Ciclipéid na hOllchruinne

Foclóir agus Ciclipéid na Réalteolaíochta
do lucht na Gaeilge ar an Eadarlíon

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit

IONCHODU: UNICODE

Tarraing ort mo Chlár Cinn LánGhaeilge anseo.

RÉAMHFHOCAL

Rinne mé mo dhicheall le téarmaíocht Fhoclóir Réalteolaíochta agus Fhoclóir Eolaíochta an Ghúim a chur in úsáid anseo, a fhad is nach bhfuil sí ag iompairc le canúint Chúige Uladh, nó bhí mé sáite i gcúrsaí na canúna sin go fóill nuair a thoisigh mé a chumadh na Ciclipéide seo. Mar shampla, réalta agus ní réalt atá ins an fhoclóir, agus bheir sé, fosta, Réalta an Mhadra ar Réalt an Mhadaidh, mar atá, Sirius. Creidim, áfach, go mbeidh an Léitheoir in ann droichead a dhéanamh de mhiondifríochtaí den chineál sin. I ndiaidh an iomláin, is beag léitheoir seanchlóite Gaeilge nár fhoghlaim suáilce na foighde a chleachtadh i dtaobh na gcanúintí eile.

Is iad na príomhfhoinsí a bhí agam ná na leabhartha iontacha faisnéise fá dtaobh den réalteolaíocht a d'fhoilsigh Tähtitieteellinen yhdistys Ursa, nó Cumann Réalteolaíochta na Fionlainne, don ghnáthléitheoir ó bhí mé i mo bhrín óg, go háithrid Mustaa aukkoa etsimässä ("Ar Lorg an Dúphoill") le Raimo Keskinen agus Heikki Oja. Leabhar iontach é seo nach bhfuil sáraithe ag Gearrstair an Ama le Stephen Hawking féin, agus bheadh rímhéad an domhain orm dá mbeadh seans agam leabhar Keskinen agus Oja a aistriú go Gaeilge an lá is faide anonn.

Ar ndóighe, tá leabhar Hawking léite agam comh maith, gan aon trácht a dhéanamh ar The Worlds of David Darling ar an Ghréasán. Tá sé ar acmhainn comh maith is nach dtugaim an URL anseo - dá dtabharfainn, bheadh sibh ag tarraingt ar an áit sin amháin, ach ós rud é gur Béarla amháin atá ann, ní bheadh sibh ag foghlaim na dtéarmaí as Gaeilge! Áis iontach eile atá ins an CD-ROM udaí Redshift a Cúig - "deargaistriú" atá ar an téarma sin redshift as Gaeilge, dála an scéil. Pláinéadlann fhíorúil atá ann le suiteáil ar an ríomhaire a chuirfeas ar do chumas staidéar a dhéanamh ar chosúlacht na spéire, ainmneacha agus suíomhanna na réaltaí a fhoghlaim agus raidhse eolais a phiocadh leat fá dtaobh de gach aon réalt aonair.

Is follasach gur acmhainn mhaith iad leathanaigh ghréasáin Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ins na Stáit Aontaithe - sin le rádh, NASA.

Thóg sé tamall fada orm mo chóip de Nod don Eolach, an gasaitéar eolaíochta le Matt Hussey, a aimsiú i measc mo chuid leabhar, ach tháinig mé uirthi fá dheireadh. Rinne mé ceartuithe ar mo chuid téarmaíochta cheana féin le haithris a dhéanamh ar an Nod áit nach bhfuil cuidiú ar fáil i bhFoclóir Réalteolaíochta an Ghúim. (Thar aon rud eile, scrios mé mo leagan féin "An tAomthóir Mór" leis an leagan An tOllaomthóir, a fuair mé ag Hussey, a chur ina áit.) Ba mhaith liom, fosta, a mholadh do mo chuid léitheoirí leabhartha le Matt Hussey a cheannacht agus a léamh, le dhul i dtaithí na heolaíochta faoi chulaith Ghaeilge. Tá cion fir déanta ag mo dhuine leis an Ghaeilge a chur bord ar bhord le haois na hardteicneolaíochta.

CUID A CÚIG - S-U

Cuid a hAon anseo

Cuid a Dó anseo

Cuid a Trí anseo

Cuid a Ceathair anseo

saobhdhiallas: má bhogaimid linn i leataobh, tchífear dúinn na réada is cóngaraí dúinn a bheith ag athrú áite go gasta, agus na réada is faide amuigh uainn ag fanúint ina sean-áit. Sin é an saobhdhiallas. Ní hionann é agus an pheirspictíocht: is é is brí le sin ná an dóigh a bhfeictear dúinn na réada is faide amuigh a bheith níos lú. Ach, ar ndóigh, d'fhéadfá a rádh gur taobhanna éagsúla den fheiniméan chéadna iad an dá chuid seo.

Satarn: ní hé Satarn an pláinéad is mó ins an Ghrianchóras, ach is deacair a shéanadh go bhfuil sé ar an cheann is cuidsúlaí acu. Is iad na fáinní cliúiteacha is cúis le sin, agus iad le haithne ag an bhreathnadóir ar an Domhan s'againn an chuid is mó den am: níl de dhíobháil, go bunúsach, ach déshúiligh. Tá na fáinní iontach tanaí - aon chiliméadar amháin ar airde - agus iad seachtó míle ciliméadar ar leithead. Tá na fáinní comhdhéanta as bloghanna beaga leacoighir agus cloiche, agus iad ag foluain go tiubh in aice le chéile.

Tá struchtúr casta ag roinnt leis na fáinní, gan amhras. Bheirthear Fáinne A, Fáinne B agus Fáinne C ar an trí cheann acu atá le haithne fríd an teileascóp ón Domhan. Is é Fáinne A an ceann is faide amach ó Shatarn. Tá Fáinne A dealaithe ó Fháinne B le bearna a dtugtar Bearna Cassini uirthi.

B'é Giovanni Domenico Cassini, réalteolaí Iodálach eile a tharraing saoránacht na Fraince air féin, a chuir an chéad sonrú ins an bhearna sin. An oiread ceannródaíochta a rinne Cassini i gcúrsaí thaighde Shatarn, tá sé díreach inchomórtais leis an oiread a rinne Galileo mar gheall ar Iúpatar. B'é Cassini a d'fhionn na gealacha udaí Iapetus, Tethys, Dione agus Rhea, comh maith leis an bhearna atá ainmnithe as.

An scoilt eadar Fáinne B agus Fáinne C, is gnách bearna Lyot-Maxwell a thabhairt uirthi, ach is ar éigean atá sí leath comh soiléir, mar bhearna, le bearna Cassini.

Ó fuair taiscéalaithe spáis cosúil le Pioneer 11 agus Voyager 1 radharc ar na fáinní, tá muid ar eolas i bhfad níos fearr i dtaobh a struchtúir inmheánaigh. Thar aon rud eile, thángthas ar chupla fáinne breise agus iad comh fannlag is nach furasta a n-aithne fiú le gléasanna cianradhairc ó dhroim an Domhain: tá Fáinne D suite taobh istigh d'Fháinne C, agus Fáinní F, G, agus E taobh amuigh d'Fháinne A. Tá bearna Guerin - nó líne dhealaithe Guerin - arb í an teorainn eadar Fáinne C agus Fáinne D, tá sí suite trí scór agus ceithre mhíle déag go leith de chiliméadair (74,500 ciliméadar) ar fad ó lárphointe Shatarn.

Maidir le bearna Cassini, tá sí ceithre mhíle ocht gcéad ciliméadar ar leithead, agus í fá chéad fiche míle ciliméadar de lárphointe an phláinéid. Gheibhthear bearna Encke céad tríocha ocht míle ocht gcéad ciliméadar ar shiúl ón lárphointe chéadna. Is í bearna Encke teorainn eachtrach na bhfáinní mar a tchíthear dúinn ar an Domhan iad, nó an teorainn eadar Fáinne A agus an trí fháinne fhannlaga taobh amuigh de.

Tá na fáinní seo ag coinneáil a n-áiteanna le cuidiú ó imtharraingt cupla gealach de chuid Shatarn - go háithrid Pandora, an tsatailít atá ag treabhadh bhearna Encke ar a camchuairt thart ar an phláinéad. Glacann Atlas agus Prometheus páirt ins an chóras chasta comh-eadarghníomhaíochtaí imtharraingthe seo fosta, agus ní ceadmhach dearmad a dhéanamh de Mhimas, nó creidtear gurb í imtharraingt na gealaí seo is bun le bearna Cassini a bheith ann ar aon nós.

