An Ghaeilge sna Sé Chontae - Cuid a Ceathair

An Chéad Chuid

An Darna Cuid

An Treas Cuid

Sa Tuaisceart, áfach, bhí iarsmaí na bpobal áitiúil Gaeltachta ag dul in éag cheana nuair a tháinig an stáitín ar an fhód. Bhí seanchainteoirí ar fáil a tógadh le canúintí Thír Eoghain, Ghleannta Aontroma agus Oileán Rachrann, ach má bhí, ní pobail a bhí iontu ach cainteoirí aonair nach rabh céile comhráidh fágtha acu. Mar sin féin, bhí Gaeilgeoirí neamhdhúchais á n-oiliúint ar fud an stáitín, anseo agus ansiúd, i ndiúnas ar an stáitín nach rabh ag bacadh leis an teanga a chosaint, ná fiú á chur i gcéill go rabh. Ciallaíonn sin go rabh imthoscaí an chatha ar son na Gaeilge i bhfad ní ba shimplí sa Tuaisceart. Cha rabh an stát ag iarraidh geáitsí na cairdiúlachta a chur air féin.

B'é an Daonáireamh sa bhliain 1991 an chéad iarracht, dar le hAodán, líon na nGaeilgeoirí sa Tuaisceart a mheasúnú ar bhealach staitisticiúil. B'é an toradh a thug sé ná go rabh Gaeilge ag céad agus dhá scór míle duine, agus ba Chaitlicigh iad a bhformhór, ar ndóighe, siúd is go rabh corradh is cúig mhíle Protastúnach eolach ar an teanga. Níl a fhios ag aon duine, áfach, cá mhéad de na daoiní seo atá in ann Gaeilge líofa a labhairt.

Bhí an Ghaeilge go dona as i stáitín an Tuaiscirt, nó bhí aon pháirtí amháin i réim sa stát seo, cosúil leis an Rúis Shóibhéadach, go dtí gur chuir Londain féinrialtas an chúige ar ceal; agus bhí an stáitín bunaithe ar chertchreidmheachas idé-eolaíoch nach rabh comh héagsúil sin le hortadocsachas Cumannach an Aontais Shóibhéadaigh ach an oiread. Thiocfadh a rádh go mb'é an frithÉireannachas, an frithPhoblachtánachas nó fiú an frithShaorstátachas an idé-eolaíocht oifigiúil, agus ba chuid den idé-eolaíocht seo an frithGhaelachas is an fhrithGhaeilgeoireacht fosta. Mar a chuala muid in amanna, agus mar a léigh muid thuas ag Ian Malcolm, ní rabh aon chiall dhearfach leis an idé-eolaíocht seo riamh: ní rabh i gceist léithi ach dubheitiú d'Éirinn agus "dílseoireacht go héag", gan marana a dhéanamh riamh ar an chineál Breataine Móire a mbítí ag tabhairt na hurraime dílise seo daoithi.

Mar sin, thiomnaigh stáitín an Tuaiscirt an-fhuinneamh don Ghaeilge a choinneáil siar, agus cha rabh stádas oifigiúil ar bith aici. Mar shampla, fágadh an Ghaeilge faoi chosc a craolta i bhfad i ndiaidh bhunú córas craolacháin don Bhreatnais agus don Ghàidhlig. Cha rabh naimhdeas na nAontachtóirí in ann ag gluaiseacht na Gaeilge, áfach, nó is ins an Tuaisceart, thar aon áit eile, a d'éirigh le Gaeilgeoirí pobal úr "Gaeltachta" a bhunú. An dóigh a bhfuil an teanga ag dul chun cinn ins na Sé Chontae inniu, bheir sé ar chuid de na Gaeilgeoirí i bPoblacht na hÉireann a shílstint go bhfuil an Ghaeilge níos sábháilte taobh thuaidh den Teorainn. Tá Aodán Mac Póilín barúlach, áfach, nach bhfuil aon chúis cheart ann lena leithéid a chreidbheáilt.

