Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe


Cogadh na Scarúna - An Cogadh eadar na Stáit

Cúlra an Chogaidh

Nuair a fuair Alabama cead isteach ins an Aontas thiar ins an bhliain míle ocht gcéad is fiche, bhí aon daorstát déag agus aon saorstát déag ar fad ins na Stáit Aontaithe. Leamhsháinn a bhí ann eadar stáit na saoirse is stáit na daoirse, agus ní bheadh muintir na saorstát sásta tuilleadh daorstát a ligint isteach dá bhfágfaí ina mionlach iad féin, ansin. Ón taobh eile de, is léir go rabh sé de dhíth ar bhunadh an Deiscirt stádas stáit a bhaint amach d'achan chríoch nó limistéar - territory - dá gcuid féin. Mar sin, nuair a bhí Missouri ag lorg ballraíocht an Aontais, bhí call le réiteach sách casta a chur i gcrích, comhghéilleadh Missouri, mar a bheirthear air. Ba chuid den chomhréiteach seo ná gur scoilteadh stát Massachusetts ina dhá leath. Ghreamaigh an seanainm de cheann acu, agus baisteadh Maine ar an stát nua. Mar chuid den réiteach chéadna, glacadh an cinneadh, fosta, ná nach mbeadh an daoirse le ceadú in aon áit taobh thuaidh de dhomhanleithead an tríocha sé ghrád go leith (36o 30'), agus na críocha nua, a bhí faighte ón Fhrainc nuair a ceannaíodh Louisiana ó Napoleon, le dhul isteach ins an Aontas mar stáit úra, an lá ab fhaide anonn.

Ins an bhliain míle ocht gcéad a deich is dhá scór, fuarthas críocha nua ó Mheicsiceo, agus tuilleadh fadhbanna ag dul leofa. Tháinig Caileafóirne isteach mar shaorstát, ach fágadh faoi mhuintir Nua-Mheicsiceo agus Utah (nó Deseret, mar a bheireadh na Mormónaigh féin ar an chríoch s'acu) a rogha freagra a thabhairt ar cheist na daoirse.

Fán am chéadna, bhí an diospóireacht phoiblí fá dtaobh den daoirse ag dul chun géaradais ar go leor dóigheanna. Bhí an Deisceart ag éileamh go gcuirfí le déine an Achta um Cheapadh na nDaor Teifeach ("Fugitive Slave Act"), is é sin, an dlí áithrid ina rabh sé leagtha amach go rabh de dhualgas ar mhuintir na saorstát féin daor a bhí ar a sheachnadh a cheapadh is a chur ar ais a fhad lena úinéir. Is léir nach rabh muintir an Tuaiscirt sásta bheith ina mbaillí ag na Deisceartaigh, go háithrid iad siúd acu a bhí in aghaidh na daoirse ó thús.

Chuir sé tuilleadh dlúthais leis an diospóireacht go dtáinig Cábán Uncail Tomáisín, úrscéal cáiliúil Harriet Beecher Stowe i gcló ins an bhliain míle ocht gcéad caoga is a dó. Bhí ráchairt as an ghnáth ar an leabhar áithrid seo, agus bhain sé stangadh as na léitheoirí a thuigbheáilt go rabh lánúineacha pósta á scaradh le chéile, páistí á sciobadh ó othras a máithreacha agus Gormaigh a rabh mianach an ghiniasa iontu á gcoinneáil i mbun garbhrúpálaíocht oibre ar an t-aon tséala amháin is go bhfaighfeadh díoltóir na ndaor a chuid shuarach. Mhéadaigh go mór ar a líon siúd a bhí ag cur in aghaidh na daoirse, agus tháinig brúghrúpa callánach, cársánach ar an fhód lena éileamh go gcuirfí deireadh le "foras aistíoch" na daoirse.

