IN IKAALINEN
LE S.ALBERT KIVINEN
CUID A TRÍ
Here is another glossary for learners.
Chuala mé iomrá éigin ar mo dhuine cheana féin, nó d'inis duine de lucht m'aitheantais a rabh cónaí air i dTurku go rabh sé de nós ag muintir na háite sin a mhaíomh ná "an rud nach eol do Bhladh ní heol d'aon duine é" - mit ei Plaati tiärä, sit ei tiärä kukka. Fear ardléannta a bhí i mBladh, agus ag tabhairt léacht dó ba mhinic a tharraingíodh sé air cúrsaí ó imeall na gnátheolaíochta. Dá mbeadh aon duine in ann mé a chur ar bhealach mo leasa b'é Bladh é. In áit na mbonn ghlaoigh mé ar an teileafón air, agus d'éirigh liom é a shroicheadh leis an chéad iarracht. Bhí sceitimíní air bualadh liom, agus d'fháiltigh sé chuige féin mé ar an lá chéadna. Nuair a theastaigh uaim cupla focal a labhairt leis fá Rolfwén, mhol sé domh miontréithre an scéil a fhágáilt i leataobh go dtí go dtiocfadh liom iad a ríomh leis ina fhianaise. "Níl sé ceadmhach an iomarca scanradh a bhaint as éisteoirí teileafóin, ach oiread le héisteoirí raidió", ar sé go magúil.
Bhain mé amach Turku ar an chéad traein luais eile, agus thóg mé tacsaí ón stáisiún go teach Bhladh. Bhí an léachtóir ina chónaí in aon fhoirgneamh le hInstitiúid na Caonacheolaíochta, agus leabharlann phríobháideach aige a sháraigh a leithéidí eile ar fud na tíre. Má bhí aon áit fágtha eadar na seilfeanna, bhí trí chat ag Bladh ag déanamh cuideachta dó ansin: Scua liathbhán, Feodora bhreac ramhar agus Miranda chomair leathPheirseach. Bunfhear scothaosta cineálta a bhí i mBladh féin, agus é ag caitheamh "faisiún Oblómov", mar a d'úirt sé féin, is é sin, fallaing uaine shíoda.
Riar sé deoch pórtfhíona orm agus chuaigh sé a bhaint fóideoga. Bhí sé i ndiaidh moll mór leabhartha a charnadh ar an tábla: leabhartha móra téagartha a rabh cuma an ardléinn orthu; leabhartha póca Meiriceánacha; fótachóipeanna de lámhscríbhinní lán pioctúirí aistíocha. Chaith fear an tí tamall maith ag caint - thiocfadh leat a rádh gur léacht a thug sé uaidh, rud a thóg uair go leith an chloig air - ach níor thréig mo shúil ná mo chluais éisteachta é riamh.
D'inis sé domh fá thraidisiún nach rabh ar eolas ag mórán - sraith Cthulhu, nó Cuitilíocht.
"Cthulhu, Cutulu, Cuitilíocht - an aithníonn tú an t-ainm?"
"'Kutunluu!'", a sciorr uaim.
"Sin go díreach, sin é an rud a dtugaimid bréagshanasaíocht air - baintear ciall an fhocail dhúchasaigh as an fhocal iasachta ar comhfhuaimniú leis, agus nuair a ligfear an focal iasachta i ndearmad, míneofar an focal dúchasach de réir a ghnáthchéille, rud a chuirfeas bun le córas iomlán de phiseogaí."
Ba chuimhneach liom go rabh Rolfwén ag guí ar Kutunluu agus Satakuua nuair a tháinig gluaisteán na gealtlainne fána dhéin. Bhí a fhios aigesean an traidisiún sin...
Cha dtáinig aon mhaolú ar mo dhuine ach ag caint, áfach. Bhí tagairtí don Chuitilíocht i seanleabhartha nach rabh rófhurasta theacht orthu, ach má bhí, bhí raidhse eolais ar fáil i scríbhinní i bhfad níos so-aimsithe ach tú a bheith in ann an chiall cheart a bhaint astu. Rinne an scríbhneoir Meiriceánach Howard Phillips Lovecraft (1890-1937) a úsáid féin de na scéalta Cuitilíochta ina chuid saothar, agus lucht a leanstana ag arsaí na dtéamaí céadna. B'ait an scéal é go dtiocfadh le Lovecraft bheith comh h-eolach sin ar an tsraith seo, nó ba léir nach rabh ach cuid bheag de na príomhscríbhinní Cuitilíochta léite aige. I dtús báire ní rabh de mheas aige ar an traidisiún seo ach gur toradh samhlaíochta a bhí ann a rabh cead ag cách a shult is a shúgradh féin a bhaint as, ach de réir cosúlachta bhí sé ag glacadh na scéalta seo i bhfad ní ba dáiríre agus é ag dul anonn sna blianta. Agus déanta na fírinne, fuair sé bás sách óg, nó níor shlánaigh sé leathchéad bliain riamh...
