Stair na Rúise as Gaeilge, Cuid a Trí

Stéanca Raizín

Taoiseach Cosacach a bhí i Raizín a bhíodh i gcónaí ag creachadóireacht ins an Pheirs agus i nDeisceart na Rúise. Cineál foghlaí a bhí ann thar aon rud eile, agus de thaisme, a bheag nó a mhór, a tharla i gceannas ar éirí amach abhalmhór é, i ndeireadh na 1660idí. Ag ascnamh suas an abhainn dá chuid díormaí, chorraigh siad na sluaite síoraí chun catha in éineacht, le ruaigeadh a chur ar na huaisle is ar an tSár. Tháinig arm Raizín a fhad le Suimbiorsc (Simbirsk) - an áit ar rugadh Léinín, dála an scéil, agus caithfidh sé go gcluineadh sé stairsheanchas fá dtaobh de Raizín cois tine nuair a bhí sé óg - ach b'ansin a chloígh fórsaí an tSáir é. Gearradh pionós thar a bheith brúidiúil ar Raizín agus ar a lucht leanstana: deirtear gur maraíodh céad míle de dhaoiní ar caitheadh amhras na ceannairce orthu. Scéal tipiciúil laochais a bhí i mbeatha agus i mbás mo dhuine, agus é ina spreagadh ag intinn chruthaitheach an duine. Mar sin, mhair cuimhne Raizín i bhfad ina dhiaidh i mbéal an phobail is na seachaithe, agus, go háithrid, ins na hamhráin tíre. Thairis sin, ní mór an t-úrscéal mór millteach éipiciúil a luaigh a chum Vasailí Siúicsín, scannánaí agus scríbhneoir, thiar ins na seascaidí. Tháinig an t-úrscéal amach i dtús na seachtóidí - Ya prishol dat' vam volyu - "Tháinig mé leis an tsaoirse a thabhairt daoibh". Áirítear an t-úrscéal seo ar shaothair mhóra na litríochta Sóibhéidí i gcónaí, agus ní bheadh obair amú ann dá gcuirfí Gaeilge air. Is féidir a rádh gur cuid lárnach de mhiotas náisiúnta na Rúise é scéal Stéanca Raizín, agus meas an laoich ar mo dhuine.

Éirí Amach Chméilníotscaí

Bhí trioblóidí de chineál eile ag luí ar Chosacaigh na hÚcráine a bhí ina gcónaí ní b'fhaide san Iarthar ná muintir Raizín. Ba ghéillsinigh Pholannacha iad Cosacaigh na hÚcráine, go bunúsach, ach d'éirigh brilsce eadar iad agus na Polannaigh fá chúrsaí creidimh. Theastaigh ó na Cosacaigh a seanurraim a thabhairt d'eaglais Ortadocsach an Oirthir, agus Rí na Polainne ag iarraidh an Caitliceachas a bhrú anuas orthu. Thairis sin, ba mhian leis na huaisle Polannacha an feodachas is an seirfeachas a fhairsingiú a fhad le tír na gCosacach, rud nár thaitin leis na Cosacaigh féin ar aon nós. Nó is é is brí le "Cosacach", mar fhocal is mar choincheap, ná duine dá sliocht siúd a d'éalaigh ó lámh thapaidh na n-uasal feodach Rúiseach go dtí na machairí in iardheisceart na tíre. Ba dual do na Cosacaigh, mar sin, fuath a thabhairt don té a d'fhéachfadh tíorántacht den chineál seo a imirt orthu. Bhí mionchogaíocht ar obair eadar na Polannaigh agus na Cosacaigh comh fada siar le deireadh na seisiú haoise déag, ach nuair a tháinig an chuma ar an scéal go rabh siad ag cailleadh an chatha, chuaigh na Cosacaigh i dtuilleamaí an tSáir Aileicséigh Míocháileivits ins an bhliain 1653. Socraíodh go rachadh Cosacaigh an Iarthair isteach in Impireacht na Rúise, ach ó bhí fear oilte sciliúil ag déanamh na taidhleoireachta thar a gcionn - ceann urraidh Cosacach darbh ainm Bogdan Chméilniotscaí (nó Chmielnicki, mar a litríonns na Polannaigh é) - bhain siad amach comha aontais a bhí iontach fabhrach dófa: thoiligh an Sár le neamhspleáchas sách cuimsitheach a fhágáilt acu chun cúrsaí inmheánacha na hÚcráine a rialú. Ar an drochuair dá mhuintir féin, fuair Chmielnicki bás, agus chlis ar a mhac Iúirí (Seoirse, Jerzy) an bhearna bhaoil a líonadh ina dhiaidh. Tháinig na díormaí Polannacha isteach leis an "bhruach dheis" - an bruach thiar den abhainn udaí Dniepr - a fhorghabháil agus a cheangal dá dtír féin - a nascghabháil mar a deir lucht na nua-théarmaíochta ar Acmhainn.ie - agus b'é an bruach eile a fágadh ag an Rúis, mar a cinneadh i gconradh síochána na bliana 1667 in Andrusovo.