Níor cuireadh an daoirse ar ceal, ach murar cuireadh, rinneadh spior spear de chomhghéilleadh Missouri le teacht na stát nua. Nuair a scaradh Kansas agus Nebraska ó na nuaghabháltaisí eile mar chríocha ar leith a bhí le dhul isteach ins an Aontas, fuair bunadh an Deiscirt a n-achainí nach nglacfaí le haon chinneadh ar leith i dtaobh na daoirse ins na stáit nua, ach an cheist a fhágáilt faoi bhráid mhuintir na stát nua féin, comh túisce is a bhainfidís amach an stádas sin. Ach ó bhí Kansas agus Nebraska suite glan oscartha taobh thuaidh den domhanleithead shocraithe, is é an tátal a bhain bunadh an Tuaiscirt as an scéal ná go rabh na Deisceartaigh ag féacháil leis an daoirse a fhairsingiú thar an riachtanas, nó thar an dosheachantacht.

Ins an bhliain míle ocht gcéad is trí scór, chuaigh Abraham Lincoln i gceannas ar an tír. Bhí sé meáite ar an Aontas a chosaint ar aon scoilt nó scarúint, agus le sin a dhéanamh, bhí sé fonnmhar a gceart a ghéilleadh do bhunadh an Deiscirt - fiú, an seanbhlas a chuir an daoirse air féin a choinneáil faoi chois - ar acht go mbeadh na Deisceartaigh sásta a theacht ina araicis an oiread céadna. De réir a chéile, áfach, bhain sé deireadh súile d'fhonn an Deiscirt chun comhoibriú. Thoisigh cogadh carad a dh'eascairt.

Cúlra Eacnamaíoch an Chogaidh

Ós rud é nach bhfuil na hintleachtóirí, na diabhail sin, sásta riamh leis an chéad scéal a chreidbheáilt, is iomaí iarracht a rinne siad leis an chogadh a mhíniú ar chúiseanna eacnamaíocha, agus blas an Mharxachais ar chuid mhór de na míniúcháin áithride seo. Mar sin féin, is féidir go bhfuil ábhar saibhrithe ár n-eolais iontu, agus gá le súil ínteacht a chaitheamh orthu. Glactar leis, go prionsabalta, gur toradh do shain-imthoscaí eacnamaíochta an Deiscirt atá ins an daoirse, mar fhoras sochúil. Bhí éagsúlacht eacnamaíochta ins an Tuaisceart, agus réabhlóid na tionsclaíochta ag dul ar aghaidh ansin; ins an Deisceart, áfach, "b'é an Cadás an Rí", mar a deirtí. I lár na naoú haoise déag, b'iad daorstáit an Deiscirt a tháirgíodh seacht n-ochtú cuid de chadás an domhain. Thairis sin, bhí tábhacht leis an tobaca, leis an tsiúcra agus leis an rís ar an mhargadh dhomhanda.

Ó bhí eacnamaíocht an dá thaobh comh difriúil sin le chéile, bhí sainleas an Tuaiscirt agus riachtanaisí an Deiscirt ag teacht crosach ar a chéile go mór mór. Bhí sé de dhíobháil ar an Tuaisceart an tionsclaíocht intíre a dhíonadh ar an chomórtas eadarnáisiúnta fríd dhleachtanna caomhnaitheacha a thobhach agus cánacha arda a ghearradh ar na hearraí iomportáilte. Na plandóirí saibhre ins an Deisceart a bhí ag saothrú brabaigh as allas mhalacha na ndaor, ní rabh suim acu ina leithéid. Theastaigh uathu nach gcoinneochadh aon chineál dleachtanna custaim iad ó bheith ag reic a gcuid cadáis ar an choigríoch agus ag ceannach earraí só ar an airgead.

Maidir leis an daoirse, creidtear go forleathan go rabh sí ag dul as faisiún cibé scéal é, ar chúiseanna eacnamaíocha. Más fíor dófa siúd a áitíonns a leithéid, níor chuir feachtais na n-idéalaithe tuaisceartacha ach moill ar bhás dhosheachanta na daoirse fríd shiombail pholaitiúil a ghairstint daoithi. Chluintear, fiú, go rabh na sclábhaithe ní b'fhearr as ag curadóireacht ins na plandálacha ná an lucht oibre ins na monarchana ó thuaidh. Níor den chríonnacht é na daoir a chéasadh ná a chur thar a n-acmhainn, ach is léir go rabh fuilstin mhór daite d'aon duine a rugadh ina Ghormach theas, ó ba rud é gurb uirísliú ann féin é d'aon duine bheith i d'earra le reic is le ceannach, agus tú go hiomlán dearg i muinín dea-thola an úinéara. Ar ndóighe, bhíodh úinéirí fiaile flaithiúla ann, agus iad dáiríribh ag iarraidh freastal ar riachtanaisí a gcuid daor nó ag cur gairmoiliúint éigin ar fáil dófa, le go mbeadh scileanna oibre acu a choinneochadh biadh is beatha leofa, cuma cé acu daoir nó saoránaigh a bheadh iontu. Ón taobh eile de, áfach, ba mhinic nach gceadóchadh a chruachás airgeadais féin don daorúinéir cothrom féinne a chleachtadh, beag beann ar aon dea-thoil a bhí ina dhúchas mar dhuine.

