Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon
Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit
Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.
Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.
Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.
Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.
Abhac Éilipseach an tSaighdeora, nó SagDEG: réaltra beag éilipseach atá suite fá cheithre scór míle solasbhliain den réaltra seo againn, Bealach na Bó Finne. Go dtí le déanaí, chreidtí go mb'é an réaltra ba chóngaraí dúinn. Inniu, áfach, glactar leis gurb é Abhac Mírialta an Mhadaidh Mhóir an ceann is cóngaraí. Níor cuireadh sonrú i gceachtar den bheirt ach i ndiaidh chasadh na mílaoise.
abhacphláinéad: téarma úr a tugadh isteach ins an bhliain 2006 le coincheap an phláinéid a dhéanamh níos neamhdhébhríche. Bheirthear abhacphláinéad ar réad sféarúil - is é sin, réad ar déanamh liathróide - atá ag fithisiú na Gréine agus nach bhfuil sách mór ná sách trom lena thimpeallacht féin a ghlanadh. Is iad Ceres, Plútón, agus Eris an chéad trí abhacphláinéad oifigiúla, ach is dócha go bhfuil an t-aicmiú seo i ndán dá lán réadanna sféarúla eile i gcrios Kuiper agus níos faide amach, ar nós Orcus, Sedna, Quaoar, Varuna, agus Ixion.
abhacréalt: réalt bheag. Níl an focal seo go rómhaith mar théarma, ós rud é go n-úsáidtear é le tagairt a dhéanamh do réaltaí gnáthmhéide de chuid an phríomhsheichimh (cosúil leis an Ghrian s'againn) comh maith le fíor-abhaic (cosúil leis na habhacréaltaí bána is na habhacréaltaí dubha).
abhacréalt bhán seanréalt atá i ndiaidh a cuid hidrigine a spíonadh cheana féin, i gcruth is nach bhfuil sí ag táirgiú aon fhuinnimh a thuilleadh; ach ós rud é go bhfuil sí te i gcónaí, tá sí ag astú solais bháin uaithi. Nuair a fhuaróchas sí, ní bheidh inti ach abhacréalt dhubh. Bíonn na habhacréaltaí bána iontach trom tiubh, agus an damhna iontu craptha isteach; mar sin, is féidir don abhacréalt bhán bheith ar aon mhéid leis an Domhan agus ar aon mheáchan leis an Ghrian. Mar sin féin, níl na habhacréaltaí bána comh tiubh téagartha leis na neodrónréaltaí. Níl an damhna iontu comh díchineálach, ach an oiread.
abhacréalt dhearg réalt de chuid an phríomhsheichimh atá beag fannlag agus í comh "fuar" is go bhfuil dath dearg inti. Bíonn na habhacréaltaí dearga fadsaolach, áfach, ós rud é nach dual dófa a gcuid hidrigine a dhiomailt go róluath. Mar sin, bíonn siad iontach coitianta ar fud na hollchruinne. Abhacréaltaí dearga iad Réalt Kapteyn agus Réalt Barnard, mar shampla.
an Abhainn nó Eridanus: réaltbhuíon, nó slabhra fada réaltaí ab fhearr a rádh, a shroicheanns ón Bhodach go dtí an Phéist Bheag ins an leathsféar dheisceartach den spéir. (Tá Polaris Australis, an réalt is cóngaraí do mhol theas an sféir neamhaí, - tá sí suite i réaltbhuíon an Ochtamháin, agus é ag críochantaíocht leis an Phéist Bheag. Maidir leis an Bhodach, is réaltbhuíon é a chonaic gach Éireannach a bhfuil radharc ina shúile cinn, gan dabht gan déidearbhadh.) Réaltaí de chuid an réaltbhuín seo iad Achernar, Cursa, Acamar, Zaurak, Angetenar, Theemini agus Azha.
Achernar nó Alpha Eridani: an réalt is gile i réaltbhuíon na hAbhainne. Ní bhíonn sí le feiceáilt ach i dtíortha deisceartacha. Tá sí ar réalta geala na spéire, áfach, agus í cuidsúlach go maith ag an té a gheobhfas radharc uirthi. Tá Achernar suite fá chéad ceithre solasbhliana is dhá scór dínn, agus í thart ar thrí mhíle uair níos mó ná an Ghrian. Tá an réalt seo ag rothlú timpeall a haise comh tiubh is go bhfuil sí á leathadh amach ar fud a meánchiorcail. Nó tá sí an dá oiread comh leathan agus atá sí ard. Ó thaobh an datha is an speictrim de, baineann Achernar leis an aicme B.
adamh: is é is adamh ann ná an cineál struchtúr a bhfuil an gnáthdhamhna, mar is aithin dúinn é, bunaithe air. Tá dhá phríomh-chomhpháirt ins an adamh, mar atá, an núicléas agus an néal leictreon.
Tá an núicléas comhdhéanta as an dá chineál caithníní a dtugtar núicleoin orthu, mar atá, prótóin agus neodróin. Is iad na fórsaí núicléacha - an eadarghníomhaíocht láidir - a choinníonns an núicléas le chéile. Is fíor go bhfuil sé i ndúchas na bprótón éaló ó chéile, ós rud é go bhfuil lucht leictreach den chineál chéadna acu. Na fórsaí núicléacha, áfach, tá siad in ann fórsaí éarthacha na bprótón a shárú, ach amháin nach ngníomhaíonn siad ach ar raon an-ghairid. Mar sin féin, leis na prótóin dheimhneacha a choinneáil le chéile, bíonn neodróin de dhíth.
Ag an chuid is mó de na dúile, bíonn aon neodrón amháin, ar a laghad, ins an núicléas in aghaidh an phrótóin. Ag na dúile is troime, cosúil leis an úráiniam, tá an coibhneas sin níos cóngaraí do thrí neodrón in aghaidh an dá phrótón.
Is í an hidrigin an dúil is éadroime amuigh. Ins an chuid is mó de na hadaimh hidrigine, níl ach aon phrótón amháin mar núicléas acu. Mar sin féin, tá iseatóp cobhsaí eile ag an hidrigin, iseatóp ar a dtugtar deoitéiriam nó hidrigin throm, agus aon neodrón amháin mar leathbhádóir ag an phrótón i núicléas an iseatóip seo. Bheirthear iseatóip ar leaganacha éagsúla den dúil chéadna nach ionann líon na neodrón ina núicléis. Ar líon na bprótón ins an núicléas a aithnítear an dúil lena mbaineann an núicléas. Na núiclídí - is é sin, na cineálacha éagsúla d'adaimh le súil ar leith ar chomhdhéanamh a gcuid núicléas - na núiclídí arb ionann líon na bprótón acu, baineann siad leis an dúil chéadna, agus is ionann a saintréithre ceimiceacha.
Nó is amhlaidh go mbaineann líon na bprótón i núicléas an adaimh go dlúth le líon na leictreon ina néal leictreon. Mura bhfuil an t-adamh ceangailte d'adaimh de chuid dúil ínteacht eile in aon chomhdhúil cheimiceach, is dual dó bheith neodrach ó thaobh an luchta leictrigh de. Ós rud é go bhfuil aon leictreon amháin de dhíobháil le lucht leictreach aon phrótón amháin a neodrú, is ionann líon na leictreon agus líon na bprótón ins an adamh. Agus is é an néal leictreon a chinneanns saintréithre ceimiceacha an adaimh, go bunúsach. Na hadaimh arb ionann a saintréithre ceimiceacha, is adaimh de chuid na dúile céadna iad go léir, de réir shainmhíniú an choincheapa sin "dúil".
Maidir leis an néal leictreon, tá ord agus eagar dian air, mar a éilíonns prionsabal eisiaimh Wolfgang Pauli. De réir na tuigse atá againn inniu ar struchtúr an adaimh, ní féidir leis an leictreon a bheith ag bogadh timpeall an núicléis ach amháin ar leibhéil áithride fuinnimh. Leis an scéal a dhéanamh comh gairid agus is féidir, tá scealla éagsúla leictreon thart ar an adamh, agus na scealla féin roinnte ina leibhéil dhifriúla fhuinnimh - cineál foscealla, mar a déarfá. An líon leictreon is airde a gheibh fáras ar gach leibhéal fuinnimh, is uimhir chothrom (ré-uimhir) é. Nó is dual do na hadaimh a gcuid leictreon a chóiriú ina ndíseanna, a fhad agus a thig leofa, le go sáróchadh guairne an dá leictreon a chéile ins gach dís acu. Bheirthear fithiseán ar fháras aon leictreondís ar an leibhéal fuinnimh.
Is é an chuma atá ar an néal leictreon ná go bhfuil aon leibhéal fuinnimh amháin - an s-leibhéal - ar an sceall is ísle fuinnimh agus is cóngaraí don núicléas, mar atá, an K-sceall. Tá fithiseán amháin ar an s-leibhéal, nach dtugann áit ach do dhá leictreon, mar sin. An chéad sceall eile, mar atá, an L-sceall, tá struchtúr níos casta ná sin aige, nó siúd is go bhfuil s-leibhéal dá chuid féin aige, tá leibhéal fuinnimh eile aige fosta, mar atá, an p-leibhéal, agus é beagáinín níos airde ó thaobh an fhuinnimh de ná an s-leibhéal. Tá trí fhithiseán ar an p-leibhéal, agus áit ansin do shé leictreon. Is féidir, mar sin, ochtréad iomlán de leictreoin a thoilleadh ar an L-sceall. Ar an M-sceall, aríst, cuirtear an treas leibhéal fuinnimh leis an dá chineál leibhéil a luadh cheana féin, mar atá, an d-leibhéal, agus fáras ansin do dheich leictreon. Déan do mheabhrú anois ar an scéim:
K-sceall: 2 (s) leictreon
L-sceall: 2 (s) + 6 (p) leictreon
M-sceall: 2 (s) + 6 (p) + 10 (d) leictreon
N-sceall: 2 (s) + 6 (p) + 10 (d) + 14 (f) leictreon
O-sceall: 2 (s) + 6 (p) + 10 (d) + 14 (f) + 18 (g) leictreon...
In adamh na hidrigine, níl leictreon ar bith ach ar an K-sceall. Mar sin féin, is féidir a rádh go bhfuil na scealla agus na leibhéil fhuinnimh eile ann fosta, nó má bhuailtear an t-adamh le candam fóirsteanach solais (nó radaíochta), léimfidh an t-aon leictreon amháin sin ar sceall níos airde. Deirtear ansin gur floscadh atá i gceist, agus go bhfuil an t-adamh flosctha. Má thiteann an leictreon ar a sheanleibhéal aríst (dífhloscadh), caithfidh an t-adamh candam solais nó radaíochta a astú uaidh aríst, agus is ionann minicíocht agus tonnfhad na radaíochta ins an chandam seo agus ins an chandam a chuir tús leis an fhloscadh an chéad uair. Is féidir, áfach, go dtitfidh an leictreon ar leibhéal ínteacht eile atá eadar eatarthu sula sroichidh sé a sheanleibhéal aríst, agus ansin, astófar candam radaíochta nach ionann a thonnfhad is a mhinicíocht agus tonnfhad is minicíocht an chéad chandaim. Gach uair, áfach, a thitfeas an leictreon síos i dtreo a sheanleibhéil, astófar candam úr radaíochta, go dtí go mbeidh an leictreon i ndiaidh an fuinneamh go léir a thabhairt ar ais uaidh a fuair sé ar iasacht nuair a floscadh an chéad uair é.
Tá an solas agus gach cineál radaíochta eile ar an speictream leictreamhaighnéadach roinnte ina phacáistí beaga nó ina chandaim. Tá a thonnfhad agus a mhinicíocht féin ag gach aon chandam acu - agus ós rud é go bhfuil gach tonnfhad agus gach minicíocht ag freagairt do dhath áithrid (a fhad agus atá gnáthsholas infheicthe i gceist), is féidir a rádh go bhfuil a dhath féin ag gach candam comh maith. Leis an leictreon a fhloscadh ó leibhéal áithrid go leibhéal áithrid eile, ní mór don adamh an fuinneamh iomlán atá de dhíth leis an chéim sin a ghlacadh a fháil in aon phacáiste - in aon chandam - amháin, nó ní féidir leis an leictreon cuid den fhuinneamh chuí a bhaint den chandam seo agus an chuid eile a fháil ón chandam eile udaí. Mar sin, má bhíonn solas bán againn (is é sin, solas ina bhfuil gach aon mhinicíocht/tonnfhad/dath de chuid an tsolais infheicthe le fáil) agus muid á úsáid le gás de chineál ínteacht a fhloscadh, bainfidh na hadaimh sin candaim den tsolas ag minicíochtaí/tonnfhaid ar leith. An ga solais a chuaigh mar sin fríd an ghás, má threoraítear fríd an phriosma ansin é lena dhealú ina speictream de dhathanna éagsúla, aithneofar línte dorcha ar an speictream ag na minicíochtaí seo. Deirtear ansin gur ionsúigh an gás an solas ag na minicíochtaí sin, agus gur speictream ionsúcháin atá againn ansin. Ón taobh eile, má chuirimid luisne i ngás den chineál chéadna, ní bheidh an gás sin ag astú solais ach amháin ag minicíochtaí áithride - agus nuair a dhealóchas muid an solas sin ina speictream astúcháin le priosma, beidh an chuid is mó den speictream dorcha, ach amháin na minicíochtaí céadna ag a bhfacthas na línte dorcha ins an speictream ionsúcháin.
Tá tábhacht as an ghnáth ag na línte speictreacha seo - nó línte Fraunhofer, mar a bheirthear orthu fosta, i gcuimhne ar an fhisiceoir ba túisce a shonraigh iad, thiar ins an naoú haois déag. Joseph von Fraunhofer a bhí air, agus mar a tchí muid ar a ainm, Gearmánach a bhí ann. An tuigse atá againn inniu ar struchtúr an adaimh, tá an chuid is mó daoithi bunaithe ar an speictream agus ar an taighde a ghnítear ar an speictream (speictriméadracht, speictreagrafaíocht). Tá a sainphatrún féin de línte speictreacha ag achan dúil cheimiceach, rud a ligeanns dúinn anailis a dhéanamh ar na dúile atá le fáil i gcrómasféar agus i gcoróin na Gréine, cuir i gcás.
