Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon
Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit
Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.
Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.
Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.
Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.
fathachréalt: réalt atá níos mó agus níos lonraí ná na réaltaí príomhsheichimh atá ar aon teocht agus ar aon dath léithi. Nuair a spíonfas an réalt phríomhsheichimh na hacmhainní hidrigine ina croílár, iompóchaidh sí ina fathachréalt, agus na cisil is faide amuigh á síneadh amach ins an spás timpeall na réalta. Tá héiliam i gcroí na fathachréalta, agus ciseal ina thimpeall ina bhfuil an t-imoibriúchán comhleá ar obair i gcónaí. Taobh amuigh den chiseal seo atá na cisil mhóra fhairsinge sheachtracha.
fearmón: Fearmóin a bheirthear ar na cáithníní a bhfuil an damhna, mar is aithin dúinn é, comhdhéanta astu. Mar shampla, is fearmóin iad na prótóin, na neodróin is na leictreoin, comh maith leis na neoidríonónna. Thairis sin, áfach, is fearmóin iad na cuarcanna fosta, arb iad blocanna tógála na bprótón is na neodrón iad. Tá saintréithre áithride i bpáirt ag na fearmóin uilig: tá guairne na bhfearmón leath an aonaid chandamaigh nó n aonad candamach móide an leath (½, 1½, 2½...), agus tá na fearmóin dílis do phrionsabal eisiaimh Wolfgang Pauli.
Fuair na fearmóin a n-ainm ón fhisiceoir Iodálach Enrico Fermi (1901-1954).
Fomalhaut nó Béal an Éisc nó Alpha Piscis Austrini, sin é an réalt is gile i réaltbhuíon Iasc an Deiscirt. A-réalt atá ann, sin le rádh, réalt bhán agus í níos teo ná ár nGrian féin, thart ar ocht míle go leith céim Celsius ar an taobh amuigh. Tá Fomalhaut suite sách gar dúinn, mar atá, cúig solasbhliana fichead, agus chan fhuil ann ach réalt de chuid an phríomhsheichimh, seachas ollfhathach de chineál ínteacht. Dealraíonn sé go bhfuil diosca dusta agus deannaigh ag casadh timpeall ar Fomalhaut, ach thairis sin, taibhsítear do na saineolaithe go bhfuil pláinéad amháin ansin comh maith - gásfhathach de phláinéad agus é ar aon mhéid le Satarn.
An scríbhneoir uafáis H.P.Lovecraft, bhí a mhiotaseolaíocht aige féin ina chuid scéalta scanraitheacha, agus rith leis Cthugtha, "deamhan na tine", a chur "i mbéal an éisc", is é sin, b'í an réalt seo fáras an deamhain sin i gcosmeolaíocht Lovecraft. I bhfianaise is comh scanrúil agus atá miotaseolaíocht Lovecraft, is mór an sólás dúinn é nach bhfuil baint dá laghad aici le torthaí taighde na réalteolaíochta.
fótaisféar: ciallaíonn an téarma seo "sféar an tsolais", agus ceart go leor, is é an chuid den Ghrian (nó d'aon réalt) ina gcruthaítear solas na réalta, a bheag nó a mhór. Tá sé thart ar shé mhíle céim Celsius ar teocht, agus é cineál gránaithe ar a dhéanamh. Is é is cúis leis an ghránú ná an dóigh a bhfuil ábhar te ag éirí ina ghráin (nó ina bhoilgeoga?) as ionathar na Gréine go dtí an dromchla leis na sruthanna comhiompair. (Is é is comhiompar ann ná an dóigh a mbogann an chuid is teo den ábhar i dtreo an chuid is fuaire agus a mhalairt, le scaipeachán an fhuinnimh a chothromú).
frithchaiteoir teileascóp frithchaiteach, teileascóp (gléas mór cianradhairc) atá ag úsáid scátháin seachas lionsaí. Athraonadóir a bheirthear ar an chineál teileascóip ina n-úsáidtear lionsaí. Is é an buntáiste atá ag an fhrithchaiteoir, i gcomparáid leis an athraonadóir, ná nach bhfuil an t-iomrall crómatach ag baint leis an fhrithchaiteoir. Mar sin, ní chuireann sé imeall daite leis na réaltaí - rud a bhí ina ábhar buartha agus feirge ag na réalteolaithe leis na céadta bliain agus iad ag úsáid athraonadóirí, go dtí gur éirigh na hinnealtóirí optaice ábalta ar dhathanna na lionsaí a cheartú le cineálacha éagsúla gloine. Mar sin féin, ní maith leis na réalteolaithe gairmiúla inniu ach frithchaiteoirí a úsáid. Fágann siad na hathraonadóirí ag na réalteolaithe amaitéaracha.
De ghnáth, tá scáthán mór inréimneach ins an fhrithchaiteoir atá ag déanamh gnoithe an réadlionsa - tugaimis réadscáthán air - agus é ag fócasú an tsolais i scáthán beag a dhíríonns an solas ar an tsúilphíosa. Ní úsáidtear lionsaí ach ins an tsúilphíosa. Tá an súilphíosa ar thaobh an teileascóip - más athraonadóir atá againn, is i gceann an teileascóip atá sé.
an gannchrios an chuid den sféar neamhaí atá comh lán le deannach de chuid Bhealach na Bó Finne is nach dtig radharc a fháil ar aon réad taobh amuigh dár réaltra ins na réagúin sin den spéir.
Ganymede: Is é Ganymede an ghealach is mó dá bhfuil ag timpeallú Iúpatair, agus mar is eol dúinn inniu, tá sé ar an ghealach is mó ins an ghrianchóras s'againn ar fad, nó ar an taobh seo de chrios Kuiper, ar a laghad. Go dtí le déanaí, chreidtí go coitianta go rabh Tíotán, an ghealach is mó de chuid Shatarn, níos mó ná Ganymede féin, ach is é an bharúil atá ag na saineolaithe inniu go bhfuil Ganymede traidhfilín níos mó, i ndiaidh an iomláin. Is é atmaisféar Thíotáin is cúis leis, nó tá sé comh ramhar is nach dtig le lucht na dteileascóp an droim a aithne thar an aer ar Thiotán. Mar sin, bhí riachtanas leis na taiscéalaithe domhainspáis le léargas ceart a fháil ar an ghealach sin. Ní bhaineann fadhbanna den chineál sin le Ganymede, nó níl aigesean ach atmaisféar tanaidh ocsaigine den chineál chéadna agus atá ag Europa.
Cosúil le hEuropa, tá Ganymede clúdaithe le screamh ramhar leacoighir, ach ós rud é nach bhfuil mórán brú atmaisféir ann, bíonn móilíní aonaracha uisce á néalú de dhromchla na gealaí an t-am ar fad. Le solas na gréine, titeann na móilíní seo as a chéile agus iad ag déanamh hidrigine agus ocsaigine. Comh héadrom agus atá na hadaimh hidrigine, ní choinníonn imtharraingt na gealaí iad ó éaló, ach fanann na hadaimh ocsaigine i bhfad níos faide timpeall Ghanymede. Mar sin féin, is dócha go dtanóchadh an t-atmaisféar ocsaigine seo féin leis, ach go bé go bhfuil tuilleadh á sholáthar ag an ghealach.
Tá Ganymede níos mó ná an pláinéad Mearcair féin, ach níl sé in aon ghaobhair do bheith comh trom le Mearcair, ós rud é go bhfuil croí mór miotail ag an phláinéad. Tá croíleacan iarainn agus sulfair ag Ganymede, ach tá sé i bhfad níos lú i gcomparáid le méid na gealaí. Tá an croí timpeallaithe ag maintlín as cloch shileacáite, agus mar a chonaic muid, tá screamh leacoighir taobh amuigh den mhaintlín seo. Tá dhá chineál tírdhreacha le haithne ar dhromchla Ghanymede, mar atá, na críocha geala agus na críocha dorcha. Múnlaíodh na críocha dorcha i bhfad roimh na críocha geala, agus má tá na críocha dorcha lán cráitéir, is iad na heitrí is na dromanna fada is mó a fháganns a gcuma ar na críocha geala. Creidtear, fiú, go bhfuil teicteonaic dá chuid féin ag Ganymede - is é sin, go bhfuil screamh na gealaí comhdhéanta as plátaí teicteonacha, cosúil le plátaí ilchríochacha an Domhain s'againn, agus go bhfuil na plátaí ag bogadh leofa, i gcruth is go mbíonn talamhchreathanna le mothachtáil áit a bhfuil dhá phlátaí i dteagmháil a chéile. Níl i gceist le teicteonaic Ghanymede, ar na saoltaibh seo, ach tuairimíocht, áfach.
Cuireann na críocha geala Enceladus, Miranda, agus Ariel i gcuimhne do na saineolaithe. Ón taobh eile de, tá na críocha dorcha níos cosúla le Callisto.
ga Schwarzschild nó ga an dúphoill de réir Schwarzschild, an fad ó shingilteacht (lárphointe) an dúphoill go dtína dhromchla (is é sin, an léaslíne theagmhais). B'é an réalteolaí Gearmánach Karl Schwarzschild (1873-1916) a rinne an obair mhatamaiticiúil leis an gha seo a chuntas.
Go bunúsach, tá "ga Schwarzschild" dá chuid féin ag gach aon chorpán de dhamhna, agus más féidir an corpán sin a fháscadh taobh istigh den gha seo, iompóchaidh sé ina dhúpholl ar an toirt. Ag corpáin atá réasúnta beag, cosúil leis an duine, mar shampla, tá an ga seo comh gearr is nach bhfuil aon tábhacht phraiticiúil leis. Tá, fiú, an Ghrian s'againn comh beag is nach mbeadh sé éascaidh dúpholl a dhéanamh daoithi.
an Ghealach nó an Ré nó an tÉasca, an t-aon satailít nádúrtha atá ag timpeallú an Domhain. Tá sí fá thrí chéad ceithre mhíle is ceithre scór de chiliméadair (384,000 km) den Domhan s'againn, rud a chiallaíonns go dtógann sé beagáinín níos mó ná soicind ar an tsolas a theacht ón Ghealach a fhad linn féin. Tá an Ghealach míle seacht gcéad ciliméadar ar gha, agus an domhantarraingt a aithníonns an spásaire ar dhroim na Gealaí, níl ann ach aon tseisiú cuid dá mheáchan thíos anseo. An té a chonaic na seanscannáin ó laetha na spásárthaí de shraith Apollo, tá a fhios aige an dóigh a rabh na spásairí in inmhe léimeanna millteacha a thógáilt, beag beann ar na spáschultacha troma a bhí siad a chaitheamh, eadar chlogaid, choimeádán ocsaigine, agus ghléasra brúchóirithe.
