(Caithfidh mé a chuimhneamh air anseo go dtaispeánann na staitisticí ins an leabhar Faobhar na hAontachta le Stiofán de Brús, socheolaí as Albain, go dteán an chuid is mó de na Protastúnaigh ins an Tuaisceart a gcomhionannú leis an Bhreatain Mhóir, seachas Éire nó Ulaidh. Glacann siad le neamhspleáchas Uladh mar scéim éigeandála, ar eagla go ligfidh an Bhreatain Mhór síos iad; ach sin a bhfuil ann dáiríribh. An té a chreideanns gur féidir do lucht na Gaeilge a ngaisneas a bhaint as "féiniúlacht Ultach" na nDílseoirí lena gcur i dtreo na Gaeilgeoireachta, ba chóir dó srianta a choinneáil lena dhíograis, agus an scéal mar atá sé.)
Mar sin, más féidir le hAontachtóir meánaicmeach féiniúlacht áithrid "Éireannach" a tharraingt air, ach amháin í a bheith insocraithe lena dhearcadh Aontachtach, is minicí don Aontachtóir de chúlra an lucht oibre a dhul leis an Ghaeilge ar chúiseanna an Ultachais, agus é tugtha do chanúint Uladh thar aon chineál Gaeilge eile, ar ndóighe.
Tá go leor náisiúntóirí dóchasach as an Ghaeilge mar ghléas leis na hAontachtóirí a iompó i leith an Náisiúnachais, ach níl an chuma ar an scéal, i bhformhór mór na gcásanna, go bhaighfidh siad a mian. Tá a ndearcadh féin ag na hAontachtóirí ar shuíomh na Gaeilge i mbaint na hÉireann leis an Bhreatain Mhóir, agus iad go mion minic ag cur béim ar an dóigh a gceanglaíonn an Ghaeilge Éire de na pobail Cheilteacha eile ins na hOileáin Bhriotanacha, ar nós na nGael in Albain thar aon dream eile.
Cuireann McCoy sonrú in analach spéisiúil eadar na hAontachtóirí liobrálacha agus na Caitlicigh ina ndearcadh ar an lucht oibre Protastúnach: má chreideann na Caitlicigh gur féidir do na Protastúnaigh iompó i leith an Náisiúnachais ach iad a dhul leis an Ghaeilgeoireacht, is dóigh leis na Protastúnaigh mheánaicmeacha go nglacfaidh na dílseoirí prólatáireacha chucu an leagan meánaicmeach liobrálach den Aontachtachas ach iad an Ghaeilge a fhoghlaim. Is féidir a theacht ar Ghaeilgeoirí meánaicmeacha Protastúnacha agus dóchas acu as an Ghaeilge mar ghléas le "cultúr Éireannach" a chur in áit chultúr na ndílseoirí atá comh h-"éadomhain" sin.
Bhí an teanga anseo i bhfad roimh na Trioblóidí.Sílim go rachfadh an caidreamh eadarphobail go mór chun feabhais ach na Protastúnaigh a éirí níos meabhraí i dtaoibh na hoidhríochta cultúrtha seo atá i bpáirt acu lena gcomharsanaigh Chaitliceacha. Agus tá oidhríocht chultúrtha de dhíobháil orthu dáiríribh, an tseafóid seo leis na drumaí móra ar an Dóú Lá Déag, bhail, tá sé cineál éadomhain. Tá rud i bhfad níos saibhre acu ná sin.[...] Ba mhaith liom iarracht ínteacht a fheiceáilt leis an mheabhraíocht a chothú i measc na bProtastúnach go bhfuil rud ínteacht i bpáirt acu le cách ins an oileán seo, níos fearr ná a bheith ag tabhairt droim láimhe le gach rud is gach duine nach gcaitheann an tsais fhlannbhuí. (lch. 139)
Tá McCoy den bharúil, de réir dealraimh, gur baothdhóchas é bheith ag dréim le hiompó na nDílseoirí i leith an Aontachtachais liobrálaigh, gan aon trácht a dhéanamh ar an Náisiúnachas Éireannach, fríd an Ghaeilge a tharraingt orthu. Ina dhiaidh sin féin, is léir go saibhríonn an Ghaeilge go mór saol pearsanta lucht a foghlama fiú ar an taoibh Phrotastúnaigh den chlaí, agus iad ag fáil súil eile ar a dtír is ar a tírdhreach. Ón taoibh eile de, tá míchompord ínteacht ag luí orthu fán dóigh a bhfuil an teanga monaplaithe nó "fuadaithe" ag na Náisiúntóirí fá láthair, dar leofa, agus saothar mór ag go leor Gaeilgeoirí Protastúnacha an teanga a chomhionannú lena bhféiniúlacht is lena gcúlra féin, in éagmhais eolais ar éacht na nglúinte a d'imigh rompu de Phrotastúnaigh a chaith dúthracht a saoil ar son na Gaeilge - cuir i gcás, Roibeard Shipboy Mac Ádhaimh nó Uilliam Mac Néill.