Ní rabh fad saoil i ndán don tsochaí áithrid sin, áfach, nó d'éirigh trioblóidí nua le ceannairc Phiotr Doraiséanco a rinne iarracht an uile Úcráin a ghabháil le dhul i gceannas uirthi é féin. Chuaigh sé a lorg cuidiú ó shabhdán na Tuirce, ach ní bhfuair sé a achainí; i gceann sraith bhlianta b'éigean dó é féin a thabhairt suas do ghinearáil an tSáir. B'é ba toradh dó seo, áfach, gur chaith an Pholainn, an Tuirc agus an Rúis an chéad cheithre scór bliain eile ag cur cogaidh ar a chéile agus iad ag iompairc fán Úcráin.

An Gabháltas ag dul ar an tSibéir

Ins an am chéadna bhí an cóilíniú Rúiseach ag teannadh soir ins an tSibéir, agus cathracha úra á mbunú. B'ins an bhliain 1639 a bhain an chéad fhórsa sluaíochta amach cósta an Aigéin Chiúin - nó Muir Ochóta, mar a bheirthear ar an mhurascaill taobh thiar de Leathinis Chaimtseatca. Na bundúchasaigh a bhí ina gcónaí ins an tSibéir roimh choinscleo na Rúiseach, ní rabh cur in aghaidh an ionraidh seo iontu, nó go bunúsach ba treibheanna scoite de shealgairí agus d'fhánaithe iad, agus cuid acu ag buachailleacht réinfhia. Nuair a thoisigh na cóilínithe Rúiseacha a líonadh isteach ina scórtha aniar, bhí lá na mbundúchasach caillte go hiomlán.

Ní rabh na fáiteallaithe fánacha ábalta ag an chineál seo naimhde, agus an cultúr feirmeoireachta a bhí acusan. Nuair nach rabh i gceist leis na Rúisigh seo ach fórsa míleata le do thír a ionsaí, bhí tú in ann a chreidbheáilt go n-éireochadh leat fá dheoidh ruaigeadh a chur ar na hionsaitheoirí; nó i ndiaidh an iomláin ní bhíodh aon mhoill ar na daoiní "primitíbheacha" riamh an dóigh cheart a fhoghlaim le húsáid a bhaint as an raidhfil, mar shampla: más agatsa ab fhearr a bhí fios na mbólaí seo, níor theastaigh uait ach éirí eolach ar na hairm nua a tháinig isteach leis na hionraitheoirí, agus bhí an lá leat.

A thúisce is a d'éirigh leis na Rúisigh an talamh a thabhairt chun tíreachais, seadó a dhéanamh ins an áit agus a rogha cuma a chur ar an imshaol, ní rabh fágtha ag na bundúchasaigh ach a mhór a dhéanamh den drochscéal. Cuid acu, d'éirigh leofa go measartha déanamh as dófa féin agus iad ag díol fionnaidh leis na cóilínithe agus leis na trádálaithe. An chuid eile, áfach, ba bhocht an cruatan a d'fhuiling siad, agus na baillí is na Cosacaigh ag gearradh cíosa is cánach orthu de réir mar a thigeadh an tallann orthu. Nó bhí an tSibéir i bhfad ar shiúl ón tSár, agus cead a chinn ag achan ábhar deachtóra impire beag a ghairstint de féin. Bhí Oirthear Fiáin seo na Rúise iontach cosúil le hIarthar Fiáin Mheiriceá dhá chéad bliain ina dhiaidh.