Tá struchtúr inmheánach Shatarn cosúil le hIúpatar: liathróid hidrigine agus héiliam atá ann, agus carraig mhillteanach mar chroí istigh. Na gaotha móra a bíos ag séideadh i measc scamaill Shatarn, chuirfidíst Iúpatar i gcuimhne duit comh maith. Níl spota mór dearg ag Satarn, ach bíonn spota mór bán le feiceáilt gach tríocha bliain, agus ábhar as ionathar an phláinéid ag brúchtadh chun solais. Bíonn brúchtaíl den chineál sin ar obair anseo agus ansiúd an chuid is mó den am, ach feinimeán ateagmhasach atá i gceist leis an spota mhór bhán, is é sin, titeann sé amach go tráthrialta aríst agus aríst eile.

Tá an dúrud satailítí nádúrtha ag Satarn. An chuid is mó acu, áfach, ní bhíonn siad mórán ní ba mhó ná astaróideach. Níl ach aon cheann acu - Tíotán - ar aon mhéid le gealacha Galileo.

Scamall Beag Magellan (an dá chéad dóú réad déag is ceithre scór ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, mar atá, NGC292, nó an trí mhíle ochtú cúigiú ceann ar Phríomh-Chatalóg na Réaltraí): ceann de dhá réaltra bheaga neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu. Tchíthear an Scamall Beag ar imeall réaltbhuíon an Túcáin, in aice leis an réaltbhraisle chruinneogach a dtugtar 47 Tucanae uirthi. Chan fhuil pol theas an sféir neamhaí i bhfad ar shiúl ach an oiread: tá an Túcán ag críochantaíocht le réaltbhuíon an Ochtamháin atá suite thart ar an phol. Cosúil leis an Scamall Mhór, tá an Scamall Beag ar ceann de na réaltraí atá ag timpeallú Bhealach na Bó Finne, agus ar na cinn is gaire dúinn. Tá an Scamall Beag suite fá dhá chéad agus deich míle solasbhliain dínn, agus é thart ar deich míle solasbhliain ar fad is ar leithead. Chan fhuil sé comh saibhir i réaltaí agus an Scamall Mór - tá níos mó deannach agus gás ann.

Scamall Mór Magellan (an seacht míle déag dhá chéad fiche tríú réad ar Phríomh-Chatalóg na Réaltraí, mar atá, PGC17223): ceann de dhá réaltra bheaga ar déanamh neamhrialta a dtugtar Scamaill Magellan orthu, agus é le feiceáilt i réaltbhuíonta an Cholgáin agus an Tábla. Is réaltbhuíonta iad seo atá le feiceáilt ar an leath theas den sféar neamhaí, sách cóngarach don phol theas fiú, agus mar sin, cha rabh aithne ag muintir na hEorpa ar na scamaill seo roimh na hastair mhóra fharraige a nocht cosúlacht agus déanamh an Domhain féin dár sinsir. Ní díol iontais é ar aon nós gurb as Fernao de Magalhaes (Magellan), an taistealaí farraige a thaispeáin gur sféar é an Domhan, a hainmníodh na scamaill.

Chreideadh na réalteolaithe go dtí le déanaí go rabh an Scamall Mór ar an réaltra ba ghaire do Bhealach na Bó Finne, ach, le déanaí, thángthas trasna ar réaltra bheag atá níos gaire fós, mar atá, Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora.

Tá Scamall Mór Magellan comh gar dúinn is go dtig le lucht na dteileascóp cuid mhaith réaltbhraislí agus fiú réaltaí aonair a aithne ansin. Díol suntais iad na réaltbhraislí gorma ilréaltacha nach bhfuil a leithéidí le fáil ins an réaltra s'againn féin. Thairis sin, chonacthas ollnóva i Scamall Mhór Magellan ins an bhliain 1987.

Ceann de na réada is feiceálaí i Scamall Mór Magellan é Réaltnéal an Tarantúla (arb é an dá mhíle seachtóidiú réad é ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, is é sin, NGC2070). Néal hidrigine ianaithe atá ann, agus é á shoilsiú ag dornáin tiubha de réaltaí móra óga teo bána nó bánghorma, réaltaí a mbíonn an t-ollnóva i ndán dá leithéidí i ndeireadh na dála. Is ar imeall an Tarantúla a bhladhm ollnóva na bliana 1987 fosta.

Tá réad tábhachtach eile suite i Scamall Mór Magellan, mar atá, S Doradus, an ollfhathachréalt ghorm athraitheach lonrúil. Tá cineál iomlán réaltaí ainmnithe as an chránaí mhór mhillteanach seo de réalt.

Tá Scamall Mór Magellan suite fá céad agus ceithre scór míle solasbhliain dínn, agus é fiche míle solasbhliain ar trastomhas.

Scamall Oort: scamall de phíosaí leacoighir a chreidtear a bheith ag timpeallú na Gréine níos faide amach ná na pláinéid - ó fiche míle go céad míle aonad réalteolaíoch ar shiúl ón Ghrian s'againn. Ó am go ham, cuireann imtharraingt na bpláinéad nó trasnaíocht ínteacht eile ceann de na réadanna seo óna sheanfhithis, i gcruth is go dtéid sé ina chóiméad, nó ina réalt scuaibe, ócáidiúil i dtreo na Gréine. Tá an scamall seo ainmnithe as an réalteolaí Ollannach Jan Hendrik Oort. Bhí Oort ina shaineolaí ar chúrsaí Bhealach na Bó Finne, ach rinne sé staidéar ar na réaltaí scuaibe fosta, agus b'eisean an chéad duine a phostaláidigh go mbeadh cuid acu ag teacht óna leithéid sin de scamall. Fuair Oort bás sa bhliain 1992, agus é dhá bhliain déag is ceithre scór d'aois.

Is féidir go bhfuil an teoiric fá dtaobh den scamall seo le cupla craiceann a chur daoithi go fóill, nó siúd is nach gcuireann na saineolaithe aon amhras mór ins an scamall mar rud, bheir na breathnuithe réalteolaíocha le fios gur féidir go bhfuil sé suite níos gaire dúinn ná mar a shíl siad go dtí seo. Is í an eochair an réad rúndiamhrach ar cuireadh sonrú ann ins an bhliain 2003, mar atá, Sedna. Seort pláinéad beag í Sedna, agus í ag timpeallú na Gréine níos faide ná Crios Kuiper, agus níos cóngaraí ná mar ba chóir, más réad de chuid Oort é dáiríribh. Le míniú ceart a thabhairt ar an chineál réad atá i gceist le Sedna, deir na saineolaithe gur féidir go bhfuil struchtúr scamall Oort curtha fríd chéile ag réalt ínteacht a tháinig i ngaire ár ngrianchórais fadó.

an Sciath, nó Sciath Sobieski réaltbhuíon atá le feiceáil eadar an tIolar, an Saighdeoir agus an Phéist. B'é an réalteolaí Polannach Jan Heweliusz (nó Johannes Hevelius) a d'ainmnigh an réaltbhuíon seo, agus bhaist sé ainm an rí Pholannaigh Jan Sobieski air. Níl mórán cuid súl i réaltaí na Scéithe, ach is breá leis na réalteolaithe amaitéaracha a gcuid déshúileach agus teileascóp a dhíriú ar réaltbhraisle fhoscailte na Lachan Fiáine (réad a haon déag ar chatalóg Messier, M11, réad sé mhíle seacht gcéad a cúig ar an Nua-Chatalóg Ghinearálta, NGC6705), agus í le feiceáilt ins an réaltbhraisle seo.

S Doradus: Is é S Doradus an réalt is gile i Scamall Mór Magellan, agus í ar na réaltaí is mó amuigh. Tá cineál iomlán de réaltaí ainmnithe as S Doradus, mar atá, na hollfhathachréaltaí gorma lonrúla athraitheacha. Bíonn na réaltaí seo níos troime ná mais na Gréine méadaithe fá thrí scór, agus ós rud é go bhfuil siad comh te agus comh trom sin, bíonn siad ag cailleadh maise go tiubh téirimeach. Is é an t-ollnóva atá daite dófa ar fad mar chinniúint, agus ní chreidtear go mbíonn siad ró-fhadsaolach ar aon nós. Tá réaltghaoth na réaltaí seo comh láidir, agus an radaíocht ag teacht comh flúirseach, comh hardfhuinnithe as ionathar na réalta, is go bhfuil an réalt beagnach ag titim as a chéile ar a dromchla. Níl sé as an ghnáth go gcuireann réalt de chineál S Doradus craiceann iomlán gáis de - sin é an fáth a bhfacthas Eta Carinae, ceann de na réaltaí seo, ag lonrú suas ins an bhliain 1843, i gcruth is gur sháraigh sí gach réalt eile ar an spéir, amach ó Sirius. Bíonn na réaltaí de chineál S Doradus athraitheach fosta. Mar shampla, bíonn amharcmhéid (méid dhealraitheach) S Doradus féin ag luainiú eadar 8.6 agus 11.7. Tá S Doradus céad is ochtó míle solasbhliain ar shiúl uainn, agus A-réalt atá ann.