Léaró dóchais is eadh é go bhfuil Risteard Ó Glaisne, an Gaeilgeoir Meitidisteach, in éis monagraf mór millteach a scríobh fá dtaobh de Phrotastúnaigh na Gaeilge, De bhunadh Protastúnach. Dealraíonn sé nár bhac aon dream sa Tuaisceart - ná sna Sé Chontae Fichead féin - go dtí le déanaí le páirt na bProtastúnach in athbheochan na Gaeilge agus i stair Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh go forleathan; má rinneadh aon tagairt do na hiarrachtaí Protastúnacha leis an Ghaeilge a úsáid i scríbhinní cráifeacha, ba nós a bheag a dhéanamh díofa ar an ábhar nach rabh i gceist leofa ach Gaill a bheith ag baint a ngaisneasa féin as an Ghaeilge ina dtroid in aghaidh an "Phápachais" gan a gcloigneacha a bhuaireamh le todhchaí ná le hathbheochan na teanga. Mar sin, sheachnaítí an cheist mhíchompordach, an rachfadh sé chun leasa na Gaeilge dá nglacfadh na hÉireannaigh an creideamh Protastúnach chucu, fadó. Ar ndóighe, tá an ceart acu siúd a deir nach rabh ó na GaelPhrotastúnaigh lena lá ach a gcreideamh féin a chur os comhair na nGael fríd mheán a dteanga-san. Ach tús ínteacht a bheadh ann, ar a laghad, agus thiocfadh leis na glúnta ina dhiaidh tuilleadh a thógáil air, mar dhúshraith.
Ar ndóighe, ní hé an Protastúnachas ná an tAontachtachas an t-aon fhéiniúlacht amháin atá ag na Gaeilgeoirí Protastúnacha. Cuireann go leor daoiní suim ins an stair áitiúil mar bhaill dá bpobal féin, agus iad go minic faoi dhraíocht ag an Ghaeilge mar fhoinse staire is mar bhunús le logainmneacha a mbólaí dúchais. Thairis sin, maireann iarsmaí de chineál ínteacht i gcónaí i ndiaidh na nGaeltachtaí deireanacha Protastúnacha ins an Dún - in intinn na ndaoiní ar a laghad.
Ní féidir, ar mhí-ámharaí an tsaoil, a rádh go fóill go mbeadh gluaiseacht Ghaeilge, nó ciorcail Ghaeilgeoireachta, dá gcuid féin ag na Protastúnaigh. Mar sin, nuair a chromfas an Protastúnach ar an teanga a fhoghlaim, caithfidh sé ag am ínteacht teagmháil a lorg leis an domhan mhór Gaeilgeoireachta atá sách aonchineálach ina Chaitliceachas i gcónaí. Dá réir sin, is minic a chastar gnéithe den chultúr "sheicteach" Chaitliceach ar an Phrotastúnach i saol na Gaeilge, fiú gnéithe nach bhfuil sé féin róshásta leofa ná róchompordach fúthu, ar nós amhráin reibiliúnacha Bhéarla nó fiú Ghaeilge - ghní McCoy tagairt don dóigh a dteachaidh an t-amhrán udaí Óró, sé do bheatha abhaile i bhfeidhm ar dhuine de na foghlaimeoirí Protastúnacha a bhí faoi agallamh aige.