Bhí lá Pheadair Mhóir ag gealadh fán am seo.

Peadar Mór

Rugadh Piotr Aileicséigheivits Románov ins an bhliain 1672. Le linn a chéad óige ní rabhthar ar aon bharúil fán chomharbacht, agus trioblóidí ar coipeadh sa chúirt: ba chuid de shaoltaithí an bhuachalla bhig daoiní uaisle a fheiceáilt báite ina gcuid fola le súile a chinn féin. Chun Peadar óg a choinneáil slán sábháilte ó chaimiléireacht na cúirte tógadh fán tuath é, áit ar éirigh sé mór leis an chosmhuintir agus - thar aon dream eile de dhaoiní - le muintir Nemetskaya Sloboda.

I gComhluadar na gCoimhthíoch

Is é is brí le Nemetskaya Sloboda ná Saorcheantar na nGearmánach - déanta na fírinne, ní Gearmánaigh amháin a bhí ina gcónaí ansin, ach strainséirí ó thíortha eile freisin, ach i dtús báire d'úsáidtí an focal nemets a chiallaíonn "Gearmánach" i Rúisis an lae inniu - d'úsáidtí é le tagairt do strainséir ar bith a rabh teanga dhothuigthe á labhairt aige. (Tá an téarma seo gaolmhar leis an aidiacht a chiallaíonns "balbh" - nemoy; is minic a shíleanns lucht labhartha aon teanga amháin gur balbh nó bodhar atá an té nach bhfuil in ann an teanga "cheart" a chanadh ná a thuigbheáilt.) Cad fáth a dtugtaí "saorcheantar" ar an áit, mar sin? Bhail, bhí dianseirfeachas i bhfeidhm ar an Rúis ar fad, agus b'éigean díolúine - saoirse speisialta - ón tseirfeachas a phronnadh ar na heachtrannaigh - ceardaithe, tráchtálaithe agus a leithéidí - a bhí ina gcónaí san áit.

D'fhoghlaim Peadar óg léann nua-aimseartha an Iarthair agus go leor scileanna innealtóireachta ó mhuintir an tSaorcheantair. Ón taoibh eile de, ó tharla go rabh a fhios aige go rabh sé i ndán dó a dhul i gceannas ar an tír ab fhairsinge ar domhan, fágadh gan toilsmacht é. Ba dual dó ragairne rábach ó bhí sé ina dhéagóir óg aerach, agus é ag ól is ag bualadh craicinn ar nós an diabhail féin má bhuail an tallann é.

An Sár ina Chearpantóir

Gaireadh Sár de Pheadar nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois. Nuair a bhí sé cúig bliana fichead, d'fhág sé Moscó in éineacht le lucht mór coimhdeachta le dhul i dtaithí ar chultúr na hEorpa. Chaith sé seal ins an Ollainn, agus é ina phrintiseach cearpantóra sna longcheártana, nó bhí an-spéis aige riamh ins na longa agus i gcúrsaí loingseoireachta. Lean sé air ag tógáil long i Sasain, agus é ag déanamh dianstaidéar ar an chineál saoil a bhíodh ag na daoiní ins na tíortha coimhthíocha, ar an chineál sochaí agus forais shóisialta a bhí iontu. D'fhruiligh sé slua mór eolaithe is lucht léinn le haghaidh na Rúise agus chrom sé ar mhalairt cuma agus cumraíochta a chur ar shaol na tíre.

Fear tallannach, fear cruálach

Ag pilleadh chun an bhaile dó fuair sé a chuid saighdiúirí i mbun ceannairce. Ó bhí sé i ndiaidh dhá reisimint den chéad scoith a chur ar bun roimh imeacht ar an choigríoch dó, agus iad mionnaithe dó go pearsanta, chuaigh aige lucht na ceannairce - na Streiltsigh (nó na "Lámhachóirí"), lucht na seanreisimintí - a cheansú go gasta. Na tuathghríosóirí a chuir tús leis an éirí amach, básaíodh go sciobtha iad, ach ina dhiaidh sin féin, chrom Peadar ar na gnáthshaighdiúiri a chéasadh le h-"aidmheáil a gcuid míghníomhartha is coireanna" a bhaint astu. B'iomaí súil a stoith sé agus b'iomaí srón a réab sé. Déanta na fírinne, ba mhór an t-ábhar suilt is saobhthaithnimh dó riamh príosúnaigh a chéasadh. Ba chuid é seo d'fhiántas is de bharbarthacht a charachtaera, agus gach seans go rabh baint aige seo le comh tugtha agus a bhí sé do chraiceann a chuid ban: sílim nach rachainn thar an cheasaí ag rádh gur gealt gnéis agus Sádach a bhí i mo dhuine.