Sedna: réad pláinéadchosúil nár cuireadh an chéad sonrú ann ach ins an bhliain 2003. Tá Sedna níos lú ná Plútón, nó creidtear go bhfuil sí thart ar míle sé chéad ciliméadar ar trastomhas, agus í comhdhéanta as carraig agus leac oighir, de réir chosúlachta. Thiocfá ar a leithéid de réad i measc ghealacha Shatarn, mar sin. Ní satailít de chuid Shatarn í, áfach, ach ceann de chuid na Gréine, agus í ar an cheann is rúndiamhraí acu, dar leis na saineolaithe féin. Is í fithis Sedna is cúis le seo, comh fadaithe agus atá sí: tá an garphointe (an peirihéilean) fá sé aonad réalteolaíoch déag agus trí scór (76 AU) den Ghrian, agus an cianphointe (an t-apaihéilean) suite naoi gcéad agus deich n-aonad réalteolaíoch is ceithre scór (990 AU) uaithi. Ní fhaca na réalteolaithe a leithéid d'fhithis fhadaithe ag aon réad go dtí seo, agus spreag an aimhrialtacht seo iad chun na teoiricí is éadóchúla a fhorbairt.

Tá Sedna ag timpeallú na Gréine eadar Crios Kuiper agus Scamall Oort. Tá sí rófhada le go bhféadfá a rádh gur gnáthréad de chuid Chrios Kuiper í (cosúil le Quaoar, Varuna, agus Ixion). Ón taoibh eile de, níl sí comh fada sin amuigh is go dtiocfadh leat í a aicmiú mar réad de chuid Scamall Oort. Mar sin, ó thángthas trasna ar Sedna an chéad uair, b'éigean athbhreithiúnas a thabhairt ar na seanteoiricí fá dtaobh de Scamall Oort.

Is í an teoiric is spéisiúla ná go dtáinig Sedna ó mhalairt grianchóras ar tús. Is é sin, nuair nach rabh an grianchóras seo ach nuachruthaithe, agus an Ghrian suite istigh ins an réaltbhraisle inar fhorbair sí an chéad uair, bhí sí comh gar do réalt ínteacht eile is go rabh Scamall Oort ag cuimilt le scamall den chineál chéadna thart ar an réalt eile sin. Mar sin, cuireadh struchtúr bunúsach an dá scamall fríd chéile, agus fágadh Sedna ar a fithis i ndiaidh na teagmhála. Míníonn an teoiric seo cad fáth a bhfuil a leithéid d'fhithis ag Sedna, ach ní mhíníonn sí cad fáth a bhfuil Scamall Oort fágtha ina sheanáit. Nó shílfeá go mbeadh an Scamall féin ina phraiseach uafásach i ndiaidh an chineál sin imeachtaí drámatúla.

an sféar neamhaí: Is léir nach bhfuil an sféar neamhaí ann mar réad fisiciúil, ach is maith leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as mar ghléas ina gcuid oibre. Is é an rud atá ann ná an sféar a shamhlaítear a bheith suite thart ar an Domhan s'againn, agus na réaltaí ina bpointí solais ar an sféar seo. Nó mar a deir Hannu Karttunen agus a chuid cairde ina leabhar Tähtitieteen perusteet ("Uraiceacht na Réalteolaíochta", Ursa, Heilsinci 2003):

Na sinsir nach rabh a fhios acu go fóill an déanamh ceart a bhí ar an ollchruinne, shíl siad go rabh sceall sféarúil mar theorainn léithi, i bhfad amach uainn. Shíltí go rabh na réaltaí suite ins an sceall seo, agus iad uilig fán fhad chéadna dínn. Is follasach gur athraigh ár dtuigse ar an ollchruinne ó bhonn eadar an dá linn, ach mar sin féin, tá an tsamhail shimplí seo thar a bheith úsáideach i gcónaí le léargas a fháil ar an dóigh a bhfeictear dúinn féin na réaltaí a bheith ag bogadh trasna na spéire ar feadh an lae, nó thar shéasúir na bliana.

singilteacht croílár an dúphoill, ina bhfuil mais na réalta comhchruinnithe. I gcúrsaí matamaitice, is é is singilteacht ann ná pointe nach féidir luach na feidhme a shainiú ann. Mar shampla, más í an fheidhm mhatamaiticiúil atá againn ná y = 1/x, is singilteacht í an náid (x = 0), ós rud é nach dtig linn a rádh cén luach atá ag an y, más ionann an x agus 0: tá graf na feidhme ag dul go héigríoch ar an taobh dheis den náid, agus ag dul go héigríoch dhiúltach ar an taobh chlí. Thiocfadh linn a rádh, mar sin, gur pointe í an tsingilteacht ina bhfuil ag cliseadh ar an mhatamaitic.

SiriusSotisRéalt an Mhadaidh: an réalt is gile ar an spéir, agus í suite i réaltbhuíon an Mhadaidh Mhóir. Tá Sirius cóngarach go maith dúinn - ocht solasbhliain go leith - agus siúd is go bhfuil sí níos gile agus níos mó ná an Ghrian, ní fathachréalt í ar aon nós. Gnáthréalt de chuid an phríomhsheichimh atá inti, go bunúsach.
Mar sin féin, tá rún nó dúthomhas ag baint le Sirius: tá cuid mhaith foinsí stairiúla ó réalteolaithe na seanBhabalóine go dtí na Meánaoiseanna ar aon fhocal gur réalt dhearg a bhí i Sirius lena lá féin. Ní réalt dhearg atá i Sirius mar is aithin dúinn inniu í, ach réalt bhán. Fuarthas amach ins an naoú haois déag go bhfuil leathbhádóir ag Sirius - an abhacréalt bhán ar a dtugtar Sirius B inniu. Ós abhacréalt bhán atá inti, is seanréalt í a bhí ina fathachréalt dhearg roimhe seo, agus nuair a bhí, is follasach go raibh sí in ann léaró bán Sirius (nó Sirius A) a bháthadh lena loinnir dhearg. Ní féidir linn an t-athrú tobann ó réalt dhearg go réalt bhán a mhíniú mar sin féin, nó ní bhíonn na fathachréaltaí dearga ag caochló go habhacréaltaí bána taobh istigh de mhíle bliain - bíonn na hathruithe ins an spéir ag teacht i gcrann i bhfad níos maille ná sin.

sóidiam: Is é an sóidiam, Na, dúil uimhir a haon déag de réir thábla peiriadach na ndúl. Baineann an sóidiam le grúpa na miotal alcaileach, agus é ar an cheann is coitianta acu. Seasann siombail cheimiceach an tsóidiam, Na, do natrium, nó sin é an t-ainm a bheirthear ar an dúil seo as Gearmáinis, ins na teangacha Lochlannacha agus ina lán teangacha eile.

Tá an miotal sóidiam 0.97 g/cm3 ar dlúthas, is é sin, tá sé traidhfilín beag níos éadroime ná an t-uisce. Is é an leáphointe atá aige ná 98oC, agus má théitear suas go 883oC é, imeochaidh sé leis ina ghás.

Is í an chumraíocht atá ar na leictreoin in adamh an tsóidiam ná 1s22s22p63s1. Tá cuma an-teicniúil ar an ráiméis seo, ach níl sé ródheacair ciall cheart a bhaint aisti.

Tá a fhios againn nach bhfuil ach aon fhithiseán amháin ar an chéad sceall leictreon, is é sin, an sceall is gaire do núicléas an adaimh. Fithiseán den chineál s é. Ós rud é nach bhfuil áit ar aon fhithiseán ach do dhá leictreon, is ionann 1s2 (= dhá leictreon ar s-fhithiseán an chéad sceall) agus a rádh go bhfuil an chéad sceall lán.

Maidir leis an darna sceall, tchí muid go bhfuil dhá leictreon ar an s-fhithiseán ansin fosta (2s2), agus sé cheann ar an leibhéal fuinnimh p. Tá trí fhithiseán ar an leibhéal fuinnimh sin, agus mar sin, is féidir a rádh go bhfuil an darna sceall lán comh maith. Mar a deirtear, tá ochtréad iomlán ansin, agus is é an claonadh atá ag dúile na bpríomhghrúpaí ar fad ná ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall is faide amuigh, fríd leictreoin a fháil ar iasacht (dí-ocsaídiú) nó a thabhairt ar iasacht (ocsaídiú).