Ar ndóighe, is féidir nach bhfuil i gceist leis na Deisceartaigh a déarfadh a leithéid ach cineál cumha nó caitheamh i ndiaidh na laetha a bhí, nuair a bhí cath na Gaeilge agus cath na hÉireann comh fite fuaite le chéile is go dtiocfadh leat, go teoiriciúil ar a laghad, leas a bhaint as an náisiúnachas le cuspóirí teanga a bhaint amach. (Scéal eile ar fad go mb'í gluaiseacht na saoirse ba mhinící a tháinig i dtír ar ghluaiseacht na teanga, seachas a mhalairt.) Is maith liom, anseo, sliocht iomlán athfhriotail a tharraingt orm: Mar a cuimhníodh roimhe seo - tá Aodán ag tagairt d'alt eile sa leabhar - b'iomaí Gaeilgeoir a chuaigh leis an teanga in Éirinn roimh an neamhspleáchas le cur in aghaidh an stáit Bhriotanaigh. Le teacht na saoirse, cailleadh an tucaid seo i nDeisceart na hÉireann. Tá sé ardtábhachtach, go háithrid, sonrú a chur ins an ráiteas seo: An rud céadna a bíos ag gealladh fuascailt is saoirse ó bhráca mar chuid d'idé-eolaíocht fhreasúrach frith-sheanbhunaitheachta, is minic a thiocfas blas an ansmachta air má ghlactar leis mar chuid den cheartchreidmheachas oifigiúil.

Mar sin, chan chun sochair amháin atá an ceangal leis an náisiúnachas ag dul do chúis na Gaeilge inniu. Is féidir a rádh, fiú, go bhfuil "blas an cheartchreidmheachais oifigiúil" ar an cheangal seo féin, ós rud é go mbíonn cuid de na polaiteoirí ins an deisceart féin ag dul i dtuilleamaí reitric an náisiúnachais ina gcuid bolscaireachta. Má shamhlaítear an Ghaeilge leis an chineál seo béalchráifeachta agus cur i gcéill, is follasach nach é leas na teanga é. Tá sainmhíniú úr de dhíth ar chúis na Gaeilge, agus idé-eolaíocht na gluaiseachta á hathrú de réir an riachtanais seo.

Siúd is gur léir go bhfuil an náisiúnachas mar bhunghluaisne ag go leor Gaeilgeoirí i gcónaí, tá tuigthe ag an chuid is mó de lucht na teanga ins an Deisceart nach dtig leofa an coimeadar a chur ar mhórán nua-earcaigh le hargóintí náisiúnaíocha amháin.

Ins an am chéadna, tá gluaiseacht na teanga ins an Tuaisceart suite i gcineál freangadh ama, mar a deir Aodán, i gcúrsaí idé-eolaíochta. Is é an náisiúnachas den tseanchineál a sholáthraíonns cuid mhór den bhreosla d'inneall na gluaiseachta Gaeilge eadar Paiteagó agus Latharna. Is iomaí Gaeilgeoir ins an Tuaisceart, an mhórchuid acu is dócha, a chuaigh leis an teanga an chéad uair riamh le teann diúnais ar an stát, cosúil leis na Gaeilgeoirí i dtúsbhlianta Chonradh na Gaeilge, b'fhéidir.

Ina dhiaidh sin féin, ní féidir leis na Gaeilgeoirí ins an Tuaisceart fanúint i dtuilleamaí an náisiúnachais mar phríomhspreagadh do na nua-earcaigh, ós rud é go bhfuil amhras ar na hAontachtóirí fá dtaobh den tucaid áithrid seo. Má táthar dáiríribh ag iarraidh aitheantas cuimsitheach oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge agus aontachtóirí a bhréagadh i leith na teanga, caithfear spreagadh de chineál eile seachas an náisiúnachas a sholáthar don Ghaeilgeoireacht.

Creideann Aodán gurb é an gléas is fearr le sin a dhéanamh ná a dhul i dteagmháil le gluaiseachtaí mionteangacha eile le smaoitíocha úra a fhoghlaim uathu siúd. Tagraíonn sé do ghluaiseacht Ghàidhlig na hAlban ach go h-áithrid, ós rud é go bhfuil Gaeil na hAlban in ann an Protastúnachas agus an teanga Ghaeilge, agus an Caitliceachas is an dílseacht do choróin na Breataine Móire, a chur in oiriúint dá chéile.

Antaine Ó Donnaile

a scríobh an aiste dheireanach ar an leabhar, mar atá, An féidir le mionlach teanga réitiú le móramh atá fabhrach dó? Ceist cineál barrúil atá ann, mar a aidmhíonns mo dhuine féin, nó shílfeá gur fearr i bhfad an móramh a bheith cairdiúil ná naimhdeach i dtaobh na mionteanga. Bíonn cúrsaí na sochtheangeolaíochta níos casta ná mar sin, áfach.

Ar tús, tráchtann Antaine ar an dóigh a bhfuiltear ag cur na teanga chun cinn thuaidh agus theas. Tá an stát in ainm a bheith fabhrach ins na Sé Chontae Fichead; maidir leis an stáitín thuaidh, ní mór a aidmheáilt go bhfuil an státmhaoiniú do na scoltacha lánGhaeilge á fhorbairt agus á fheahsú ansin féin, siúd is go bhfuil cuid mhór deargdhílseoirí ag léiriú fuath doleigheasta don teanga.