Duine as achan chúigear de bhunadh ghealchraicneach an Deiscirt, bhí daoir aige. Agus ní rabh plandálacha móra ach ag duine as achan naonúr acu seo. I lámha an bheagán uasaicme a bhí na daoir, comh maith le gach cineál maoin shaolta eile ins an Deisceart; formhór mór de na Geala féin, cha rabh daor ná deoraí acu. Mar sin féin, fuair an dornán mórphlandóirí an-tacaíocht ó na bochtáin gheala, "lucht na muineál deargdhóite" mar a bheirthear orthu inniu féin (ó chreidtear go bhfuil cúl a muiníl dóite ag an ghrian, agus iad cromtha ar a gcuid obair thalmhaíochta). Bhí na daoiní seo talcánta tréan ag cur ar son na daoirse is na scarúna, ós rud é nach rabh de chúis bhróid acu ina saol chruaidh ach iad a bheith suite ní b'airde ná na daoir ins an tsochaí. Bheadh an beagán seo féin caillte acu dá dteántaí saoránaigh de na Gormaigh.

An Scarúint

Bhí críoch Khansas ina cnámh spairne ag an dá thaobh comh fada siar leis na míle ocht gcéad caogaidí, agus lucht a leanstana ag cur troda ar a chéile gan taise gan truaidh gan trócaire ins na sráideanna i mbailte móra na críche. De réir a chéile, chuaigh na cúrsaí chun olcais, go dtí gur toghadh Lincoln ina Uachtarán. B'é an clár oibre a thug a fhad leis an Teach Bhán é ná go bhfágfaí a rogha féin ag na daorstáit, ach tháinig malairt phoirt aige go géar gasta nuair a thoisigh siad a dh'éirí as an Aontas fá dheireadh na bliana míle ocht gcéad is trí scór.

Bhí Carolina Theas ar an chéad stát a fuair dealú: thionóil ionadaithe pobail an stáit i Charleston i gcruinniú a d'eisigh forógra scarúna. Tháinig an Deisceart Domhain go tiubh téirimeach ins na sálaí: an tSeoirsia, Alabama, Florida, Mississippi, Louisiana, agus Texas. Ar an cheathrú lá de Mhí Feabhra ins an bhliain míle ocht gcéad a haon is trí scór, bhunaigh stáit na scarúna an Chónaidhm - malairt Aontais, nó fiú an frith-Aontas, mar a d'fhéadfá a rádh - i Montgomery i stát Alabama. B'é Jefferson Davis, Seanadóir ó Mississippi, a fuair an Uachtaránacht. Shocraigh sé síos in Atlanta ar tús, ach ansin, tháinig Virginia isteach, agus h-athraíodh an phríomhchathair ó Atlanta go Richmond.

Níorbh iad na daorstáit uilig a chuaigh leis an Chónaidhm. D'fhan roinnt acu - Kentucky, Missouri, Delaware agus Maryland - dílis don Aontas, siúd is go mb'iomaí duine aonair ansin a thréig an chúis le dhul thar teorainn agus fostó a fháil leis na Rebs. Na Rebs - b'iad sin na Reibiliúnaigh iad, is é sin, muintir an Deiscirt, nó sin é an leasainm a bhaist na Yanks, na Tuaisceartaigh, orthu.



Síltear gur leasainm ar sheandúchasaigh na háite i Nua-Eabhrac a bhí ins an fhocal sin "Yank" nó "Yankee" ar tús. "Amstardam Nua" a bhí ar an áit sula dteachaigh sí ó lámh na nOllannach go lucht an Bhéarla, agus ainm coitianta é "Janke" i measc na nOllannach; is dócha gur leasainm ar Ollannach a bhí ann ar tús, agus lucht an ghrinn á thabhairt ar mhuintir na cathrach "iar-Ollannaí" seo ina dhiaidh sin.