Críochnaíonn an Ghealach aon imrothlú amháin thart ar an Domhan gach seacht lá fichead agus ocht n-uaire an chloig (27 lá 8 h). Sin í mí na Gealaí, ach, ar ndóighe, ní hionann í agus mí an fhéilire. Bheirthear an éapacht ar an difríocht ama eadar mí na Gealaí agus mí cibé cineál féilire a úsáidtear de ghnáth.
Tá meánteocht an dromchla beagáinín níos mó ná aon chéim amháin Celsius, ach ós rud é nach bhfuil atmaisféar ag an Ghealach (amach ón chorr-adamh ocsaigine, argóin, sóidiam nó potáisiam) ní choinníonn sí an teas thar a hoíche fhada, agus an dromchla ag éirí fuar feanntach roimh theacht an lae. Ón taobh eile de, nuair a bíos ina lá ar an Ghealach, bíonn sé dofhuilsteanach ar fad, agus an dóigh a bhfuil an Ghrian ag soilsiú, gan aer ar bith ann lena teocht a scabadh, a chothromú is a mhaolú.
An dóigh a bhfuil an Ghealach ag rothlú (ag casadh ar a hais), is rothlú sioncrónach é. Is é sin, tá an rothlú (an casadh ar an ais) agus an t-imrothlú (timpeallú an Domhain) ceangailte dá chéile. De réir mar atá an Ghealach ag dul timpeall an Domhain, tá sí ag casadh ar a hais, i gcruth is go ndrannann sí an taobh chéadna daoithi leis an Domhan. Mar sin, roimh fhorbairt na spásloingseoireachta, ní rabh ach aithne aon leathsféar amháin againn ar ár satailít nádúrtha féin, go bunúsach.
Ní mór a lua, áfach, go mbíonn an Ghealach ag guagadh anonn is anall, beagáinín, mar a tchíthear dúinn í, i gcruth is gur féidir linn ábhairín níos mó ná aon leathsféar amháin den tsatailít a fheiceáilt, ó am go ham. Thar aon rud eile, níl fithis na Gealaí ar aon leibhéal leis an éiclipteach. Is é is toradh dó seo ná go mbíonn an Ghealach ag éirí níos airde ná an leibhéal sin agus ag titim níos doimhne, de réir mar atá sí ag dul ar aghaidh ar a fithis. Uaireanta, bíonn an Ghealach thíos, mar a tchí muid féin í, agus an pol thuaidh ris linn. Uaireanta eile, is dóigh linn í a bheith thuas, i gcruth is go bhfeicimid an pol theas. Thairis sin, ós rud é nach ciorcal cruinn ceart é fithis na Gealaí, bíonn luas a himrothlaithe cineál éagsúil. Bíonn sí ag moilliú agus ag géarú ar a siúl, agus dá réir sin, bíonn sí "chun deiridh", ar dhóigh is go bhfuil radharc againn ar bheagáinín níos mó den "taobh chun tosaigh", agus a mhalairt a bíos fíor nuair a thig géarú ar a coiscéim.
Is é is toradh don iomlán dhearg seo ná go bhfuil caoga naoi faoin chéad (59 %) de dhroim na Gealaí le feiceáilt againn gan a dhul i dtuilleamaí spásbháid. B'é an taiscéalaí Sóivéadach Lunik III an chéad ghléas spáis, thiar ins an bhliain 1959, a thug radharc dúinn ar an taobh eile den Ghealach, ach b'iad na spásairí Meiriceánacha, ins na seascaidí agus na seachtóidí, ba mhó a rinne léarscáiliú ar na codanna aineoil den Ghealach. Tá an taobh eile ag breathnú cineál difriúil leis an taobh is aithin dúinn féin, ós rud é nach bhfuil an oiread céadna de spotaí móra dorcha - "mara" nó "farraigí" a bheirthear orthu, siúd is gur ísleáin iad go bunúsach, agus iad clúdaithe le cloch laibhe - nach bhfuil an oiread céadna de na "mara" seo le feiceáilt ar an taobh eile.
Tá an Ghealach ar an t-aon rinn neimhe amháin taobh amuigh den Domhan a bhfuil a droim siúlta ag daoiní daonna. Bhí Neil Armstrong agus Edwin Aldrin ar an chéad bheirt a bhain an Ghealach amach. An tríú spásaire a ghlac páirt ins an mhisiún, mar atá, Michael Collins (is eadh, tharla an t-ainm is an sloinne sin a bheith ar mo dhuine), bhí sé ag fanúint lena chairde ins an Mhodúl Ceannasaíochta, an chuid den spásárthach a bhí fágtha ag timpeallú na Gealaí. Ina dhiaidh sin, chruthaigh Collins go maith ina iriseoir agus ina scríbhneoir ag tabhairt cur síos ar cheird na spásloingseoireachta don tsaol mhór. D'fhoilsigh an Coileánach seo leabhar suimiúil ina dtug sé léargas dúisitheach ar shaol an spásaire eadar chruatan agus ghlóir, - Carrying the Fire ("Ag Iompar na Tine").
Thiar ins an bhliain 1969 a rinne Armstrong agus Aldrin a n-éacht, agus is i Muir na Sáimhe a thuirling siadsan, in aice le Rimae Hypatia. Roimh dheireadh na bliana céadna, tháinig an chéad mhisiún eile go dtí an Ghealach síos in Aigéan na Stoirmeacha. Níl aigéan ar bith ann, ach ísleán mór, agus is beag stoirm a bhagróchadh ort ansin ach an oiread, ós rud é nach bhfuil mórán atmaisféir ag an Ghealach. Siúd is go rabh an mí-ádh leis an chéad mhisiún eile is gur phléasc cóimeádán ocsaigine, d'éirigh le NASA na spásairí a thabhairt slán chun an bhaile, agus ina dhiaidh sin, is iomaí áit éagsúil ina bhfacthas spásairí Meiriceánacha ag dul a spaisteoireacht ar an Ghealach. B'iar-eitleoirí cogaidh iad formhór mhór na spásairí a shroich an Ghealach, agus cathanna curtha acu i gCogadh na Cóiré; ghlac geolaí oilte arbh ainm dó Harrison Schmidt páirt ins an mhisiún dheireanach i Mí na Nollag 1972. Siúd is go mb'é Schmidt an t-aon gheolaí amháin a tháinig a fhad leis an Ghealach ina phearsa féin, rinneadh éacht mór geolaíochta le linn na dturasanna seo, áfach, nó thug na spásairí leofa trí chéad cileagram de shamplaí ó na láthracha difriúla tuirlingthe.
Tá an Ghealach cuibheasach mór, mar shatailít nádúrtha, go háithrid i gcomparáid leis an phláinéad atá sí a thimpeallú. Níl ach Carón, gealach Phlútóin, níos mó i dtéarmaí comparáideacha, agus ar an chúis chéadna, is gnách pláinéad dúbailte a thabhairt ar chóras Charóin agus Phlútóin. Scéal eile, ar ndóighe, go bhfuil gealacha níos mó agus níos troime ag Iúpatar, cuir i gcás: i bhfarradh is an pláinéad millteach atá siad a thimpeallú, áfach, is lú i bhfad iad ná an Ghealach.
Tá screamh na Gealaí thart ar sheachtó ciliméadar ar doimhneacht, nó sin é an meánluach. Bíonn sé éagsúil ó áit go háit, áfach, nó sáraíonn an doimhneacht sin céad ciliméadar i dtimpeallacht Chraitéar Korolev. Ón taobh eile de, níl ach cupla ciliméadar screimhe taobh thíos de "mhara" áithride. Faoin screamh sin atá an maintlín, nó an brat, agus é míle ciliméadar ar doimhneacht. Tá croí na Gealaí faoi bhun an mhaintlín sin, ar ndóighe, agus é trí chéad go leoth de chiliméadar ar gha, a bheag nó a mhór. Níl sé comh te le croí ár bpláinéid féin, nó tá an Ghealach i bhfad níos suaimhní ó thaobh na geolaíochta de ná an Domhan. Bíonn talamhchreathanna (nó "gealach-chreathanna"!?) ann ó am go ham, ach bíonn siad i bhfad níos fannlaige ná na talamhchreathanna ar an Domhan s'againn. Tá fórsaí taoidmheara an Domhain comh lag is nach bhféadann siad croí na Gealaí a chroitheadh an oiread is go leáfadh sé. (Is féidir a ghlanmhalairt sin a ráit i dtaobh Io, an ceann is lú de ghealacha Galileo, atá ar bharr lasrach an t-am ar fad lena chuid bolcánachais - nó is í imtharraingt Iúpatair agus na fórsaí taoidmheara a théid léithi is mó is cúis leis an bholcánachas sin.) Uaireanta, tchíthear "feiniméin dhíomuana Gealaí" (feiniméin nach bhfuil fad saoil ná buanaíocht iontu, sin "feiniméin dhíomuana") - is é sin, an chorrlasair sholais nó an chorrchalc thoite - ar an Ghealach, agus tá cuid de na saineolaithe inbharúla go bhfuil baint ag an bholcánachas leis na feiniméin seo. Níltear ar aon tuairim fá dtaobh de sin, áfach, nó deir na heolaithe eile nach bhfuil i gceist ach gnáthiomrall súl.