Tá rialacha neamhoifigiúla dea-bhéasaíochta ag bunadh na Sé gContae dá gcuid féin le haghaidh caidreamh trasphobail, ach ós rud é gur gnách leis na Gaeilgeoirí Caitliceacha a shílstint gurb i measc a gcuid comhreiligiúnach féin amháin atá siad ag freastal ar chúrsa Gaeilge dófa, ionas nach gcaithfidh siad mothúcháin na bProtastúnach a chur san áireamh agus iad ag bualadh bleide ar a gcuid comhdhaltaí nó ag baint foideoga leofa, is minic a thig uaigneas ar an Ghaeilgeoir Phrotastúnach ar chúrsa teanga, agus é ag iarraidh a dhúchas a choinneáilt faoi cheilt ins an chomhluadar seo. Ciallaíonn sin gur féidir do mhionlach láidr Prodasnaigh a bheith ag freastal ar an chúrsa chéadna i nganfhios dá chéile: ní thig leofa, dá réir sin, a theacht le chéile chun gréasán nó ciorcal Gaeilgeoirí Protasúnacha a chur ar bun ina measc féin.
Fágann sé freisin go dteastaíonn ó na Protastúnaigh an teanga a fhoghlaim i measc a muintire féin, ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil mórán teagasc Gaeilge ar fáil ins na ceantair Phrotastúnacha go fóill. Mar sin, caitheann na GaelPhrotastúnaigh cuid mhaith ama ag cuartú is ag roghnú áit fhóirsteanach foghlama.
Ar ndóighe, ó tá muintir na Sé gContae Fichead níos neodraí inniu i leith an Tuaiscirt ná mar a bhíodh fadó (nó, mar a déarfadh an Poblachtánach, is dócha: ó tá an oiread sin dallamullóg curtha ag an namhaid orthu), is fearr leis na GaelPhrotastúnaigh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge thall ansin, seachas in aon bhall de na Sé Chontae:
Ag dul trasna na teorann domh mothaím an smúit ag glanadh díom, mar a bheadh ualach trom fágtha i mo dhiaidh agam, tá gach duine ansin ar a sháimhín só gan na fadhbanna céadna acu. (lch. 153)
De réir dealraimh, ní bhíonn mórán eagla ar na Protastúnaigh roimh na Gaeilgeoirí, nó cibé eagla a bíos, is dual daoithi tréigbheáilt de réir a chéile, agus an GaelPhrotastúnach ag fáil aithne ar na daoiní agus ag ceangailt isteach sa dream. Déanta na fírinne, is cosúil go bhfuil níos mó faitíos ar chuid acu roimh Phrotastúnaigh eile, go h-áithrid más as ceantair phrólatáireacha dófa, ina bhfuil na Dílseoirí ag rith damhsa. Is minic a chaithfeas siad béim ar leith a chur ar a ndearcadh Aontachtach i measc lucht a gcomhchreidimh féin le gach drochamhras a scabadh.
Tá íomhá Phoblachtánach na Gaeilge an-láidir agus í préamhaithe go domhain daingean dobhogtha in intinn na bhfoghlaimeoirí féin. Mar sin, is féidir leMcCoy trácht a dhéanamh ar chuid mhaith foghlaimeoirí Protastúnacha a d'éirigh as an teanga nó a bhí ar sheala droim láimhe a thabhairt léithi nuair a tháinig géarú ar na trioblóidí, go h-áithrid má fuair duine de lucht a n-aitheantais féin bás i bpléasc buama nó bobghaiste.
Deir McCoy gur féidir le foghlaimeoirí meánaicmeacha a aidmheáil i measc a gcuid carad go bhfuil an teanga acu, ach ar ndóighe, tá timpeallachtaí agus comhluadair ann ina seachantar gach tagairt do na Trioblóidí - nó d'ábhair "íogaire" chainte, ar nós na Gaeilge.
Bíonn Gaeilgeoirí Protastúnacha go minic scoite scartha ó phríomhshruth na gluaiseachta Gaeilge, an oiread sin ar a laghad is nach bhfuil tuigse cheart acu ar éilimh agus ar chuspóirí athbheochana na gluaiseachta, ar nós úsáid na Gaeilge i gcúrsaí poiblí nó bunú rannóga ar leith le Gaeilge taobh istigh den státseirbhís. Cuireann siad, fosta, aidhmeanna folaithe i leith na ndaoiní atá ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochan in Iarthar Bhéal Feirste: is é a manadh, go minic, ná "mise a d'fhoghlaim ar chúiseanna cultúrtha í, agus iadsan a chrom uirthi ar chúiseanna polaitíochta." Greannmhar go leor, tá a scáile scátháin de dhearcadh ag na Prodasnaigh Náisiúnaíocha a bhí faoi agallamh ag McCoy. Ghní siadsan iontas cén fáth a bhfoghlaimeochadh Dílseoir nó Aontachtóir oiread is leathfhocal Gaeilge, agus é tiomnaithe dílsithe ar fad do chúis na ríochta a rinne, tráth, a seacht ndicheall is fiche leis an teanga a chur de dhroim an domhain.