Bhí léacht Bhladh breac le h-ainmneacha aistíocha barbartha. Bhí sé ag labhairt comh dúisitheach is gur mhothaigh mé baspairt na heagla cosmaí ag teacht fríom. Chuir sé os mo chomhair na Seanóirí Móra, agus Cthulhu chun tosaigh ar an chuid eile acu. Bhain sé cora as a lámha ag tabhairt cur síos ar R'lyeh, an chathair dhamnaithe faoi thalamh "nach rabh aon chéimseata cheart uirthi", mar a d'úirt Lovecraft féin. D'inis sé fá Cthulhu Mór, Tiarna na nUafás, a bhí le muscailt is le R'lyeh a fhágáilt; fán amadán dhall udaí Azathoth "nach rabh ann ach anord agus masla agus gealtacht i gcroílár na hollchruinne"; fán Uafás gan Ghnúis, Nyarlathotep, ag béicíl in oíche na gaoithe móire mar a bheadh bean sí ann; fá Hastur a ruaigeadh go réaltbhuíon na Hiaidí nó Hyades ("an Té nach labhraítear A ainm", Magnum Innominandum mar a tugadh air sna scríbhinní Laidine). Thrácht sé liom ar lucht cúntóireachta na Seanóirí Móra, na Vórmaigh, na Dholis, na Sogotaí is an mhuintir Tseó-Tseó; chuaigh sé a chaint ar leabhartha uafásacha ar nós Orthaí na nDholis agus Leabhar Eibon; nó ar dheasghnáthaí faoi cheilt agus ar an dúchinniúint a bhí daite riamh don té a mhúsclóchadh fórsaí toirmeasctha an dorchadais.
Bhí Bladh ag caint comh beoga sin is gur éirigh leis mé a chur fríd na huafáis sin dáiríribh: mhothaigh mé adharcáin Cthulhu ag cuimilt le caol mo choise; chonaic mé sciatháin leathair mhillteanacha Hastur ag eitilt fríd an spás; chuala mé na seantaicí, na héanacha a bhfuil clúmh éisc orthu, ag scairtigh, agus Bunadh frogchloigneach na nDuibheagán ag vácarnaigh; chonaic mé na caortha solais ar foluain síos i dtreo an talaimh agus ag titim as a chéile le ramallae dubh a dhéanamh...
"Is gnách na caortha seo a shamhlú le neach eile de na Seanóirí Móra, Yog-Sothoth..."
"Yog-Sothoth - Joch-so-tot!" arsa mise de scairt thobann.
"Tá an ceart agat ar fad: bréagshanasaíocht Ghearmáinise atá ann, agus nuair a chuirfeas muid Fionlainnis air, is é an t-aistriúchán a gheobhas muid ná ies kuollut. Is ionann aasa tuhti agus Astaroth nó Azathoth, agus tá sé 'fríd a chéile, ina phraiseach, mullin mallin', cionn is gur gnách anord agus gealtacht a chur ina leith. Agus an chéad Sheanóir eile, is é Tsathoggua é..."
"Tsathoggua!" a scairt mé ag seasamh suas is ag cur ruaigeadh ar Mhiranda a bhí cúbtha i m'aice.
"Is eadh, Tsathoggua, nó Sadogua as Laidin, Sadok, Zathucker, Satakuua..."
D'inis mé do Bhladh an cineál brionglóidí a bhí agam an oíche roimhe sin, agus é ag cur an-spéis ina rabh le rádh agam. "Ba cheart críochnaithe a taibhríodh duit é: creidtear gurb istigh ins an talamh thíos a chónaíonn Tsathoggua. Sílim gurb é cultas Tsathoggua atá i gceist sa chás seo dáiríribh. Is iad na dholis a bheir urraim is onóir do Tsathoggua, neacha ar a dtugtar péisteanna meánoíche fosta..."