Cosúil leis an dóigh a dtugann na Sasanaigh "Tommy Atkins" ar ghnáthshaighdiúir dá gcuid féin, ba ghnách le lucht an dá thaobh "Johnny Reb" agus "Billy Yank" a thabhairt ar a chéile.

Uaireanta, nuair a tharla siad as éisteacht na n-oifigeach, rinne Billy Yank agus Johnny Reb muintearas le chéile. Bhí an teanga chéadna ina bpluic, agus cibé iaróg a tháinig eatarthu, b'í an tír chéadna agus b'iad na hidéil chéadna a mhúnlaigh iad ó thús. Is léir dúinn inniu, ar ndóighe, gurb ag na Tuaisceartaigh a bhí an chuid is mó den cheart, ó thaobh na moráltachta de. Mar a d'úirt Lincoln, aon rud nach bhfuil ceart ó thaobh na moráltachta de, ní féidir dó bheith ceart ó thaobh na polaitíochta de ach an oiread; agus, mar a d'úirt sé comh maith, mura rabh an daoirse mícheart, ní rabh a dhath ar bith mícheart ar an tsaol seo. Mar sin féin, cúis truaidhe a bhí i Johnny Reb agus i mBilly Yank araon, agus ins an chogadh a chuir ag lámhach a chéile iad. Bhí sé ar chogaíocha móra na linne, agus é ag slogadh síos beatha saighdiúirí is sibhialtaigh go cruálach craosach cíocrasach, fad is a mhair sé; agus siúd is gur chuir sé deireadh leis an daoirse, níor leigheas sé an scoilt eadar geal agus gorm.

Tháinig go leor cneasú ar an chneá ó shin, agus ba chóir gan a bheag a dhéanamh den bhiseach atá ann. Tá iarrachtaí dílse dicheallacha ar obair ag go leor daoiní ionraice ar fud na Stát Aontaithe le lucht an dá chine a thabhairt in araicis a chéile. Mar a d'úirt Stiofán Uinseann Benét: Tá muid ag déanamh ár ndichill, mar náisiún; is dóigh liom go bhfuil muid ag déanamh ár ndichill. Ach faraoir géar, maireann an ghoimh sách beo, sách frithir i gcónaí, agus polaiteoirí mífhreagracha, eadar gheal agus ghorm, ag baint fola as an tseancholm anois is aríst.

Dún Sumter: Tús an Chogaidh

Nuair a d'fhág an Deisceart slán ag an Aontas, cha rabh ina chogadh dhearg go fóill. Bhí a shíol curtha, áfach, agus é ag tabhairt bachlóga taobh amuigh Charleston, áit a rabh an bhunáit mhíleata udaí Dún Sumter suite, agus díormaí ón Tuaisceart ar garastún ann. Bhí na saighdiúirí ansin ag dul in anás bídh agus raiachtanaisí eile, agus nuair a rinne long de chuid an Tuaiscirt iarracht, in Eanáir na bliana 1861, a theacht chun fortachta d'fhoireann an dúin, níor lig airtléire an Deiscirt daoithi taobhú leis an chósta. Ins an Mhárta, hoirníodh Lincoln ina Uachtarán, agus d'éiligh sé go dtabharfaí cuidiú agus cúnamh don daingean faoi léigear ar inn nó ar éigean.

Bhí an Deisceart eadar dhá thine Bealtaine anois. An ginearál Pierre Gustave Toutant Beauregard a bhí ag cur léigir ar Dhún Sumter, cha rabh doirteadh fola ar bith de dhíobháil air, agus é ag iarraidh na Tuaisceartaigh a bhréagadh chun géillte ar bhealach comh síochánta agus ab fhéidir. Ní rabh ceannasaí Dhún Sumter, an Caiftín Roibeard Anderson, ró-araiciseach chun catha ach an oiread, ach d'fhéach sé leis an am a bhí aige a shíneadh amach, le go mbeadh d'uain ag an Tuaisceart a chuid soláthairtí a thabhairt isteach. B'é ba chríochthoradh do tharraingt seo na téide eadar é agus ginearál an Deiscirt ná go dtáinig tús le cogaíocht cheart. Go moch ar maidin, an ceathrú lá déag de Mhí Aibreáin 1861, thoisigh gunnaí móra an Deiscirt a loisceadh ar Dhún Sumter. Bhí Anderson eadar dhá chomhairle ar tús, ach ansin, shocraigh sé suas a intinn agus d'fhreagair an daingean ar an lámhach.