Glactar leis go coitianta gur cuid den Domhan a bhí ins an Ghealach ar tús, nó gurb as an Domhan a fáisceadh í. Ceithre bhilliún go leith de bhlianta ó shin, bhuail an Domhan fá chorpán nó rinn neimhe a bhí, a bheag nó a mhór, ar aon mhéid le Mars. An conamar a caitheadh amach ins an spás ins an teagmháil seo, ba chloch leáite é a tháinig le chéile ina dhiaidh sin le haon réad amháin a dhéanamh, mar atá, an Ghealach. Ar tús, bhí an tsatailít s'againn ar fad ina farraige mhór de chloch leáite, magma, agus í ar bharr lasrach le teas. De réir a chéile, áfach, d'fhuaraigh an magma seo, agus b'ansin a cruthaíodh sléibhte agus tailte arda na Gealaí. Is iad na bruthcharraigeacha seo an chuid is sine de thírdhreach ár satailíte. Anortaisít a bheirthear ar an chineál cloiche atá ins na bruthcharraigeacha seo, agus í - an anortaisít - tá sí saibhir i mianra sileacáite a dtugtar plagaclás air. Is é an plagaclás is cúis leis an dath gheal in ardchríocha na Gealaí.
Na hísleáin dhorcha a dtugtar "mara" nó "farraigí" orthu, - Muir na Scamall, Aigéan na Stoirmeacha, Muir na nGábh, Muir na Gaile, Muir na Báistí, Muir an tSuaimhnis, Muir na Sáimhe, Muir an Fhuachta, Muir an Neachtair agus Muir na Lionnta - tá na "mara" seo níos óige, dar leis na geolaithe, ná na sléibhte is na bruthcharraigeacha. Is dócha go bhfuair an Ghealach bombardú mór ón spás, agus na dreigítí ag tochailt imchuachanna doimhne ar a haghaidh. Ansin, ins an chéad chupla billiún eile, líonadh na himchuachanna le magma (laibhe), de thoradh an bholcánachais a bhí ann ins an am. Nuair a d'fhuaraigh an laibhe, d'iompaigh sí ina basalt dubh. Is é an basalt seo a d'fhág a ndath ar na "farraigí".
Tháinig a gcuma ar na "mara" dhá bhilliún bliain ó shin, a bheag nó a mhór. Ina dhiaidh sin, lean na dreigítí ag criathrú dromchla na satailíte s'againn agus ag fágáilt craitéir ina ndiaidh. Ar ndóighe, bhain na himbhuailte seo conamar as droim an réada, conamar cloiche a dtugtar reigilít air.
Iad siúd atá ag brionglóidigh fá dtaobh de bhunú coilíneachtaí ar an Ghealach, is suim leofa an reigilít, nó creidtear go bhfuil uisce reoite - oighreogach - measctha fríd an reigilít i dtimpeallacht an dá phol, thuaidh agus theas. Táthar ag déanamh go mbeadh sé indéanta coilíneachtaí a chur ar bun ar na poil, agus iad ag mairstin ar uisce na reigilíte. Níl anseo ach aisling, ach is aisling é a spreag go leor daoiní i gceann réalteolaíochta an chéad uair.
gealacha Galileo an ceithre ghealach is mó de chuid Iúpatair, mar atá, Io, Europa, Ganymede agus Callisto. B'é an réalteolaí Iodálach, Galileo Galilei (1564-1642), a tháinig ar na satailítí seo roimh aon duine eile, buíochas leis an fhorbairt a rinne sé ar an teileascóp. Áirítear Galileo ar sheanlaochra móra na réalteolaíochta.
Níl sé deacair ag réalteolaithe amaitéaracha an lae inniu radharc teileascóip a fháil ar ghealacha Galileo, agus ós rud é go bhfuil siad ag timpeallú Iúpatair ar aon leibhéal le chéile, is minic a tchíthear ina shlabhra iad, ceann in aice a chéile ar aon taobh d'Iúpatar. Mar sin, tá cuid mhaith de na réadóirí amaitéaracha ceanúil go maith ar an cheathrar seo.
Gealach | IO | EUROPA | GANYMEDE | CALLISTO |
Ga (leath an trastomhais; aonad: ciliméadar) | 1,822 | 1,561 | 2,631 | 2,410 |
Meánfhad ó Iúpatar (aonad: ciliméadar) | 422,000 | 671,000 | 1,070,000 | 1,883,000 |
Tréimhse imrothlaithe Iúpatair (aonad: lá de chuid an Domhain s'againn) | 1.76 | 3.55 | 7.15 | 16.7 |
Claonadh na fithise (aonad: céim stua, o) | 0.04 | 0.47 | 0.21 | 0.51 |
Tréimhse rothlaithe ("lá" na gealaí; aonaid: uair an chloig agus bomaite an chloig) | 42 h 27 min | 85 h 13 min | 171 h 42 min | 400 h 32 min |
Ailbéideacht (an oiread a fhrithchaitheanns an ghealach den tsolas a bhuaileanns í; 1.0 = frithchaitear an solas ar fad; 0.0 = ní fhrithchaitear a dhath) | 0.62 | 0.68 | 0.44 | 0.19 |
Mais (1 = mais na Gealaí s'againn) | 1.22 | 0.65 | 2.02 | 1.46 |
Treoluas éalaithe (aonad = ciliméadar in aghaidh na soicinde, km/s) | 2.6 | 2.0 | 2.7 | 2.4 |
geoid: samhail den Domhan nó de réimse imtharraingthe an Domhain, agus í bunaithe ar an dóigh a mbíonn an domhantarraingt ag athrú ó áit go háit agus ar an mhapáil atá déanta ar na hathruithe seo. Bíonn an gheoid ag reachtáil sách gar d'fhíor-dhromchla ár bpláinéid, agus mura mbeadh imthoscaí eile seachas an domhantarraingt - caochlaíocha na haimsire, an taoide agus na muirshruthanna, cuir i gcás - ag cur na farraige as a riocht, chloífeadh droim na mara leis an gheoid.
Úsáidtear an gheoid mar ghléas cúnta in obair na geodasaíochta agus na mapála. De réir na geoide a shocraítear cruth an éileapsóidigh thagartha. Is é is éileapsóideach tagartha ann ná samhail mhatamaiticiúil de chruth an Domhain agus í i bhfad níos rialta ná an gheoid. Siúd is go bhfuil an gheoid i bhfad níos míne ina cruth ná an fíor-Dhomhan, ní foirm rialta í a d'fhéadfá a chur in iúl in aon fhoirmle shimplí mhatamaiticiúil. Foirm den chineál sin atá ins an éileapsóideach thagartha, áfach, agus má shocraítear foirm an éileapsóidigh seo sách cóngarach d'fhoirm na geoide, is féidir cuma agus cosúlacht an Domhain agus an t-achar eadar na baill a léiriú réasúnta maith.
Baintear úsáid fhorleathan as na satailítí inniu leis an gheoid a mhapáil. Bíonn airdemhéadar - cineál radair - á iompar ag satailít den chineál sin, agus é á úsáid le hairde na satailíte os cionn dhroim an Domhain a thomhas. Bíonn an airde seo ag athrú de réir mhiondifríochtaí áitiúla na domhantarraingthe is na geoide, ar ndóighe.
Gienah Cygni nó Epsilon Cygni: réalt i réaltbhuíon na hEala, ceann de na sciatháin nó de na heiteoga a tchíthear ag an Eala. An t-ainm sin Gienah, tá sé bunaithe ar an fhocal Araibise a chiallaíonns sciathán éin, nó eiteog. Fathachréalt dheargbhuí nó fhlannbhuí atá ann, agus í thart ar cheithre mhíle dhá chéad céim Celsius ar theocht. Mar sin, is K-réalt í. Tá Gienah Cygni suite fá sheachtó dhá sholasbhliain, nó fá dhá pharsoic is fiche, dínn, agus siúd is gur fathachréalt í, níl ach mais cheithre Ghrian ann, gidh gurb ionann a trastomhas agus sé thrastomhas déag na Gréine. Mar is dual do na fathachréaltaí dearga, ní rabh Gienah Cygni ina fathach ó thús ama. Nuair a tháinig sí chun saoil, cha rabh ann ach gnáthréalt de chuid an phríomhsheichimh, nár iompaigh ina fathach ach le teacht na seanaoise.
Gienah Ghurab nó Gamma Corvi: fathachréalt a tchíthear i réaltbhuíon an Phréacháin, agus í suite leathchéad parsoic uainn. B-réalt atá ann, is é sin, réalt the bhánghorm.
an Ghrian abhacréalt bhuí atá suite i gcroílár ár ngrianchórais. Is í an Ghrian an t-aon réalt amháin is eol dúinn a bhfuil beatha ar fáil ar phláinéad dá cuid, ar ndóighe, agus is mór an t-ábhar seanchais é ag lucht an tsaineolais, an réalt eisceachtúil í ar aon bhealach eile. Ar a laghad, dealraíonn sé nach bhfuil leathbhádóir aici, mar a bíos ag cuid mhór de na réaltaí. Mar sin, is féidir leis an Domhan a fhithis a choinneáil go néata, gan trasnaíocht ó imtharraingt aon réalt eile. Níl aon nóva ag bagairt orainn ach an oiread. Thairis sin, réalt fhadsaolach de chuid an phríomhsheichimh í - tá sí 5,000,000,000 bliain d'aois, agus oiread eile i ndán daoithi sula bpléascaidh sí amach ina fathachréalt dhearg, agus a cuid hidrigine caite comhleáite aici. Ní mhaireann na fathachréaltaí ach an míliú cuid den tsaol sin. Na starraiceachtaí is na bladhmanna a tchíthear ag léimnigh amach ó dhromchla na Gréine, tá siad ar ceann de na feiniméin is sonraithí inár ngrianchóras, ach is é barúil na saineolaithe go mbíonn rudaí i bhfad níos millteanaí ag titim amach ar na réaltaí eile, de ghnáth - samhlaigh duit na nóvaí, mar shampla. Mar sin, tá an Ghrian as pabhar suaimhneach mar réalt, agus is féidir nach mbeadh mórán maithe ins an phláinéad seo le háit chónaithe a thabhairt do bheatha intleachtúil dá mbeadh an Ghrian comh cantalach le formhór mór na réaltaí eile.
Mar sin féin, níl sé deacair a theacht trasna ar réaltaí atá cuibheasach cosúil leis an Ghrian ó thaobh na méide, na teochta is an speictrim de, agus is breá leis na réalteolaithe cupla ceann acu ach go háithrid, mar atá, Epsilon Eridani agus Tau Ceti, le dhul ar lorg pláinéid dhomhanchosúla ina dtimpeall.