"Dia dár réiteach, agus ceann acu scaoilte saor i gKyrösjärvi", arsa mise de mhairgnigh bhoicht. Ansin fuair mé greim muinchille ar Bhladh agus mé ag spalpadh asam gach dá rabh ar eolas agam ar Rolfwén, ar a chriostal dhubh agus ar Phéist an Mheán-Oíche a rabh a chuma uirthi go rabh sí ag imeacht le ceann sreinge aríst. "Faoi rothaí na gréine, cad é a thiocfas linn a dhéanamh?" arsa mise sa deireadh thiar thall.
Bhí Bladh aolbhán ina ghnúis, agus é ag cur géarchluais éisteachta air féin. "Níl aon amhras ann, dholi ceart atá ann agus é ag siúl an talaimh in Ikaalinen. Caithfidh muid plean a oibriú amach go cúramach. Bhail, ar a laghad, ní chreidfinn riamh go dtairgfí an t-áiméar domh radharc a fháil ar dholi ceart le mo dhá shúil chinn féin." Bhí an chéad stangadh bainte as Bladh go hiomlán, agus é ag breathnú mar a bheadh luibheolaí ann a bhfuil sceitimíní air roimh chineál annamh planda. Mhol sé domh cupa tae a chaitheamh siar le linn é féin a bheith ag cur síos ar an chuid eile den scéal sula gcromfaimist ar ár gcuid pleananna i dtaoibh na Péiste a chardáil. Thoiligh mé le sin, siúd is go rabh an fhoighid ag cliseadh orm, nó cha rabh mórán spéise agam i bhfadhbanna teoirice a thuilleadh.
Bhí Bladh ag leanstan leis ag tabhairt léachta. D'inis sé go mb'ionann an 'tochas i mbéal an éisc' - Kutka kalan suussa - agus Cthugha, deamhan na tine, a bhí ina chónaí ins an réalt udaí Fomalhaut a bhaineanns le réaltbhuíon Iasc an Deiscirt. Focal Araibise é Fomalhaut a chiallaíonns Béal an Éisc. An t-iolar gan ainm, b'é Hastur é a bhfuil cónaí air ins na Hiaidí i réaltbhuíon an Tairbh. Agus maidir leis na 'scileanna Pnacó', caithfidh sé go bhfuil baint acu le leabhar atá luaite leis an traidisiún, Na Lámhscríbhinní Pnacóiteacha. Na véarsaí a bhí ag tagairt do NECRO, bhí trácht soiléir iontu ar leabhar toirmeasctha eile, Necronomicon, agus na focail Apu alla hajoa, leagan truaillithe ab eadh iad d'ainm an údair a scríobh an leabhar de réir mar a chreidtear, an tArabach Abdul al-Hazred. Sa deireadh tharraing Bladh ceist níos praiticiúla air: ní gaoth í 'gaoth na péiste' ar aon nós. Ní rabh ins an fhocal udaí tuuli, gaoth, ach tagairt eile bréagshanasaíochta don dholi.
"Dealraíonn sé go bhfuil pacáiste iomlán den Chuitilíocht againn i gcúpla rabhán dothuigthe", arsa Bladh go sona sásta. Thug sé domh an tábla a bhí breactha síos aige:
CUITILÍOCHT | FIONLAINNIS | GEARMÁINIS |
Tsathoggua nó Sadogua | Satakuua | Zathucker, Sadok |
Cthulhu | Kutunluu (Cnámh na Minsí) | - |
Azathoth | Aasa tuhti ("Aasa" téagartha) | Astaroth |
Yog-Sothoth | Ies kuollut (Cuingir Mharbh) | Joch-so-tot |
Hastur | Nimetön kokko (An tIolar gan Ainm) | - |
na Hiaidí | Härän pää (Ceann an Tairbh) | - |
Cthugha | Kutka (An Tochas) | - |
Fomalhaut | Kalan suu (Béal an Éisc) | - |
Na Lss. Pnacóiteacha | Pnakotaidot (Scileanna Pnacó) | - |
Necronomicon | NECRO | - |
Abdul al Hazred | Apu alla hajoaa (An cuidiú ag titim as a chéile) | - |
Dholi | Matotuuli (Gaoth na Péiste) | - |
B'éigean domh a aidmheáil go rabh na véarsaí dothuigthe béaloideasa soiléirithe go hiomlán ag Bladh. B'fhíor é: "an rud nach eol do Bhladh, chan eol d'aon duine é."