Is iad na leictreoin ar an sceall is faide amuigh - agus, ag dúile áithride, cupla ceann de na leictreoin ar an darna sceall is faide amuigh - a chinneanns cén cineál dúile atá againn ó thaobh na saintréithre ceimiceacha de. Is iad seo na leictreoin fhiúsacha. Bíonn cuid áithrid de na dúile ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall is faide amuigh, agus na sceall eile lán acu cheana féin. Mura bhfuil ach leictreoin nó dhó de dhíth leis an ochtréad a chomhlánú, is dual don dúil iad a fháil ar iasacht ó adamh de chineál eile, i gcruth is go bhfaighfidh an t-adamh lucht leictreach diúltach (-), de bharr na breise de leictreoin. An dúil lena mbaineann na hadaimh seo, is neamh-mhiotal í, agus deirtear go bhfuil sí leictridhiúltach. Má tá ochtréad iomlán ag an dúil ar an darna sceall is faide amuigh, agus gan ach s-leictreon nó dhó ar an sceall is faide amuigh, bíonn an t-adamh ag iarraidh na s-leictreoin seo a thabhairt ar iasacht uaidh, le go mbeidh lucht leictreach deimhneach (+) aige, in éagmhais leictreon a chealóchadh lucht deimhneach gach prótón ins an núicléas. Tá a leithéid de dhúil leictridheimhneach, agus deirtear gur miotal é.
Leis an scéal a dhéanamh níos casta, áfach, tá cuid mhór de dhúile ann agus iad comh mór eadar eatarthu agus nach dtig leofa an t-ochtréad a shroicheadh ar cheachtar den dá dhóigh sin. Cuid mhór de na dúile seo, áfach, bíonn siad ábalta struchtúr ínteacht de leictreoin a chur ar bun atá cobhsaí go leor, siúd is nach bhfágann sé ochtréad ar an sceall is faide amuigh. Go tipiciúil, bheir na dúile seo uathu cupla leictreon leis an struchtúr "18" (is é sin, ocht leictreon déag ar an sceall is faide amuigh) nó "18 + 2" (ocht leictreon déag ar an darna sceall is faide amuigh, agus dís amháin ar an sceall is faide amuigh) a shroicheadh. Mar sin, is miotail iad seo comh maith, agus is gnách miotail thrasdultacha a thabhairt orthu. Miotail thrasdultacha iad na miotail a bhfuil úsáid iontu ins an teicneolaíocht: an t-iarann, an cróimiam, an tíotáiniam... - Leis an fhírinne a rádh, miotail thrasdultacha iad formhór mór na ndúl. Ón taobh eile de, tá an chuid is mó de na miotail thrasdultacha sách tearc amuigh ins an dúlra. Na dúile nach miotail thrasdultacha iad, bíonn cuid thábhachtach acu an-choitianta, cosúil leis na neamh-mhiotail udaí sileacan, ocsaigin agus hidrigin, nó le miotail ar nós an tsóidiam, an cháilciam agus an alúmanaim.
na haicmí speictreacha: córas a úsáidtear leis na réaltaí a aicmiú de réir an chineál solais atá siad a astú, nó dath na réalta. Le litreacha a chuirtear na haicmí seo in iúl: O, B, A, F, G, K, M. Le fada an lá, cheap na hábhair réalteolaithe an deilín Béarla oh, be a fine girl, kiss me le cuimhne a choinneáil ar na haicmí seo. Is iad saintréithre na n-aicmí ná:
O: Seo an cineál is teo acu ar fad (teocht an fhótaisféir atá i gceist agam, nó taobh istigh, tá na réaltaí i bhfad níos teo, cibé scéal é). Tá teocht an dromchla tríocha éigin míle céim Celsius, nó níos airde fós. Tá na réaltaí seo bánghorm. Maidir leis na línte speictreacha, tá na dúile éadroma, an héiliam ach go háithrid, le haithne go flúirseach. De na réaltaí is aithnidiúla, tá Alnitak agus Mintaka ins an Bhanlámh le fáil ins an aicme seo, mar shampla.
B: Tá na réaltaí seo te go leor fosta, ach níl siad comh te leis an chéad aicme - tá siad níos fuaire ná tríocha míle céim Celsius, agus iad bán nó bánghorm. Tá Rigel, an réalt is gile de chuid an Bhodaigh, le fáil ins an aicme seo, comh maith le hAlnilam, an tríú réalt ins an Bhanlámh (crios an Bhodaigh).
A: tá an teocht ag dul síos, agus an réalt ag éirí bán. Ní sháraíonn teocht na réaltaí seo deich míle céim Celsius, ach mar sin féin, tá siad níos teo ná an Ghrian. Is dócha gurb í Sirius, an réalt is gile ar fud na spéire mar a tchí muid féin í, an réalt is mó le rádh dá bhfuil ins an aicme speictreach áithrid seo. Ní mór Vega a lua, comh maith - tá sí ar réaltaí geala na spéire comh maith le Sirius féin, agus í suite i réaltbhuíon na Lire. Le sampla eile a tharraingt anuas, is ins an aicme seo a gheibhthear an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta, fosta.
F: tá na réaltaí seo cineál bánbhuí, agus lorg na miotal éadrom le haithne ar a speictream. Bíonn siad níos teo ná ár nGrian féin, ón sé mhíle go dtí an naoi míle céim Celsius. Ina measc seo, gheibhthear réaltaí ar nós Procyon (an réalt is gile ins an Mhadadh Bheag) agus an Réalt Thuaidh, comh maith le hAlzirr ins an Chupla - le cupla sampla a lua.
G: is ins an aicme seo a gheibhthear an abhacréalt bhuí a bhfuil an Domhan s'againn féin ag dul ina timpeall. Mar sin, is réaltaí buí iad seo, ach ní abhacréaltaí iad go léir. Sroicheann na habhacréaltaí buí ins an aicme seo teocht an tsé mhíle céim Celsius, ach bíonn na fathachréaltaí míle nó cupla míle céim níos fuaire. Tá Capella, ceann de na fathachréaltaí is gile amuigh, ins an aicme seo - nó, le bheith beacht, tá Capella comhdhéanta as dhá fhathachréalt ins an aicme G agus dhá réalt níos fannlaige ins an aicme M, siúd is nach bhfuil an ilréaltacht seo le haithne ach amháin ar athruithe an speictrim. Cibé scéal é, tá Capella ar an réalt is gile i réaltbhuíon an Ara, agus Alpha Aurigae a bheirthear uirthi fosta, dá réir sin.
K: réaltaí flannbhuí nó deargbhuí iad seo, is é sin, tá siad ar aon dath leis an oráiste agus le saiseanna na bhfear cróga udaí a bíos amuigh ag siúlóid ar an dóú lá déag de Mhí Iúil. Níl na réaltaí seo ina mbaill den Ord Oráisteach, áfach, ach tá an chuid is teo acu ina mbaill den Phríomhsheicheamh, comh maith le formhór mór na réaltaí go léir. Na réaltaí príomhsheichimh atá ins an aicme seo, is ionann, a bheag is a mhór, a dteocht agus teocht na bhfathach ins an aicme G, mar atá, ó cheithre go cúig mhíle céim Celsius. Na fathachréaltaí ins an aicme K, bíonn siad níos fuaire fós. Tá lorg na miotal le haithne go soiléir ar speictream na réaltaí seo. Baineann Aldebaran agus Arcturus leis an aicme seo. Is í Aldebaran an réalt is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus Arcturus i gceannas ar an Aoire.
M: seo iad na réaltaí dearga. Bíonn siad trí mhíle céim Celsius ar theocht, nó níos fuaire fós, más fathachréaltaí iad (ón taobh eile de, más abhacréaltaí iad, féadann siad a bheith beagáinín níos teo) agus na miotail, fiú ocsaidí miotail, le haithne ar a speictream. Tá réaltaí de chuid na haicme seo ar fáil i measc na bhfathach agus i measc na n-abhac. Is dócha gurb í Antares, an réalt is gile i réaltbhuíon na Scairpe, an fhathachréalt is mó le rádh ins an aicme áithrid seo. Ón taobh eile de, tá a dtábhacht féin le Réalt Kapteyn agus Réalt Barnard, dhá abhacréalt a bhaineanns leis an aicme seo.
áitchosúil nó spáschosúil ag dul ó áit go háit gan a dhul le sruth an ama mar ba chóir, ag dul in aghaidh an ama, ag sárú luas an tsolais, ag déanamh níos mó gluaiseachta ins an spás ná ins an am. Go bhfios dúinn, ní féidir le haon réad fisiciúil inár n-ollchruinne féin turas áitchosúil (spáschosúil) a chur isteach. Taiceon an t-ainm atá baiste ag na teoiriceoirí ar an cháithnín atá in ann a leithéid a dhéanamh, ach níl ins na taiceoin ach aisling nó tuairimíocht - níl a fhios againn an bhfuil siad ann.
alfa an chéad litir in aibítir na Gréigise. Bheirthear alfa ar an réalt is gile ins an réaltbhuíon.
Alfa an Cheinteáir nó Alpha Centauri nó Rigil Kentaurus: an déréalt atá ar an réalt is cóngaraí dúinn, agus í le feiceáilt i réaltbhuíon an Cheinteáir. Tá dhá chomhbhall i gceist agus iad sách cosúil leis an Ghrian: an ceann is gile acu (Alpha Centauri A), tá sé beagáinín níos mó ná an Ghrian, agus an ceann is dorcha acu (Alpha Centauri B), tá sé beagáinín níos lú ná an Ghrian, agus dath bándearg air, rud a chiallaíonns fosta go bhfuil sé níos fuaire ná an Ghrian.
Tá abhacréalt dhearg suite i dtimpeallacht an chórais dhá réalt seo, agus í níos cóngaraí dúinn ná an bheirt eile - sin é an fáth go dtugtar Proxima Centauri uirthi, nó "an ceann is cóngaraí de chuid an Cheinteáir".
Algol nó an Deamhanréalt: déréalt uraitheach atá suite i réaltbhuíon Pheirséis - déanta na fírinne, is í an dara réalt is gile ins an réaltbhuíon sin, nó Beta Persei. "An Deamhan" is brí leis an fhocal udaí Araibise al-Ghul, nó bhí a fhios ag na hArabaigh féin go rabh rud ínteacht ar leith ag baint leis an réalt seo agus an dóigh a bhfuil a gile ag athrú go tráthrialta. Shíl siad gur deamhan a bhí ann agus é ag bobáil a shúile - déanta na fírinne, is féidir the Winking Demon, an Deamhan ag Caochadh Súile, a thabhairt ar an réalt seo as Béarla, comh maith.
Alphecca nó Alphekka nó Gemma nó an tSeoid nó Alpha Coronae Borealis: an réalt is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Déréalt uraitheach atá ann, cosúil le hAlgol. Tá sí suite fá chúig solasbhliain déag is trí scór uainn. Aicme speictreach: A.
amchosúil cosúil leis an am, ag dul le sruth an ama, i gcruth is gur mó an t-athrú i dtoise an ama ná an t-athrú i dtoisí an spáis. Ní féidir linn féin, go bunúsach, ach turasanna amchosúla a dhéanamh, ós rud é nach dtig linn luas an tsolais a shroicheadh ná a shárú.
amóinia: Is é is amóinia ann ná comhdhúil shimplí nítrigine agus hidrigine. Mar a léiríonns a foirmle cheimiceach, NH3, tá trí adamh hidrigine agus adamh amháin nítrigine i móilín na hamóinia. Le teocht agus brú ár ngnáthshaoil, is dual don amóinia fanúint ina gás. Iompóchaidh an gás sin ina leacht má shioctar síos go -33oC é, agus cúig chéim agus dhá scór níos doimhne síos a reofar an leacht sin go solad.
Tá drochbholadh láidir so-aitheanta as an amóinia, agus í ag oibriú ar na scamháin. Substaint bhunata atá ann, mar amóinia, agus í in ann na haigéid a neodrú. Bun scothláidir í an amóinia, agus í araiciseach chun imoibriúcháin leis na substaintí eile, rud a chiallaíonns go bhfuil nimh agus dochar ann d'orgánach an duine agus do na comhdhúile íogaire bithcheimiceacha a bhfuil an t-orgánach ina muinín. Thar aon rud eile, is gás tachtach é. Dá bhfaighfeá thú féin in áit a bhfuil barraíocht amóinia ins an aer, thoiseochadh an amóinia a ghreannú do scamhán, agus iad á líonadh le sreabhán uisce. Is é sin, gheofá thú féin i riocht a dtugtar éidéime na scamhán air. Ins an deireadh, bháfaí thú leis an uisce seo, díreach mar a bheifeá ag dul i dtóin phoill. Sin é an dóigh ar tachtadh cuid mhór de na saighdiúirí bochta i dtrinsí an chathéadain thiar ins an chéad chogadh domhanda. Níorbh í an amóinia a bhí in úsáid ansin, áfach, ach gáis thachtacha eile, ach b'ionann é deireadh an scéil i gcónaí.
Siúd is gur nimh í an amóinia, is substaint í a bíos ar fáil ins an dúlra. Is dual do mhún an duine is na n-ainmhithe amóinia a thabhairt uaidh, má fhágtar ar leataoibh ag iompó é. Déanta na fírinne, bíonn an truailliú amóinia ag déanamh scime do go leor daoiní a bhfuil cónaí orthu in aice le feirmeacha muc. Ní ábhar gáirí é mún na muc, agus é ag iompó ina leithéid de dheargnimh.
Tá tábhacht mhór leis an amóinia mar amhábhar i ngléasraí na tionsclaíochta ceimicí fosta. Is féidir í a úsáid le comhdhúile eile nítrigine a tháirgiú. Tá an nítrigin ar fáil go flúirseach ins an atmaisféar, ach ós rud é gur doiligh an nasc i móilín na nítrigine N2 a bhriseadh agus an dá adamh a cheangal d'adaimh de chuid dúile eile, bíonn catalú agus fuinneamh ag teastáil le nítrigin agus hidrigin a nascadh dá chéile ina móilíní amóinia. Ansin, is féidir an amóinia sin a ocsaídiú le haigéad nítreach HNO3 a dhéanamh. Ach más é an rud atá de dhíth orainn ná leasú talaimh, is dócha go gcuirfidh muid cuid den amóinia sin i leataoibh, agus nuair a bhéas an t-aigéad againn, neodróchaidh muid é leis an amóinia le níotráid an amóiniam NH4NO3 a fháil. Leas málaí atá ann, agus é á úsáid ag lucht na curadóireachta ar fud an domhain lena gcuid plandaí a spreagadh chun fáis. Ar an drochuair, is furasta an diabhal stuif seo a iompó ina ábhar pléasctha comh maith, rud is eol do mhuintir na Sé gContae go maith agus go rómhaith.