Tá aon leictreon amháin taobh amuigh den ochtréad in adamh an tsóidiam, is é sin, an leictreon ar s-leibhéal an tríú sceall, 3s2. Is léir gurb é an claonadh atá ann mar shóidiam ná an leictreon seo a thabhairt ar iasacht, le hiompó ina ian deimhneach, Na+. Is é sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an tsóidiam ná +1. Níl sé leictridhiúltach ar aon nós. Nó, de réir scála Pauling, is é an leictridhiúltacht atá aige ná 0.9.

An té a n-éireochaidh leis sóidiam a dhí-ocsaídiú agus a aonrú mar dhúil, is é an cineál stuif a gheobhaidh sé ná miotal atá comh bog is gur féidir é a ghearradh le scian. Fágann lann na scine loinnir airgeadúil ina diaidh, ach de réir mar a oibreochas ocsaigin an aeir ar an dromchla nuaghearrtha, tiocfaidh dath liath in áit na loinnreach. Má chuirtear cnapán sóidiam i gcoimeádán uisce, ní rachaidh sé síos - chonaic muid thuas cheana go bhfuil an sóidiam níos éadroime ná an t-uisce - ach fanfaidh sé thuas ar an dromchla. Sin rud nach samhlófá le miotal, ach dheánfaidh sé rud dochreidte eile. Nuair a thiocfas sé i dteagmháil leis an uisce, lasfaidh sé suas le bladhaire buí, díreach mar a bheadh sé á dhóghadh. Agus, i ndiaidh an iomláin, cineál dóchán atá ann, nó imoibriúchán ocsaídithe agus dí-ocsaídithe. Is é sin, tá an hidrigin á dí-ocsaídiú agus á saoradh ag an tsóidiam, agus an sóidiam á ocsaídiú ag an uisce, nó ag hidrigin an uisce:

2Na + 2H2O -> H2 + 2NaOH

Is é sin, gheobhaidh muid gás hidrigine agus hiodrocsaíd sóidiam. Tuaslagtar (measctar) an hiodrocsaíd sóidiam fríd an uisce comh luath is a tháirgeanns an t-imoibriú í. Is ionann hiodrocsaíd seo an tsóidiam agus an tsóid loiscneach. Ní as an tsóid loiscneach a fuair an sóidiam a ainm, áfach, ach as an ghnáthshóid. Dhá shubstaint atá i gceist leis an ghnáthshóid, áfach, siúd is go bhfuil siad gaolmhar le chéile: an tsóid aráin nó décharbonáit (hidrigincharbonáit) an tsóidiam, Na(HCO3)2, agus an tsóid níocháin nó carbonáit an tsóidiam.

solasbhliain an t-achar a chuireanns an solas de in aghaidh na bliana ag dul fríd an spás; thart ar 9,406,000,000,000 ciliméadar atá ann.

solaschosúil cosúil leis an tsolas, ag dul ar comhluas leis an tsolas.

sorcóir Weber: gléas a mbaintí trialacha as, thiar ins na seascaidí agus na hochtóidí, leis na bíoga imtharraingthe a aithne a chreidtear a bheith á ngineadh i mórimeachtaí spáis, cosúil leis na hollnóvaí, nó nuair a thiteanns réalt mhór isteach i ndúpholl mhór. Tá an gléas ainmnithe as Joseph Weber, an réalteolaí Meiriceánach a chéadcheap é. Ní rabh rath ar iarrachtaí Weber, áfach, agus de réir a chéile, héiríodh as na sorcóirí seo a úsáid, siúd is go bhfuil go leor acu le fáil i saotharlanna geoifisice ar fud an domhain i gcónaí. Is iad na trasnamhéadair léasair is fearr le heolaithe an lae inniu le radaíocht imtharraingthe - má tá a leithéid de radaíocht ann ar aon nós - a thomhas nó a shonrú.

Sorcóir millteanach alúmanaim é sorcóir Weber. Bhíodh na sorcóirí seo thart ar míle go leith cileagram ar mheáchan. B'é an smaointiú a bhí ag Weber ná go rabh tonnchrith nádúrtha an tsorcóra braiteach ar an radaíocht imtharraingthe. Dá mbíodh dhá shorcóir den chineál seo agat agus iad suite i bhfad ar shiúl ó chéile, d'fhéadfá bíoganna na radaíochta seo a aithne ar aon athrú thobann a thiocfadh ar mhinicíocht an tonnchreatha seo ins an am chéadna ag an dá shorcóir. Siúd is gur shíl Weber féin go rabh ag éirí leis bíoganna den chineál seo a cheapadh, ní thug na heolaithe eile mórán creidiúna dá chuid iarrachtaí, agus is é an tuigse atá ag fisiceoirí an lae inniu ar mhodh oibre Weber ná go rabh "torann cúlrach" ghnáth-thonnchreathanna na n-adamh is na móilíní i bhfad róláidir le haon bhíog imtharraingthe a aithne thairis.

spás-am an ollchruinne cheithrethoiseach, ina gcaitear leis an am mar nach mbeadh ann ach toise den chineál chéadna leis an trí thoise eile (an fad, an leithead is an airde). I gcuntais mhatamaiticiúla a bhaineanns leis an spás-am, is gnách glacadh leis gurb í an tsolas-soicind (a fhad is a bhoganns an solas leis in aghaidh na soicinde) an t-aonad ar na haiseanna comhordanáideacha eile a fhreagraíonns don tsoicind ar ais chomhordanáideach an ama.

SpicaAlpha Virginis: an réalt is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Tchíthear in aice leis an éiclipteach í, agus an Ghrian ag teacht eadar sinn uair in aghaidh na bliana: ins an fhómhar a tharlaíonns sé, agus dá réir sin, bhí Spica ina samhailchomhartha do bhaint na mbarr ag na sibhialtachtaí seanársaidhe. "Punann" nó "dias" is ciall leis an ainm sin féin Spica.

Déréalt uraitheach, athraitheach í Spica. Tá dhá réalt ann, agus an bheirt acu ina mB-réaltaí ó thaobh an speictrim de. Mar sin, tá siad as pabhar te, agus solas bán nó bánghorm ag teacht astu. Tá an dá chomhbhall sin suite iontach gar dá chéile, agus iad ag tabhairt aon turas amháin timpeall a chéile in aghaidh gach ceithre lá. Níl ceachtar den dá chomhbhall ina fhathach cheart, ach tá mais níos mó ná deich nGrian ins an cheann is mó acu - más réalt phríomhsheichimh atá ann, tá sé ar réaltaí móra an phríomhsheichimh.

Tá Spica fá dhá chéad dhá sholasbhliain is trí scór dínn féin. Bíonn x-ghathanna láidire ag teacht uaithi go minic, agus na saineolaithe inbharúla gurb é is fios fátha le sin ná an dóigh a mbíonn réaltghaoth an dá chomhbhall ag bualadh fá chéile.

an stoidiaca: go bunúsach, is é atá ins an stoidiaca ná cineál crios samhailteach atá ag dul timpeall an sféir neamhaí, agus é ag cloí go tiubh leis an éiclipteach. Tá an stoidiaca roinnte ina dhá theascóg déag agus gach aon cheann acu ag freagairt do chomhartha amháin de chuid an stoidiaca: an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon (nó an Cú, ag na Sean-Ghaeil), an Mhaighdean (nó an Ógbhean), an Mheadh (nó na Scálaí), an Scairp, an Saighdeoir (nó Laoch Caite na Saighead, mar a deireadh na Sean-Ghaeil), an Gabhar (nó an Pocán, ag na Sean-Ghaeil), an tUisceadóir (nó Iompróir an Uisce) agus na hÉisc (an Dá Iasc ag na Sean-Ghaeil). Tá gach aon chomhartha de chuid an Stoidiaca ag freagairt do cheann de na réaltbhuíonta is sine ar an spéir - ceann acu siúd atá ainmnithe ag réalteolaithe na sean-Bhabalóine - ach ós rud é gur athraigh an luainíocht áit na réaltbhuíonta i gcoibhneas an éicliptigh ó laetha na mBabalónach anuas, níl aon cheann de na réaltbhuíonta seo suite ins an chomhartha atá ar comhainm leis.