Ós rud é nach sáraíonn mais na Gréine ceachtar den dá theorainn udaí - teorainn Chandrasekhar agus teorainn Oppenheimer agus Volkoff - críochnóchaidh sí a caithréim ina habhacréalt bheag. Tá sí róbheag le neodrónréalt a dhéanamh, gan aon trácht a dhéanamh ar dhúpholl.
DAINSÉAR!
DAINSÉAR!
DAINSÉAR!
TÁ DAINSÉAR INS AN GHRIAN - NÁ BÍ AG IARRAIDH RADHARC A FHÁIL UIRTHI LE hAON GHLÉAS CIANRADHAIRC! D'fhágfadh an Ghrian ar leathshúil go lá do bháis thú dá mbeifeá i do dheargamadán comh mór is go gcaithfeá súil uirthi fríd an teileascóp, agus dá mbeifeá comh bómánta leis na déshúiligh a úsáid, bheifeá i muinín an mhaide bháin is an mhadaidh an chuid eile de do shaol.
Tá solas na Gréine in ann lionsaí do theileascóip nó do dhéshúileach a leá, comh láidir agus atá sé - samhlaigh duit an rud a dheánfas sé do shúile do chinn, agus é comhchruinnithe ag lionsaí inréimneacha do ghléas cianradhairc.
Is é an t-aon dóigh le breathnuithe Gréine a dhéanamh leis an teileascóp gan do shúile a chur ó mhaith ná an solas a ligint amach as an tsúilphíosa ar scáileán bhán, i gcruth is go bhfeictear íomhá na gréine ar an scáileán. Ansin féin, ní mór siúráilteacht a dhéanamh de nach dteán aon duine iarracht a shúil a chur leis an tsúilphíosa. Fiú le linn an teileascóp a bheith á dhíriú ar an Ghrian, caithfidh tú an scáileán a úsáid, agus tú ag féacháilt chuige nach mbuailfidh an ga solais atá ag teacht as an tsúilphíosa, nach mbuailfidh sé súil aon duine. Thairis sin, ní sheasaíonn gach cineál lionsaí solas láidir na gréine, agus caithfidh tú a bheith cinnte fosta nach baol don teileascóp a leithéid de ghaisce a bhaint as!
Más mian leat breathnuithe Gréine a dhéanamh, ná deán a dhath as do stuaim féin. Téigh i dteagmháil leis na saineolaithe agus le crannlaochra na réadóireachta ag www.astronomy.ie le fáil amach fá dtaobh de mhodhanna sábháilte oibre.
grianghaoth: Is é an rud a dtugtar an ghrianghaoth air ná na cáithníní agus an gás atá á leathadh amach ó choróin na Gréine. Is é is príomhthábhacht leis an ghrianghaoth ná go bhfuil an héilisféar - réimse maighnéadach na Gréine, nó, le bheith beacht, maighnéadsféar na Gréine, is é sin, an chuid sin den spás ina bhfuil réimse maighnéadach na Gréine níos láidire ná aon maighnéadas eile - go bhfuil an héilisféar i dtuilleamaí na grianghaoithe le mairstint beo. Ó tharla go bhfuil an Ghrian ag casadh thart ar a hais féin (ag déanamh rothlú), tá déanamh na bíse ar a réimse mhaighnéadach agus ar na bealtaí atá an ghrianghaoth ag teacht ón Ghrian.
Fáisceann an ghrianghaoth maighnéadsféar gach pláinéid amach ón Ghrian, cosúil le rubaill na gcóiméad, a bíos i gcónaí á síneadh amach ó threo na Gréine. I dtaobh na bpláinéad de, deirtear go bhfuil maighnéadrubaill acu (nó maighnéadeireabaill, ins an Chaighdeán). Mar shampla, tá maighnéadsféar Iúpatair comh fadaithe ag an ghrianghaoth agus go síneann an ruball thar fhithis Shatairn.
Bíonn luas na grianghaoithe eadar trí chéad agus seacht gcéad ciliméadar in aghaidh na soicinde, nó eadar milliún ciliméadar agus dhá mhilliún go leith de chiliméadair in aghaidh uair an chloig. Tá cuid mhaith fuinnimh inti, rud a spreaganns, ó am go ham, scríbhneoirí ficsin eolaíochta chun pinn le scéalta a bhreacadh síos fá dtaobh de spáslonga seoil na todhchaí agus iad ag baint úsáide as an ghrianghaoth mar fhoinse chumhachta. Siúd is gur smaointiú suimiúil dúisitheach atá ann gan aon amhras, tá fadhbanna móra praiticiúla ag baint leis, cosúil le hábhar agus méid na seolta a bheadh de dhíth.
Uaireanta, agus an ghrianghaoth ag bualadh fá uachtar atmaisféar an Domhain, tchíthear soilse thuas ins an spéir mar a bheadh cuirtíní solais á ndrud, agus iad ag déanamh roicneacha. Bheirthear aurora ar na soilse seo - aurora borealis thart ar an phol thuaidh, agus aurora australis ins an deisceart. Siúd is go molann foclóir an Ghúim an Laidin a úsáid ins an Ghaeilge féin, ní miste cuimhne a choinneáil ar na téarmaí dúchasacha, mar atá, an chaor aduaidh agus na saighneáin. Ar ndóighe, ní mór "an chaor aneas" a thabhairt ar an aurora australis!
Cosúil leis an Ghrian, bíonn na réaltaí eile ag scaoileadh cáithníní agus gáis - réaltghaoth a bheirthear ar an chineál grianghaoithe atá siadsan a dhéanamh. Bíonn gaoth na réaltaí móra - na bhfathach agus na n-ollfhathach - i bhfad níos láidre ná gaoth réaltaí an phríomhsheichimh, agus iad ag cailleadh ábhair go tiubh téirimeach de dheasca na réaltghaoithe.
grianspota "spota dubh fuar" ar dhromchla na Gréine. Ar ndóighe, níl na spotaí seo dubh ná fuar ach i gcomparáid leis an chuid eile den fhótaisféar. Is é an maighnéadas is cúis leofa, go bunúsach. Tá tráthrialtacht ínteacht ag baint leis an ghníomhaíocht mhaighnéadach sin, nó bíonn ag maolú is ag méadú ar líon na ngrianspotaí de réir chiogal aon bhliain déag.
an Grúpa Áitiúil: an grúpa de réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Bealach na Bó Finne agus Réaltra Andraiméide an dá réaltra is mó acu, ach tá go leor réaltraí níos lú ann comh maith - Scamaill Magellan, cuir i gcás. Dhá scór réaltra atá ann ar fad, agus iad scabtha ar fud réigiúin atá deich milliún solasbhliain ar trastomhas.
guairne: tá guairne ag na buncháithníní is tábhachtaí, cosúil leis an neodrón, leis an leictreon agus leis an phrótón, agus is é an míniú is fearr atá ann ar an tsaintréith seo ná gurb ionann í agus an cáithnín a bheith ag ligint air féin go bhfuil sé ag casadh timpeall ar a ais féin. Tá an fhadhb ann, áfach, nach bhfuil aon ais ann, nó ní thig treo na haise a aimsiú! Mar cháilíocht fhisiciúil, tá an ghuairne cosúil leis an mhóiminteam uilleach, arb é miosúr na gluaiseachta rothlaí é, ach ní cáilíocht veicteoireach í an ghuairne - is é sin, ní féidir í a chur in iúl le veicteoir. Is é an rud is veicteoir ann ná an tsaighead a thaispeánanns treo na cáilíochta fisiciúla, ar nós veicteoir an luais, a léiríonns an bealach atá an réad ag dul, agus is é fad an veicteora a thaispeánanns an chuid scálach den cháilíocht. (Mar shampla, taispeánann fad an luasveicteora, cé comh luath is atá an réad ag dul ins an treo atá curtha in iúl le treo an veicteora.) Le bheith beacht, tá a leithéid de rud ann ins an mhatamaitic agus guairneoir - coincheap matamaiticiúil atá ann a forbraíodh le freastal ar riachtanaisí na guairne agus é cineál cosúil leis an veicteoir, ach ní hionann an mhatamaitic atá de dhíth le ciall a bhaint as an dá rud.
Na cáithníní a bhfuil guairne ínteacht acu, tá móimint mhaighnéadach acu. Sin é an fáth, thar aon ábhar eile b'fhéidir, go nglactar leis an ghuairne mar "chineál móiminteam uilleach". Na réimsí maighnéadacha a bíos le haithne ar leibhéal ár saoil mhóir féin, ní fhéadfaidís a bheith ann ar aon nós gan luchtanna leictreacha agus iad a bheith ag casadh nó ag dul timpeall ar bhealach eile. (Mar shampla, má bhíonn corna - solanóideach - de chábla leictreach againn agus sruth díreach leictreach ins an chábla, beidh réimse maighnéadach thart timpeall ar an chorna.) Is é oighear an scéil, áfach, ná go bhfuil guairne agus móimint mhaighnéadach fiú ag an neodrón, nach bhfuil lucht leictreach ar bith aige.
Cáilíocht chandamaithe í an ghuairne. Mar sin, ní cheadaítear ach luachanna áithrid guairne ag na cáithníní - na slánuimhreacha agus na leath-shlánuimhreacha, go bunúsach.
B'é an fisiceoir Ostarach Wolfgang Ernst Pauli (1900-1958) ba mhó a rinne le ciall cheart a fháil do choincheap na guairne. Tá dlúthbhaint ag an ghuairne le prionsabal an eisiaimh, fionnachtain thábhachtach Pauli.
hadrón cáithnín atá comhdhéanta as na cuarcanna. Hadróin atá ins na prótóin is na neodróin, cuir i gcás.