Nocht loingeas de chuid an Tuaiscirt taobh amuigh de Charleston an lá arna mhárach, ach d'fhan na longa amach ón teagmháil: cha dtearn siad iarracht briseadh fríd line chosanta an Deiscirt. Ba léir nach rabh aon duine ag santú troda. De réir a chéile, chonaic Anderson an dún s'aige á chreimeadh ag tine na hairtléire, agus thoiligh sé go réidh leis an chomha a chuir Beauregard in iúl dó. Bhí an ginearál dóighiúil go leor, agus é sásta cead a gcos a fhágáilt ag na Tuaisceartaigh: ní bhfuair aon duine acu bás le linn an lámhaigh, ach d'éirigh taismeach d'aon saighdiúir amháin ina dhiaidh sin, le linn an tsearmanais a cóiríodh le hísliú bhratach an Aontais agus imeacht na dTuaisceartach a chomóradh.

Siúd is gur éirigh le hAnderson is le Beauregard an chuid ba mheasa den troid a sheachaint, tuigeadh go mb'é an t-imeacht é anois. Bhí an lasair sa bharrach, agus an cogadh pléasctha. Chuaigh an Deisceart ar mire ar fad le teann cogúlachta, agus Virginia, Carolina Thuaidh, Tennessee, agus Arkansas ag dul ins an Chónaidhm. Chuir an Tuaisceart sonrú ann fosta nach rabh druidim ón spairn lann a thuilleadh. I ndiaidh do Dhún Sumter titim, d'fhógair Lincoln go rabh seachtó míle óglach d'fheidhm air le haghaidh an airm, agus ní rabh aon mhoill ar mhuintir an Tuaiscirt freagairt ar an ghairm shlógtha seo.

Cé a bhéarfadh buaidh? Bhí an Tuaisceart ní ba láidre ó thaobh an daonra de, agus ós rud é nach rabh lá na hardteicneolaíochta buailte go fóill i gcúrsaí cogaidh, bhí tábhacht leis an daonra. Thairis sin, bhí an Tuaisceart ag dul chun tionsclaíochta go géar gasta, agus dá thoradh sin, bhí gréasán na mbóithre iarainn thar barr ar fad, ansin: ba mhillteanach an gléas siúil í an traein le díormaí cogaidh a aistriú go sciobtha ó áit go háit. Ón taobh eile de, bhí an Deisceart láidir i dtraidisiún na cogaíochta. Bhí i bhfad Éireann ní ba mhó oifigigh oilte ag an Chónaidhm, agus scoil traenála cogaíochta ins achan stát ansin, nó geall leis.

B'fhéidir go rabh rómhuinín ag na Tuaisceartaigh astu féin, rud a tháinig chun solais ar dhóigh cineál suarach, lá an chéad chath ag Bull Run/Manassas.

Bull Run a hAon/Manassas a hAon

an t-ochtú lá déag de Mhí Iúil, míle ocht gcéad a haon is trí scór

Bhí muintir an Tuaiscirt ag dréim le buaidh gan dua, agus sibhialtaigh ó Washington féin ag teacht, na scórthaí acu, i gcóngar do mhachaire an áir le bheith ag dearcadh ar na himeachtaí, díreach mar a bheidís ag fanúint le cluiche spóirt! Tháinig díormaí an Deiscirt ar ab traein, agus thuirling siad ag Acomhal Manassas leis an chuid eile den astar a chur díofa de shiúl na gcos. Is é an rud a tharla, go bunúsach, ná gur chlis ar na Tuaisceartaigh ord agus inneall ceart a choinneáil ar na trúpaí lónadóireachta s'acu, agus fuair an chuid eile den arm tolgadh uathu siúd. B'é ba toradh dó gur imigh arm an Aontais ina dtáinrith, rud a d'fhág an lá ag oifigigh oilte an Deiscirt, ó bhí siad in ann breith ar a stuaim. Pronnadh céim an ghinearáil ar dhuine acu seo, an Coirnéal Elzey, in éiric a sciliúlachta. Maidir leis na sibhialtaigh ó Washington nár thuig comh dáiríre is a bhí an cogadh mar rud, chimigh saighdiúirí an Deiscirt cuid mhór acu, agus a ndóthain ama acu trom-mheabhrú a dhéanamh ar comh hamaideach is a bhí siad, i mbraighdeanas cogaidh an Deiscirt. Is furasta a chreidbheáilt, fosta, gur lámhachadh cuid ínteacht acu de thaisme, i lár na teagmhála.