Ansin thoisigh muid a chur plean praiticiúil i dtoll le chéile le fáil réitithe de Phéist an Mheán-Oíche. Ar tús d'iarr Bladh orm mo scéal a inse aríst ó thús deiridh. B'iomaí ceist a chuir sé orm, agus é ag iarraidh mionsonraí a bhaint asam nach mba léir domh a mbaint leis an scéal. Ó am go ham chuaigh sé go dtí an tseilf le leabhartha a bhrobhsáil. Is dócha gur scríobh sé síos deich leathanach nótaí. Bhí an clog ag druidim lena dó san oíche, nuair a bhí sé críochnaithe. "Caithfidh mé sreangscéal a chur go Cambridge is go Göttingen amárach le tuilleadh a fháil amach - agus ní mór don bheirt againn cuairt a thabhairt ar Ikaalinen le ceastóireacht a chur ar do chara N. - ach tá cnámha an scéil ag teacht chun tsolais anois..."
"Cad é an cineál neacha iad na dholis seo ar aon nós? Cad é mar a thig le ceann acu dhá scór bliain a chaitheamh beo bíogúil taobh thiar de bhallaí bríce i bpoll talaimh?"
"Bhail, níl a fhios agam an féidir liom féin a mhíniú...Ní ainmhithe iad a d'eascair ónár n-éabhlóid féin. Is é an áit a gcónaíonn siad ná 'eadar na diminsiúin', mar a d'úirt Lovecraft féin, lá dá shaol. Ciallaíonn sin go dtáinig siad as áit éigin taobh amuigh dár n-ollchruinne thríthoiseach féin. Is gnách linn seitgháirí a dhéanamh fá phisreoga na seanleabhartha draíodóireachta agus na deasghnátha a chardáiltear iontu, ach tá a gciall féin leofa. Siúd is go bhfuil gach cineál míthuiscint agus páistiúlacht iontu, cuireann siad síos ar bhealach sách praiticiúil ar an dóigh le cur ar chumas an dholi theacht chun ár saoil féin. Is é is cuspóir leis na híobairtí fola agus túise ná go bhfuil damhna i bhfoirm gháis agus leachta de dhíth ar an dholi chun colainn a chruthú dó féin. De réir a chéile tá an dholi ag éirí níos cosúla le neach ábhartha corpartha, agus é ag dul in anás scamhaird fosta. Mura dtugtar biadh is beatha dó, tiocfaidh meath air, ach bíonn na dholis iontach fadálach ag fáil bháis. Is féidir corp agus colainn an dholi a mhilleadh air le nimh is le tine, ach níl a fhios agam an bhfaigheann sé bás ansin nó an bpilleann sé ar an áit as a dtáinig sé. Deirtear sa traidisiún gur féidir an dholi a 'chur ar ais chun Ifrinn', rud atá ag cur leis an darna rogha. Tá clasaiceach agam anseo a thuillfeadh bród d'aon leabharlann ollscoile - sacre bleu!"
"Cad é atá cearr anois?"
"Nach mise an t-amadán. Ba chóir domh a thuigbheáilt a thúisce is a chuala mé ag trácht ar Ghöran Rolfwén thú an chéad uair...Fan bomaite."
Thóg Bladh den tábla leabhar dhá chéad leathanach a chuir sé go mórtasach faoi mo shrón. B'í Die Dholen-Hexerey í - "Draíocht na nDholis" - arna cur i gcló i bhFrankfurt sa bhliain 1675.
"Caith súil ar ainm an té a rabh an leabhar seo aige lena linn."
Bhí na litreacha seo le léamh ar an chéad leathanach:
1891
G.R. - Göran Rolfwén. An mb'eisean a léigheadh an leabhar seo na hoícheanta uaigneacha i dteach mhallaithe Ruutinkari? An mb'ansin a chrom sé ar a chuid scéimeanna cinniúnacha le muintir na hollchruinne eile a scairteadh chuige? Nó an amhlaidh gur éirigh leis roimhe sin féin, agus nach rabh sé ach ar lorg áite ina bhféadfadh sé bheith scoite ón chineadh dhaonna lena chéile chomhluadair uafásach? Ó Chnoc na Péiste a shéideadh gaoth na péiste roimh lá an Roilbhéanaigh...
D'fhiafraigh mé de Bhladh cad é a shíl seisean den scéal. Bhí sé barúlach go mb'fhéidir gur áit réamhstairiúil íoladhartha a bhí i gceist le Cnoc na Péiste agus í ag tarraingt dholis ina leith. B'fhéidir gurbh ansin a tháinig Rolfwén ar a phéist féin.