HD: an dá litir seo, is ionann iad agus Henry Draper, nó an chatalóg réaltaí atá ainmnithe as a leithéid d'fhear. Réalteolaí Meiriceánach a bhí in Draper a mhair ins an naoú haois déag. Buachaill seanchríonna a bhí ann a bhain amach dintiúirí leigheaseolaíochta nuair nach rabh ann ach stócach fiche bliain d'aois, in Ollscoil Nua-Eabhraic. Ansin, chuaigh sé go dtí an Eoraip le súil a chaitheamh timpeall an domhain. Tháinig sé go hÉirinn, fosta, agus fuair sé aithne ar William Parsons, fear an teileascóip mhóir i gCaisleán Bhiorra. Chuaigh Parsons go mór mór i bhfeidhm ar Draper óg, agus chinn an Meiriceánach ar dhúthracht a shaoil a dhílsiú do thaighde na réaltaí. Is é an ghné den réalteolaíocht is mó a chleachtaíodh Draper ná an réalteolaíocht speictreascópach - is é sin, anailis ar an chineál dathanna a aithnítear ar an tsolas ó réalt áithrid. Ós rud é go bhfuil baint ag an dath le teocht na réalta, tá tábhacht ar leith leis an chineál seo taighde. - Rinne Draper cion cupla fear ag tabhairt na speictreascópachta i gcrann, ach ansin, cailleadh le galar na scamhán é sula rabh leathchéad bliain d'aois slánaithe ag mo dhuine. Cupla bliain roimh thús na fichiú haoise, cúig bliana déag i ndiaidh bhás Draper féin, tháinig an réaltchatalóg i gcló inar cuireadh a chuid modhanna oibre chun úsáide. B'í a bhaintreach a choimisiúnaigh an obair, ar acht is go mbaistfí ainm a fir chéile ar an chatalóg.
héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó, is é sin, an dúil a bhfuil dhá phrótón ina núicléas, agus dhá leictreon ins an néal leictreon timpeall an núicléis le lucht leictreach an núicléis a neodrú. Cuirtear an chumraíocht leicreonach seo in iúl leis an chód 1s2. Is é is brí leis an chód ná go bhfuil dhá leictreon ar an leictreonsceall is gaire don núicléas, ar an leibhéal fuinnimh úd s. Ar ndóigh, níl ach an t-aon leibhéal fuinnimh seo ar an chéad leictreonsceall (an K-sceall), agus níl spás ach don dá leictreon seo ansin. Ós rud é nach bhfuil fáilte roimh leictreoin bhreise in adamh an héiliam, is dúil é an héiliam nach bhfuil in ann dul i gcomhdhúile leis na dúile eile - dúil thámh é, a áirítear ar na triathgháis. Cha dteán sé imoibriú ar bith le comhdhúile bithcheimiceacha an choirp dhaonna ach an oiread, agus is dócha gurb é sin is cúis leis nach n-aithníonn na daoiní boladh ar bith ann.
Tá dhá iseatóp ag an héiliam, mar atá, héiliam a ceathair, a bhfuil dhá phrótón agus dhá neadrón ina núicléas, agus héiliam a trí, nach bhfuil ach neodrón amháin aige. Is é héiliam a ceathair an t-iseatóp is coitianta acu. Cruthaítear héiliam a ceathair go nádúrtha mar thoradh do mheath radaighníomhach na ndúl trom, cosúil leis an úráiniam. Mar sin, bíonn boilgeoga nó pócaí héiliam ar fáil i mianraí a bhfuil úráiniam iontu. Is é an rud a thiteanns amach ins an alfa-mheath, go bunúsach, ná go gcailleann núicléas na dúile troime dhá phrótón agus dhá neodrón i bhfoirm núicleas an héiliam. Is é an t-alfa-mheath an cineál is coitianta den chnuasmheath.
Is iomaí cineál úsáid a bhaineanns na daoiní as an héiliam. Comh támh agus atá sé, is féidir é a chur mar sciath chosanta timpeall ar shubstaintí braiteacha nach seasaíonn an teagmháil le hocsaigin an aeir. Gás maith é an héiliam fosta le héadromáin a shéideadh. Coinníonn sé an t-éadromán ar foluain os cionn an talaimh, nó tá sé i bhfad níos éadroime ná an t-aer. Níl sé comh héadrom leis an hidrigin, ach níl sé comh contúirteach leis an hidrigin, ós rud é nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile.
hidrigin: an dúil is coitianta amuigh, dúil uimhir a haon i dTábla Pheiriadach na nDúl. Tá adamh na hidrigine, H, 1.00794 aonad maise adamhaí (is é sin, aon aonad amháin agus seacht gcéad is ceithre chéad míliú cuid déag is ceithre scór) ar mhais. Níl in adamh na hidrigine ach aon phrótón amháin mar núicléas, agus aon leictreon amháin ar foluain ina thimpeall mar néal leictreon. Is neamh-mhiotal í an hidrigin, nó sin é an dóigh a n-iompraíonn sí í féin faoi bhrú an atmaisféir anseo ar an domhan s'againn. Má fhásann an brú thar gach teorainn, áfach - in aice leis an charraig i gcroílár Iúpatair, cuir i gcás - is féidir leis an hidrigin féin iompó ina miotal, nó cuma agus iompraíocht an mhiotail a tharraingt uirthi.
Mar is aithin dúinn féin an hidrigin, áfach, is gnách daoithi móilíní dhá adamh, H2, a chruthú, agus an dá adamh ceangailte dá chéile le nasc comhfhiúsach.
Cosúil leis an ocsaigin agus leis an nítrigin, fanann an hidrigin ina gás ach an teocht a bheith íseal go maith. Faoi bhrú atmaisféar an Domhain, ní chomhdhlúthaítear ina leacht (sreabhán) í ach le teocht dhá chéad caoga trí chéim Celsius taobh thíos den neamhní (-253oC). Sioctar an hidrigin ina solad - ina "leac oighir" - le teocht atá sé chéim Celsius níos fuaire ná sin.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is dual don hidrigin ná +1 agus -1. Ní bheifeá ag súil lena mhalairt. Nó níl ins an adamh hidrigine, go bunúsach, ach aon phrótón amháin mar núicléas, agus aon leictreon amháin ar foluain ina thimpeall le lucht leictreach deimhneach an phrótóin sin a neodrú. Agus, ar ndóighe, mura bhfuil an t-adamh flosctha le fuinneamh a d'airdeochadh an t-aon leictreon sin ar leibhéal níos airde, fanann sé ar an leictreonsceall is ísle, áit nach bhfuil spás ná fáras ach do dhá leictreon cibé.
Nuair a théid an hidrigin i gcomhdhúil le dúil ínteacht eile, is minic a shásaíonns sí an fheasbhaidh leictreon ar an t-aon sceall amháin sin fríd nasc comhfhiúsach a cheangal, cibé cé acu atá an dúil eile níos leictridhiúltaí ná an hidrigin nó nach bhfuil. Tá an hidrigin níos leictridhiúltaí ná na miotail, ach ina an an chéadna, níl sí comh leictridhiúltach leis na neamh-mhiotail is leictridhiúltaí, ar nós an fhluairín agus na hocsaigine. Is é is toradh dó seo, ná, nuair a théid an hidrigin i gcomhdhúil leis na dúile seo, ná, go bhfágtar blas áithrid den nasc ianach ins an nasc chomhfhiúsach eadar an dá dhúil - is é sin, go bhfágtar cuid den lucht leictreach dhiúltach ar thaobh na dúile is leictridhiúltaí, agus cuid den lucht leictreach dheimhneach ar thaobh na hidrigine. Mar sin, cruthaítear móilíní dépholacha nó polaraithe, móilíní a bhfuil pol leictreach diúltach agus pol leictreach deimhneach acu, agus ós rud é gur dual don dá chineál lucht leictreach an cineál eile a aomadh, bíonn na móilíní ag tarraingt ar a chéile mar a bheadh maighnéid bheaga iontu. Bheirthear hidrigin-naisc ar na fórsaí a ghreamaíonns na móilíní dá chéile mar seo. Is iad na hidrigin-naisc is cúis leis an chuid is mó de shaintréithre an uisce, mar shampla. Tá móilíní an uisce beag éadrom, agus bheadh an t-uisce ina ghás le gnáth-theocht an tseomra, ach go bé go stopann na hidrigin-naisc na móilíní ó ghalú.
Níl an hidrigin in ann an t-aon leictreon amháin aici a thabhairt uaithi go buan agus ian deimhneach a dhéanamh, nó ní bheadh ina leithéid d'ian ach prótón lom, agus é i bhfad níos lú ná aon chineál ian eile a bíos ann dáiríribh. Is é an rud a thiteanns amach, áfach, ná, má tá móilíní ann agus iad in ann fáras a thabhairt don phrótón sin - núicléas an adaimh hidrigine a fháscadh eadar dhá leictreon - go léimeann an prótón sin ó mhóilín go móilín, agus an móilín ar bhain sé leis ar tús, fágtar leictreon breise ansin, i gcruth is go n-iompaíonn sé ina ainian (ian diúltach). Ins an am chéadna, an móilín a fháiltíonns an prótón chuige, gheibh sé lucht leictreach deimhneach an phrótóin, ionas go n-iompaíonn sé ina chaitian (ian deimhneach). Bheirthear prótalú ar an imoibriú seo. An móilín, nó an cineál substainte, a fháganns uaidh an prótón, is aigéad é, agus an móilín, nó an cineál substainte, a ghlacanns chuige é, is bun é. Na substaintí ar aigéid iad, deirtear go bhfuil siad aigéadach, agus deirtear go bhfuil an darna cineál substaintí bunata.
Mar sin, cha dtig a theacht ar iain loma hidrigine ins na tuaslagáin cheimiceacha i saotharlanna ceimice ar an Domhan s'againn. Tá iompróir de chineál ínteach de dhíth - móilín bunata a ghlacanns chuige an prótón, de ghnáth - le haghaigh na n-"ian hidrigine". Deirtear go minic go bhfuil "iain hidrigine" le fáil i dtuaslagán uisce na n-aigéad, ach is é an cineál "iain hidrigine" atá iontu ná iain hiodrocsóiniam, H3O+, ina bhfuil an prótón ceaptha ag an mhóilín uisce. (Is amfailít, nó substaint amfaiteireach é an t-uisce, rud a chiallaíonns go bhfuil sé in ann bheith ina aigéad nó ina bhun.) Le go mbeadh prótón loma ar foluain timpeall, tá imthoscaí antoisceacha de dhíth - imthoscaí an spáis, nó na hollphléisce fiú, nó an teocht ard mhillteanach taobh istigh de na réaltaí.