I ndiaidh an ródaigh seo rinne mo dhuine deimhin de nach dtitfeadh a leithéid amach aríst. Chuir sé eagar agus inneall ar an arm, na Cosacaigh ins an áireamh, agus chuir sé coinscríobh i bhfeidhm ar aicmí nua den tscochaí. Mar a chonaic muid cheana, bhí a chroí sáite ina chuid long, agus é iontach gnoitheach ag iarraidh cabhlach ceart a thógáilt don tír, ach, gan amhras, rinne sé téisclim mhór chogaidh ar bhealtaí eile freisin, ag earcú is ag cóiriú reisimintí nua airm agus ag cur garastúin á dtógáilt.

Cogaíocha Pheadair

Agus é comh doirte sin don arm, ní díol iontais é gur iompaigh sé amach ina fhear mhór cogaíochta. I mblianta deireanacha na seachtú haoise déag chuir sé cogadh ar an Tuirc agus bhain amach tailte nua theas. Ins an bhliain 1700, áfach, chuir sé a ladar i gCogadh Mhór an Tuaiscirt, coimhlint fhadaraíonach a rabh an tSualainn, an Danmhairg is an Pholainn in abar inti cheana féin. Mhair an cogadh áithrid seo an chéad scór bliain den ochtú haois déag, agus ó chuaigh Rí na Sualainne, agus é i ndiaidh a arm ar fad a chailleadh i gcath Poltava sa bhliain 1710, - ó chuaigh Rí na Sualainne ar lorg cuidiú ó Shabhdán na Tuirce, d'éirigh in athuair eadar an Rúis agus an Tuirc. Ba bheag a fuair Peadar de bharr an chogaidh seo, amach ó phíosa den Fhionlainn a bhí de dhíth air le cúl a phríomhchathrach úrbhunaithe a chosaint.

An Phríomhchathair Nua

Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáilt na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte daoithi: Sanct-Peitearburg, Cathair Naomh Peadair. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiachaibh ar bhunadh an cheantair thart ar an áit - an Ingearmanlann a bheirtí ar an chúige ar na saoltaibh udaí - a dhul a thógáilt na cathrach nua dó. Bhí láithreán na n-oibreacha seo inchomórtais ar fad le sluachampaí géibhinn Stailín, agus na sclábhaithe comh héigiontach le chéile ins an dá áit. Lena cheart a thabhairt do Pheadar, áfach, ní mór dúinn a aidmheáil gur éirigh leis an tSár shíorbhuailteach rud fónta a chur i gcrích ar an bhealach ghránna seo: ba bheag toradh úsáideach a bhíodh ar a rabh eadar lámhaibh ag daoroibrithe Stailín, nó cha rabhthas go bunúsach ach á gcéasadh, gan aon chuspóir ceart a bheith lena streachailt. Maidir le Peadar, chan lena gcéasadh amháin a mhaslaigh sé na daoiní bochta, siúd is gur cuma leofa féin ins an deireadh, agus iad ag déanamh créafóige faoi bhun na cathrach.

In ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go rabh an teideal udaí "Sár" á chleachtadh ag ríthe Mhoscó le fada - agus an focail féin - tsar' - bunaithe ar ainm Iúil Séasair ar tús - cha mbíodh Impirí na Rúise ag tabhairt imperator orthu féin roimh Pheadar.

Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí

Ós rud é go rabh Peadar comh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na prikazy, na húdaráis lárnacha a rabh gach aon cheabb acu bunaithe ar ordú ar leith ón tSár seo nó siúd fadó - déanta na fírinne, "ordú" is bunchiall leis an fhocal prikaz féin - agus a gcuid dualgaisí ag teacht salach ar a chéile go mion minic. Bhí sé de rún ag Peadar córas ní ba solúbtha a chur in áit tranglam na bprikazy. Ins an am chéadna, lean Peadar ag cloí na sean-uasalaicme - na tiarnaí talaimh - le haicme nua de mhaorlathaigh oilte a chur ina hionad. D'aicmigh Peadar na maorlathaigh de réir tábla céimíochtaí a bhí múnlaithe in aithris ar chóras na gcéimeanna míleata: an duine a bhainfeadhgbhainfeadh amach céim sách ard ag dul suas an dréimire seo, phronnfaí gradam uaisleachta air is ar shliocht a shleachta. Dá thoradh seo, tháinig uasalaicme nua - uasalaicme na maorlathach - in iomaíocht leis na seantiarnaí talaimh.

Fear Mór Tionsclaíochta agus Marsantachais

Chuir Peadar an chéad bhun leis an réabhlóid tionsclaíochta freisin, nó bhunaigh sé monarchana anseo is ansiúd le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgiú le haghaidh easpórtála, agus é ag iarraidh an margadh intíre a chosaint ar iompórtáil iasachta ins an am chéadna fríd dhleachtanna arda caomhnaitheacha a ghearradh is a thobhach - is é sin, bhí sé ag cleachtadh an chineál polasaí ar a dtugann na staraithe eacnamaíochta marsantachas. (Leis an tseachtú haois déag is mó a bhaineanns an marsantachas ins an chuid is mó den Eoraip, dar liom, nó tháinig na fisealathaigh chun tosaigh ins an ochtú haois déag, agus iad ag cur níos mó béime ar shaoirse an ghnóthadóra ghustalaigh.)

An Cultúr Nua

Cha rabh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoltacha le heolaithe mara agus loigseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhartha eolaíochta á bhfoilsiú, ceimic is fisic, geograife is réalteolaíocht, matamaitic is innealtóireacht. Chrom na saieolaithe ae imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bhocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.

Ós rud é nach rabh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mhnaoi luí ab ansa leis, - ós rud é nach rabh sé in ann aon tabhairt suas cheart a chinntiú dá mhac, ní bhfuair seisean - Aileicséigh ab ainm dó, agus é ainmnithe as athair Pheadair - le hoidhríocht ach drochthréithre a athara. Bhí sé corrach guagach mar dhuine, agus é ag braiteoireacht ón chráifeacht go dtí an ragairne óil. Bhain an freasúra coimeádach eaglasta a ngaisneas as an mhac, nó bhí siad meáite ar Pheadar a ruaigeadh as an ríchathaoir agus Aileicséigh a chur ina áit mar bhalbhán fannlag d'Impire, le go mbeidíst féin ag rialú na tíre. Tháinig an chomhcheilg seo chun solais, áfach, agus thug an tImpire drochíde mhíthrócaireach dá mhac le hainmneacha na gcomhchealgairí eile a fháscadh as. Ins an deireadh thiar thall, maraíodh Aileicséigh ins an phríosún.

Bás Pheadair agus Praiseach Nua na Comharbachta

Fuair Peadar Mór bás ins an bhliain 1725, agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air. Ó bhí an mac marbh, d'fhág sé cúrsaí na comharbachta ina bpraiseach ina dhiaidh. B'í baintreach Pheadair, Caitríona (nó Éacaitéiriona) ba túisce a chuaigh i seilbh na tíre, ach nuair a fuair sí bás, gaireadh oidhre úr de gharmhac Pheadair - Peadar a bhí airsean freisin. Cha rabh ann ach buachaill óg, agus tholg sé ulpóg a bháis sula rabh d'uain ag lucht na cúirte é a chorónú ina Impire nua. Ansin, b'í Anna Íobhánovna - Áine, iníon Eoin -, neacht shean-Pheadair, chun tosaigh mar Bhan-Impire sealadach, agus lucht na comhairle rúnda ag iarraidh srianta a choinneáilt lena cumhacht le dianchoinníollacha. Cha rabh Áine sásta leis na coinníollacha, ní nach ionadh, agus nuair a fuair sí an chéad áiméar, chuir sí lánscor ar an chomhairle rúnda agus chaith sí na comhairleoirí i dtóin phríosúin. Mar sin, bhain sí an bhearna de na móruaisle, agus ós rud é gurb ón Laitvia daoithi ó thús, d'fhoscail sí geaftaí an pháláis dá cuid ceanán ón chearn sin den domhan. Lucht labhartha Gearmáinise a bhí iontu sin, cosúil leis an chuid is mó d'uasalaicme na dtíortha Bailteacha, agus dímheas acu ar an Rúisis agus ar chultúr is ar nósanna na tíre. Mar sin, fuair na Rúisigh iad féin curtha i leataoibh ina bpríomhchathair féin.