D'fhoscail Bladh an leabhar le pioctúir ciotach línithe de Phéist an Mheán Oíche a thaispeáint domh. Bhí sé go hiomlán ag cur leis an tuairisc a fuair mé ó N.: péist a rabh lámha an phortáin nó na scairpe aici agus cloigeann cineál daonchosúil uirthi. Bhí an dholi ar an phioctúir in éis duine a cheapadh is a mharú agus í ag baint an ionathair as lena ithe. Bhí an tátal le baint as an phioctúir go rabh an dholi seo deich méadar ar fad, nó corradh leis.
Rith ceist eile liom, agus d'fhiosraigh mé de Bhladh, an dholis a bhí ins na nathracha fosta a thuill a chliú don oileáinín i ndiaidh bhás Rolfwén.
"Ní headh, mon ami, scéal eile atá i gceist leofasan. Ábhar spéise is eadh é go rabh, de réir dealraimh, traidisiún toirmeasctha eile ar eolas ag Rolfwén. Fan bomaite - tá leabhartha agam fán ábhar sin comh maith."
Rug Bladh ar chupla saothar eile as a leabharlann dhospíonta agus chuir sé ar an tábla iad. "Is é an ceann seo is suimiúla", ar seisean ag taispeáint saothar deich leathanach is dhá scór in octábhó.
B'é an teideal a bhí ar an leabhar Laidine ná Comhairlí ó Thríofón Ceilioppos Heindeiceagrammátos fán dóigh cheart le fórsaí na réaltaí is na reann a tharraingt isteach i mbuachlocha. Clement Wardwell a d'aistrigh agus a chuir tráchtaireacht leis, Amstardam 1685.
D'inis Bladh gur manach Biosáinteach a bhí i dTríofón Ceilioppos a mhair ins an cheathrú haois déag agus baint aige, mar a léirigh a ainm, le heagraíocht an Heindeiceagraim Dhuibh - sin le rádh, cumann na Réalta Duibhe Aon Bheara Déag; rúnchumann a bhí ann a dteachaigh a phréamha siar a fhad le hAileacsaindria an Heilléineachais féin.
D'fhoscail mé an leabhar agus mé ag léamh ón chéad fhocal a bhfuair mé radharc air.
Nó is é seo an rún nach bhfaigheann lucht adhartha na Nathrach Dúbailte Fteigil-Neits amach - agus má gheibh, go dteánaí fearg TYFON ródach orthu - : nuair a bhéas a haon déag faoina haon déag de laetha caite i mbroinn a mháthara ag do pháiste, nuair a bhéas an Ghrian agus an pláinéad udaí Mars ins an chéad Deacán den tSaigheadóir, caithfidh tú an páiste a chur ar an altóir le haghaidh bainise...
Mhínigh Bladh domh nach rabh an focal "páiste" ag tabhairt d'aon duine, ach do chriostal dhubh a bhí le láimhdeachas de réir dheasghnátha samhnasacha na marbhdhraíochta chun é a luchtú le fuinneamh síceach.
"Ná fiafraigh díom cad é an rud é an fuinneamh sin. Níl a fhios ag aon duine ná deoraí é. Ach dealraíonn sé, nuair a bhíodh na deasghnátha sin istigh, go n-éiríodh cineál claí leictrithe dofheicthe thart ar an chriostal: dá bhféachfá le dhul fríd, chosnóchadh an chloch í féin ar bhealach teileapatach, ag cur d'intinn fríd a chéile (nuair a tháinig Bladh a fhad seo ag inse leis, rith liom an dóigh a rabh na faoileáin ag seachaint Ruutinkari). Tá sé ag cur le seo go rabh eagla dhomhínithe ag teannadh ar na fir óga sin agus iad ag iarraidh a dhul i dtír san oileán. Thoisigh an radar teileapatach a dh'oibriú nuair a bhí siad i bhfad ón oileán go fóill, agus murar thuig siad an chéad rabhadh seo, b'é an chéad chéim eile go bhfaca siad nathracha. Tuigtear duit anois cad é mar a thig leis na nathracha i Ruutinkari geimhreadh na Fionlainne a sheasamh: níl aon nathair beo san oileán ar aon nós! Níl, ná ruball nathrach; ach an seachmall a thig ort san fhóidín mearaí sin, tá sé comh láidir is go bhfaighfidh tú fíorbhás má bhaineann nathair shamhailteach greim samhailteach asat. Caithfidh sé go bhfuil an criostal ansin i gcónaí."