Maidir leis an uimhir ocsaídiúcháin eile sin, -1, is léir go bhfuil an hidrigin in ann a dhul i gcomhdhúil ianach le miotail, i gcruth is go bhfágann an miotal ceann de na leictreoin ar an sceall is faide amuigh aige ag an hidrigin, le go mbeidh leictreondís iomlán ag an hidrigin. An cineál seo de chomhdhúile ianacha eadar na miotail agus an hidrigin - na hidrídí - ní bhíonn siad róchobhsaí: go tipiciúil, imoibríonn siad go foréigneach leis an uisce, i gcruth is go scaoilfear an hidrigin saor, agus comhdhúile níos cobhsaí á ndéanamh ins an teagmháil.
Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil an hidrigin indóite agus fiú araiciseach chun pléisce. Nuair a mheascfar na móilíní ocsaigine agus hidrigine fríd chéile, ní bheidh mórán iarrachta de dhíth leis an mheascán sin a mhadhmadh. Is é is toradh don dóchan seo ná ocsaíd ne hidrigine - an t-uisce. As an uisce a d'ainmnigh Antoine Laurent Lavoisier, ceimiceoir mór na Fraince, an hidrigin an chéad uair, agus é i ndiaidh a thuigbheáilt gur ceann de dhúile an uisce a bhí ins an hidrigin. (B'é Lavoisier an ceimiceoir cliúiteach Francach a mhínigh, thiar ins an ochtú haois déag, cad é is dóchan ann.)
Má ghníthear an t-áireamh de réir líonmhaireacht na n-adamh, is í an hidrigin an dúil is coitianta ar an Domhan s'againn, cosúil leis an ollchruinne ar fad. Adamh hidrigine atá in aon adamh amháin as gach cúigear ar an Domhan. Scéal eile, áfach, go bhfuil an hidrigin comh héadrom, i gcomparáid leis an chuid is mó de na dúile, agus go bhfuil cuid mhór dúl i bhfad níos coitianta ná í, de réir an mheáchain. Siúd is nach bhfuil an gás hidrigine ar fáil go coitianta ins an dúlra, tá an hidrigin ar fáil i gcomhdhúile bithcheimiceacha na colainne daonna, ins an uisce, i hiodracarbóin na hartola, an gháis nádúrtha, an tuirpintín is an pheitril, agus gach áit eile ins an dúlra agus i dtáirgí an dúlra. Ós rud é go mbíonn na naisc chomhfhiúsacha ins na comhdhúile hidrigine comh láidir agus atá, éilíonn sé cuid mhaith fuinnimh an hidrigin a aonrú mar dhúil. Is é an modh oibre is coitianta ná uisce a leictrealú, is é sin, sruth leictreach a chur fríd an uisce a bhfuil salann tuaslaigthe ann le cur le seoltacht an uisce. (Is é is seoltacht ann ná cumas an ábhair leictreachas a iompar - ní seoltóir maith é an t-uisce glan, nó tá leictreoin shaora agus iain de dhíobháil leis an tsruth leictreach a iompar, agus mar a chonaic muid thuas, ní bhíonn iain hidrigine rófhlúirseach le gnáth-theocht an tseomra. An salann, áfach, tá sé comhdhéanta as iain, agus nuair a mheascfar na hiain seo fríd na móilíní uisce, beidh an t-uisce i bhfad níos fearr ag iompar leictreachais.) An gás hidrigine a aonraítear mar seo, úsáidtear é, mar shampla, le hamóinia, le clóiríd hidrigine nó le meatanól a shintéisiú (a tháirgiú lom díreach as na dúile).
HIP: seo trí litir a sheasanns do chatalóg ar leith de réaltaí is de réada réalteolaíocha. Tá an chatalóg seo bunaithe ar obair na satailíte udaí Hipparcos a rinne dianstaidéar ar shuíomhanna agus ar ghluaiseachtaí na réaltaí infheicthe ach go háithrid, agus creidtear go bhfuil catalóg Hipparcos ar an chatalóg is fearr amuigh inniu ó thaobh luachanna na dualghluaisne is an tsaobhdhiallais de. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an obair seo ag baint leis na réaltaí infheicthe an chuid is mó, tá riachtanas mór leis na seanchatalóga i gcónaí.
hipearón cáithnín atá níos troime ná núicleoin an ghnáthdhamhna. Níl teacht ar na hipearóin ar dhroim ár ndomhain féin ach amháin mar thorthaí ar na trialacha a bíos ar obair ag na fisiceoirí agus iad ag súgradh lena gcuid luasairí cáithníní agus cioglatróin. Na hipearóin a chruthaítear ar an dóigh sin, is dual dófa titim as a chéile ar an toirt, ach creidtear gur féidir lena leithéidí fad saoil a bhaint amach i gcroílár na neodrónréaltaí, áit a bhfuil mais agus imtharraingt mhillteanach na réalta á gcoinneáil le chéile.
Hyperion ceann de ghealacha Shatarn. Níl Hyperion in aon ghaobhair do bheith sféarúil ina chosúlacht. Go bunúsach, cnapán nó leac fhada carraige atá ann - ceithre chéad is deich gciliméadar ar fad agus dhá chéad is fiche ciliméadar ar leithead. Tá sé ar an ghealach is mó den chineál seo ar fud an Ghrianchórais go léir. Na gealacha atá níos mó ná Hyperion, tá déanamh na liathróide orthu.
Tá ailbéideacht Hyperion sách íseal. Is dealraitheach go bhfuil sé salaithe le stuif dhubh dhorcha de chineál ínteacht ar an taobh amuigh. Níl Hyperion mórán níos troime ná cnapán leacoighir ar aon mhéid leis, agus má tá sé criathraithe ar an taobh amuigh, tá sé pollaithe ar an taobh istigh fosta, mar a bheadh spúinse ann.
Is é Tiotán an chéad ghealach eile taobh istigh d'fhithis Hyperion, nó má tá Hyperion ag timpeallú an phláinéid fá mhilliún ceithre chéad is ochtó míle ciliméadar de (1,480,000 km), níl Tiotán ach dhá chéad go leith de mhílte ciliméadar níos gaire do Shatarn. Mar sin, thig Tiotán i bhfad níos cóngaraí do Hyperion ná an chéad ghealach eile taobh amuigh d'fhithis Hyperion, mar atá, Iapetus (trí mhilliún go leith de chiliméadair ó Shatarn). Ós rud é go bhfuil Tiotán comh mór le pláinéad bheag, is follasach go n-imríonn a imtharraingt an-tionchar ar rothlú agus ar imrothlú na gealaí bige.
Thar aon rud eile, tá rothlú anordúil ag Hyperion. Is é sin, bíonn an ghealach seo á hiompó thart ar a hais rothlaithe, ach tá an ais sin ag athrú a treorach gan stad gan staonadh, i gcruth is nach dtig treo ná luas rothlaithe na gealaí seo a shainiú go sásúil. Ní bhíonn a leithéid de ghuagaíl neamhrialta ag baint le haon rinn neimhe eile inár nGrianchóras, dar leis na saineolaithe. Is é a dtuairim, áfach, go mbíodh an rothlú anordúil i bhfad níos coitianta fadó, go háithrid ag satailítí beaga nach bhfuil sféarúil ina gcosúlacht.
Tógann sé seacht n-uaire an chloig thar lá is fiche ar Hyperion aon chúrsa amháin a chur timpeall Shatarn.
ianaisféar an ciseal den atmaisféar atá suite eadar caoga agus cúig chéad ciliméadar os cionn an talaimh, agus é an oiread sin faoi thionchar na radaíochta ultravialaite agus na n-x-ghathanna ón Ghrian agus go bhfuil cuid den damhna ins an chiseal seo ianaithe ag an radaíocht. Tá an t-ianaisféar roinnte ina thrí shraith. An dá shraith is faide thuas, is dual dófa radathonnta gearra a fhrithchaitheamh, rud a chiallaíonns gur féidir leas a bhaint astu ins an chraoltóireacht.
Iapetus: gealach sách beag de chuid Shatarn, gan ach míle ceithre chéad sé chiliméadar déag is fiche (1436 km) ar trastomhas, a chríochnaíonns aon chúrsa amháin timpeall an phláinéid in aghaidh gach seachtó trí lá is ocht n-uaire Chuala saol na réalteolaíochta iomrá ar chosúlacht aistíoch Iapetus, nó tá a leathsféar cúil faoi sheacht níos gile ná an leathsféar atá iompaithe an bealach atá an ghealach ag dul ar aghaidh ar a fithis thart ar Shatarn. Thairis sin, tá cineál droim nó sliabhraon ag dul timpeall na gealaí seo, agus é ag cloí go dlúth leis an mheánchiorcal. Tá an pointe is airde den tsliabhraon suite trí chiliméadar déag os cionn an tír-raoin ina thimpeall - níos airde ná aon sliabh ar an Domhan s'againn, siúd is nach bhfuil trastomhas na gealaí seo ach aon naoú cuid de thrastomhas ár bpláinéid-ne.
Tá réalteolaithe ann a deir go bhfuil Iapetus comh haistíoch ina chosúlacht is go bhfeictear dófa uaireanta nach gcuirfeadh sé lá iontais orthu dá n-iompóchadh sé amach nach mb'iad na fórsaí nádúrtha amháin a mhúnlaigh an ghealach seo. Scríobh Arthur C. Clarke (nó Art Ó Cléirigh, más maith leat an t-impiriúlachas Gaelach a chur i bhfeidhm ar a ainm) úrscéal cliúiteach, thiar ins na seascaidí, ina dtáinig spásaire ar chloch mhór ard dhubh ar dhroim Iapetus a bhí fágtha mar sheort teach solais ag na neacha eachtardhomhanda fadó. Is léir go mb'iadsan a d'fhág an chuma aistíoch ar Iapetus leis na daoiní a bhréagadh i dtreo na gealaí seo. Is léiriú maith é an t-úrscéal sin (2001: A Space Odyssey atá air, mar eolas don té nár aithin é go fóill) ar an draíocht a chuireanns Iapetus ar na saineolaithe féin, gan aon trácht a dhéanamh ar na scríbhneoirí ficsin eolaíochta.
iarmhairt Purkinje: Ní hionann íogaireacht na súl do gach dath solais. Go bunúsach, is é an solas buí is réidhe a tchí muid, ach nuair a théid an solas féin i bhfainne, athraíonn buaicphointe na híogaireachta sin i dtreo an tsolais is airde minicíochta, is é sin, i dtreo an datha ghoirm. Sin é an claonadh atá i súil an duine dhaonna, ar a laghad, agus is é an t-ainm a bheir muid ar an chlaonadh seo ná iarmhairt Purkinje. Nuair a bíos na saineolaithe ag féacháilt le haicme speictreach na réalta a chinntiú, bíonn iarmhairt Purkinje ag cur isteach orthu.