D'úirt mé roimhe seo gur substaint bhunata atá ann, mar amóinia. Is ionann sin agus a rádh, ná, má thuaslagtar ins an uisce í, go nglacfaidh cuid de na móilíní amóinia le hiain hidrigine ó na móilíní uisce in imoibriú ar féidir an cur síos seo a thabhairt air:
NH3 + H2O -> NH4+ + OH-
Ins an teagmháil seo, cruthaítear an t-ian NH4+ a dtugtar amóiniam air. Ian iontach spéisiúil é an t-amóiniam. Bíonn sé ag dul i gcomhdhúile le hainiain na n-áigéad, díreach mar a ghní iain na miotal alcaileach, i gcruth is go dtáirgtear salainn a bíos cosúil le salainn na miotal seo. Mar sin, is féidir go leor cosúlachtaí a aithne eadar an gnáthshalann a chuireanns muid leis an bhiadh (clóiríd an tsóidiam, nó NaCl) agus an salann amóiniach (clóiríd an amóiniam, nó NH4Cl). Is féidir, fiú, an salann amóiniach a úsáid mar spíosra, cosúil leis an ghnáthshalann. Ins an Fhionlainn, mar shampla, is gnách milseáin agus biotáilte a leasú le salann amóiniach.
Bíonn an amóinia ar fáil i go leor áiteanna ar na pláinéid eile, fiú ar chupla gealach, inár ngrianchóras féin. Nimh atá ann dúinn féin, ach ní hionann sin is a rádh nach bhféadfá neacha beo a shamhlú duit a mbeadh an amóinia de dhíobháil orthu mar scamhard. I ndiaidh an iomláin, tá nítrigin ins an amóinia, agus is bunchloch thábhachtach í an nítrigin i mbithcheimic an duine féin.
Antares nó Alpha Scorpii: an réalt is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathachréalt dhearg atá inti, agus í comh cosúil le Mars ar a dath is ar a gile is gur gnách leis na daoiní í a thógáilt in ainriocht Mharsa. Sin é an tuige go bhfuil an t-ainm sin uirthi, fosta. Nó is ionann an t-ant- sin agus an réimír Ghréigise a chiallaíonns "frith-" i mBéarla agus, mar anta(i)- ins an Ghaeilge féin, gan trácht a dhéanamh ar na teangacha Eorpacha eile. Maidir le hAres, aríst, níl ann go bunúsach ach ainm Gréigise ar an dia chéadna - dia an chogaidh - a dtugtar Mars air as Laidin. D'fhéadfá a rádh, mar sin, gurb é "frith-Mhars" is brí leis an ainm sin Antares. Tá Antares suite fá sé chéad solasbhliain dínn.
an tAoire nó Bootes nó Aoire an Bhéir Mhóir: réaltbhuíon ar an leath thuaisceartach den spéir, in aice leis an Bhéar Mhór. Is í Arcturus an réalt is mó le rádh agus is gile de chuid an Aoire.
aomadh nó aomachán: seo focal a thig ó chanúintí marbha Oirthear Uladh, agus a úsaidtear de ghnáth le attraction a aistriú go Gaeilge i mbéarlagair na heolaíochta. Siúd is go bhfuair mé riachtanach leas a bhaint as an fhocal anseo, mé féin, is dócha nár mhiste duit cuimhne a choinneáil air nach cuid de ghnáthchaint na Gaeltachta in aon chearn den tír é. Is féidir an cheist a chur, an bhfuil gá leis ar aon nós, mar théarma; ach ón taobh eile de, is fíor go bhfuil a lán seachbhríonna eile leis an fhocal Gaeilge is túisce a rithfeadh liom, mar atá, tarraingt.
Iarnóta: nuair a scríobh mé an sliocht seo thuas, chuala mé ó chara liom in Éirinn go rabh an briathar sin aomadh le cluinstint ag seanchaithe Chúige Mumhan nuair a bhí mo dhuine ag taisteal na nGaeltachtaí áithride sin. Más fíor é, níl sé riachtanach aon amhras a chur ins an téarma sin.
aonad réalteolaíoch is ionann é agus an meánfhad ón Domhan go dtí an Ghrian, nó thart ar 150,000,000 ciliméadar.
apaihéilean cianphointe ón Ghrian, an pointe ina bhfuil an pláinéad níos faide amach ón Ghrian ná in aon phointe eile dá fhithis. (Tabhair fá dtear go bhfuil an leagan Gaeilge seo níos fearr ná aiféilean atá i bhFoclóir Uí Dhónaill. Is mar ap-helium a fhuaimnítear aphelium an Bhéarla comh maith.)
Arcturus nó Alpha Bootis, an réalt is gile i réaltbhuíon an Aoire. Tá sí ina "fo-fhathach", is é sin, níl sí mórán níos troime ná an Ghrian, ach tá sí ag tiontú ina fathachréalt dhearg de réir a chéile, agus a cuid hidrigine rite uirthi - an bhail chéadna a thiocfas ar an Ghrian féin i gceann cúig bhilliún bliain eile. Mar sin, tá sé sábháilte a rádh gur seanréalt í Arcturus amach is amach, fán am seo. Níl sí ach seacht solasbhliain déag is fiche ar shiúl uainn.
asamat: ceann de chomhordanáidí na léaslíne. Go bunúsach, léiríonn an t-asamat cén ceann de cheithre hairde an domhain ina bhfeictear an réalt nó an réad réalteolaíoch. Céim stua é an t-aonad a úsáidtear mar thomhas ar an asamat. An réad a tchíthear thuaidh, tá sé 0o ar asamat, an réad a tchíthear theas, tá sé 180o ar asamat, an réad a tchíthear thoir, tá sé 90o ar asamat, agus an réad a tchíthear thiar, tá sé 270o ar asamat.
astaróideach ceann de na reanna neimhe atá ag timpeallú na Gréine agus iad comh beag is nach n-áirítear i measc na bpláinéad iad. An chuid is mó acu, tá siad le fáil in áit ínteacht eadar Mars agus Iúpatar, áit a bhfuil Crios na nAstaróideach. Mar sin féin, tá cruinneagáin astaróideach in áiteanna eile den Ghrianchóras s'againn, cosúil leis na Traígh, na Ceinteáir, na hastaróidigh Apallónacha agus grúpa na hAithne.
Bheirthear na Traígh ar an dá dhornán d'astaróidigh atá ag tionlacan Iúpatair ar a thuras timpeall na Gréine, agus iad comhchruinnithe thart ar an dá cheann is cóngaraí d'Iúpatar de Phointí Lagrange ar chonair an phláinéid seo.
Na Ceinteáir, sin roinnt astaróideach agus iad ag timpeallú na Gréine taobh istigh de chonair Neaptúin. Bíonn conairí éagobhsaí acu, agus is dual dófa a dhul as a seanbhealaí faoi thionchar na himtharraingthe ó na pláinéid mhóra.
Grúpa Apalló, nó na hastaróidigh Apallónacha, sin iad na hastaróidigh a dtrasnaíonn a gconairí fithis an Domhain s'againn, agus ar ndóighe, bíonn an dainséar atá iontu seo dár mbeatha go mion minic i mbéal an phobail ar na saoltaí seo, go háithrid ó rith le lucht na scannánaíochta thiar i Hollywood leas a bhaint as imbhualadh an astaróidigh mar mhóitíf do roinnt scannán ficsin eolaíochta. Apollo - Apalló, de réir litriú na Gaeilge - atá ar an chéad astaróideach den chineál seo a bhfuair na heolaithe amach faoi, agus b'as an cheann sin a hainmníodh an chuid eile acu.
Grúpa Aten, sin iad na hastaróidigh atá ag timpeallú na Gréine taobh istigh de chonair an Domhain. Tá na cinn seo ainmnithe as Aten, an chéad astaróideach den chineál seo ar cuireadh sonrú ann, thiar ins na seachtóidí.
astraláib gléas a d'úsáidtí ins na Meánaoiseanna le hairde na réalta ón léaslíne a thomhas. Cha rabh ins an astraláib ach cupla diosca miotail agus iad ceangailte dá chéile ina lárphointe, i gcruth is go bhféadfá iad a chasadh timpeall beag beann ar a chéile. Bhí scála tomhais marcáilte ar gach diosca, ar ndóighe. Bhí an astraláib iontach tábhachtach ag caiftíní na long, nuair nach rabh compás ná seiseamhán ann go fóill. B'iad na seanGhréagaigh a chuir tús leis an astraláib ins an tseanársaíocht, agus nuair a shealbhaigh na Muslamaigh tíortha an Heilléineachais, d'fhoghlaim na réalteolaithe Arabacha an gléas seo a láimhdeachas. Ó na Muslamaigh a fuair Críostaithe na Meánaoiseann an chéad astraláib, agus níor éirigh na réalteolaithe as an oirnéis seo a úsáid roimh an ochtú haois déag.
astralaíocht modh réadóireachta nó pisreog atá bunaithe ar an phostaláid go bhfuil tionchar ag na reanna neimhe ar imeachtaí ár ngnáthshaoil, agus gur féidir na himeachtaí a thuar roimh ré ach anailis a dhéanamh ar shuíomh na réaltaí ar an spéir lá ár mbreithe. Théid an astralaíocht, mar is aithin dúinn í inniu, siar go laetha na sean-Éigipteach is na sean-Bhabalónach, ach is dócha go rabh pisreoga dá gcuid féin i dtaobh na spéire ag na faiteallaithe uallacha a bhí ann roimh lá na talmhaíochta seasta is na curadóireachta féin. Nó bhí na réaltaí riamh ina gcuidiú praiticiúil ag na daoiní leis na treoracha cearta a aimsiú, agus ba dual dófa suim a chur ins na réaltaí agus a gciall féin a bhaint astu.
Bhí úsáid ínteach ins an astralaíocht i stair na réalteolaíochta fadó, ó spreag sí na daoiní chun taighde ar an spéir agus ar na reanna neimhe. Inniu, áfach, níl ins an astralaíocht i súile na réalteolaithe oilte ach pisreog dhocharach a choinníonns na daoiní ó eolas ceart a fháil ar nádúir na spéire.
Bhí an Eaglais riamh diúltach do gach aon chineál iarrachtaí leis an todhchaí a aithne ar na reanna neimhe, ós rud é nach bhfuil ann, ó thaobh na staire féin de, ach droch-chleachtas de chuid na bpágánach - dáiríribh, is fuath leis an Eaglais na geasróga is na pisreoga ar fad leis an todhchaí a thuar. Ar an cheist áithrid seo, tá an Eaglais agus na fisiceoirí ar aon bharúil ar fad.
Ó am go ham, chluintear an focal udaí asarlaíocht ins an Ghaeilge; sin foirm thruaillithe den téarma thuasluaite a chiallaíonns doilfeoireacht nó draíodóireacht de chineál ínteacht.
Tabhair fá dtear fosta go dtagraíonn an focal pláinéad don mhí-ádh ins an Ghaeilge uaireanta: tá pláinéad anuas ort, faoi dhrochphláinéad a rugadh thú, a deirtear leis an duine nach mbíonn an t-ádh ag fabhrú dó. Ar ndóigh, is í an astralaíocht is cúis leis an teilgean cainte seo, ach ní chaithfidh tú creidiúint a thabhairt daoithi le bheith ag baint úsáide as an fhocal!
athraonadóir nó teileascóp athraonta: teileascóp nach n-úsáideann scátháin, teileascóp atá bunaithe ar na lionsaí amháin. Is é an réadlionsa an lionsa is mó ins an athraonadóir, agus é ag fócasú an tsolais i dtreo an tsúilphíosa. Ós rud é go mbíonn iomrall crómatach ag roinnt leis na hathraonadóirí, is fearr le réalteolaithe an lae inniu na frithchaiteoirí - teileascóip ina n-úsáidtear réadscátháin in áit réadlionsaí.
an Balla Mór balla de réaltraí agus é suite trí nó ceithre chéad milliún solasbhliain uainn. Tá sé sé chéad milliún solasbhliain ar leithead agus fiche milliún solasbhliain ar raimhre.
an Bhanlámh nó Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh nó an Fhearsaid nó Slat an Rí: cibé ainm a bheirthear orthu, trí réalt atá ann agus iad suite go tiubh in aice a chéile i lár réaltbhuíon an Bhodaigh. Déanta na fírinne, chan fhuil an trí réalt seo - Alnitak, Alnilam agus Mintaka - in aon chóngar dá chéile. Níl siad ach suite an bealach céadna uainn féin.
Tá Alnitak (Zeta Orionis, an cúigiú réalt is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh) ocht gcéad is seacht solasbhliain déag ar shiúl uainn, agus í ina foinse mhór x-ghathanna. Creidtear go bhfuil sí le pléascadh ina hollnóva an lá is faide anonn.
Maidir le hAlnilam, nó Epsilon Orionis (an ceathrú réalt is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh), is ollfhathach bán geal te í, agus í níos faide ná míle is trí chéad solasbhliain amach uainn. Mar sin féin, tá sí níos gile le hamharc ná an bheirt eile. Tá Alnilam ag cailleadh damhna go tiubh, comh te agus atá sí ag taithneamh, agus creidtear go bhfuil ábhar ollnóva inti comh maith le hAlnitak.
Déréalt atá i Mintaka (Delta Orionis, an seachtú réalt is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh), nó fiú ilréalt, ach tá an ceann is tábhachtaí de na comhbhaill suite naoi gcéad sé sholasbhliain déag uainn.
(Tabhair fá dtear nach bhfuil na litreacha Gréigise anseo ag freagairt d'fhíor-ordú na réaltaí seo de réir a ngile - traidisiún is cúis leis, comh maith leis an ilréaltacht - iad siúd atá ina ndéréaltaí nó ina n-ilréaltaí, haicmíodh iad de réir ghile iomlán na hilréalta, seachas gile an chomhbhaill ba ghile ins an ilréalt, ós rud é nár haithníodh i dtús báire gur ilréalt a bhí i gceist. Is í Alnilam an ceann is gile acu dáiríribh.)
barón buncháithnín den chineál throm. Baróin atá ins na núicleoin agus ins na hipearóin.