Is iad na hastralaithe - an dream pisreogach udaí a bíos ag iarraidh todhchaí na ndaoiní a aithne ar chomharthaí na spéire - is mó a bhaineanns úsáid as comharthaí an stoidiaca inniu. Siúd is gur cuid de ghnátheolas an réalteolaí comharthaí an stoidiaca, is dócha nach bhfuil mórán tábhachta leis na comharthaí seo ina chuid oibre - mar chuid de mhapáil na spéire, abair - ós rud é nach bhfuil siad in aon áit leis na réaltbhuíonta ar aon ainm leofa.

strataisféar an ciseal den atmaisféar atá suite os cionn an trópaisféir, eadar cuig chiliméadar déag agus deich gciliméadar is dhá scór ón talamh aníos.

stratastad uasteorainn an strataisféir agus íosteorainn an mhéisisféir

struchtúr mórscála Tá na réaltaí ordaithe ina réaltraí, cosúil le Bealach na Bó Finne, ach níl na réaltraí féin scabtha ar fud na hollchruinne gan eagar nó inneall de sheort ínteacht a bheith orthu. Tá na réaltraí ordaithe ina mbraislí, agus na braislí féin ina bhforbhraislí. Bheirthear struchtúir mhórscála ar na forbhraislí agus ar struchtúir eile ar aon mhéid nó ar aon diminsiún leofa. Struchtúir mhórscála iad an Balla Mór agus an tOllaomthóir, mar shampla. Bíonn na struchtúir seo dealaithe óna chéile le folúis mhóra nach bhfuil ach an corr-réaltra le fáil iontu.

Syrtis Major spota dorcha ar dhromchla Mhars, an chéad shonra ar dhroim an phláinéid udaí a thug na réalteolaithe fá dtear ar aon nós. Máigh mhór mhillteanach basailt atá ann. B'é an réalteolaí Ollannach Christiaan Huygens (1629-1695) a d'aithin í roimh aon duine eile.

Ní bhfuair Syrtis Major a hainm ach dhá chéad bliain níos deireanaí, áfach. B’é an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli a bhaist é, cosúil le cuid mhór áiteanna eile ar Mhars. Roimhe sin, ba mhinic a bheireadh na saineolaithe “Muir an Orláiste” ar Syrtis Major, ó bhí an “mhuir” ina cuidiú mór acu le tréimhse rothlaithe Mharsa a oibriú amach. Ba ghnách leis na saineolaithe a shílstean, ar tús, gur farraige a bhí ann, nó b’fhacthas dófa go rabh Syrtis Major gorm i leith na huaine. Le fírinne, tá sí liathdhonn nó liath, ach ós rud é go bhfuil an chuid eile den phláinéad cineál flannbhuí, is é an t-imprisiún a fhágfas an chodarsnacht ar an bhreathnadóir go bhfuil Syrtis Major gorm.

Inniu, tá a fhios againn gur cloch laibhe atá ann, nó basalt, agus é cosúil go leor leis na cineálacha basailt a tchífeá ar an Domhan s’againn. Tá cuid lárnach Syrtis Major in anás cráitéar, i bhfarradh is an chuid eile den mháigh, ach tá dhá chaildéara mhóra ann. Is é is caildéara ann ná an cineál poll mór a fhágtar ins an talamh i ndiaidh chráitéar an bholcáin mhúchta. Bheirthear Nili Patera ar an cheann is mó acu (agus é ciliméadar is trí scór ar trastomhas), agus is é an caildéara is lú acu ná Meroe Patera (cúig chiliméadar is dhá scór ar trastomhas). “Patera” an t-ainm Laidine a bheirthear ar na caildéaraí i logainmníocht Mharsa.

Tá an chuid lárnach de Syrtis Major ag críochantacht le hIridis Planitia, ar máigh í a múnlaíodh sách déanach i stair gheolaíoch Mharsa. Tá sí suite níos ísle thíos ná Syrtis Major, fosta.

Baisteadh Syrtis Major Planum ar an chuid lárnach de Syrtis Major. Is é is brí le planum ná máigh nó ardchlár, ach is ar éigean a thig clár a thabhairt ar Syrtis Major Planum, nó tá an talamh ag dul in airde i dtreo an dá phatera. Mar sin, creidtear gur sciathbholcán, nó iarsma sciathbholcáin, atá i Syrtis Major Planum, go bunúsach. An laibhe a bhrúcht amach as an dá phatera nuair a bhí siad gníomhach go fóill, shnigh sí síos na céadta ciliméadar go dtí gur shioc sí go basalt. Siúd is go bhfuil an “sciath” bhasaltach míle dhá chéad ciliméadar ar trastomhas inniu, níl sí ach dhá chiliméadar ar airde ins an bhall is airde de.

taiceon cáithnín atá ag gluaiseacht níos gaiste ná an solas. I láthair na huaire, chan fhuil ins na taiceoin ach tuairimíocht agus teoiriceoireacht de chuid na matamaiticeoirí. Níl a fhios ag aon duine an dóigh le taiceoin a aithne nó sonrú a chur iontu, ós rud é nach eol dúinn an tionchar atá acu ar an ollchruinne s'againn féin, ná an cineál eadarghníomhú a ghní siad léithi.

taiscéalaíspástaiscéalaí: cineál spásárthach nach bhfuil aon duine ar bhord léithi á stiúradh, agus í ag tabhairt ceamaraí agus brathadóirí eile léithi le taighde agus léarscáiliú a dhéanamh ar na rinne neimhe eile. Na chéad taiscéalaithe a scaoileadh chun siúil thiar ins na seascaidí, cuireadh ag timpeallú na Gealaí iad leis an taobh eile dár satailít a mhapáil. Ina dhiaidh sin, tháinig na taiscéalaithe pláinéadacha, cosúil leis an dá Viking a thuirling ar Mhars thiar ins na seachtóidí. Inniu, táthar ag baint úsáide as taiscéalaithe domhainspáis a scaoiltear na blianta fada sula sroichidh siad na pláinéid atá le taighde acu, cosúil le Cassini, nach dtáinig a fhad le Satarn ach i ndeireadh na bliana 2004, i ndiaidh is go rabh sé ar an bhealach ón bhliain 1997 i leith.

Tau Ceti réalt i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus í suite fá dhá sholasbhliain déag den Ghrian. Tharraing Tau Ceti súil na réalteolaithe uirthi cionn is í a bheith comh cosúil leis an Ghrian ina méid is ina cosúlacht, agus iad ag iarraidh lorg a chur ar neacha intleachtúla beo amuigh ins an spás; ach níltear comh díograiseach fá dtaobh daoithi inniu is a thuilleadh. Nó fuarthas amach go bhfuil grianchóras Tau Ceti ag cur thar maoil le hastaróidigh is le dreigí, agus is ar éigean is féidir glacadh leis go mairfeadh mórán neacha beo faoin tsíorbhombardú le dreigítí is le conamar spáis eile ag titim isteach agua ag pléascarnaigh ins an atmaisféar.

teorainn Chandrasekhar uasteorainn na maise ag na habhacréaltaí bána. Má sháraíonn mais na habhacréalta báine an teorainn seo (mais na Gréine s'againne méadaithe faoina haon agus ceithre dheichiú cuid, sin le rádh, 1.4), ní bheidh cobhsaíocht ná fad saoil i ndán don abhacréalt bhán - imphléascfaidh sí ina neodrónréalt. B'é an réalteolaí Indiach Subrahmanyan Chandrasekhar (1910-1995) a rinne an obair mhatamaiticiúil leis an teorainn seo a shainiú.

teorainn Oppenheimer agus Volkoff cosúil le teorainn Chandrasekhar, is í an teorainn seo an uasteorainn le mais na neodrónréalta. Má sháraítear í, ní bheidh de rogha ag an neodrónréalt ach imphléascadh ina dúpholl.