B'é leannán Áine, fear dar sloinne Biron, a bhí i gceannas ar lucht leanstana an Bhan-Impire, ach nuair a bhásaigh Áine, d'éirigh eadar Biron agus peataí eile na caillí, agus cimíodh é go luath. Bhí na cúrsaí comharbachta ina bpraiseach i gcónaí, agus is mar sin a d'fhan siad, go dtí go dtearn Éilís (Éiliozaivéata), deirfiúr Pheadair Mhóir, an chumhacht a fhorghabháil le láimh láidir i Mí na Samhna den bhliain 1741. Ó bhí Éilís comh bréan breoite de na Gearmánaigh agus an chuid eile de na móruaisle Rúiseacha, ruaig sí chun na Sibéire iad, agus thug sí isteach Rúisigh dhúchasacha ina n-áit le gnoithí na ríochta is an rialtais a reachtáil.

Ní rabh Éilís róthugtha do ghnáthaimh an rialtais, nó b'fhearr léithi pléaráca agus ragairne. Murab ionann is Peadar Mór, áfach, thuig sí go sármhaith comh tábhachtach is a bhí cúrsaí na comharbachta, agus í ag iarraidh líne ghlan folaíochta ó Pheadar Mhór anuas a dhearbhú mar bhunchritéar don oidhre cheart Impiriúil. Ar an drochuair, roghnaigh sí an duine contráilte mar chomharba: Karl Peter Ulrich von Holstein-Gottorp.

Bhí fuil Pheadair Mhóir i gKarl Peter Ulrich ceart go leor, ach sin a rabh de dáiríribh. Nó siúd is gur mac deirféara do Pheadar a bhí ann, cha rabh focal Rúisise ina phluic, ná suim aige i gcúrsaí na tíre. Nuair a tháinig an buachaill seo i réim ins an bhliain 1761, agus Éilís básaithe, bhí an Rúis agus an Phrúis in adharca a chéile, agus Cogadh na Seacht mBlian faoi lántseol. Bhí an Phrúis ag cailleadh fóid go tiubh, agus Feardorcha a Dó (Friedrich II), rí na Prúise, ar shéala géilleadh go neamhchoinníollach. Is amhlaidh, áfach, nach rabh i gKarl Peter Ulrich - nó Peadar a Trí, mar a bheirtí air ins an Rúis - nach rabh ann ach mionphrionsa Gearmánach, go bunúsach. Agus mar ba dual do mhionphrionsa Ghearmánach, bhí sé ag dearcadh ar Rí na Prúise mar bhoc mór millteach a rabh urraim agus dílseacht ag dul dó - cha rabh sé in ann a thuigbheáilt go rabh sé féin ar aon leibhéal le Feardorcha anois, agus é ina Impire ar ríocht comh fairsing leis an Rúis! Mar sin, d'éirigh Peadar a Trí as an chogadh ar an toirt. Aon scraith talaimh de chuid na Prúise a bhí sealbhaithe ag díormaí na Rúise, thug Peadar ar ais d'Fheardorcha í, agus sin faoi chroí mhór mhaith.

Is beag an díol iontais é gur tharraing a leithéid d'fheillbheart míghnaoi an airm ar Pheadar a Trí. Agus bígí cinnte nach rabh aon mhoille orthu a dhul chun cearmansaíochta ar mo dhuine. Bhí siad i gcomhcheilg le Caitríona, bean Pheadair, agus í sásta iomlán na cumhachta a ghlacadh chuici féin, nuair a bhí an tImpire scuabtha i leataoibh.