Is é an tátal is féidir a bhaint as an iomlán ná go dtig leis an Ghaeilge bheith ina cuidiú leis an dá phobal a thabhairt le chéile, ach caithfear aird a thabhairt ar an fholáireamh a fuair muid ó Phól Ó Muirí, agus é ag scríobh ar an tseachtaineán udaí Anois, nach maireann - sa bhliain 1993, más buan mo chuimhne. Fuair sé locht ar an dearcadh a bhí sách forleathan i measc lucht na Gaeilge, gur "cineál haisis", mar a chuir sé i bhfoclaibh é, - an dearcadh gur "cineál haisis" í an Ghaeilge a bhéarfadh an saol mór agus trioblóidí an Tuaiscirt chun síochána ach muid uilig, eadar Phrodasnach agus Chaitliceach, ár ngal a bhaint as "toitín draíochta" na Gaeilge. Chan fhuil an druagántacht sa Ghaeilge féin a chneasóchadh an scoilt trasphobail sa Tuaisceart, ach ba chóir, ar ndóighe, go bhféachfadh gluaiseacht na Gaeilge chuige nach mbeadh an teanga ina cuid den fhadhb ach ina cuid den leigheas. Is léir go bhfuil ráchairt ag Prodasnaigh ar an Ghaeilge, agus tuilleadh oibre de dhíth leis an teanga a chur in aice láimhe dófa.
Aodán Mac Póilín
is údar don chéad alt eile fá "ghnéithe de ghluaiseacht na Gaeilge".
Ar nós an chuid is mó againn, tá Aodán inbharúla go mb'é Conradh na Gaeilge an chéad shlua-ghluaiseacht a bhí in ann a dhath a chur i gcrích le meath na Gaeilge a mhoilliú. Ní ar bhunadh na Gaeltachta a dhírigh an ghluaiseacht ó thaobh na hidé-eolaíochta de, ach ar mhuintir na Galltachta. Tá mé féin den tuairim go bhfuil an seacht gceart ag Aodán agus é ag cur béime ar an difríocht eadar an dá thrá a bhí an Conradh ag iarraidh a fhreastal: 1) an teanga a choinneáil beo i mbéal an phobail sa Ghaeltacht féin (obair chaomhnaithe na teanga) agus 2) an teanga a chur i mbéal an phobail taobh amuigh den Ghaeltacht (obair athbheochana na teanga).
Níor rith an méid seo le hAodán - ar a laghad, níor chuir sé i bhfoclaibh comh láidir sin é - ach sílim féin nach mba mhiste é a rádh sa chomhthéacs seo: chan ionann na sainleasanna atá á gcur chun cinn ag gluaiseacht na hathbheochana agus ag gluaiseacht caomhnaithe na teanga.
Bheir Aodán "móiminteam teanga" ar na fórsaí sóisialta a choinníonns an teanga ag imeacht ar aghaidh ó ghlúin go glúin. An teanga a bhfuil lucht a labhartha i gceannas ar an tsochaí, tá stádas aici atá ag dul leis an chomandracht seo, agus is é an stádas seo atá ag tiomáint an mhóimintim. An dream atá i gceannas ar an tsochaí, tá siad in ann a dteanga féin a chur i bhfeidhm uirthi, i gcruth is go gcaithfidh achan duine a ghnoithí a dhéanamh fríd mheán na teanga sin.
