith againn ar ár n-oidhreacht Cheilteach, agus a thugann uchtach dúinn í a chur chun cinn.

Cuireann Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta nuachtlitir ráithiúil amach dá mballraíocht, agus tá líonláithreán uileghabhálach forbartha acu. Tá sé mar aidhm ag Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta páirtíochtaí a cruthú le heagrais chultúracha atá ann cheana féin.

Réasúnaíocht

Cuireadh Mná Ceilteacha Toronto ar bun san Fómhar 2001, le go gcuirfí obair Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta chun cinn. Tá sé mar aidhm againn cur leis an bhfeachtas seo agus é a chur in oiriúint do mhná Ceilteacha i gCeanada agus a riachtanais ar leith,soláthar deiseanna do thaispeántais na hoidhreachta Ceiltí Ceanadaí agus treoir a chur ar fáil do mhná óga Ceilteacha san áireamh.

Is eol dúinn an staid uathúil a bhaineann le Toronto mar phobal ilchultúrach agus aithnímid nach fóláir dúinn rud a bhfuil brí leis a dhéanamh dár gcultúr Ceilteach sa chomhthéacs seo. Chun an cuspóir seo a chur chun cinn, tá uainn comhrá a chur ar bun idir daoine de chulraí éagsúla agus deiseanna a fhorbairt don ghlúin seo chugainn a leanúint lena cuid cheilteachas, ach taobh istigh de chomhthéacs chultúrach níos leaithne.

Tar éis na comhdhála, tá súil againn go leanfaimid leis na cuspóirí sin a bhaint amach trí mheán cláracha oideachais do dhaoine óga agus trí mheán tacaíocht na n-ealaíontóirí agus na scoláirí atá le teacht. Thairis sin, ba mhaith linn aitheantas a thabhairt dona bhaill úd den phobal atá ag obair go ciúin sa chúlra le blianta chun an traidisiún a choinneáil beo.

Tá Mná Ceilteacha Toronto ceangailte le deiseanna a chruthú chun naisc a dhéanamh le cultúir eile. Is mar gné thábhachtach shainmhíníoch don oidhreacht Cheilteach teagmhálacha a dhéanamh le cultúir eile, chun go saibhreofaí cách.

Clárú

Tá teideal na comhdhála, Bealaí Ceilteacha, comhdhéanta dá lán cuspóirí ar mian linn a chur in iúl. Dúisíonn sé an smaoineamh de thaistil go háit éigin, agus taistil ó áit éigin, ina bhrí liteartha maraon lena bhrí teibí. Agus sinn ag taiscéal foinsí an chultúir Cheiltigh sa stair, féachaimid ar aghaidh ar an áit a threoroidh sé sa todhchaí sinn.

Sa chomhdháil, taispeánfimid ealaíontóirí a fhéadfaidh miniú dúinn conas a dhéanann siad a gcuid oibre, ó thaobh teicniúil, aeistéitiúil, agus chultúrach de. Tá ealáin d’fhoirmeacha nua-aimseartha agus d’fhoirmeacha traidisiúnta san áireamh, in gach ábhar ealaíonta. Glacfaidh scoláirí páirt chomh maith, saineolaí in ábhair acadúla mar an stair, an tseandálaíocht agus an béaloideas.

Rachaimid i gceann ar conas atá an cultúr Ceilteach forbartha óna fhoinsí beatha-muintire i dtionscal inmharthana a shroicheann thar an domhan mór. Dá bharr, tá aitheantas méadaithe tuilte ag an gcultúr Ceilteach, ach uaireanta, íobraítear a chuid údarachta agus a chuid ilghnéitheachta ag an am chéanna. Is mian linn aitheantas agus spreagadh a thabhairt do fhréamhacha beatha-muintire ár gcultúir, agus éachtanna na ndaoine a thóg é ar ardán an tsaoil mhóir a cheiliúradh freisin.

Beidh comhdháil againn ina gcluinfear glóir na ndaoine. Beidh clárú na comhdhála cuimsitheach agus cuirfear fáilte roimh daoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann. Cuirfidh ár gclárú béim ar a bhfuil le hofráil ag gach glúin agus spreagfaidh sé teagmhálacha éifeachtacha.

Achoimre

Tá na príomhchéimeanna ceannródaithe tógtha ag Mná Ceilteacha Idirnáisiúnta ar an mbóthar chun aitheantas méadaithe do mhná eisceachtúla inár gcultúr a bhaint amach. San fheachtas seo, spreagadar sinne a ghabháil leo chun tuiscint agus léirthuiscint gach phobail Cheiltigh a chur chun cinn.

Tá Mná Ceilteacha Toronto ceangailte le crann taca a dhéanamh dá gCraobh san fheachtas a chur le fás an eagrais i gCeanada agus lámh chúnta a thabhairt don eagras idirnáisiúnta chun a scóip domhanda a fhorbairt. Beidh páirt riachtanach ag comhdháil Bealái Ceilteacha i mbeartanna chun cuspóirí ginearálta na ngrúpanna idirnaisiúnta agus áitiúla a chomhlíonadh.

Home | Statement of Purpose | Background | Programming | Register | Contact