Ar ndóighe, is cuimhin le cuid mhaith de na léitheoirí go rabh fear darbh ainm Julius Robert Oppenheimer i gceannas ar Thionscadal Manhattan, is é sin, tionscadal na Meiriceánach leis an chéad bhuama adamhach a fhorbairt, agus is í an cheist is nádúrtha a rithfeas linn, ná, an mb'é an fear céadna a d'oibir amach an mhatamaitic leis an teorainn seo a shainiú. B'é é, nó bhí Oppenheimer an-sáite i gcúrsaí na ndúpholl sula dteachaidh sé leis an bhuamadóireacht. Seo an méid atá le rádh ag Stephen Hawking ina leabhar cháiliúil Gearrstair an Ama:

Bhí sé cruthaithe ag Chandrasekhar nach rabh prionsabal an eisiaimh ábalta aon réalt a stopadh ón imphléasc dá sháróchadh a mais teorainn Chandrasekhar. Bhí fadhb eile le fuascailt go fóill, mar atá, tuigse cheart de réir na coibhneasachta ginearálta a fháil ar chinniúint na réalta a sháróchadh an teorainn sin. B'é an saineolaí óg ó Mheiriceá, Robert Oppenheimer, a réitigh an fhadhb, ins an bhliain 1939. Ansin, áfach, tháinig an Darna Cogadh Domhanda eadar é agus na cúrsaí seo, agus fuair Oppenheimer a chroí sáite i dtionscadal an bhuama adamhaigh. I ndiaidh an chogaidh, ligeadh fadhb na himphléisce imtharraingthe i ndearmad, go mórmhór, ó chuir na fisiceoirí níos mó suime i núicléas an adaimh agus ina rabh ag titim amach ina thimpeall.
(HAWKING, Stephen: A Brief History of Time. Bantam Books, 1988/1989. Leathanach a hOcht nDéag is Ceithre Scór. Mé féin a d'aistrigh. P.P.H.)

teorainn Roche: an teorainn thart timpeall ar an rinn neimhe nach gceadaítear satailítí sreabhacha taobh istigh daoithi. Aon satailít shreabhach a gheofar taobh istigh den teorainn seo, streachlóchaidh na fórsaí taoidmheara as a chéile í. Má tá damhna na satailíte agus damhna na rinne féin ar aon dlús le chéile, tá teorainn Roche suite ag 2.44 r ó lárphointe na rinne (is é is ciall le "r" anseo ná ga na rinne, is é sin, an fad ó lárphointe go dromchla na rinne). Ós rud é gur carraig sholadach agus oighreogach chruaidh a bíos ins an chuid is mó de na satailítí nádúrtha, ní bhíonn tábhacht dhíreach le teorainn Roche, ach mar sin féin, míniú ínteacht atá ann ar an dóigh ar cruthaíodh na fáinní thart ar Shatharn, cuir i gcás, nó tá sé de chlaonadh ins an tsolad féin géilleadh d'fhórsaí na domhantarraingthe taobh istigh den teorainn seo.

Tá an coincheap seo ainmnithe as Édouard Roche (1820-1883), an saineolaí Francach a d'oibir amach an taobh mhatamaiticiúil den scéal.

Tethys: ceann de ghealacha Shatarn. Tá Tethys timpeall ar mhíle ciliméadar ar trastomhas, agus í ar aon dlús leis an uisce, rud a bheir le fios gur leac oighir uile go léir atá ann. Is é sin, tá sí traidhfilín beag níos troime ná an t-uisce, ach ó nach bhfuil an difríocht sin rómhór, is é an tátal is nádúrtha go bhfuil an t-uisce ar an chomhábhar is tábhachtaí. Tá Tethys beagnach comh geal le hEnceladus ar ailbéideacht, ní nach ionadh, ós rud é gur oighreogach gheal ghléigeal, lom lonrach atá ins an dá réad, den chuid is mó. Tá dromchla Tethys criathraithe le cráitéir, agus is é Cráitéar Odysseus an ceann is mó acu, nó tá sé thart ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas - mar sin, d'fhéadfá é a chur i gcomparáid le Cráitéar Herschel ar Mhimas, comh mór agus atá sé i bhfarradh is méid na gealaí féin. Níl Odysseus ródhomhain mar chráitéar, áfach - tá sé níos cosúla leis na cráitéir éadoimhne ar Challisto. Saintréith shuntasach eile é an cainneon fada ar a dtugtar Ithaca Chasma. Tá Ithaca Chasma dhá mhíle go leith ciliméadar ar fad, agus é ag reachtáil timpeall trí cheathrú cuid den ghealach. Críochnaíonn Tethys imrothlú amháin timpeall ar Shatarn in aghaidh níos lú ná dhá lá dár gcuid féin, agus í ag drannadh an aghaidh chéadna le Satarn an t-am ar fad.

Tá fithis Tethys suite fá chéad ochtó míle ciliméadar (180,000 km) de Shatarn. Díol suntais é go bhfuil dhá "Thraíoch" ag Tethys, is é sin, dhá mhionghealach mar leathbhádóirí a théid timpeall ar Shatarn ar aon fhithis le Tethys, agus iad suite ins an dá cheann is cóngaraí daoithi de phointí Lagrange. Níl ins an dá ghealach seo ach clocha beaga i bhfarradh is Tethys féin, agus níor cuireadh sonrú iontu ach oiread roimh an bhliain 1980. An Traíoch a thig roimh Tethys ar an fhithis (ins an nód Ghréagach), bheirthear Telesto air, agus is í Calypso an ceann den bheirt a thig ins na sálaí ag Tethys (is é sin, is í Calypso an Traíoch ins an chiall chúng).

tiomáint dlúith cineál innill a úsáideanns foireann Enterprise ar an tsraithscéal udaí Réaltaistear le luas an tsolais a shárú. Níl a fhios ag na fisiceoirí inniu aon chineál cleas a chuirfeadh ar ár gcumas a leithéid de ghaisce a dhéanamh, ach mar sin féin, bíonn dúil ag cuid mhaith saineolaithe féin ins an fhicsean eolaíochta, agus spreagann an Réaltaistear iad chun a machnamh a dhéanamh ar fhisic eachtraí an Chaiftín Kirk, Picard nó Janeway.

D'fhéach an fisiceoir Meicsiceach Miguel Alcubierre le fisic na tiomána dlúith a oibriú amach ar leibhéal teoiriciúil. Ós rud é go bhfuil an imtharraingt in ann an spás a chur as a riocht (a chuarú), phostaláidigh sé réimse millteach imtharraingthe thart timpeall an spásbháid a d'fhéadfadh an spás-am a theannadh amach taobh thiar den spásárthach agus an spás-am roimh an tsoitheach a fháscadh go tiubh le chéile. Ní bheadh an spáslong féin, agus í suite eadar dhá dhíchumadh dhochuimsitheacha spás-ama, ag sárú luas an tsolais go foirmiúil, ach an spás féin á chuarú. Bheadh an bhirling féin suite taobh istigh de chineál boilgeog spáis, agus ó nach mbeadh sí ag dul in aon treo ar leith i gcoibhneas na boilgeoige seo, bhéarfaí an urraim chuí do gach dlí fisiciúil.

Ar ndóighe, tá fadhbanna praiticiúla ag baint leis an tiomáint dlúith seo féin. Nó leis an tiomáint seo a úsáid, a deir Alcubierre, bheadh an cineál damhna de dhíth a dtugann na fisiceoirí damhna coimhthíoch air, agus is dócha nach bhfuil ina leithéid de dhamhna ach aisling bhréige nach bhfuil ann ar aon nós taobh amuigh de ríocht na glanmhatamaitice.

Tíotán: an tsaitilít nádúrtha is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus an darna gealach is mó dá bhfuil ann inár nGrianchóras féin. Bhítí ag creidbheáilt ar feadh i bhfad go rabh Tiotán ar an ghealach is mó amuigh, ach tá a fhios ag an tsaol mhór anois gurb é atmaisféar Thiotáin is cúis leis na deacrachtaí trastomhas an réada a chinntiú. Ní hamháin go bhfuil atmaisféar suntasach ag Tiotán - tá sé timpeallaithe, fosta, ag ceobhrán fótaiceimiceach a chuireanns isteach ar na breathnadóirí. Is é an ceobhrán fótaiceimiceach an meascán de cheimiceáin a chruthaítear nuair a ghní comhábhair an atmaisféir imoibriú le chéile faoin tionchar ó sholas na Gréine agus ó ghathanna na radaíochta cosmaí. Tá an t-atmaisféar comhdhéanta as nítrigin comh maith le beagáinín hidrigine agus meatáin, ach creidtear go bhfuil comhdhúile níos casta le fáil ins an cheobhrán, cosúil leis an eatán CH3CH3 nó fiú comhdhúile orgánacha, ar nós na n-aimínaigéad, as a dteántar na próitéiní. Is éadócha go bhfuil aon chineál beatha ar dhromchla Thiotáin, ach mar sin féin, is iomaí saineolaí a chuireanns dúspéis ins an ghealach seo, ó chreidtear go bhféadfadh sí léargas a thabhairt dúinn ar chruthú na beatha ar an Domhan féin i dtús ama.

I dtús na bliana 2005, bhain an spástaiscéalaí udaí Cassini-Huygens amach Tiotán, agus tógadh an dúrud grianghrafanna le léargas úr a fháil ar an domhnán dúisitheach seo. Is follasach go bhfuil torthaí nua taighde ar na bacáin agus athruithe le theacht ar a rabh ar eolas againn go nuige seo i dtaobh Thiotáin. Mar sin, bígí ag coinneáil súile ar an iontráil seo!