An teanga mhionlaigh, áfach, a mhaireanns beo, deir Aodán gurb é an phríomhchúis lena beogacht, sa chuid is mó de na cásanna, ná í a bheith lonnaithe préamhaithe i bpobal traidisiúnta áitiúil, áit a bhfuil an teanga comh scoite scartha ó lucht labhartha na príomhtheanga le bheith cuibheasach sábháilte; thairis sin, caithfidh sé go bhfuil lucht a labhartha ag dearcadh orthu féin mar dhream ar leith - ó thaobh an tsaindúchais de. Bíonn lucht na sochtheangeolaíochta ag labhairt fá dtaobh den "chéimíocht cheilte" (covert prestige) fosta: is é sin, siúd is go bhfuil meas foscailte ag an tsochaí ar fad (an mionlach san áireamh) ar an teanga mhór, is féidir go bhfuil meas ceilte ag daoiní den mhionlach ar a dteanga féin. Mar shampla, an té a tharraingíos air féin teanga na príomhchathrach i measc a mhuintire féin fán tuaith, is féidir go ndearcann an chuid eile air mar a bheadh cúl le cine nó seoinín ann, duine atá ag iarraidh "na nósanna galánta a d'fhoghlaim sé sa chathair mhór a chur i bhfeidhm orainn féin". An seoinín a fhéachanns leis an teanga "ghalánta" a úsáid le daoiní nach labhraíonn ó dhúchas í, cuireann sé amach é féin as measc a mhuintire, rud nach mbíonn aon mhoill orthu siúd a chur ar a shúile dó. "Is seoinín thú, agus ní maith linn seoiníní sna críocha cúil seo." Má chailleann an teanga na frapaí sochtheangeolaíocha seo - an iargúltacht, an "chéimíocht cheilte", an fhéiniúlacht eitneach (nó an "saindúchas", mar is fearr liom féin a rádh) agus feasbhaidh áiseanna foghlama na mórtheanga - imeochaidh an sracadh aisti.
Nuair a bunaíodh an Saorstát, cuireadh polasaithe caomhnaithe Gaeilge i bhfeidhm, ach má cuireadh, - a deir Aodán, - bhí dinimic agus claonadh na forbartha ann cheana féin nár cheadaigh do na polasaithe mórán toradh a thabhairt. Mar shampla, má thoisigh an Stát a dh'adhmholadh na Gaeilge, níor mhaolaigh sin ar an dímheas beagnach traidisiúnta, beagnach instinneach fiú, a bhí ag lucht Béarla na hÉireann le fada an lá ar mhuintir na Gaeltachta. In áit an Ghaeltacht a fhairsingiú, níor cuireadh ach moill bheag ar an dóigh a rabh sí ag cúlú is ag titim as a chéile. Sa Ghaeltacht féin, tá an Ghaeilge ag imeacht go tiubh téirimeach mar ghnáthurlabhra phobail, siúd is go bhfuil cuid de na teaghlaigh ag cloí léithi ar chúiseanna idé-eolaíochta - cosúil le Gaeilgeoirí na Galltachta.
Maidir le hathbheochan na teanga sa Ghalltacht, tá Aodán den bharúil nach obair amú a bhí ann, nó ar a laghad d'éirigh leis an ghluaiseacht cuid mhór de bhunadh na hÉireann a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Thar aon rud eile, maolaíodh ar an díspeagadh a bhí ag go leor Éireannaigh don teanga go dtí sin, comh maith leis an teanga féin a chur chun cinn i measc na meánaicme agus a athintleachtú le freastal ar riachtanaisí úsáide teanga na haimsire seo.
Scéal eile, áfach, nár éirigh leis an fheachtas seo Poblacht na hÉireann a thabhairt chun díGhalldachais dáiríribh, nó fanann an Béarla i mbéal an phobail i gcónaí, rud a bheir ar go leor daoiní a shílstint nach bhfuil i gceist leis an Ghaeilge ná leis an Ghaeilgeoireacht ach airgead amú. Cuireann Aodán béim ar an fhíric thábhachtach go rabh cuid mhaith náisiúntóirí sásta a mbuntáiste féin a ghlacadh ar an Ghaeilge mar ghléas troda, slógtha agus earcaithe, ach i ndiaidh chogadh na saoirse chaith siad i leataoibh í.
An chuma atá ar an scéal ar na leabhartha staire, shílfeá go rabh gach mac máthar agus nighean athar ag spalpadh leofa as Gaeilge mar a bheadh sí ó dhúchas acu i laetha luatha Chonradh na Gaeilge. Ní mar seo a bhí, áfach. Is dóchúla ná a mhalairt go bhfuil i bhfad Éireann níos mó Gaeilge á labhairt ar fud na tíre ar na saoltaibh seo. Cuid mhaith de na luathNáisiúntóirí, níor fhoghlaim siad mórán thar na gnáthbheannachtaí riamh.