Bhain an chéad Bhull Run stangadh as an Tuaisceart, agus chuir Abraham Lincoln an Ginearál Seoirse Mac Giolla Fhaoileáin ag eagrú arm nua don Tuaisceart - Arm Potomac. D'éirigh leis céad míle de dhaoiní a fhruiliú in imeacht chupla mí, ach dáiríribh, bhí an rath is an t-ádh sách mall ag teacht ar shluaite an Tuaiscirt ar pháirc an áir féin.

Uiliséas de Grónta ag ionsaí. An Chéad Mhuirchath Armúrtha

Ins an chéad leath den bhliain míle ocht gcéad a dó is trí scór, rinne Uiliséas de Grónta an chéad iarracht leis an Deisceart a chloí. I Mí Feabhra, shealbhaigh a chuid trúpaí an dá dhún udaí Dún Annraoi (Fort Henry) agus Dún Mhic Dhónaill (Fort Donaldson), agus an rún ag an Ghróntach limistéar an Deiscirt a scoilt ina dhá leath. I Mí Aibreáin, áfach, briseadh an cath air, lá Shiloh, agus chuaigh an t-ionradh in abar.

Fán am seo, fosta, i Mí na Márta 1862, fearadh an chéad chath riamh eadar dhá long armúrtha, cath Bhóithre Hampton, inar fhéach an dá scriostóir udaí, an Virginia (nó an Merrimac, mar a bhí uirthi sula dtáinig cabhlach an Deiscirt ina seilbh, áit a rabh sí sna fonsaí tógála) agus an Monitor, lena chéile a chur i dtóin phoill. Phill an dá long chun an bhaile ins an deireadh agus drochbhail uafásach orthu i ndiaidh na scórtha urchar a scaoileadh le chéile as gunnaí móra, ach siúd is nach rabh mórán tionchair ag an teagmháil seo ar chríochthoradh an chogaidh, léirigh sí don tsaol mhór amuigh go rabh dlíthe na cogaíochta mara athraithe ó bhonn. Chrom cumhachtaí cabhlaigh an domhain ar théisclim mhór agus iad ag tógáil scriostóirí armúrtha faoi dheifre is faoi dhriopás, le bheith in ann ag an chineál nua seo de chogadh, nuair a thiocfadh orthu.

I ndiaidh iarrachtaí an Ghróntaigh, thig Seoirse Mac Giolla Fhaoileáin agus Arm Potomac ruathar fá Richmonde, ach má thug, chuaigh an t-ionradh seo féin i bhfostó fá dheoidh. D'éirigh le Mac Giolla Fhaoileáin a theacht i ngaobhair do Richmond i Mí an Mheithimh 1862, ach ansin, chuaigh ag na Deisceartaigh an t-ionsaí a stopadh go gairid roimh a cheannscríbe, i gcath - nó i sraith cathanna - a mhair seachtain iomlán i ndeireadh Mhí an Mheithimh agus i dtús Mhí Iúil.

Roibeard Ó Laoi ag Ionsaí

B'é seal an Deiscirt é, anois, agus b'é an ginearál éirimiúil cliúiteach udaí Roibeard Ó Laoi a bhí i gceannas ar an arm: mar sin, chuaigh creathnú na heagla fríd bhunadh an Tuaiscirt. Dáiríribh, ó thús deiridh an chogaidh ba mhinic don fhear neamhghnách seo scanradh a bhaint as Billy Yank agus a chairde. Ós rud é, áfach, go dteachaidh Johnny Reb chun cogaidh le "cearta an stáit" a chosaint in éadan "thíorántacht an Aontais", cha rabh ann, go foirmiúil, ach ceannasaí cúige. Bhí lucht rialtais an Deiscirt sách mall á fhoghlaim nach bhféadfá cogadh a ghnóthú gan ardcheannas ceart a chur ag stiúradh an airm iomláin.