Traíoch: seort astaróideach agus é ag timpeallú na Gréine ar aon chonair le hIúpatar, ach é a bheith suite i gceann de phointí Lagrange. Tá roinnt mhaith Traíoch ag tionlacan Iúpatar ins an dá phointe den chineál seo is cóngaraí dó. Na Traígh a thig roimh Iúpatar, is iad na "Gréagaigh" iad, ós rud é gur gnách iad a ainmniú as laochra Gréagacha na hIliaide; an grúpa a leananns ins na sálaí ag Iúpatar, is iad na fíor-Thraígh iad, ós rud é go n-ainmnítear as na laochra Traíocha iad. Is iad Achilles, Patroclus, agus Hektor an chéad triúr acu a hainmníodh.

Ins an chiall fhairsing, is féidir linn Traíoch a thabhairt ar gach rinn neimhe atá ag timpeallú na Gréine nó ceann de na pláinéid i bpointe Lagrange ar aon fhithis le réad ínteacht eile. Tá cupla Traíoch ag Mars, agus ainm baiste ar cheann acu, Eureka, ach níor cuireadh an chéad sonrú iontu roimh an bhliain 1990. Thairis sin, tá trí ghealach bheaga ag Satarn agus iad ag timpeallú an phláinéid i bpointí de chuid Lagrange ar chonairí gealacha eile. Is iad an trí cinn seo ná Telesto, Calypso, agus Helene. Traíoch do Dione í Helene, agus Traígh do Tethys iad Calypso agus Telesto.

trópaisféar an ciseal is ísle den atmaisféar

trópastad uasteorainn an trópaisféir agus íosteorainn an strataisféir

truailliú solais an dóigh a bhfuil lampaí sráide agus solas daondéanta eile ag cur isteach ar na réalteolaithe ina gcuid oibre. Leis an truailliú solais a sheachaint, is rogha leis na réalteolaithe a gcuid réadlann a thógáilt fán tuaith. Ins an bhliain míle naoi gcéad a hocht agus ceithre scór (1988), bunaíodh Cumann Eadarnáisiúnta na Spéire Dorcha (International Dark Skies Association) le doircheacht na spéire istoíche a chosaint agus le truailliú solais a throid ar mhaithe leis an réalteolaíocht agus le codladh oíche na ndaoiní. Is é is cuspóir leis an Chumann ná srianta dlí a chur le farasbarr na bhfógrán solais agus foinsí solais eile nach bhfuil géar-riachtanach, comh maith le reachtaíocht a chur i bhfeidhm le baint d'úsáid na radathonnta, agus an dóigh a gcuireann siad isteach ar na radaiteileascóip.

tuismeá tairngreacht de chuid lucht na hastralaíochta. Bhíodh tuismeánna á ndéanamh ag na réalteolaithe féin mar chaitheamh aimsire nó mar chleas magaidh eadar cairde aon cheirde i bhfad i ndiaidh don réalteolaíocht dháiríre dealú a fháil ón astralaíocht, ach dealraíonn sé go bhfuil na réalteolaithe éirithe as an mhagadh féin inniu, ó nach dteastaíonn uathu an chuma a chur ar an scéal go mbeadh aon bhunús eolaíochtúil leis na tuismeánna. Ní hionann sin is a rádh nach mbeadh ciall ag na réalteolaithe don ghreann a thuilleadh, áfach: is iad na tuismeánna agus na hastralaithe is ábhar leis an chuid is mó de na scéilíní magaidh a insíonns siad dá chéile.

- Cá bhfuil an difríocht eadar an réalteolaí agus an t-astralaí?
- Ní rabh réalteolaí príobháideach ag Nansaí Uí Riagáin.

Dealraíonn sé go mb'ins an tseachtú haois déag a chuaigh an scoilt eadar an astralaíocht agus an réalteolaíocht an oiread sin chun leithneachta agus nach rabh sé indéanta a thuilleadh an dá rud a thabhairt in araicis a chéile. Le céim síos seo na hastralaíochta a léiriú, is gnách na focail a lua a scríobh an réalteolaí Sasanach John Flamsteed ar an tuismeá a d'oibir sé amach do réadlann ríoga Greenwich ins an bhliain 1675: risum teneatis, amici? "an féidir libh bhur ngáirí a choinneáil siar, a chairde?" (Tháinig na focail seo, dála an scéil, ón fhile Rómhánach Horatius, nó Hórás as Gaeilge - Horace an leagan Béarla, ar ndóighe.) Bhí sé ina nós ag na réalteolaithe, an tráth sin den tsaol, tuismeá a chumadh do réadlann úrbhunaithe, ach is léir nach rabh ann a thuilleadh ach greann, dar le lucht na ceirde.

úfó réad atá ag eitilt agus nach féidir a aithne ná a mhíniú go sásúil. Bíonn gach cineál scéalta seafóideacha ag dul timpeall agus iad ag cur na n-úfónna in iúl mar spásárthaí ó phláinéad eile, ach tá an fhírinne níos simplí: réadanna amuigh ar an spéir atá iontu nár haithníodh - dá n-aithneofaí mar spásárthaí ó phláinéad eile iad, ní úfónna a bheadh iontu a thuilleadh!

An chuid is mó de na húfónna, is féidir iad a mhíniú ar chúiseanna nádúrtha - scéal eile, ar fad, nach mbíonn a fhios ag na daoiní an míniú ceart. Inniu, mar shampla, is fánach duine amach ó na mairnéalaigh a chuala iomrá ar ghealán San Elmo, ar feiniméan nádúrtha é go hiomlán, gan bhaint dá laghad leis na harrachtaigh ón spás. Thairis sin, áfach, níor éirigh leis na saineolaithe féin gach aon fheiniméan de chuid an atmaisféir a mhíniú go hiomlán - cosúil leis na splancanna liathróide nó leis na soilse talaimh, arb iad an díol spéise is mó anseo iad.

Cineál caorthinte atá ins na soilse talaimh is mó a tchíthear in áiteanna a bhfuil bolcánachas, talamhchreathanna nó saintréithre eile geolaíochta le haithne. In áit den chineál sin a chonaic Kenneth Arnold, an fear a chuir tús le histéire mhór na n-úfónna thiar i ndeireadh na ndaichidí, a chuid "sásar ag eitilt". Nó is amhlaidh go rabh Arnold ag eitilt in aice le Sliabhraon na Cascáide - raon de bholcáin atá beo i gcónaí, siúd is nach minic a bhíos siad ag brúchtadh. Is dócha go bhfuil gníomhaíocht mhaighnéadach ins an talamh ag baint leis an bholcánachas seo, agus baint ínteacht aici leis na soilse ins an aer, ach teastaíonn tuilleadh taighde leis an bhaint sin a shainmhíniú go sásúil.

Ó am go ham, bíonn cailleacha éagsúla uafáis ag scaoileadh scéalta timpeall ina dtugann siad le fios go bhfuil an fhírinne fá dtabh de na húfónna curtha i bhfolach ar an tsaol mhór ag an lucht rialtais, agus na comhaid ag cur thar maoil le tuairiscí rúnda nach dtaispeántar dúinn. Rinne an sraithscéal teilifíse udaí The X-files seó mór de na liomhaintí seo, agus is dócha gur thuill sé seó mór airgid do lucht a scannánaithe fosta. Mar sin féin, is fíor go mbíonn comhaid den chineál seo ann, agus iad ag gríosú na ndaoiní do gach seort tuairimíochta agus teoiricí comhcheilge a fhad is a choinnítear faoi cheilt iad. Tá na húfó-eolaithe féincheaptha agus na saineolaithe ar aon bharúil i dtaobh aon rud amháin ar a laghad: is é sin, go mba chóir an cineál seo doiciméad a phoibliú. Ar ndóighe, creideann na diograiseoirí comhcheilge go nochtfadh na comhaid gur spiadóir de chuid na bhfear beag uaine atá ins an Uachtarán Bush (nó rud ínteacht cosúil le sin); na réalteolaithe, áfach, is é a mbarúil-sean ná go bhfuil an rúndacht féin ag cruthú níos mó fadhbanna ná cibé poiblíocht: dá mbeadh comhaid rúnda den chineál seo ar fáil go foscailte, d'fhéadfadh na saineolaithe míniúcháin nádúrtha a thabhairt ar na himeachtaí i gceist agus míshuaimhneas na ndaoiní a mhaolú.