Caitríona Mhór

Gearmánach a bhí i gCaitríona féin, agus í ina mion-bhanphrionsa as ceann den dúrud stáitíní beaga neamhspleácha a bhí ins an Ghearmáin ar na saoltaibh sin. Ach más amhlaidh féin, ghlac sí a dualgaisí impiriúla as pabhar dáiríribh. Rinne sí a croídhicheall le haithne a fháil roimh ré ar an tír seo ina rabh sí le gnoithe na banríona a dhéanamh. Má bhí Peadar a Trí dall ar fad ar theanga na Rúise, cha rabh aon chúl ar Chaitríona í a fhoghlaim go paiteanta. Deirtear go gcleachtaíodh sí Rúisis líofa bheoga na ngnáthdhaoiní, agus deis a labhartha go maith aici, siúd is gur theip uirthi an chorruair caighdeán ceart na gramadaí a thabhairt léithi. Cibé scéal é, bhí na Rúisigh sásta glacadh léithi mar duine acu, agus rinne sí a cuid féin dá gcultúr, eadar shuáilcí agus dhuáilcí. Cha rabh mórán suime aici riamh ina fear ó thaobh an chraicinn de, ná aigesean inti féin, agus nuair a rugadh mac daoithi i ndiaidh naoi mbliana pósta sa bhliain 1754, is iomaí tuairim a thug lucht na caidéise ar an té a chuir an síol: b'é an scéal ba mhó scainnir ná gur scológ de phór na Fionlainne a bhí in athair an mhic - duine acu siúd a rabh cónaí orthu ins na sráidbhailte beaga thart ar an phríomhchathair. Fíor nó bréag é, ní bhfuair Caitríona a páiste a thógáilt í féin, nó b'í Éilís a ghlac uirthi féin an obair sin a dhéanamh. Paibhéal - Pól - an t-ainm a baisteadh ar an leanbh.

Bás an Treas Peadar

Ins an bhliain 1762 a chimigh baicle d'oifigigh an Airm Peadar a Trí, agus mar is gnách ina leithéid de chás, fuair mo dhuine bás "faoi imthoscaí doiléire" go gairid ina dhiaidh sin. Gaireadh impire mná de Chaitríona, agus chrom sí ar a cuid oibre go díograiseach. Ós rud é gur Gearmánach a bhí inti ó dhúchas, rinne sí a dicheall gnaoi na Rúiseach a thabhú. Thug sí bata agus bóthar do na hoifigigh Phrúiseacha a bhí earcaithe ag a fear céile le haghaidh an airm, agus í ag cur saighdiúirí dúchasacha ina n-áit. Na tailte a choigistigh Peadar Mór, fuair an eaglais Ortadocsach ar ais iad ó Chaitríona faoi chroí mhór mhaith, agus na heaglaisigh buíoch beannachtach ar a son. Nuair a corónaíodh ina Banimpire í, choisric siad í de réir an tsearmanais chéadna a bheadh ag dul d'aon impire fir.

Banimpire Soilsithe

Bhí Caitríona eolach ar smaointeachas forásach Iartharach na linne, ar nós fealsúna eagnaíochta na Fraince, a bhí ag cur síol na réabhlóide fán am sin. Ó bhí a gcuid scríbhinní faisiúnta mar lón léitheoireachta ag na maithe is na móruaisle, ní leis an réabhlóid a shamhlaigh Caitríona iad, ach le rialtas maith forásach, agus i dtús a réime rinne sí iarrachtaí áithride an smaointeachas seo a chur i bhfeidhm ar an tír mar chuid dá gnáthobair rialtais. Níor éirigh comh maith léithi le seo agus mar a bhí súil aici leis. Chuir sí le chéile cineál tionól nó pairlimint le fáil amach fá dtaobh den dearcadh a bhí ag an náisiún féin ar chúrsaí rialtais na tíre. Ó nach rabh cleachtadh ag aon duine de na feisirí seo ar nós imeachta an daonlathais - ná déanaimis dearmad de nach rabh daonlathas forbartha le fáil in aon áit ar dhroim an domhain go fóill, nó cha rabh na Stáit Aontaithe féin ach sna fonsaí tógála fán am seo - bhris ar a foighid ag Caitríona, agus scoir sí an tionól seo aríst. Ina dhiaidh sin féin, rinne sí leasuithe bunúsacha ar an rialtas áitiúil nó réagúnda, agus í ag féacháilt le haird a thabhairt ar thuairimí agus ar éilimh an tionóil, nó an chuid acu a fuair sí sách ciallmhar nó siosmaideach. Thar aon chuid eile, dhílárnaigh sí cuid mhór den rialtas réagúnda fríd sheanchúigí a scoilt, cúigí nua a bhunú agus leibhéal nua rialtais réagúnda - an ceantar - a thabhairt isteach. Ar an bhealach seo, thug sí ar an uasalaicme áitiúil páirt a ghlacadh i rialú na tíre - rud nach rabh siad sásta a dhéanamh dá ndeoin féin.