Mar sin féin, nuair a thug mac Uí Laoi a aghaidh ó thuaidh le teacht an fhómhair ins an bhliain míle ocht gcéad a dó is trí scór, bhí gach cúis ag Limcoln agus a fhoireann le bheith buartha. Ins an darna cath ag Bull Run/Manassas, mhaidhm Mac Uí Laoi ar Sheán Pope, a tháinig i gcomharbacht ar McClellan mar ardcheannasaí ar arm an Tuaiscirt. Chaill mac Uí Laoi agus Stonewall Jackson cuid mhór saighdiúirí, ach tháinig siad i seilbh go leor gléasra cogaidh de chuid an Tuaiscirt, mar chreach chogaidh.

I ndiaidh Manassas a Dó, mháirseáil Mac Uí Laoi isteach i Maryland, agus fuair sé fíorchaoin fáilte ó mhuintir an stáit. Is amhlaidh gur daorstát a bhí ann, mar Mharyland, siúd is nach rabh sé scartha ón Aontas. Tháinig Mac Uí Laoi i gcóngar do Washington: nuair a bhí a chuid fórsaí ag Frederick, dhá scór ciliméadar ó phríomhchathair an Tuaiscirt, áfach, d'éirigh taismeach dó. Chuir sé sonrú i ngarastún Harper's Ferry, a bhí ag bagairt ar an bhealach a thigeadh a chuid soláthairtí lónadóireachta, agus ghlac sé an cinneadh an garastún sin a ghabháil. D'ordaigh sé do Stonewall Jackson beirt fhear as gach cúigear a thabhairt leis, an garastún a ionsaí agus na saighdiúirí a bhí ansin a chimiú. An t-ordú a chuir Mac Uí Laoi go Jackson, áfach, tháinig na Tuaisceartaigh ina sheilbh, agus fuair siad amach fá dtaobh de phleananna na nDeisceartach. B'é sin ba chúis leis an teagmháil ar a gcuirtear Cath Antietam, nó Cath Sharpsburg, an lá ba mhó fola ar feadh an chogaidh

Antietam, an Seachtú Lá de Mhí Mheán Fómhair, Míle Ocht gCéad a Dó is Trí Scór

Bhain fórsaí Uí Laoi amach Sharpsburg ar an chúigiú lá déag de Mhí Mheán Fómhair, agus iad ag cur fúthu ins na haird eadar Sharpsburg agus an abhainn udaí Antietam, ag tabhairt an droma le Potomac. Daingníodh na gunnaí móra thuas ins na haird. Ansin a chualathas an nuaíocht go rabh Jackson i ndiaidh Harper's Ferry a ghabháil agus creach mhór a fháil, eadar ghunnaí móra agus raidhfilí. Ón taobh eile de, bhí na Tuaisceartaigh ag teannadh isteach ón taoibh eile d'Antietam, agus ní rabh na Deisceartaigh ullmhaithe ina n-araicis mar ba chóir.

Chaith fórsaí an Aontais an lá ar fad - an seachtú lá déag de Mhí Mheán Fómhair - ag iarraidh línte na nDeisceartach a bhriseadh le láimh láidir, ach nuair a chuaigh sé anonn ins an lá, bhain siad deireadh súile den ruathar. Tháinig Stonewall Jackson ar ais ó Harper's Ferry le fortacht a thabhairt do Mhac Uí Laoi, agus bhí an scéal socraithe ansin. B'é toradh an rúchlaidh a rinne lucht an Tuaiscirt - nó an iliomad rúchladh, ceann i ndiaidh a chéile in aisce - ná go bhfuair cúig mhíle de dhaoiní bás i machaire an áir, agus acu siúd a fágadh goin orthu, shíothlaigh fear as gach seisear de thoradh na cneá - thart ar thrí mhíle de mharbháin a bhí ann i mbreis orthu siúd a thit le linn an chatha.

Cruachás na bhFuilsteanach agus an Saol i bhFad ón Chathéadan