Bealach na Bó Finne nó Claí Mór na Réaltaí an réaltra is dúchas dúinn. Réaltra bíseach atá ann, agus is dócha go bhfuil sé sách cosúil le réaltra Andraiméide i súil an bhreathnadóra taobh amuigh. Tá thart ar thrí chéad billiún réalt ann ar fad, agus a dhiosca céad míle solasbhliain ar trastomhas. Creidtear gur dúpholl millteanach - An Díothóir Mór - atá i lárphointe Bhealach na Bó Finne, agus é timpeallaithe ag scamaill mhóra gáis agus dusta, comh maith le hiarsmaí i ndiaidh ollnóvaí agus, ar ndóighe, na mílte réaltaí. Is iad na réaltaí agus na scamaill seo is comhábhair do bholg Bhealach na Bó Finne. Is é an bolg an chuid lárnach den réaltra, agus é cosúil leis an bhuíocán ins an ubh; thart ar an bhuíocán sin a leatar diosca an réaltra, agus é roinnte ina ghéaga. An Grianchóras s'againn, áfach, níl sé suite in aon ghaobhair don bholg, ach i ndiosca an réaltra, fíche ocht míle solasbhliain ón lárphointe. Bheirthear Géag an Bhodaigh ar an ghéag ina bhfuil cónaí orainn féin, nó tá réaltaí an Bhodaigh, cosúil le Mintaka agus Alnilam, suite ins an ghéag chéadna. Thairis sin, aithnítear Géag Pheirséis, Géag an tSaighdeora is na Cíle, an Ghéag Eachtrach, Géag na Scéithe, Géag na Croise agus Géag an Trí Mhíle Parsoic.
Tá Bealach na Bó Finne ar an darna réaltra is mó ins an Ghrúpa Áitiúil, nó tá Réaltra Andraiméide níos mó ná é. Ós rud é go bhfuil an dá réaltra seo "i gceannas" ar an Ghrúpa Áitiúil, tá roinnt mhaith réaltraí beaga mar shatailítí timpeall ár réaltra féin: Abhac Éilipseach an tSaighdeora, Scamall Mór Magellan, Scamall Beag Magellan, Abhac an Bhéir Mhóir, Abhac an Dragain, Abhac an Dealbhóra, Abhac an tSeiseamháin, Abhac na Cíle, Abhac na Foirnéise, Leon a hAon agus Leon a Dó. De réir thuiscint an lae inniu, is é Abhac an Mhadaidh Mhóir an réaltra is cóngaraí dúinn, agus é ina réaltra mhírialta. Deir na réalteolaithe go bhfuil sé á streachailt as a chéile as imtharraingt ár réaltra féin, agus gurb é sin is cúis leis an chuma mhírialta atá air. Níor cuireadh sonrú in Abhac an Mhadaidh Mhóir ach ins an bhliain 2003.
beirilliam (Be): Is é an beirilliam dúil uimhir a ceathair i dtábla peiriadach na ndúl, agus é ar an cheann is éadroime de na miotail chré-alcaileacha. Le fírinne, tá an beirilliam sách difriúil leis na miotail chré-alcaileacha eile, agus is gnách a rádh go bhfuil sé níos cosúla leis an alúmanam ó thaobh na ceimice de, gidh go bhfuil an ghnáthuimhir ocsaídiúcháin chéadna aige agus ag na miotail chré-alcaileacha eile, is é sin, +2. Ní bheifeá ag súil lena mhalairt uaidh, nó is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s2, is é sin, dhá s-leictreon ar an darna sceall, agus é araiciseach chun an dá leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hiompó ina ian Be2+.
Is é an leáphointe atá ag an bheirilliam ná 1278oC, níos airde ná ag na miotail chré-alcaileacha eile. Is é an galphointe ná 2469oC.
Thángthas ar an bheirilliam an chéad uair i mbeiril. Mianra trédhearcach í an bheiril a d'úsáidtí mar amhábhar na spéaclóirí i laetha luatha na hoptaiceoireachta. (Sin é an tuige go dtugtar ''Brille'' ar na spéaclóirí i nGearmáinis an lae inniu féin.) Tá sé deacair beirilliam na mianraí a dhí-ocsaídiú go miotal, agus níor haonraíodh mar dhúil é roimh an naoú haois déag. Mar sin féin, táirgtear beirilliam inniu ar scála tionsclaíoch le freastal ar riachtanaisí na teicneolaíochta. Mar chóimhiotal don chopar is mó a bhaintear leas as, nó ghní sé an copar níos díonta ar ocsaídiúchán agus ar ghnáthchaitheamh. Is gnách céatadán sách íseal de a chur fríd an chopar - timpeall ar 1%.
Nimh atá ins an bheirilliam agus ina chuid comhdhúl, cosúil leis na miotail throma, gidh gur miotal éadrom é an beirilliam.
beta nó béite: an darna litir in aibítir na Gréigise, agus an darna réalt is gile ins an réaltbhuíon
Bliain Eadarnáisiúnta na Geoifisice: B'í Bliain Eadarnáisiúnta na Geoifisice, a mhair ní b'fhaide ná bliain (ón chéad lá de Mhí Iúil 1957 go dtí an t-aonú lá déag is fiche de Mhí na Nollag 1958), an tionscadal comhoibrithe ba mhó riamh i stair na heolaíochta. Bhí seacht dtír is trí scór ar fad páirteach ins an fhiontar, agus iad ag comhchruinniú a gcuid cumais leis na príomhábhair staidéir seo a leanas a thaighde:
- an mheitéareolaíocht (is é sin, an aimsir);
- an Ghrian;
- na Saighneáin (is é sin, an chaor aduaidh, nó aurora borealis);
- an spás;
- agus an gheoifisic, is é sin, fisic an Domhain.
Is iomaí gléas úr teicneolaíochta a cuireadh in úsáid an chéad uair in obair na heolaíochta le linn Bhliain Eadarnáisiúnta na Geoifisice: an radar, na roicéid, an leictreonaic ardfhorbartha, agus fiú an chéad dá shatailít dhaondéanta, mar atá, Sputnik na Rúiseach agus Vanguard na Meiriceánach. Bhí Vanguard sceidealaithe ón tús an chéad turas spáis a thabhairt le linn Bhliain Eadarnáisiúnta na Geoifisice, agus siúd is gur chlis ar an chéad dá iarracht lainseála, scaoileadh an chéad Vanguard chun bealaigh fá dheoidh i Mí na Márta 1958.
an Bodach nó Oiríon: réaltbhuíon tuaisceartach in aice an mheánchiorcail neamhaí. Tá an Bodach le feiceáilt in Éirinn, agus is mór an chuid súl é, nó tá eadar Betelgeuze agus Rigel, agus gach ceann acu ar ceann de na réaltaí is gile amuigh, le fáil ins an réaltbhuíon seo, comh maith le roinnt réaltaí eile a bhfuil an oiread sin indibhidiúlachta ag baint leofa is go bhfuair na seanréalteolaithe riachtanach ainmneacha ar leith a bhaisteadh orthu: Bellatrix, Saiph, Alnilam, Mintaka, Alnitak agus Meissa.
bórón (B): Is é an bórón dúil uimhir a cúig ins an tábla pheiriadach. Is é an dúil is éadroime ins an treas príomhghrúpa, nó grúpa an bhóróin is an alúmanaim. I bhfoirm dúile, tá an bórón ar an darna dúil is cruaidhe, díreach ins na sálaí ag an diamant (coinnigh i gcuimhne nach bhfuil ins an diamant ach foirm allatrópach den charbón). Tá leáphointe agus galphointe an bhóróin ard go maith, mar atá, 2076oC agus 3927oC. Is é an bórás (deicihiodráit theitreabóráit an tsóidiam Na2B4O7 . 10 H2O) an mianra bóróin is tábhachtaí, agus aithne ag an duine air le fada, ach níor haonraíodh an bórón mar dhúil roimh an naoú haois déag.
Gidh go bhfuil cuma an neamh-mhiotail air agus mothachtáil an neamh-mhiotail ann, thig a rádh go bhfuil tréithre áithride an mhiotail ag baint leis an bhórón ó thaobh a chuid comhdhúl ceimiceach de. Mar sin, is féidir a rádh gur miotalóideach é. Is é an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p1, is é sin, tá trí leictreon ar an darna sceall aige, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is tipiciúla aige ná +3.
Is iomaí leas a bhaintear as an bhórón agus a chuid comhdhúl. Ghnítear slata rialúcháin as bórón i bhfoirm dúile a úsáidtear ins an imoibritheoir núicléach le sreabhadh an neodrón a mhaolú nó a stopadh. Ins an leictreonaic, measctar ábhairín beag bóróin fríd an tsileacan le leathsheoltóir a chruthú. Comhdhúil thábhachtach de chuid an bhóróin é aigéad an bhóróin H3BO3. Úsáidtear mar fhrithsheipteán é le cneánna a ghlanadh, agus, thairis sin, measctar fríd shileacáit an tsóidiam (amhábhar na gloine) é le gloine theasdíonach, is é sin, gloine bóraisileacáite, a fháil. Bíonn soithí as an chineál sin gloine coitianta ins na saotharlanna ceimice.
Théid an bórón agus an hidrigin le chéile le hidrídí bóróin a dhéanamh. Tá naisc neamhghnácha eadar na hadaimh hidrigine agus na hadaimh bhóróin i móilíní na hidrídí seo - bóráin a bheirthear orthu - agus níos mó hidrigine iontu ná ba chóir, de réir na tuigse a bhí ag na ceimiceoirí do na naisc cheimiceacha sula dtáinig na teoiricí úra candamacha in úsáid ins an cheimic. Ní chuireann na bóráin an oiread céadna iontais ar cheimiceoirí an lae inniu, ach is aistíoch an cineál móilíní atá iontu mar sin féin. Cibé scéal é, is gáis nimhe iad na bóráin a mbíonn drochbholadh astu, agus iad so-lasta go maith fosta. Baintear úsáid astu mar bhreoslaí do na spásárthaí.
bósón: Is iad na bósóin na buncháithníní nach fearmóin iad, agus iad difriúil go leor leis na fearmóin. Tá guairne shlánuimhriúil acu (0, 1, 2, 3...), agus ó nach dtugann siad airde ar phrionsabal eisiaimh Wolfgang Pauli, níl teorainn leis na bósóin a thig a fháisceadh in aon spás le chéile. Is bósóin iad na fótóin agus na measóin, mar shampla.
Bósóin atá in adaimh áithrid fosta - thar aon chineál eile, is bósóin iad adaimh an iseatóip is coitianta de chuid an héiliam, nó Héiliam a Ceathair (tá ceathair bhuncháithnín - dhá phrótón agus dhá neodrón - i núicléas an iseatóip seo). Is é seo is cúis leis an dóigh a n-iompaíonn an héileam ina fhorshreabhán le teocht -271oC - leacht aistíoch nach bhfuil táimhe inti, ná mórán friotaíochta in éadan an leictreachais (forsheoltacht). Is féidir, fosta, substaintí atá comhdhéanta as adaimh bhósónacha den chineál seo a chomhdhlúthú le teocht an-íseal le comhdhlútháit Bose-Einstein a dhéanamh. Ins an staid seo, toisíonn na hadaimh á n-iompar mar is dual don fhíor-bhósón a dhéanamh - titeann siad uilig síos ar aon leibhéal chandamach le chéile, in aon réagún den spás le chéile, i gcruth is nach féidir na hadaimh aonair a aithne ó chéile a thuilleadh. Rithfeadh sé go furasta leat a shílstean gur cineál dúpholl atá i gceist leis an chomhdhlútháit seo, ach le fírinne, ní mar sin atá, ós rud é nach bhfuil eadarghníomhú (ar nós na himtharraingthe) eadar na hadaimh indibhidiúla. Tá sé tábhachtach gach aon sampla den chomhdhlútháit seo a choinneáil scoite scartha ó thionchar an tsaoil mhóir amuigh, nó tá an chomhdhlútháit an-araiciseach chun titim as a chéile ina hadaimh indibhidiúla aríst.
Tá na bósóin ainmnithe as Satyendra Nath Bose (1894-1974), an fisiceoir Indiach.
Callisto: Tá Callisto ar an darna ceann is mó de Ghealacha Galileo, agus ar an treas ceann is mó ins an ghrianchóras ar fad - nó tá Tíotán, an ghealach is mó dá bhfuil ag Satarn, níos mó ná í, fosta. Thairis sin, tá Callisto i bhfad níos éadroime ná na gealacha móra eile de chuid Iúpatair, rud a chuirtear síos do struchtúr inmheánach na gealaí seo. Go bunúsach, tá na saineolaithe inbharúla go bhfuil teorainneacha soiléire eadar croí, maintlín agus screamh an trí ghealach eile acu seo; ach, nach bhfuil sé indéanta croí Challisto a dhealú óna maintlín; agus gurb í an charraige chéadna uilig go leor atá istigh ansin, a bheag nó a mhór, ó lárphointe na gealaí seo suas go dtí an áit a dtig deireadh leis an chloch, agus tús leis an leac oighir taobh amuigh den chloch. Creidtear go bhfuil baint aige seo le comh fada amach ó Iúpatar agus atá Callisto. Nuair a shioc Callisto síos, bhí an trí ghealach eile de chuid Galileo á gcoinneáil te go fóill ag imtharraingt agus fórsaí taoidmheara Iúpatair, i gcruth is gur fágadh a sáith ama ag na dúile troma titim síos i dtreo meáchanlár na gealaí féin. Maidir le Callisto, áfach, reoigh sí síos nuair a bhí na dúile éagsúla measctha fríd chéile i gcónaí.
Táthar ag déanamh go bhfuil farraige uisce faoi dhromchla Challisto, díreach cosúil le hEuropa. Ar a laghad, bheir réimse maighnéadach na gealaí le fios go bhfuil sáile de chineál ínteacht istigh ansin. Maidir leis an dromchla, áfach, is dócha go bhfuil níos mó dé-ocsaíd charbóin ná uisce reoite ansin. Nó siúd is go bhfuil atmaisféar tanaidh ag Callisto, cosúil le hEuropa agus le Ganymede, is mó dé-ocsaíd charbóin ná ocsaigin a aithnítear air.