Tá an feiniméan seo ainmnithe as an lia Ghearmánach de phór na Seice, Johannes E. Purkinje (nó Jan E. Purkyne, mar a litrítear a ainm as Seicis), a mhair ins na blianta 1787-1869. Bhí sé ar duine de na heolaithe is mó a rinne staidéar ar an dóigh a n-oibríonn radharc na súl ag an duine.
Io: Tá Io ar an darna ceann is lú de Ghealacha Galilei, agus í níos gaire d'Iúpatar ná aon cheann eile den cheathrar sin. Ar ndóighe, tá cupla satailít nádúrtha eile ag Iúpatar agus iad á thimpeallú níos cóngaraí ná Io féin. Ní gealacha de chuid Galileo iad sin, áfach. Ní bhfuarthas amach fúthu siúd ach i bhfad i ndiaidh lá Galileo: bheirthear grúpa Amalthea orthu, ós rud é go bhfuil Amalthea ar an cheann acu ba luaithe a haimsíodh.
Tá Io ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis an Ghealach s'againn, ach sin a bhfuil de chomhchosúlacht eadar an dá cheann acu dáiríribh. Nó má tá an Ghealach sách suaimhneach ó thaobh na geolaíochta is na seismeolaíochta de, tá Io beo bladhmach le bolcáin, agus an chloch leáite ag sní ina haibhneacha móra magma trasna dhromchla na gealaí seo.
Is maith le cuid mhór de na saineolaithe féin Io a dhealramh le píotsa. Níl an chomparáid sin go dona ar aon nós. Nó más é an sean-nath é go bhfuil ár nGealach féin cosúil le cáis, comh criathraithe le cráitéir agus atá sí i ndiaidh thuinseamh na mílte dreigítí, tá an cháis sin leáite ar Io. Níor fágadh cráitéar ar bith ann ach ins an chorr-áit, siúd is nach bhfuil an oiread sin d'atmaisféar ag an ghealach seo is a stopfadh na dreigítí. Tá dromchla Io á leá is á athleá comh minic is go gcuirtear na cráitéir dhreigíteacha ar neamhní taobh istigh de thréimhse sách gairid (sách gairid i dtéarmaí na geolaíochta, is é sin). Tá cráitéir de chineál eile ann, áfach, mar atá, craitéir bholcánacha, agus iad ag mairstint ar foscal an t-am ar fad, ós rud é nach dtig mórán stad nó staonadh ar na bolcáin agus iad ag brúchtadh amach a gcuid magma agus sulfair.
Tá sé suaithní ar fad comh fíochmhar agus atá geolaíocht Io. Níl sé as an ghnáth cúig bholcán déag a bheith ag cur i tíortha ar fud na gealaí seo ins an am chéadna. Fágann sulfar an ábhair bhrúchta dath buí nó deargbhuí i ndromchla na gealaí, rud eile a ghní cosúil le píotsa í. Leis an phioctúir a chomhlánú, tá na bolcáin féin ag breathnú mar a bheadh slisíní trátaí iontu, agus an fáinne d'ábhar bhrúchta timpeall ar gach ceann acu.
Agus na bolcáin ag teilgean, sroicheann na lasracha comh hard le dhá nó trí chéad ciliméadar aníos ó dhromchla Io - dá mbeadh aon bholcán ag brúchtadh comh láidir sin ar dhroim an Domhain, róstfadh sé na heitleáin glan os a chionn, agus bheadh cuid mhór de na satailítí teileachumarsáide i nguais fosta.
Sulfar, nó dé-ocsaíd sulfair, a bhrúchtanns amach as na bolcáin seo, comh maith le clóiríd an tsóidiam - gnáthshalann! - a fháganns cuid mhaith iain sóidiam agus chlóiríde i maighnéadsféar na gealaí. Maidir leis an tsulfar, is air is mó a aithnítear an ghealach seo, a d'fhéadfá a rádh. Fágann Io, fiú, rian sulfair trasna na spéire an bealach a théid sí timpeall ar Iúpatar. Nuair a bhuaileanns na hiain sulfair seo fá atmaisféar Io aríst, cruthaítear seort saighneán nó glioscarnach sholais, cosúil leis an chaor aduaidh (aurora borealis) ar an Domhan s'againn.
Fan tamall! An bhfuil atmaisféar ag Io? - Bhail, tá an dá bh'fhéidir ann dáiríribh. Is léir nach bhfuil mórán atmaisféir ag Io i gcomparáid leis an Domhan (gan aon trácht a dhéanamh ar an bhrachán ramhar uafásach nimhe a dtugtar atmaisféar Véineas air!), ach mar sin féin, tá na bolcáin in ann an oiread sin gáis éagsúla a sholáthar agus gur féidir a rádh go bhfuil atmaisféar ínteacht ag Io, i bhfarradh is Mearcair nó an Ghealach, ar scor ar bith.
Tá Io comhdhéanta as an chineál carraige sileacáite a gheobhfá go minic ar an Domhan féin. Is é is sileacáit ann ná an cineál carraige ina bhfuil an dúil udaí sileacan le fáil agus gach adamh sileacain ceangailte le nasc ceimiceach den ocsaigin. (Tógann sé cuid mhaith fuinnimh agus teasa an dúil sin sileacan a dhealú ón ocsaigin sin agus a aonrú mar dhúil, rud a chiallaíonns go bhfuil an sileacan a úsáidtear i ndéantús na micreaphróiseálaithe le haghaidh ríomhairí, - go bhfuil an sileacan sin sách daor agus sách deacair a tháirgiú, siúd is go bhfuil an sileacan ar ceann de na dúile is coitianta amuigh.) Mar sin, nuair a deirtear go bhfuil cloch leáite ag sní ar Io mar a bheadh abhainn ann, tá an teachtaireacht lán comh drámatúil is a tchíthear duit í, ós rud é gurb é an cineál céadna cloiche atá ann, go bunúsach, agus na cineálacha cloiche thíos anseo. (Ón taobh eile de, cineál sileacáit atá i gceist leis an ghnáthghloine fosta, an cineál gloine a chuirtear ins na pánaí fuinneoige.)
Cad é is cúis leis an bholcánachas mhillteach seo ar ghealach bheag? Bhail, imtharraingt Iúpatair agus na ngealach eile, agus an dóigh a streachlaíonn siad Io as a chéile.
Tá fithis agus imrothlú Io in athshondas le dhá ghealach eile de chuid Galileo, mar atá, Europa agus Ganymede. In aghaidh gach imrothlú a chuireanns Ganymede de, théid Io ceithre huaire timpeall Iúpatair. Ins an am chéadna, cuireann Europa isteach dhá thuras den chineál chéadna. Ciallaíonn sin go mbíonn na gealacha seo ag dul thart le chéile go tráthrialta, agus ós rud é gurb í Io an ceann is cóngaraí d'Iúpatar acu, go mbíonn imtharraingt an dá ghealach eile (gan aon trácht a dhéanamh ar an cheathrú gealach de chuid Galileo, Callisto, - ach ní cuid den chóras athshondais í) ag streachailt Io i dtreo atá contrártha le himtharraingt Iúpatair.
Is é is toradh dó seo ná fórsaí taoidmheara - is é sin, fórsaí inmheánacha a bíos ag tarraingt Io an dá nó trí bhealach. Go bunúsach, agus an dá ghealach eile ag dul thart le hIo, tá cuid d'Io ag iarraidh titim síos ar Iúpatar, agus an chuid eile ag streachailt léithi i dtreo na ngealach eile. Ón taobh eile de, má chastar an dá ghealach eile de chuid Galileo ar an taobh eile d'Iúpatar, cuirfidh siad le himtharraingt an phláinéid i dtaobh Io.
Dá réir sin, bíonn síor-athrú na cuma ag dul ar Io de réir mar a bíos an imtharraingt á streachailt as a chéile. Is é an feiniméan céadna atá i gceist le trá agus tuile na taoide ar dhroim an Domhain s'againn, agus imtharraingt na Gealaí agus na Gréine ag iompar uisce an phláinéid suas agus síos. Is amhlaidh, áfach, nach mbíonn an Domhan féin mórán ag dul i malairt crutha faoi thionchar na bhfórsaí taoidmheara, ós rud é go bhfuil an t-uisce ann mar mhaolaitheoir. Níl farraige ar bith ar dhroim Io le fuinneamh na bhfórsaí taoidmheara a scabadh, rud a chiallaíonns go dtéid an fuinneamh sin go díreach isteach i gcarraig na gealaí, agus dá dheasca seo, tá an charraig ag dul i dteocht, ag leá agus ag briseadh amach mar bholcán.
iomrall: tá brí ar leith leis an fhocal sin i gcúrsaí na réalteolaíochta. Is é sin, bheirthear iomrall mar scáthainm ar na dóigheanna éagsúla ar féidir leis na teileascóip íomhá an réada a chur as a riocht, cionn is nach bhfuil na lionsaí is na scátháin in ann an solas a láimhdeachas comh foirfe agus ba chóir. Is iad na cineálacha iomraill is tábhachtaí ná an aistiogmatacht, an díchumadh, an cóma, an t-iomrall crómatach, cuarú an réimse agus an t-iomrall sféarúil.
Is é an rud is aistiogmatacht ann ná iomrall nach gceadaíonn don lionsa aon phonc a íomháú mar phonc, agus é ag déanamh líne cheartingearach nó líne chothrománach de.
Is é an rud a chiallaíonns cóma ná nach ionann an plána ina bhfócasaítear íomhá an réada atá in aice le lárphointe an réimse radhairc agus íomhánna na gceann in aice lena imeall. Is é sin, nuair a dhíreofar agus a fhócasófar an teileascóp ar réalt áithrid, cuirfear cineál rubaill leis na réaltaí ina timpeall, agus iad suite níos faide ó ais optúil an lionsa.