Éirí Amach Nua na gCosacach

Bhí an seirfeachas ag tarraingt trioblóide ar Chaitríona ar bhealach a chuirfeadh i gcuimhne Stéanca Raizín ins an tseachtú haois déag. Nó d'éirigh ina cheannairc ins na tailte taobh thuaidh den Mhuir Chaisp, eadar na haibhneacha Volga agus Iaidhic. (D'athbhaist Caitríona an t-ainm "Úráil" ar an abhainn sin Iaidhic d'aonturas in éis na ceannairce seo, lena cuimhne a mhúchadh - go dtí sin níor thagair ainm na hÚráile ach amháin do na Sléibhte Úrálacha a scaranns an Áise ón Eoraip.) Chuaigh an Cosacach Éiméilian Pugaitseov i gceannas ar lucht na ceannairce, agus mar a d'éiligh traidisiún na Rúise, bhain Pugaitseov úsáid as cleas Dmitrí Bréige: is é sin, d'áitigh sé go mb'é Peadar a Trí ar a sheachnadh ó na dúnmharfóirí. Nuair a phléasc an cheannairc seo amach ins an bhliain 1773, bhí an chuid ba mhó d'Arm na Rúise ar shiúl ag cur cogaidh ar an Tuirc, mar ba ghnách, agus cead a gcos ag na ceannairceoirí ar fud na tíre, dá réir sin. B'iad na seirfigh ba chroí d'arm Phugaitseov, ach fuair siad tacaíocht ó shluaite de Chosacaigh, agus de réir a chéile thaobhaigh an dúrud dreamanna míshásta eile leofa, ar nós na mionlach saindúchais a rabh canúintí Tuirceacha á labhairt acu agus iad ina Muslamaigh ó thaobh an chreidimh de. Maraíodh na scórtha uaisle, agus an chuid a tháinig slán as an fhaopach, níor sparáil siad na dathanna ag cur síos ar na huafáis a bhí feicthe acu. Baineadh scanradh as Caitríona. Shocraigh sí síocháin leis an Tuirc comh tapaidh in Éirinn agus a thiocfadh léithi, agus ansin thug an t-arm Rúiseach aghaidh ar na ceannairceoirí ina dtír féin.

Bhí na seirfigh ag seasamh an fhóid go héadóchasach in éadan shluaite Chaitríona. Bhí ciall ínteacht ag Pugaitseov do chúrsaí polaitíochta, murab ionann agus ag Raizín, nach rabh ann ach foghlaí agus taoiseach treibhe, i ndiaidh an iomláin. Mar sin, d'fhéach Pugaitseov le dlíthe dá chuid féin a reachtú, a eisiúint agus a chur i bhfeidhm: d'fhógair sé go rabh an seirfeachas curtha ar ceal, agus é ag iarraidh tailte na dtiarnaí a roinnt ar na scológa sceidíneacha, ar na bochta is ar na nochta. Mar sin, thug Pugaitseov cúis pholaitiúil do lucht a leanstana. Cúis a bhí ann a chosnóchaidís go míthrócaireach i bpáirc an áir.

I Mí Lúnasa den bhliain 1774 a cuireadh an cath mór a shocraigh an scéal. Tháinig táinrith agus scabadh na mionéan i ndíormaí Phugaitseov. Cimíodh an ceann urraidh féin, agus cuireadh chun báis é i dtús na bliana 1775. Níor leor é sin, áfach, nó i ndiaidh na buaidhe chaith fórsaí sluaíochta greas maith ama ag siúl na gcúigí is na gcúlriasc agus iad ag baint sásamh fola as na scológa a fuarthas ciontach ins an cheannairc. Ruaigeadh lear mór daoiní óna gceantair dhúchais go dtí an tSibéir, agus tugadh an seirfeachas isteach i ndúiche na gCosacach, a bhí comh bródúil sin as a seantsaoirse.

Tarraing ort an chéad chuid eile