Siúd is go bhfuil dromchla Challisto níos gile ar ailbéideacht ná ár nGealach féin, tá Callisto ar an cheann is dorcha de ghealacha Galileo. Tá Callisto foirgthe le cráitéir, ach nuair a deir mé "foirgthe", ní hionann sin agus "criathraithe", nó bíonn na cráitéir iontach éadomhain ar Challisto. Leis an fhírinne a chur orthu, is fearr a aithnítear ar na fáinní de scoilteacha sioctha ina dtimpeall iad ná ar a ndoimhneacht féin mar chráitéir. Is iad Asgard agus Valhalla an dá "chráitéar" is suntasaí den chineál sin.
Creidtear go bhfuil Iúpatar mar sciath chosanta againn in aghaidh na gcóiméad a thig isteach ó imeall an ghrianchórais, agus tá fianaise leis an teoiric seo le haithne ar na cráitéir ar Challisto. Is é sin, tá slabhraí de chráitéir ann agus an chuma orthu go rabh dreigí beaga ag teacht go tiubh téirimeach ceann ins na sálaí ag a chéile, agus gur mar sin a bhuail siad dromchla Challisto. Bheifeá ag siúl leis go n-iompóchadh imtharraingt Iúpatair an cóiméad ina shlabhra de dhreigí mar sin, nó sin é a tharla don chóiméad udaí Shoemaker-Levy a Naoi (SL9) i dtús na nóchaidí. Réalt scuaibe a bhí ann a tháinig comh gar d'Iúpatar is go bhfuarthas taobh istigh de theorainn Roche í, is é sin, comh gar don phláinéad is gur stróic na fórsaí taoidmheara as a chéile í. Ansin, na bloghanna a rinneadh de, mhair siad ag timpeallú Iúpatair ar fhithis éagobhsaí ar feadh cupla bliain, go dtí gur bhuail siad dromchla an phláinéid ceann i ndiaidh a chéile i Mí Iúil agus i Mí Lúnasa den bhliain 1994. Ba mhór ag na réalteolaithe an t-imbhualadh seo, agus is iomaí tátal a bhain siad as na himeachtaí seo - mar shampla, thacaigh siad go mór mór leis an teoiric gurb iad imbhuailtí na réaltaí scuaibe is cúis leis na slabhraí de chráitéir ar Challisto.
an Camchéachta nó an tSeisreach: cuid de réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá seacht réalt ins an Chamchéachta, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid. Is í Alkaid deireadh na "coise", agus is í Megrez a cheanglaíonns an "chos" don "bhocsa". Tá an "chos" camtha ag Mizar-Alcor, agus is í Alioth atá eadar Mizar-Alcor agus Megrez.
Dubhe nó Alpha Ursae Majoris: tá sí suite thart ar scór parsoic ar shiúl uainn - is é sin, céad agus ceithre sholasbhliain fichead - , agus déréalt atá inti. An comhbhall is gile den déréalt, tá sé flannbhuí (deargbhuí, ar dhath an oráiste), rud a chiallaíonns go bhfuil sí ins an aicme speictreach K, agus í níos fuaire ná an Ghrian s'againn. Is mór eadar í agus an chuid is mó de na réaltaí eile ins an Chamchéachta, nó is réaltaí bána iad agus iad i bhfad níos teo ná í. Mar sin féin, tá sí geal go maith, siúd is nach bhfuil sí ar an réalt is gile ins an réaltbhuíon, - níl an litir sin "alpha" aici ach amháin ar chúiseanna an traidisiúin. An comhbhall eile, an ceann is fannlaige acu, áfach, aicmítear leis na F-réaltaí é - is é sin, níl sé ach beagáinín níos teo ná an Ghrian s'againn.
Merak nó Beta Ursae Majoris: tá an ceann seo suite thart ar cheithre pharsoic fichead uainn. Siúd is go dtugtar Beta Ursae Majoris uirthi, níl sí ar an darna réalt is gile ins an réaltbhuíon ar fad, ach ar an chúigiú ceann is gile. Bheirthear na Réaltaí Treoracha ar Dubhe agus Merak in éineacht, nó má tharraingítear líne dhíreach fríothu, rachaidh an líne sin fríd an Réalt Thuaidh. Cosúil leis an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta, réalt den aicme speictreach A - réalt bhán - atá inti. Creidtear go bhfuil fáinne mór dusta agus deannaigh ag dul timpeall ar Merak. D'aithin na heolaithe seo ar an dóigh a bhfuil i bhfad níos mó radaíochta infridheirge (sin le rádh, radaíocht teasa) ag teacht ó Merak ná mar ba chóir.
Phekda nó Phad nó Gamma Ursae Majoris: tá sí beagáinín beag níos cianmhaire ná Merak. Cosúil leis an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta, rangaítear ins an aicme speictreach A í, mar réalt bhán agus í thart ar 7,000-11,000 céim Celsius ar a teocht.
Megrez nó Delta Ursae Majoris: déréalt athraitheach atá inti, agus í suite comh cóngarach céadna (más cóngarach é) agus atá Merak agus Phekda, a bheag nó a mhór. Réalt bhán den aicme speictreach A atá inti, cosúil leis an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta.
Alioth nó Epsilon Ursae Majoris: tá an ceann seo suite fán fhad chéadna uainn agus Merak, Phekda is Megrez. Déréalt athraitheach atá inti comh maith. An cineál solais atá sí a astú, rangaíonn sé ins an aicme speictreach A í, cosúil le Sirius, mar shampla: is é sin, réalt bhán atá inti agus í níos teo ná an Ghrian s'againne.
Mizar agus Alcor (nó Zeta Ursae Majoris): tá cuid de na daoiní in ann dhá réalt - Mizar agus Alcor - a aithne anseo, ach dáiríribh, tá i bhfad níos mó ná dhá réalt le haithne ins an áit seo gan a dhul i muinín na dteileascóp mór. Mizar féin, is tríréalt í, agus í suite thart ar chúig pharsoic fichead (beagáinín níos lú ná ceithre scór solasbhliain) uainn, cosúil le hAlioth, Megrez, Phekda agus Merak. Tríréalt atá in Alcor fosta, agus í suite thart ar aon pharsoic amháin níos faide uainn (is é sin, beagáinín níos mó ná ochtó solasbhliain). Tá eadar Mhizar agus Alcor ins an aicme speictreach A, rud a chiallaíonns gur réalta bána iad nach bhfuil comh te leis na réalta bánghorma (cosúil le hAlkaid) siúd is go bhfuil siad níos teo ná an Ghrian.
Alkaid nó Benetnasch nó Eta Ursae Majoris: réalt athraitheach atá inti, agus í níos faide amach uainn (níos mó ná tríocha parsoic, nó thart ar chéad solasbhliain) ná an chuid is mó den Chamchéachta. Baineann Alkaid leis an aicme speictreach B, is é sin, réalt bhánghorm atá inti, agus í, mar sin, i bhfad níos teo ná an Ghrian.
Canopus nó Alpha Carinae, an réalt is gile i réaltbhuíon na Cíle, agus í suite breis is trí chéad solasbhliain amach uainn. Ollfhathachréalt bhánbhuí atá inti.
Capella nó Alpha Aurigae: an réalt is gile i réaltbhuíon an Ara. Déréalt, nó fiú ilréalt, atá ann, ach an chuid is mó den tsolas a thig a fhad linn féin ón chóras seo, thig sé ón dá réalt is gile ansin: tá an réalt seo níos cóngaraí dá chéile ná an Domhan is an Ghrian s'againn, i gcruth is nach féidir a n-aithne mar dhá réalt éagsúla gan súil a chaitheamh ar an chineál solais a chaitheanns siad. Déréalt speictreascópach a bheirthear ar a leithéid, nó déréalt nach dtig a aithne mar dhéréalt gan staidéar a dhéanamh ar speictream a cuid solais. Agus sinn ag trácht ar an speictream, ná déanaimis dearmad go bhfuil Capella cosúil go maith leis an Ghrian s'againn ó thaobh dhath a cuid solais de - tá an dá réalt acu ins an aicme G, aicme na réaltaí buí.
carbón (C): is é an carbón dúil uimhir a sé i dtábla pheiriadach na ndúl, agus é ar an dúil is éadroime i ngrúpa an charbóin, is é sin, an ceathrú príomhghrúpa. Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an charbón ná 1s22s22p2, is é sin, tá ceithre leictreon ar an darna sceall. I gcomhdhúile tipiciúla an charbóin, bíonn ceithre nasc comhfhiúsach ag an adamh carbóin leis na hadaimh ina thimpeall.
Tá na hadaimh charbóin in ann naisc chomhfhiúsacha a cheangal le chéile beagnach gan teorainn. Mar sin, is féidir slabhraí fada carbóin a thógáilt a bhfuil grúpaí éagsúla d'adaimh eile ceangailte díofa - grúpaí feidhmiúla, mar a bheirthear orthu - i gcruth is go gcruthaítear móilíní móra agus iad ábalta imoibriú ar dhóigheanna éagsúla leis na substaintí ina dtimpeall. Grúpaí feidhmiúla tipiciúla iad an grúpa aimíneach -NH2, a ghní an móilín bunata, an grúpa hiodrocsaile -OH, a ghní alcól nó feanól den mhóilín, agus an grúpa carbocsaile -COOH, a iompaíos an móilín ina aigéad, ach tá go leor eile ann. Is iad na macramhóilíní - móilíní móra carbóin de chineálacha éagsúla agus le grúpaí feidhmiúla éagsúla ag gobadh astú - cosúil leis na próitíní, na haigéid núicléasacha, na hormóin, na lipídí agus eile - is bunús leis na horgánaigh bheo, ó thaobh na ceimice de.
Is féidir a rádh gur brainse eolaíochta inti féin í ceimic an charbóin. Bheirthear ceimic orgánach uirthi ar chúiseanna stairiúla, nó ar feadh i bhfad, bhí na heolaithe féin ag sílstint nach bhféadfaí comhdhúile casta carbóin a shintéisiú gan chuidiú ó vis vitalis, ó fhórsa rúndiamhair cheimiceach nach mbeadh ar fáil ach ins an nádúir. (Is léir go rabh ceimiceoirí ann a raibh creideamh láidir Críostaí acu, agus iad dianbharúlach gurb é an fórsa seo lámh Dé ins an nádúir.) Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhoghlaim na ceimiceoirí comhdhúile éagsúla carbóin a chruthú ins an tsaotharlann. Mar sin, tá sé praiticiúil ceimic na slabhraí fada carbóin - an cheimic orgánach - a aithne thar cheimic na n-orgánach beo - an bhithcheimic.
Tá an carbón, mar dhúil, le fáil ina dhá fhoirm allatrópacha, mar atá, an ghraifít agus an diamant, agus iad an-difriúil le chéile. Tá an ghraifít dubh, teimhneach, sobhriste, ach mar is eol do chách, tá an diamant cruaidh trédhearcach. Is é is ábhar leis an difríocht ná go bhfuil na criostail ghraifíte comhdhéanta as struchtúir leibhéalta nach bhfuil ach nasc lag eatarthu, ach ins an chriostal diamaint, tá na hadaimh charbóin ceangailte dá chéile i ngreille a bhfuil struchtúr láidir tríthoiseach aici. Is féidir graifít a iompó ina diamant fríd bhrú mór a imirt uirthi, ós rud é go bhfuil an diamant níos tibhe ná an ghraifít. Ní thig diamant ná graifít a leá faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, nó gan tuilleadh brú, is dual don dá chineál carbóin néalú go díreach ó sholad go gás. Is léir go bhfuil teocht an-ard de dhíth le sin a dhéanamh, níos mó ná ceithre mhíle céim Celsius.
Cuid de na comhdhúile is simplí de chuid an charbóin, is gnách iad a aicmiú mar chomhdhúile neamhorgánacha, cosúil leis an dé-ocsaíd charbóin CO2, an t-aigéad carbónach H2CO3 (nach bhfuil le fáil ach i dtuaslagan uisce na dé-ocsaíde - níl sé comh cobhsaí is go bhféadfá é a aonrú mar shubstaint ghlan), agus salainn an aigéid sin, mar atá, na carbónáití, cosúil le hidrigincharbónáit an tsóidiam (an tsóid bhácála) NaHCO3, carbónáit an tsóidiam (an tsóid níocháin) Na2CO3, nó carbonáit an photaisiam (an photais) K2CO3.
ceartairde nó ceartéirí nó dronairde nó dronéirí(siúd is gurb é "ceartairde" an téarma a mholtar i láthair na huaire, tá saineolaithe ann a deir gurbh é dronairde an leagan is fearr): Is é is ceartairde ann ná an stua den mheánchiorcal neamhaí atá eadar an réalt agus pointe trasnaithe an mheánchiorcail neamhaí agus an éicliptigh, is é sin, an pointe ina dtrasnaíonn an Ghrian an meánchiorcal neamhaí, lá cónochta (lá leathach) an Earraigh. Ceann de chomhordanáidí an mheánchiorcail atá inti a úsáidtear le suíomh na réalta nó na rinne neimhe ar an spéir a chur in iúl. Ar chúiseanna praiticiúla matamaitice, is gnách an stua sin a shainiú in aonaid an ama, seachas ins na céimeanna stua, agus is ionann ceithre huaire fichead an chloig, ansin, agus stua iomlán an chiorcail.
Is é an diallas an chomhordanáid a théid leis an cheartairde. Úsáidtear córas comhordanáidí an mheánchiorcail le háit na réalta ar an sféar neamhaí a shainiú. Tá córais eile ann le gluaiseachtaí na réaltaí ar an spéir ar feadh an lae agus na hoíche a léiriú.
ceoldráma spáis, gné nó genre de chuid an fhicsin eolaíochta a chuireanns béim ar leith ar eachtraí agus imeachtaí gáifeacha, éipiciúla. Bíonn an laochas agus na sceitimíní níos tábhachtaí ins na ceoldrámaí spáis ná dianurraim don eolaíocht agus do na dlíthe nádúrtha. Ceoldrámaí spáis iad an Réalt-Aistear (Star Trek) agus Cogaíocha na Réaltaí (Star Wars). Féach an nasc le tuilleadh a fháil amach.