Sílim gurb é an t-iomrall crómatach an cineál iomraill is fusa leis an léitheoir a aithne, nó nuair a chuala mé féin an téarma seo an chéad uair, i mo bhuachaill óg domh, bhí a fhios go rómhaith agam cheana an rud féin a bhí i gceist. Is é is brí leis an fhocal Gréigise udaí khromos ná "dath", agus is iomrall é an t-iomrall crómatach a bhaineanns leis na dathanna. Cuireann an t-iomrall crómatach imeall ildaite, cosúil leis an bhogha báistí, le gach réalt. Is é is cúis le seo ná nach n-athraonann an lionsa solas ar dhath áithrid an oiread agus a athraonanns sé solas ar dhath eile. Coinnímis cuimhne air gurb ionann dath, mar rud, agus tonnfhad nó minicíocht an tsolais, agus an uillinn athraonta ag brath, ruidín beag, ar an tonnfhad.
Is fadhb é an t-iomrall seo nach bhfuil ag roinnt leis na scátháin ar aon nós. Sin é an tuige go bhfuil na réalteolaithe gairmiúla in éis éirí as na hathraonadóirí (na teileascóip nach bhfuil ach lionsaí iontu) agus iad i muinín na bhfrithchaiteoirí inniu. (Frithchaiteoir a bheirthear ar an chineál teileascóip ina n-úsáidtear scáthán leis an réad a mhéadú, seachas lionsa.)
An díchumadh, aríst, is é is ciall leis ná go bhfuil an lionsa nó an scáthán ag méadú an réada níos mó i lárphointe an réimse radhairc ná ins na himill (an díchumadh bairille) nó a mhalairt (an díchumadh pioncáis).
Cuarú an réimse: murab ionann fócas an réadlionsa in imill an réimse radhairc ná ina lárphointe, deir muid go bhfuil cuarú an réimse i gceist. Is féidir an cuarú seo a cheartú le cineálacha éagsúla lionsaí, nó tá an dá chuarú ann. Cuid de na lionsaí, bíonn fócas an imill níos faide ón lionsa ná fócas an lárphointe, agus cuid eile de na lionsaí, bíonn fócas an imill níos gaire dó. Is follasach gur féidir leis an innealtóir oilte an cuarú a laghdú go mór mór ach a dhul i muinín lionsaí den dá chineál.
Maidir leis an iomrall sféarúil, is iomrall é is dual do na scáthaín sféarúla. Is é an rud atá ann mar scáthán sféarúil ná scáthán arb ionann a dhromchla frithchaiteach agus píosa de dhromhchla an sféir (na liathroide) ina dhéanamh. Is é is toradh don iomrall sféarúil ná nach bhfócasaítear na gathanna solais comhthreomhara ins an phonc chéadna.
Iúpatar an pláinéad is mó inár nGrianchóras. Is é an cineál pláinéad atá in Iúpatar ná gásfhathach, is é sin, pláinéad atá comhdhéanta as na substaintí céadna agus atá le fáil ins an Ghrian féin - an hidrigin agus an héiliam - a bíos ina ngáis i ngnáth-imthoscaí. Is deacair atmaisféar an phláinéid seo a aithne thar an phláinéad féin, nó tá an chuid is ísle den atmaisféar á comhdhlúthú ina leacht nó ina sreabhán le titim síos ar dhromchla an phláinéid, agus na gáis chéadna á ngalú den dromchla sin ar ais go dtí an t-atmaisféar. Isteach i dtreo an chroíleacain, théid an hidrigin i ndlús, agus í ag caochló ó shreabhán go cineál miotail faoi bhrú na himtharraingthe. Mar sin féin, creidtear go bhfuil carraig i gcroíleacan an phláinéid, agus an "miotal hidrigine" greamaithe den charraig seo. Tá mais an deich nDomhan ins an charraig sin, ach is carraig í nach bhfuil ródhifriúil ina comhdhéanamh ceimiciúil leis an chineál carraige a mbíonn teacht air ar an Domhan.
Ní héiliam agus hidrigin amháin atá ins an atmaisféar: tá substaintí eile ansin, gann is uile mar a bíos siad, ar nós an mheatáin (CH4), na hamóinia (NH3) agus an fhoisfín (PH3). Is é an cineál substaint atá ins an fhoisfín ná comhdhúil na hidrigine agus an fhosfair, agus í sách éagobhsaí ina dúchas: níl sé furasta, mar shampla, foisfín a choinneáil i dtaisce in imthoscaí an Domhain s'againn, ós rud é gur dual dó dhul le thine comh túisce is a thig sé i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Tá sé araiciseach fosta chun titim as a chéile ina hidrigin agus ina fhosfar, agus is dócha gurb é an fosfar saor is cúis leis an dath dhearg a aithnítear ar dhromchla Iúpatair in áiteanna. Ar ndóighe, ós rud é gur cothromaíocht cheimiceach atá againn ansin, is dual don fhosfar shaor seo, nó cuid de, dhul i gcomhdhúil leis an hidrigin in athuair.
Tá réimse láidir maighnéadach ag Iúpatar. Déanta na fírinne, sroicheann maighnéadsféar an phláinéid thar Shatarn féin, agus an dóigh a síntear amach faoi bhrú na grianghaoithe é. Nó is amhlaidh go bhfáisceann an ghrianghaoth an maighnéadsféar in aice le dromchla an phláinéid ar an taobh atá ag drannadh leis an Ghrian féin. Ar an taobh eile, síntear i bhfad amach i dtreo imeall an Ghrianchórais é.
Is deacair satailítí nádúrtha Iúpatair a chuntas, nó dealraíonn sé go bhfuiltear ag teacht trasna ar thuilleadh acu in aghaidh an lae. Is iad na cinn is tábhachtaí ná an cheithrear a bhfuair Galileo Galilei amach fúthu lena lá, mar atá, Io, Europa, Ganymede agus Callisto. Taobh istigh den cheathrar seo, tá grúpa Amalthea, mar atá, Amalthea féin, Adrastea, Thebe agus Metis. Taobh amuigh de na gealacha seo a tchítear Themisto agus grúpa Himalia, mar atá, Himalia féin, Leda, Lysithea, Elara agus roinnt mhaith eile acu. Na cinn is cóngaraí d'Iúpatar, cosúil le grúpa Amalthea agus gealacha Galileo, tá siad ag timpeallú Iúpatair ar fhithisí ciorcalacha ar aon leibhéal le meánchiorcal an phláinéid. Themisto agus grúpa Himalia, aríst, níl a bhfithisí siúd ar aon leibhéal leis an mheánchiorcal sin a thuilleadh, siúd is gur fithisí ciorclacha iad a bheag nó a mhór. An chuid is mó de shatailítí Iúpatair, áfach, ní bhíonn déanamh an chiorcail ar a bhfithisí fadaithe, agus ní bhíonn siad ag cloí le leibhéal an mheánchiorcail ach an oiread.
Tá gealacha Galileo ar aon mhéid le pláinéid bheaga, ach tá an chuid eile de ghealacha Iúpatair níos cosúla le Phobos agus le Deimos, gealacha Mharsa: astaróidigh nó dreigeoidigh agus iad ceaptha ag domhantarraingt an phláinéid mhóir, go bunúsach. Bíonn Iúpatar, fiú, ag ceapadh cóiméid agus á gcur as a bhfithisí uaireanta. Ba mhór an t-ábhar seanchais ag na réalteolaithe é an dóigh ar bhuail an cóiméad udaí Shoemaker-Levy fá Iúpatar, thiar ins an bhliain 1994. Tá a lorg le haithne ar ghealacha Galileo nárbh é sin an chéad uair a tharla a leithéid, dar leis na réalteolaithe.
Tá a fhios ag madraí an bhaile féin go bhfuil fáinní timpeall ar Shatarn, ach is fánach duine amach ó na saineolaithe a chuala iomrá ar fháinní Iúpatair. Tá a leithéidí ann, áfach, siúd is nach bhfuil siad so-aitheanta fríd an teileascóp: bhíothas i gcall taiscéalaithe domhanspáis le heolas ceart a fháil orthu. Tá siad comhdhéanta as bloghanna leacoighir agus cloiche, cosúil le fáinní Shatarn.
Tchíthear fosta go bhfuil dromchla Iúpatair roinnte ina stríopaí atá ag dul go cothrománach, i dtreo na leitheadlínte, trasna an phláinéid mar a tchí muid féin é. Bheirthear "criosanna" ar na stríopaí geala, agus is "beilteanna" iad na stríopaí dorcha. Tá dromchla an phláinéid níos airde ins na criosanna, agus iad níos fuaire ná na beilteanna, fosta. Tá gaotha móra millteanacha ag séideadh ins na stríopaí seo, agus gaotha na gcriosanna ag dul i dtreo chontrártha le gaotha na mbeilteanna. An áit a bhfuil crios ag cuimilt le beilt, aithnítear stoirmeacha móra ag faibhriú. An Deargspota Mór atá ag taisteal Iúpatair leis na céadta bliain anuas, is tórnádó den chineál seo é, agus é comh mór is atá sé fadsaolach: shlogfadh sé síos an Domhan s'againn gan mórán dua.
Ixion: réad de chuid Chrios Kuiper. Cuireadh an chéadsonrú in Ixion i Mí na Bealtaine den bhliain 2001. Cosúil le Plútón, bheir Ixion dhá thuras timpeall na Gréine ins an am chéadna a thóganns sé ar Neaptún trí thuras den chineál chéadna a chur de. Mar sin, is plúitíonó é, cosúil le ceann as gach ceathrar de na réadanna i gcrios Kuiper atá tugtha fá dtear ag na saineolaithe go nuige seo.
Níl mórán eolais ann fá dtaobh den déanamh atá ar Ixion. Tá sé míle cúig chiliméadar déag agus dhá scór (1055 km) ar trastomhas, is é sin, ar aon mhéid le Tethys, ceann de ghealacha Shatarn. Is é an t-aon rud spéisiúil é fá Ixion, b'fhéidir, ná gur thaispeáin an speictreascópacht gurb é an carbón an dúil is suntasaí ar a dhromchla.