Nuair a bhí an tír saor ó bhráca na Sasana, cha rabh gá leis an Ghaeilge a thuilleadh mar shiombail freasúra agus frithGhalldachais. Thairis sin, agus an athbheochan ah iompó amach comh deacair is a bhí sí, chaill an teanga cuid den ghradam nua a fuair sí mar sheoid náisiúnta, agus chualathas an bharuil nach rabh aon mhaith san fheachtas athbheochana ar aon nós. In áit a gcuid cumarsáide a dhéanamh fríd mheán na Gaeilge, roghnaigh muintir na hÉireann bheith "cairdiúil" i leith na teanga agus iad ag déanamh a gcuid comhrá is caidrimh fríd mheán an Bhéarla.
Tráchtann Aodán ar an fheasbhaidh fíorúsáide i measc na ndaoiní a bhfuil an teanga acu: má tá siad in ann í a labhairt, ní labhraíonn siad í ach go hannamh. Cuireann sé béim air nach é líon na gcainteoirí an rud is tábhachtaí: tá sé i bhfad níos úimléidí cé a labhraíonns an teanga, cén stádas atá aige sa tsochaí.
Tá Aodán barúlach gurb é an diomuaidh is mó a bhain do ghluaiseacht na Gaeilge ná nár éirigh léithi pobail úra Ghaeilge a chur ar bun in aon áit. Na Gaeltachtaí is lú, is ísle mórtais féin, tá níos mó marthana iontu ná in aon rud dá bhfuil cruthaithe ag an ghluaiseacht athbheochana le céad bliain anuas. Tagraíonn sé do Joshua Fishman, clasaiceach na sochtheangeolaíochta, agus an dóigh ar chardáil seisean cúrsaí teanga na hÉireann ins an leabhar a scríobh sé fá na hiarrachtaí chun malartú na teanga a chasadh ar ais in áiteanna mar Éire.
Deir Fishman gur éirigh le hÉirinn meath na Gaeilge a stopadh, ach san am chéadna chlis uirthi malartú na teanga a chur ag obair sa treo chontrártha. Is é an rud atá ag tarlú ná go bhfuil gach glúin ag múineadh Gaeilge don chéad ghlúin eile - ar scoil; agus an chéad ghlúin eile aríst, múinfidh sí an teanga ar scoil do ghlúin níos óige aríst. An rud nach bhfuil ag titim amach, áfach, ná an teanga a bheith ag dul ar aghaigh ó ghlúin go glúin go nádúrtha ó na tuistí go dtí an chlann. Mar sin, caithfidh achan ghlúin an t-arrachtach céadna a leagan as an nua, seachas rudaí úra a thógáilt ar an tseandúshraith. Mar is eol dúinn, níl an teanga ag dul ó ghlúin go glúin mar ghnáth-theanga thinteáin ach ins an Ghaeltacht agus ins na teaghlaigh Ghaelacha sa Ghalltacht. Eisceacht iomlán atá i bpobal nuaGhaeltachta Bhóthar Shaw i mBéal Feirsde.
Tá Aodán inbharúla gurb é an móiminteam céadna a choinnigh anGhaeilge beo sa Ghaeltacht - gurb é atá ag coinneáil an Bhéarla beo a Ghalltacht anois, beag beann ar iarrachtaí na gluaiseachta, na scoltach is na n-athbheochantóirí aonair. Deir sé, fosta, ná nár thuig lucht na Gaeilge riamh comh deacair agus atá sé pobail úra theanga a chur ar bun taobh istigh de shochaí sách aonteangach, agus ceann de mhórtheangacha an domhain á labhairt inti. Chreid na chéad athbheochantóirí nach mbeadh de dhíth, go bunúsach, ach an teanga a mhúineadh do na daoiní le hiad a chur á labhairt, ach d'iompaigh an scéal amach a bheith i bhfad níos casta. Níor leor iad idé-eolaíocht na hathbheochana agus múineadh na teanga amháin.
Le pobal ceart Gaeilge a chur ar bun, a deir Aodán, ní leor an idé-eolaíocht: tá dinimic inmheánach shóisialta, mar a deir sé, cineál inneall teanga, ag teastáil leis an phobal a choinneáilt le chéile ag labhairt Gaeilge: an tucaid a bhí agat le pósadh, ní hí an tucaid chéadna a choinníonns pósta ceangailte thú.