Ceres: Roimh an bhliain 2006, ba ghnách dearcadh ar Ceres mar cheann de na hastaróidigh, ach anois, fuair sí, cosúil le Plútón agus le réadanna áithride i gCrios Kuiper, aicmiú úr mar abhacphláinéad. Cibé fá dtaobh de sin, tá Ceres ar an cheann is mó de na hastaróidigh atá ag fithisiú na Gréine eadar Mars agus Iúpatar. Tá sí timpeall ar naoi gcéad is caoga ciliméadar ar trastomhas, agus tógann sé corradh is ceithre bliana go leith uirthi a dhul timpeall na Gréine. Murab ionann agus an chuid eile de na hastaróidigh, tá sí iontach sféarúil ina cosúlacht - is é sin, ar déanamh liathróide, nó geall leis.
Tá Ceres beagáinín níos lú ná Plútón. Cosúil leis an astaróideach tipiciúil, is dócha nach bhfuil ann ach píosa carraige a bhfuil oighreogach timpeall air.
"Cogadh na Reann" - úrscéal cliúiteach ficsin eolaíochta leis an scríbhneoir Shasanach Herbert George Wells. (Tá aistriúchán Gaeilge ann - tá a fhios agam aon chóip amháin a bheith ar fáil i Leabharlann na gCeithre Máistrí in Áras na Gaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe.) Tháinig an t-úrscéal seo amach an chéad uair ins an bhliain míle ocht gcéad seacht ndéag is ceithre scór (1897), agus chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar na daoiní. Ós rud é go rabh an scéal suite i radharcra álainn, ídileach na Sasana Glaise, agus fíricí na heolaíochta comhaimseartha fite fuaite leis na himeachtaí, is uafásach an scanradh a bhain an t-úrscéal as na léitheoirí, nó b'í aois an fhoráis agus an dul chun cinn í, agus ba bheag duine ar rith leis, ag an am, go gcaithfeadh an cine daonna uilig éiric a íoc ins an fhorbairt ghéar ghasta a bhí á déanamh ag an eolaíocht agus ag an teicneolaíocht. (Ar ndóighe, is seanscéal smolchaite é an dearcadh duairc sin inniu.) Na neacha ó Mhars a ionsaíonns an Domhan s'againn i scéal Wells, is arrachtaigh iad nach bhfuil gléas cumarsáide againn leofa, ná spéis acu in aon chumarsáid linn féin: níl siad ach ag marú na ndaoiní rompu le gás nimhe agus le hairm olldhíothaithe eile díreach mar nach mbeadh ionainn ach feithidí.
B'úrscéal ceannródaíoch é Cogadh na Reann lena linn féin, agus mar is dual don dea-scéal, is iomaí léamh is féidir a bhaint as. An dóigh a mbíonn arrachtaigh Mharsa ag déanamh ródaigh ar na daoiní, níl sé doiligh é a chiallú mar shiombaile don dóigh a bhfuil an duine ag milleadh an dúlra roimhe beag beann ar chothromaíocht an bhithsféir. Agus ar ndóighe, na hairm a úsáideanns na harrachtaigh leis na daoiní a mharú, tá siad iontach cosúil leis an chineál arm a chuaigh in úsáid go mionmhinic i machaire áir an Chéad Chogadh Domhanda, an gás nimhe go háithrid. Thairis sin, ní mór an taobh "iarchoilíneach" den scéal a aibhsiú comh maith. Nuair a chum Wells an t-úrscéal, bhí an Eoraip díreach in éis treibheanna deireanacha Mheiriceá, na hAfraice is na hÁise a chloí le lámh láidir, rud a d'éirigh leis an chine ghealchraicneach go gleoite ar fad, a bhuí leis na hairm thine agus le hardteicneolaíocht eile na haoise. Theastaigh ó Wells, comh maith, a chur ar a súile do bhunadh na Sasana an drochbhuille a thug coinscleo dostoptha na nEorpach do phobail bhundúchasacha na gcríoch coilínithe, agus leis an teachtaireacht seo a reic go héifeachtach, chuaigh sé i dtuilleamaí an chlis ar bhaist Bertolt Brecht an t-ainm coimhthiú nó Verfremdung air lena linn féin.
Is iomaí athchóiriú a rinneadh ar Chogadh na Reann ina dhiaidh sin. Bhain Orson Welles amach an chéad chliú mar amharclannaí leis an leagan a rinne sé féin don staisiún raidió udaí CBS i Meiriceá le haghaidh Oíche Shamhna den bhliain 1938, nó bhí an scéal curtha in oiriúint do Mheiriceá chomhaimseartha agus don mheán féin. An t-éisteoir a chuirfeadh air a raidió i lár an chraolacháin, shílfeadh sé gur ag éisteacht le fíor-fheasachán nuaíochta a bheadh sé. Mar sin, b'iomaí Meiriceánach a chreid go diongbháilte go rabh na mílte arrachtaigh ag tuirlingt ón spás leis an duine dhaonna a chur de dhroim an tsaoil, agus fuair an chorrdhuine bás le heagla, gan aon trácht a dhéanamh ar an dóigh a rabh na daoiní ag plódú na mbealtaí móra ag iarraidh éaló ón ionradh. Ar ndóighe, chuaigh na sluaite móra d'fhir chróga i láthair na n-oifigeach i gceannas ar bhearaicí an airm agus fonn orthu buille a bhualadh ar son a dtíre dúchais in éadan an ionsaitheora mhíthrócairigh!
Ina dhiaidh sin féin, is iomaí casadh a baineadh as móitíf an ionsaí ón spás ins an phopchultúr agus fiú ins an chultúr dháiríre. An t-úrscéal a bhain amach duais bhliantúil Chlub Ficsin Eolaíochta na Gearmáine ins an bhliain 1993, mar atá, Die Goldenen Heiligen oder Columbus entdeckt Europa ("Na Naoimh Órga, nó: Críostóir Colóim ag Fionnadh na hEorpa") le Herbert Rosendorfer, ní rabh ann go bunúsach ach súil úr ar an tseanmhóitíf seo. Agus ar ndóighe, ní féidir an chóiméide chruálach udaí Mars Attacks! ón bhliain 1996 a ligint i ndearmad. Leis an fhírinne a rádh, tá sé go hiontach comh gar agus a leananns an scannán sin d'imeachtaí an úrscéil le Wells i ndiaidh an iomláin, siúd is gur féidir a rádh gur athchóiriú gan a leithéid eile é, mar scannán.
cóiméad nó réalt scuaibe nó réalt rubaill (réalta eireabaill an leagan caighdeánta), cineál astaróideach beag a bhfuil fithis fhadaithe aige, agus ruball lonrach le feiceáilt ina thimpeall nuair a thig sé i ngaire na Gréine.
Cineál ábhar breise iad na cóiméid, ábhar nár húsáideadh nuair a tháinig an grianchóras chun saoil an chéad uair. Creidtear gurb é Scamall Oort ar fhíor-imeall an ghrianchórais an áit óna dtig na cóiméid ar fad. Scamall de chnoic oighir atá ann, mar Scamall Oort, agus é ag dul timpeall na Gréine. Uaireanta, áfach, cuirtear ceann de na cnoic oighir seo óna sheanfhithis, i gcruth is go dteannfaidh sé isteach leis an ghrian ar fhithis fhadaithe. Tá na saineolaithe inbharúla gurb í imtharraingt na réaltaí cóngaracha nó na réadanna eile atá ag dul thar bráid is cúis lena leithéid.
An réad sin de chuid Scamall Oort a bhfuil a sheanfhithis tréigthe aige, is é núicléas an chóiméid é. Ní fheicfear an ruball lonrach ach de réir a chéile, agus an Ghrian ag oibriú ar an núicléas. Mar a húradh, cnoic oighir iad réadanna an Scamaill, agus is é an t-uisce an comhábhar is tábhachtaí dá bhfuil ann. Deirtear, mar sin, gur "liathróid shalach shneachta" é núicléas an chóiméid, siúd is go mbíonn clocha nó carraig istigh ins an liathróid shneachta seo, comh maith le comhdhúile simplí ceimiceacha, ar nós na hamóinia (NH3), an mheatáin (CH4), dé-ocsaíd charbóin (CO2), aonocsaíd charbóin (CO), ciainíd hidrigine (HCN), formaildéad (HCHO) agus eile. Nuair a bhuailfeas solas agus radaíocht eile na gréine an leac oighir seo, toiseochaidh sé a chailleadh damhna - móilíní uisce agus eile. Tá ruball an chóiméid déanta as an damhna scoite seo, agus é ag lonrú leis an fhuinneamh a gheibh sé ón Ghrian. Tá struchtúr inmheánach ag an ruball lonrach - ag an chóma - agus is féidir a rádh nach aon chóma amháin atá ann, ach rubaill éagsúla. Tá an ruball á chasadh mar a bheadh sé ag iarraidh aghaidh na Gréine a sheachaint. Is é is cúis le seo ná go bhfuil brú na grianghaoithe á iompó ar shiúl ón Ghrian.
Is é an fíor-chóma an scamall dlúth atá comhdhéanta as móilíní uisce, dé-ocsaíd charbóin agus a leithéidí. Taobh amuigh den chóma seo, is féidir scamall hidrigine a aithne atá na milliúin de chiliméadair ar fad. Níos faide fós, thart ar dheich milliún ciliméadar, atá an ruball dusta, agus na gráinníní deannaigh á mbrú amach ón núicléas ag na móilíní neodracha agus na hadaimh hidrigine. Ansin, taobh amuigh den scamall deannaigh seo, atá an ruball ianach, agus é comhdhéanta as iain shaora.
an Choirceog nó Praesepe: réaltbhraisle fhoscailte atá suite i réaltbhuíon an Phortáin. Réad a ceithre is dhá scór ar Chatalóg Messier (M44), réad dhá mhíle sé chéad a dó déag is fiche ar Nua-Chatalóg Ghinearálta na Réaltnéalta is na Réaltbhraislí (NGC2632). Tá an réaltbhraisle seo le feiceáilt gan a dhul i dtuilleamaí an teileascóip. Tá cupla céad réalt ins an réaltbhraisle seo, agus iad ag bogadh leofa (dualghluaisne) ar aon luas, a bheag nó a mhór, leis na réaltaí i realtbhraisle na Hyades, rud a bheir le fios go dtáinig an dá bhraisle as an ghásnéal chéadna, i dtús an ama. Tá an Choirceog suite fá sé chéad solasbhliain dínn, nó beagáinín níos gaire.
comhordanáidí: Cosúil leis an domhanfhad agus an domhanleithead, bíonn córais chomhordanáidí ag na réalteolaithe le háit na réalta thuas ins an spéir a chur in iúl. Bíonn comhordanáidí éagsúla á n-úsáid acu de réir an chineál eolais is mó atá de dhíth. Mar shampla, is féidir córas ar leith a úsáid le gluaiseacht na réalta ar feadh an lae agus na hoíche a thaispeáint, agus córas eile níos fearr le háit na réalta i gcomparáid leis na réaltaí eile a léiriú:
comhordanáidí na léaslíne, is é sin, an airde agus an t-asamat;
comhordanáidí an mheánchiorcail, is é sin, an cheartairde (= an dronairde, an ceartéirí) agus an diallas;
comhordanáidí an éicliptigh, is é sin, an fad is an leithead; agus
na comhordanáidí réaltracha, is é sin, an fad réaltrach agus an leithead réaltrach.
Is é córas an mheánchiorcail - an cheartairde (an dronairde) agus an diallas - a úsáidtear i mapaí na spéire, ó nach bhfuil na comhordanáidí seo ag athrú ach in imeacht na gcéadta bliain. Ar ndóighe, is é an córas réaltrach is tábhachtaí agus áit na réalta taobh istigh de Bhealach na Bó Finne le cur in iúl.
coróin i gcúrsaí na réalteolaíochta, is é seo an t-ainm a bheirthear ar na "lasracha" a shroicheanns i bhfad amach ó dhromchla na Gréine (nó aon réalt eile, ar ndóighe). Bíonn an choróin le feiceáilt le linn urú iomlán na gréine.
cosmagnaíocht: an brainse den chosmeolaíocht a ghní taighde ar an ghrianchóras s'againn. Sin é is ciall leis an fhocal seo i gcomhthéacs na réalteolaíochta. (I gcúrsaí na fealsúnachta, áfach, is teoiric í an chosmagnaíocht a mhíníonn bunús na hollchruinne - cineál cosmagnaíochtaí iad na reiligiúin, mar sin, ins an chiall seo.)
cosmeolaíocht brainse fisice agus réalteolaíochta ina dteántar taighde ar an dóigh a dtáinig an ollchruinne chun saoil agus ar an dóigh a bhfuil sí á forbairt.
crann tabhaill imtharraingthe an dóigh a mbaineann na spástaiscéalaithe leas as imtharraingt na bpláinéad le tuilleadh luais a thiomsú agus le haimsiú a fháil ar an cheann scríbe. Mar shampla, nuair a scaoileadh an spástaiscéalaí udaí Cassini-Huygens chun siúil, an ceann a bhí go mór mór i mbéal an phobail le déanaí i ndiaidh dó Satarn a bhaint amach - nuair a scaoileadh an ceann sin chun siúil, ní rabh sé ag dul bealach Shatarn ná Iúpatair ar aon nós, ach i dtreo Véineas. Bhí gach rud cuntaiste go cruinn ag na matamaiticeoirí lena gcuid ríomhairí, cá ham a shroichfeadh an gléas spáis Véineas agus cá háit a mbeadh an pláinéad i gcomparáid le ruthag eitilte Cassini-Huygens. Ansin, i ndiaidh dó scinneadh de réimse imtharraigthe Véineas, scaoileadh an spásghléas i dtreo nua, agus tuilleadh luais faoi,, gan a dhul i dtuilleamaí na roicéad ná breosla a chur amú. Nuair a tháinig an taiscéalaí i ngaire an Domhain aríst, ghlac sé buntáiste ar an domhantarraingt ar an bhealach chéadna.
Crios Kuiper: réigiún den spás thart timpeall ar an Ghrian s'againn, níos faide amuigh ná Plútón, agus níos gaire dúinn ná scamall Oort. Tá crios Kuiper lán réadanna atá níos mó ná na liathróidí sneachta sna codanna is faide amuigh den Scamall, agus roinnt ínteacht acu comh mór, beagnach, leis an phláinéad udaí Plútón. Níl sé as an áireamh gur réad de chuid an Chreasa a bhí i bPlútón féin ar tús, nó sin é an tuairim atá ag cuid de na saineolaithe, ar a laghad. Tá an crios ainmnithe as an réalteolaí Ollannach Gerard Peter Kuiper (1905-1973).
crómaisféar: is é an crómaisféar an ciseal tanaidh taobh thuas de dhromchla infheicthe (fótaisféar) na Gréine.