Ar ndóighe, tá Gaeilgeoirí idé-eolaíocha, dúthrachtacha de dhíobháil leis an chineál sin pobal a bhunú, ach tá an bhéim ar an fhocal udaí bunú. Nuair atá an pobal bunaithe, tá rudaí eile ag teastáil: fórsaí sochtheangeolaíochta a choinníonns an lasair sa bharrach. Caithfear timpeallachtaí sóisialta nó réimsí, leis an téarma sochtheangeolaíochta a tharraingt orm, a chur ar bun nach gceadaíonn aon teanga eile seachas an Ghaeilge a úsáid. Le sin a dhéanamh, caithfidh daoiní a theacht le chéile chun rud éigin a dhéanamh in éineacht fríd mheán na Gaeilge nach bhfuil déanta acu as Béarla go fóill, i gcruth is nach bhfuil réamhthaithí acu a chuirfeadh i dtreo an Bhéarla ina n-ainneoin féin iad. Tá sé creathach deacair a leithéid seo a dhéanamh, áfach. Tá sé furasta go leor titim i ngrádh leis an Ghaeilge, ach is deacra pósadh suaimhneach a bheith agat léithi go lá do bháis, ó tá an tsochaí go léir do d'agairt adhaltranas a dhéanamh leis an Bhéarla - más ceadmhach domh tuilleadh faid is fairsinge a bhaith as meafar Aodáin.
Ar ndóighe, bhí na Gaill brúidiúil míthrócaireach ag baint na Gaeilge de bhéal na nGael, agus níl sé indéanta an Ghaeilge a thabhairt ar ais ar an bhealach chéadna, le láimh láidir. Ní féidir, fiú, an Ghaeilge a bhrú ar na daoiní ar bheagán Gaeilge in éadan a dtola. Go praiticiúil, is é an Gaeilgeoir atá dátheangach agus atá in ann Béarla a tharraingt air i gcuideachta an Bhéarlóra: ní féidir leis úsáid na Gaeilge a éileamh ar an Bhéarlóir.
Thairis sin, is millteanach an íobairt é an Béarla a thréigbheáilt ar mhaithe leis an Ghaeilge. I ndiaidh an iomláin, is é an Béarla an teanga lenar tógadh an Gaeilgeoir ón Ghalltacht, agus is é an teanga is dual dó a labhairt, an teanga a labhraíodh sé riamh lena mhuintir. Is é an teanga a thig leis a labhairt le achan duine ina thimpeall. Is é an teanga inar lorg sé riamh an focal ceart lena chroí is lena intinn a chur in iúl. Cad fáth a dtréigfeadh sé é ar mhaithe leis an Ghaeilge - teanga nach bhfuil mórán taca aici sa tsochaí?
Is follasach gurb iomaí Gaeilgeoir a éireochas as an Ghaeilge sa deireadh thiar thall. Deir Aodán, fiú, go bhfuil an tír foirgthe le Gaeilgeoirí teipthe.
Maidir leis na difríochtaí eadar cás na Gaeilge sa Tuaisceart agus staid na teanga ins na Sé Chontae Fichead, is í an chéad phointe a tharraingíonns Aodán anuas ná an stádas oifigiúil (mar dhea) atá ag an Ghaeilge sa Deisceart. Ach ós rud é nach ionann polasaí na hathbheochana agus polaaí caomhnaithe na teanga, agus nach ionann riachtanaisí a saoil do Ghaeilgeoirí na Galltachta agus do chainteoirí dúchais na Gaeltachta, is féidir go bhfuil sainleas an dá dhream seo ag teacht crosach ar a chéile, agus san am chéadna is féidir nach dtugtar a sháth aitheantais don teacht crosach seo.
Go háithrid, is féidir go dtearn cuspóirí neamhréadúla na nGaeilgeoirí idé-eolaíocha dochar do shainleas na gcainteoirí dúchais mar mhionlach saindúchais. Nuair a tháinig maolú ar náisiúnachas an stáit i ré Lemass, tharraing an stát siar as na cuspóirí seo, rud a chiallaigh go dtearnadh dearmad de chearta teanga na Gaeltachta féin. Chuideachtaigh an Stát cearta teanga na Gaeltachta le cuspóirí míréasúnta na nGaeilgeoirí; is iomaí cuspóir réasúnta de chuid na Gaeltachta a caitheadh i dtraipisí de thoradh an chomhcheangaoil smaoitíocha seo.