Cros an Deiscirt nó Crux: an réaltbhuíon is lú amuigh, ar an achar a thóganns sé, thuas ar an spéir. Síleann cuid mhór daoiní nach bhfuil eolach ar mhapa na leithe deisceartaí den spéir (anseo ins an Fhionlainn, ar a laghad) go bhfuil Cros an Deiscirt suite in aice le pol theas na spéire, cosúil leis an dóigh a bhfuil an Réalt Thuaidh suite in aice le pol thuaidh na spéire. Ní mar sin atá, nó níl an Chros in aon ghaobhair don phol; ach is dócha go rabh an tábhacht chéadna leis an Chros i gcúrsaí na mairnéalachta ins an domhan theas agus a bhí ag an Réalt Thuaidh ins an domhan thuaidh, ós rud é gur réaltbhuíon feiceálach, so-aitheanta atá ann. Tá a leithéid de réalt ann agus Polaris Australis, agus í suite go tiubh in aice le pol theas na spéire, ach is réalt bheag fhannlag í nach samhlófá mórán tábhachta léithi ag mairnéalach a bheadh ag iarraidh a bhealach a dhéanamh le cuidiú na réaltaí. (Lena ceart a thabhairt do Pholaris Australis, ní réalt bheag fhannlag í i dtéarmaí absalóideacha, ach fathachréalt den ghnáthchineál. Ós rud é go bhfuil sí suite comh fada i gcéin uainn agus atá, níl inti ach léaró beag mar a tchíthear dúinn féin í. Níl Polaris Australis suite i réaltbhuíon Chros an Deiscirt ná in aon ghaobhair dó, ach i réaltbhuíon an Ochtamháin - Sigma Octantis atá uirthi fosta.)
an chruinne ascalach: An teoiric a deir go bhfuil an Ollchruinne ag athrú is ag ath-athrú (ag ascalú) ó Ollphléasc go hOllbhrúisc agus ó Ollbhrúisc go hOllphléasc úr - is é sin, samhlaítear an Ollchruinne mar chroí ábhalmhór atá ag bualadh, agus le gach buille, pléascann síol na hOllchruinne amach ina Ollphléasc nua, caitheann an Ollchruinne na mílte billiún bliain ag dul i bhfairsinge agus ag sroicheadh phointe uasmhéide a fairsinge, crapann sí isteach comh malltriallach céadna ina himphléasc mhillteach - an Ollbhrúisc - nach dteán, go bunúsach, ach síol a chur leis an chéad Ollphléasc eile.
an chruinne fhairsingíoch: Taispeánann an deargaistriú go bhfuil bunús mór na réad réalteolaíochta, eadar na réaltaí féin agus na réaltraí, ag teannadh amach uainn, agus a luas ag fás in éineacht le comh fada ar shiúl uainn agus atá siad. Is é an tátal a bhain cuid mhaith de na heolaithe as seo ná go bhfuil muid inár gcónaí in ollchruinne atá ag dul i bhfairsinge - i gcruinne fhairsingíoch - agus nach bhfuil aon Ollbhrúisc ag bagairt ar ár n-ollchruinne ar aon nós.
cuarc: bheirthear cuarcanna ar na codanna a bhfuil na hadróin - grúpa de cháithníní a chuimsíonns na núicleoin, is é sin, an prótón is an neodrón - déanta astu. (Is gá a phointeáil amach nach bhfuil na leaptóin, ar nós an leictreoin, déanta as cuarcanna!) An focal cuarc féin, tháinig sé as an úrscéal udaí Finnegan's Wake le Séamus Seoige.
Is iad na cuarcanna atá de dhíth leis an neodrón is an prótón a dhéanamh ná an t-uaschuarc is an t-íoschuarc. Thairis sin, tá an barrchuarc (nach ionann é agus an t-uaschuarc), an bunchuarc (nach ionann é agus an t-íoschuarc), an briochtchuarc is an cuarc aduain ann. Deirtear go bhfuil blas ar leith ag gach cineál cuarc. Níl ann ach iarracht le tréithre na gcuarcanna a dhéanamh intuigthe, nó déanta na fírinne, is beag lorg díreach a fháganns na cuarcanna is a saintréithre ar an tsaol laethúil - tá na hadaimh agus a gcuid comhábhar, mar atá, na prótóin, na neodróin agus na leictreoin, i bhfad níos cóngaraí dár saol féin.
cuarcréalt: réalt atá comhdhéanta as cuarcanna agus iad pacáilte go tiubh in aice le chéile. Níltear cinnte, an bhfuil a leathbhreac ann ar aon nós, ach ins an bhliain 2002, tháinig na heolaithe ar chupla réad amuigh ar an spéir nach rabh neodrónréaltaí ná dúphoill iontu gidh go rabh siad as pabhar dlúth, agus an chuma ag teacht ar an scéal gur cuarcréaltaí iad.
cuasár: is giorrúchán é an focal áithrid seo de na focail Bhéarla quasistellar radio source, mar atá, radafhoinse chuasairéaltach (is é sin, foinse tonnta raidió a chuirfeadh réalt i gcuimhne duit, siúd is nach réalt cheart í i ndiaidh an iomláin). Is é oighear an scéil, áfach, nach bhfuil an chuid is mó de na cuasáir ag astú radathonnta ar aon nós, siúd is gurb iad na cuasáir raidió an chéad ghrúpa acu ar cuireadh sonrú ann. Mar sin, is fearr cuasár a shainmhíniú mar réad réaltchosúil nó réad cuasairéaltach. Cibé scéal é, tá na cuasáir i bhfad amach uainn, agus iad ag gluaiseacht ar shiúl uainn comh gasta is go bhfuil speictream a gcuid solais curtha ó aithne ar fad ag an deargaistriú.
Is é an rud is suntasaí a bhaineanns leis na cuasáir ná gur foinsí millteanacha solais iad. Is é an rud atá ins an chuasár ná réigiún atá ar aon mhéid lenár ngrianchóras agus é ag astú an oiread solais agus míle billiún réalt. Is é is cúis leis an tsolas seo ná go bhfuil dúpholl mór millteanach i gcroílár an réigiúin lonraigh seo, agus an damhna atá sé a shú isteach á phacáil comh tiubh le chéile is go dtoisíonn imoibriúcháin núicléacha ina mheasc i bhfad sula sroicheann sé an léaslíne theagmhais. Agus cá has a bhfaigheann an dúpholl an oiread sin damhna le sú isteach? Bhail, is amhlaidh go bhfuil réaltra ina thimpeall! An cineál réaltraí a bhfuil cuasáir nó núicléis ghníomhacha ina gcroíthe, deirtear gur réaltraí gníomhacha iad. Agus dáiríribh, is ar éigean a shéanfá gur gníomhaíocht de chineál ínteacht é má tá na mílte réaltaí móra á bpacáil in aice le chéile le titim isteach i ndúpholl millteanach!
damhna coimhthíoch damhna a bhfuil a fhuinneamhdhlús diúltach, is é sin, níos lú ná an neamhní. Ós rud é gurb ionann an neamhní agus gnáth-fhuinneamhdhlús an fholúis, is coimhthíoch an cineál damhna é gan amhras ar bith. Mar sin féin, tá aithne ag na fisiceoirí ar fheiniméin candam-mheicniúla a cheadaíonns fuinneamhdhlús diúltach agus iad inléirithe le gnáth-thrialacha ins an tsaotharlann, go háithrid an feiniméan ar a dtugtar iarmhairt Casimir.
damhna díchineálach damhna a chaill a shaintréithre, i gcruth is nach dtig linn a rádh cén dúil, nó fiú cén cineál cáithníní, atá ann. Tá na neodrónréaltaí, na cuarcréaltaí agus na dúphoill comhdhéanta as damhna atá díchineálach, agus is í an imphléasc imtharraingthe is cúis leis an díchineálú seo.
dearbhmhéid: Is ionann dearbhmhéid na réalta agus a méid dhealraitheach, má tá sí suite fá dheich bparsoic (tríocha dhá sholasbhliain agus sé dheichiú cuid) den bhreathnadóir.
| Rinn neimhe | Méid dhealraitheach | Dearbhmhéid |
| An Ghrian | -26.7 | +4.8 |
| Sirius | -1.44 | +1.43 |
| Canopus | -0.61 | -5.52 |
| Arcturus | -0.04 | -0.39 |
| Procyon | +0.38 | +2.69 |
| Altair | +0.77 | +2.3 |
| Fomalhaut | +1.16 | +1.71 |
| Alderamin | +2.72 | +1.6 |
| Réalt Barnard | +9.5 | +13.2 |
deargaistriú an dóigh a n-éiríonn an solas níos deirge i súil an bhreathnadóra agus an réad a bhfuil an solas ag teacht as ag gluaiseacht ar shiúl ón bhreathnadóir. Is ionann sin is a rádh go dtéid na tonnta solais i bhfad, agus an minicíocht ag dul i laghad. Ós rud é go bhfuil a speictream sainiúil féin ag gach aon dúil cheimiceach, is féidir an deargaistriú a aithne ar speictream na réad, nó tchíthear sainphatrúin na línte speictreacha ag tonnfhaid nach mba chóir dófa a bheith suite ar aon nós.
Toradh d'iarmhairt Doppler atá ins an deargaistriú. Thig a rádh gur cineál tonnchreatha atá i gceist leis an tsolas, ach is féidir glacadh leis fosta gur bíoganna atá ann. An réad atá ag dul ar shiúl uainn, na bíoganna atá sé a chur uaidh, sroicheann siad sinn níos tanaí sna sálaí ag a chéile ná mar a cuireadh chun bóthair nó mar a hastaíodh iad an chéad uair ón réad. Is é sin, baineann iarmhairt Doppler de mhinicíocht an tonnchreatha, rud a chiallaíonns go bhfuil an tonnfhad - an fad eadar dhá bhíog, a d'fhéadfá a rádh - go bhfuil an tonnfhad ag dul i méadaíocht.
Má bhíonn an réad ag teacht inár ngaobhair in áit a bheith ag druidim amach uainn, aithneofar a mhalairt d'aistriú ar a speictream, is é sin, an gormaistriú. Ós rud é go bhfuil an deargaistriú ag baint leis an chuid is mó de na reanna neimhe taobh amuigh den ghrianchóras seo againn, níl mórán tábhachta leis an ghormaistriú - níl ann, ó thaobh na húsáide praiticiúla de, ach gné ar leith den deargaistriú.
Na reanna neimhe is troime agus is tibhe amuigh, cosúil leis na neodrónréaltaí, tá an oiread sin imtharraingthe iontu agus go bhfuil siad in ann deargaistriú a chur ar an tsolas le teann an fhórsa sin. Is é sin, tá tionchar ag an imtharraingt ar an tsolas féin - tá meáchan ins an tsolas, a d'fhéadfá a rádh - agus na reanna neimhe sin in ann cuid dá fhuinneamh a bhaint den tsolas. Dá mbeadh damhna i gceist leis an tsolas, b'é an toradh ba dual don tionchar sin ná go mbainfí de luas an tsolais. Fán am seo, tá sé foghlamtha ag gach aon duine againn nach dtig a dhath a bhaint de luas an tsolais ná a chur leis, go bunúsach. Mar sin, nuair a bhaintear d'fhuinneamh an tsolais, baintear an oiread sin dá mhinicíocht, agus an oiread céadna á chur leis an tonnfhad. Mar dheargaistriú breise a aithneofar é, ansin.
Na réaltraí, ansin, nó an chuid is cianmhaire uainn, táthar ag déanamh go bhfuil cineál eile deargaistriú ag baint leofa fós - is é sin, an deargaistriú cosmeolaíoch, nó deargaistriú ar chúiseanna na cosmeolaíochta. Is é sin, agus an ollchruinne á fairsingiú, creidtear go bhfuil an fairsingiú seo ag cur an spás-ama as a riocht ar bhealach ar leith, agus deargaistriú ag baint leis an díchumadh seo. Agus na cúrsaí mar atá siad, áfach, níl mórán thar bhaothchaint theoiriciúil i gceist leis an deargaistriú chosmeolaíoch, agus a dhearcadh féin air ag gach aon saineolaí dá dtearn taighde ar na cúrsaí seo.
déréalt nó réalt dhúbailte a bheirthear ar chóras dhá réalta atá ag timpeallú a chéile - is é sin, ag imtharraingt a chéile i gcruth is nach féidir leofa éaló ó chéile. Tá go leor déréaltaí, tríréaltaí agus ilréaltaí ann ar fud na hollchruinne, agus is féidir a rádh go bhfuil an Ghrian s'againn sách eisceachtúil, ós rud é gur réalt aonair í nach bhfuil réalt ar bith eile mar chomhbhall aici.
déréalt uraitheach déréalt a bhfuil a leathréaltaí ag urú a chéile - is é sin, ag dul trasna a chéile mar a tchítear dúinne iad. Is é is toradh le seo ná go mbíonn gile na déréalta ag athrú - ag dul i méadaíocht is i laghad - de réir rithim thráthrialta.
diallas airde (stua) na réalta ón mheánchiorcal neamhaí. Is iad an diallas agus an cheartairde (an ceartéirí) comhordanáidí an mheánchiorcail a úsáidtear le suíomh na réalta ar an spéir a shainmhíniú ar bhealach réasúnta do-athraithe. Ní athraítear comhordanáidí meánchiorcail na réalta ar feadh an lae ná na hoíche, ná fiú in imeacht na bliana. Scéal eile ar fad é, ar ndóighe, an tionchar a imríonns an luainíocht, an nútú agus an dualghluaisne orthu.
Dione: gealach de chuid Shatarn. Tá Dione ag timpeallú Shatarn fá thrí chéad seachtó seach míle ciliméadar de, agus í iontach cosúil le Rhea, siúd is go bhfuil Rhea níos mó ná í. Nó níl Dione ach míle céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, ceithre chéad níos lú ná an ghealach eile. Cosúil le Rhea, is liathróid leacoighir thart timpeall ar chroíleacan cloiche í Dione, ach ós rud é go bhfuil Dione níos dlúithe ná Rhea, is dócha go bhfuil croíleacan cloiche Dione níos mó i bhfarradh agus an ghealach ar fad.
Cosúil le Rhea, tá Dione ag fithisiú Shatarn go sioncrónach, agus, fosta, tá sí roinnte ina dhá leathsféar ar féidir cuid mhaith difríochtaí a aithne eatarthu ó thaobh na hailbéideachta agus an tírdhreacha de. An leath den ghealach atá iompaithe an bealach atá an ghealach ag dul ar aghaidh ar a fithis, tá sí criathraithe le cráitéir mhóra, agus í i bhfad níos gile ná an leathsféar eile. An taobh chúil den tsatailít seo, áfach, tá sí ina gréasán le línte geala atá ag dul trasna an dromchla dhorcha i ngach treo.
Tá dhá Thraíoch ag Dione, - is é sin, gealacha beaga atá ag timpeallú Shatarn ar aon fhithis le Dione, i bpointí Lagrange. Is í Helene atá ag teacht roimh Dione, agus Polydeuces a bheirthear ar an Traíoch atá ag leanstain ins na sálaí aici. Níl iontu ach clocha beaga i gcomparáid le Dione féin. Tá Helene tríocha éigin ciliméadar ar trastomhas, agus níor cuireadh an chéad sonrú inti roimh an bhliain 1980. Maidir le Polydeuces, tá sé níos lú fós. Níor tugadh fá dtear é ach ins an bhliain 2004.
diosca fuillimh diosca deannaigh, dusta, gáis agus damhna straeáilte eile den chineál chéadna agus é suite timpeall ar réalt nó réad réalteolaíoch eile. Bíonn an diosca fuillimh ag casadh ar aon luas leis an dóigh a gcasann an réalt timpeall ar a hais féin. Bíonn dioscaí fuillimh le fáil timpeall ar réaltaí óga, agus is dócha gurb as diosca den chineál seo a d'eascair an Domhan agus na pláinéid eile inár ngrianchóras féin. Ós rud é go mbíonn na dúphoill i gcónaí ag sú isteach gach seort damhna as an spás, bíonn dioscaí millteanacha fuillimh timpeall orthusan.
an Díothóir Mór Is é an rud a dtugtar an Díothóir Mór air ná an fhoinse láidir x-ghathanna atá suite in aice le lárphointe Bhealach na Bó Finne. Is dócha gur dúpholl mór millteach atá ann.
dualghluaisne a fhad a athraíonns an réalt a háit ar an spéir in aghaidh na bliana, de réir mar a tchítear dúinn féin é. Na réaltaí is faide amuigh, is ar éigean is féidir mórán dualghluaisne a aithne orthu. Is iad Réalt Kapteyn agus Réalt Barnard an dá réalt is mó dualghluaisne, agus iad suite cuibheasach gar dúinn.
dúpholl: réalt atá tite isteach inti féin, le teann a meáchain is a himtharraingthe féin - imphléasc imtharraingthe a bheirthear ar an chineál seo crapadh, nó pléasc de sheort ínteacht atá ann, ach amháin go bhfuil sé ag dul an bealach contráilte. (Le bheith beacht, is í an cineál pléisce a dtugtar ollnóva air is cúis le cruthú an dúphoill: nuair a phléascfas fótaisféar na réalta amach ins an spás, imphléascfaidh an chuid inmheánach den réalt faoi bhrú na pléisce seo ó gach treo.) Déanta na fírinne, níl sé riachtanach ó thaobh na teoirice de gur réalt atá ins an dúpholl i dtosach báire, nó, go bunúsach, is é an dúpholl an mhais atá fáiscthe taobh istigh den fhad óna mheáchanlár arb é ga Schwarzschild é don mhais áithrid sin. Go praiticiúil, áfach, ní bhíonn dúphoill ann nach sáróchadh a mais an íosteorainn a dtugtar teorainn Oppenheimer-Volkoff uirthi. Creideann saineolaithe áithrid go bhfuil dúphoill bhunaidh ann - is é sin, dúphoill bheaga a tháinig chun an tsaoil de thoradh na hOllphléisce - ach is é an chuma atá ar na cúrsaí nár cuireadh sonrú in aon cheann acu go fóill, rud a fháganns cuid mhór réalteolaithe amhrasach go maith fá dtaobh d'aon mhion-dúpholl den chineál seo a bheith ann ar aon nós.
Is iad codanna an dúphoill an tsingilteacht (an lárphointe) agus an léaslíne theagmhais (an dromchla). Tá mais iomlán an dúphoill comhchruinnithe ins an tsingilteacht; is í an léaslíne theagmhais an líne ag a sroicheann treoluas éalaithe an dúphoill luas an tsolais, rud a chiallaíonns nach dtig leis an gha solais féin teitheadh ó imtharraingt an dúphoill, má sháraíonn sé an léaslíne.
Taobh istigh den léaslíne, titfidh gach aon rud isteach ins an lárphointe - níl éaló ann ansin. Cuirfear a mhais le mais iomlán an dúphoill, agus sin a mbeidh fágtha de. Aon duine a thitfeas isteach ansin, áfach, is dócha go mbeidh sé marbh i bhfad roimhe sin, nó tá imtharraingt an dúphoill ag fás comh gasta, agus tú ag dul ina ghaire, is go mbeidh do chloigeann á tharraingt isteach ag fórsa i bhfad níos mó ná do chosa, is é sin má tá tú ag titim isteach i ndiaidh do chloiginn. Cuirfidh difríocht na himtharraingthe fórsaí taoidmheara - an cineál céadna d'fhórsaí is cúis le trá agus tuile na taoide ar an Domhan s'againn - a streachlóchas as a chéile thú. Dáiríribh, tá an imtharraingt ag fás comh gasta ag dul isteach ins an dúpholl is go dteánfaidh sí cosair easair de gach cineál struchtúr inmheánach atá ag an réad. I ndeireadh na dála, ní bheidh sé inaitheanta, fiú, cén cineál cáithníní a bhí ins an réad a meileadh ins an mhuileann chosmach seo.
éapacht an difríocht ama eadar mí na gealaí agus mí na gréine, nó eadar bliain na gealaí agus bliain na gréine. Is é sin, má ghlacaimid leis gurb ionann an mhí agus an t-am eadar dhá nua-ré, sin í mí na gealaí; ach má ghlacaimid leis gurb ionann an bhliain agus dhá mhí déag de réir an chineál sin sainmhíniú, sin í bliain na gealaí. Tá an dá aonad ama seo beagán níos gairide ná na haonaid chéadna de réir an ghrianfhéilire a úsáideanns muid de ghnáth. Mar sin, bheirthear éapacht na míosa ar dhifríocht na míosa féilire agus na míosa de réir chéimeanna míosúla na gealaí, agus is í éapacht na bliana an difríocht eadar bliain an fhéilire agus dhá mhí déag de réir na gcéimeanna sin.
Tá brí eile ann fós: is féidir éapacht a thabhairt ar an chéim atá bainte amach ag an Ghealach i dtús na bliana.
éiclipteach tchíthear dúinn go bhfuil an ghrian ag dul thart ar an Domhan, agus is é an t-éiclipteach an turas a chuireanns sí daoithi ar feadh na bliana, roimh chúlra na réaltaí. Ní hionann an t-éiclipteach agus an meánchiorcal neamhaí: trasnaíonn siad a chéile faoi dhó in aghaidh na bliana, lá leathach (cónocht) an earraigh agus lá leathach (cónocht) an fhómhair. Baintear úsáid as an éiclipteach le ceartairde (ceartéirí) na réalta a shainiú.
eirgisféar an limistéar thart ar pholl Kerr. Ní féidir le haon chorpán ins an eirgisféar fanúint socair i gcoibhneas aon chorpán atá suite taobh amuigh.
eiseaphláinéad pláinéad atá ag timpeallú réalt ínteacht eile, seachas an Ghrian. Obair do na saineolaithe amháin a bhí i gceist le cuartú na n-eiseaphláinéad go dtí le déanaí, ach i Mí Mheán Fómhair, 2000, chuir na réalteolaithe amaitéaracha ón chumann réalteolaíochta SIRIUS i Jyväskylä ins an Fhionlainn sonrú in eiseaphláinéad a bhí ag dul trasna na réalta udaí HD209458 - agus b'é sin an chéad sonrú den chineál chéadna a rinne aon fhoireann amaitéarach riamh. Tá an réalt seo suite céad go leith de sholasbhlianta ar shiúl uainn. B'iad Marko Moilanen, Jalo Ojanperä, Jouni Sorvari, Aki Id agus Arto Oksanen a rinne an obair, agus iad ag réadóireacht ag Réadlann Nyrölä. Ní raibh an pláinéad féin le feiceáil, comh fada sin agus atá sé suite, ach bhí na stócaigh in ann an trasnú a aithne ar athruithe neamhghnácha ar ghile na réalta.
Enceladus: Gealach de chuid Shatarn. Tá Enceladus comh gann sin i gcráitéir agus go gcreidtear gur chuir imeachtaí geolaíocha de chineál ínteacht - bolcánachas, fiú? - malairt chuma ar an ghealach seo céad milliún bliain ó shin. Tá Enceladus thart ar leathmhíle ciliméadar ar trastomhas, agus é ag timpeallú an phláinéid fá dhá chéad tríocha ocht míle ciliméadar de.
Tá Enceladus ar an rinn neimhe is mó ailbéideachta - ar an cheann is mó a fhrithchaitheanns an solas a bhuaileanns é - ins an ghrianchóras ar fad. Oighreogach gheal ghlan atá ann ar an taobh amuigh, ach níltear róchinnte go fóill cén cineál struchtúr inmheánach atá clúdaithe faoin leac oighir seo.
Epsilon Eridani abhacréalt dheargbhuí agus í suite deich solasbhliain ar shiúl uainn. Is suim le lucht na réalteolaíochta í ar go leor bealtaí, nó tá sí cosúil go maith leis an Ghrian. Táthar ag déanamh go bhfuil cupla pláinéad mhóra á timpeallú, ach ins an am chéadna, tá na saineolaithe éirithe as a bheith ag dul ar lorg neacha beo intleachtúla i ngrianchóras Epsilon Eridani, ós rud é go gcreideann siad anois gur réalt réasúnta óg í an réalt seo i gcomparáid leis an Ghrian, agus go dtugann sé a sheal féin beatha intleachtúil a fhorbairt.
Eta Carinae: Réalt de chineál S Doradus atá ann, mar Eta Carinae, agus í le feiceáilt i réaltbhuíon na Cíle. Tá sí suite fá ocht míle solasbhliain dínn. Ní bhíonn sí infheicthe inniu ach ar éigean. Thiar ins an bhliain 1843, áfach, chonacthas ag lasadh suas í mar a bheadh ollnóva ann. Chan ollnóva a bhí i gceist ar aon nós, ach roiseadh mór réaltghaoithe. Is é sin, scaoileadh dhá néal mhóra de dhamhna ó réagúin pholacha na réalta. Inniu, aithnítear an dá néal mar "chluasa" móra millteacha ar an dá thaobh den réalt. I ndiaidh na pléisce seo, dhorchaigh Eta Carinae síos an oiread agus nach bhfuil sí le feiceáilt gan teileascóp a thuilleadh, ach dealraíonn sé go bhfuil sí ag dul i ngile aríst.
Tá Eta Carinae dochuimsitheach mór ar fad, mar is dual do na réaltaí de chineál S Doradus. Tá sí cúig mhilliún uair níos lonraí ná an Ghrian, agus í ar an fhoinse is láidre infridheirge amuigh ar an spéir. Bíonn sí ag astú roisteacha móra x-ghathanna fosta. Is é barúil na saineolaithe gur déréalt atá ann dáiríribh, agus go bhfuil réaltghaoth an dá chomhbhall ag bualadh fá chéile comh láidir agus go gcruthaítear radaíocht den chineál seo.
Europa: Tá Europa ar an darna gealach is gaire d'Iúpatar de Ghealacha Galileo, agus í traidhfilín níos lú ná ár nGealach féin. Cloch sileacáite is mó atá ann, direach cosúil le hIo; ach tá an chloch clúdaithe ag sceall oighreogaí ar Europa. De réir an taighde a rinne an tsatailít udaí Galileo ar Europa, tá sraithstruchtúr inmheánach ag an ghealach seo, agus croíleacan miotail, b'fhéidir.
Tá Europa iontach mín réidh ar an taobh amuigh, agus an-ailbéideacht aici, ós rud é go bhfuil sí clúdaithe ag an leac oighir. Creidtear go bhfuil uisce sreabhach faoin dromchla seo, fiú farraige iomlán, agus í á coinneáil ag sní agus ag sruthú ag fórsaí millteacha imtharraingthe Iúpatair agus na ngealach mór eile seachas Europa féin, cosúil leis an dóigh a bhfuil Io beo le bolcánachas de thoradh na bhfórsaí céadna. Tá an-spéis ag na heolaithe - ag lucht na réaltbhitheolaíochta ach go háithrid - ins an fharraige dhofheicthe seo, nó is dóigh le cuid acu go bhféadfaí theacht ar neacha beo den chineál is simplí, ar nós rudaí a bheadh cosúil le baictéir nó le fungais b'fhéidir, istigh ansin.
Tá atmaisféar tanaí ocsaigine ag Europa. Ós rud é go bhfuil leac oighir thart ar an ghealach, scarann móilíní uisce dá droim, agus an leac oighir á néalú. Ansin, le solas na gréine agus i bhfolús an spáis, titeann na móilíní seo as a chéile agus iad ag déanamh adaimh hidrigine agus ocsaigine. Éalaíonn an hidrigin ó imtharraingt na gealaí, éadrom is uile mar atá sí, ach ó tá an ocsaigin i bhfad níos troime, fanann farasbarr daoithi timpeall ar Europa.
Tá réimse maighnéadach ag Europa, agus é sách fannlag. Bíonn sé ag athrú go mór mór de réir mar a bíos imtharraingt Iúpatair agus na ngealach mór eile de chuid Iúpatair ar Europa ag fás is ag dul i laghad. Is é an tuairim atá ag na heolaithe gurb iad na mianraí iarainn atá tuaslaigthe ins an "fharraige" dhofheicthe is cúis leis an mhaighnéadas, agus go bhfuil an réimse ag athrú de réir thrá agus thuile na taoide ins an fharraige sin.