Le córas ínteacht a thabhairt isteach i saol mí-ordaithe na h-"úfó-eolaíochta", mhol an tOllamh J.Allen Hynek - duine den bheagán saineolaithe dáiríre a chuaigh i ngleic le ceist na n-úfónna - an t-aicmiú seo a leanas a úsáid le cineálacha éagsúla breathnuithe a láimhseáil i saothair staitisticiúla:

Cineál breathnú Míniú
Solas oíche (NL, nocturnal light an Bhéarla) Tchíthear soilse geala do-mhínithe thuas ins an spéir istoíche.
Diosca lae (DD, daylight disc an Bhéarla) Tchíthear diosca lonrach le solas an lae
Sonrú súl agus radair (R/V, radar/visual an Bhéarla) Ní hamháin go bhfuil an réad le feiceáilt le súile cinn an duine - aithníonn an radar é comh maith
Dlúth-theagmháil den chéad chineál (CE I, close encounters of the first kind an Bhéarla) Tá an breathnadóir in ann gléasra de chineál anaithnid a aithne le súil a chinn fá chúig chéad troigh (ceithre scór méadar) de féin, nó níos cóngaraí fós.
Dlúth-theagmháil den darna cineál (CE II, close encounters of the second kind an Bhéarla) Fágann na "cuairteoirí" lorg a lámh ar an timpeallacht nádúrtha
Dlúth-theagmháil den treas cineál (CE III, close encounters of the third kind an Bhéarla) Éiríonn leis an duine radharc a fháil ar neacha eachtardhomhanda (neacha intleachtúla ó phláinéad eile), nó fiú comhrádh nó cumarsáid a dhéanamh leis na neacha eachtardhomhanda

Iad siúd atá eolach ar stair an fhicsin eolaíochta, is dócha gur aithin siad teideal an scannáin a bhain amach a chliú do Steven Spielberg thiar ins na seachtóidí. Bhí an tOllamh Hynek páirteach i ndéanamh an scannáin mar chomhairleoir eolaíoch. Maidir le saol Hynek féin, ollamh fiúntach le réalteolaíocht a bhí ann, go dtí gur earcaigh Aerfhórsa na Stát Aontaithe é le scagadh a dhéanamh ar na tuairiscí a bhí tugtha ag na heitleoirí ar na húfónna a bhí feicthe acu. Bhí Hynek drochamhrasach go maith i dtaobh na n-úfónna ar tús, ach de réir a chéile, d'éirigh sé iontach díograiseach fúthu, agus é suite siúráilte gur feiniméan tábhachtach a bhí i gceist - nó sin é an port a bhíodh sé a sheinm leis na meáin chumarsáide, ar a laghad.

Bíonn lucht díograise na h-"úfó-eolaíochta" ag áitiú orainn, ar ndóigh, gur spásárthaí de chuid na n-arrachtach eachtardhomhanda iad na húfónna. Is mór an taca dófa é gur athraigh saineolaí oilte cosúil le Hynek a bharúil i dtaobh na bhfeiniméan seo i rith a chuid taighde orthu. Nach mba chóir na húfónna a ghlacadh dáiríribh anois, ó chuaigh leathbhreac Hynek le húfó-eolaíocht i ndiaidh dó spléachadh a thabhairt ar na comhaid rúnda? - Sin é an cineál caint a chluinfeá ag na díograiseoirí. Ar an drochuair, tá míniú eile ann: nuair a tháinig deireadh le tionscadal an Aerfhórsa, bhí Hynek comh sáite ins na húfónna agus nach rabh sé in ann leanstan leis ag déanamh taighde ar an fhíor-réalteolaíocht a thuilleadh. Ós rud é go rabh biadh agus beatha de dhíth air mar sin féin, agus é in ann a thuigbheáilt go rabh airgead mór i gcultas na n-úfónna, chuaigh sé a thabhairt óráidí do na díograiseoirí lena chuid a shaothrú, agus é ag cur gothaí an díograiseora air féin leis an lucht féachana. Sin é an chiall chiniciúil a thig a bhaint as an scéal.

Úránas: pláinéad, an treas ceann is mó ins an ghrianchóras. Gásfhathach atá ann, cosúil le hIúpatar agus le Satarn.

Tá Úránas mór millteanach i bhfarradh is ár nDomhan féin, ach, ins an am chéadna, tá sé i bhfad ar shiúl uainn, agus é sách deacair le haithne amuigh ar an spéir. Is é sin, tá sé infheicthe ag fear an teileascóip gan amhras, ach ós rud é go nochtann sé in áiteanna comh héagsúil sin oíche i ndiaidh oíche, ní bhíonn sé follasach ag an bhreathnadóir gurb é an réad céadna atá i gceist le gach aon sonrú. Siúd is go bhfuil sé níos mó ná Neaptún, tá an dá phláinéad seo sách cosúil le chéile ar a méid.

Is é an rud is suntasaí fá dtaobh d'Úránas ná go bhfuil sé ar leataobh. Is é sin, tá ais rothlaithe an phláinéid suite ar uilinn deich gcéim is ceithre scór, a bheag nó a mhór, in aghaidh leibhéal na fithise. Is ionann sin is a rádh go bhfuil pol theas an phláinéid ag drannadh go díreach leis an Ghrian beagnach leath na bliana ("bliain" Úránais atá i gceist agam, ar ndóigh) agus pol thuaidh an phláinéid ag teacht ina áit le haghaidh na leathbhliana eile. Níl an Ghrian ag éirí is ag dul faoi ar an ghnáthdhóigh ach amháin in aice le meánchiorcal an phláinéid. Tá fáinní ag Úránas, ach níl siad inchomórtais leis na fáinní timpeall ar Shatarn. Tá leibhéal na bhfáinní ar leataobh cosúil leis an phláinéad féin agus a chuid satailítí nádúrtha, rud a bheir le fios gur éirigh imbhualadh ínteacht d'Úránas go fíorluath ina stair, comh moch is nach rabh ins an phláineád féin ag an am ach guairneán ins an bhrachán bunaidh a bhí ag iompó ina ghrianchóras.

Pláinéad gorm atá in Úránas. Creidtear gurb é an meatán is cúis leis - go bhfuil ciseal meatáin in uachtar an atmaisféir agus é ag baint an datha dheirg den tsolas.

Tá dearcadh neamhghnách, neamhshiméadrach ar mhaighnéadsféar Úránais. Níl lárphointe an réimse mhaighnéadaigh suite i gcroílár an phláinéid, ach in áit ínteacht níos éadoimhne taobh istigh d'Úránas. Dealraíonn sé, fosta, nach bhfuil na saineolaithe ar aon fhocal fá cé acu atá carraig i gcroílár Úránais nó nach bhfuil. Deir siad gur amóinia reoite agus leac oighir atá ansin, agus gur féidir go bhfuil croí cloiche ansin, ach go bhfuil an dá bh'fhéidir ann.

Varuna: réad pláinéadchosúil amuigh i gCrios Kuiper. Tugadh Varuna fá dtear an chéad uair ins an bhliain 2000. Ní plúitíonó é, nó tógann sé níos mó ná dhá chéad is ceithre scór bliain air turas amháin timpeall na Gréine a chur i gcrích. Is beag eile atá ar eolas fá Varuna, ach amháin go bhfuil sé thart ar míle agus trí scór ciliméadar ar trastomhas - cosúil le hIxion - agus go bhfuil sé níos éadroime ná mar a shílfeá óna mhéid. Mar sin, creideann cuid de na saineolaithe gur féidir go bhfuil sé criathraithe nó pollaithe ar bhealach ínteach.

Véineas: an darna pláinéad ón Ghrian agus an ceann is gaire don Domhan. Níl Véineas comh beag le Mearcair agus Mars - dáiríribh, tá sí beagnach comh mór leis an Domhan. Murab ionann agus an dá phláinéad bheaga, tá atmaisféar trom téagartha ag Véineas, comh maith le haeráid is le haimsir, agus leoga, is fiáin feannta an cineál aimsire é. Dé-ocsaíd charbóin is mó atá ins an atmaisféar sin, agus é i bhfad níos tibhe, níos dlúithe ná aer an Domhain. Nuair atá sé ag cur fearthainne, ní deora uisce atá ag titim, ach aigéad sulfarach. Tá an iarmhairt cheaptha teasa comh láidir is go gcoinnítear dromchla an phláinéid níos teo ná Mearcair féin. Siúd is go bhfuil Véineas as pabhar mall ag casadh ar a hais - tógann sé níos mó ná céad lá dár gcuid féin ar an Ghrian éirí, dhul faoi agus éirí aríst ar spéir Véineas - fanann sí te bruite thar oíche, a bhuí leis an atmaisféar. Ós rud é go bhfuil an t-aer comh dlúth sin ar Véineas, níl deis ag na dreigítí theacht fríd ná an áit a chriathrú le craitéir.

Is fiú, fosta, sonrú a chur ann go bhfuil Véineas ag rothlú ins an treo atá contrártha leis na pláinéid eile. Is é sin, éiríonn an Ghrian ins an iarthar agus théid sí faoi ins an oirthear ar an spéir, dar leis an bhreathnadóir a gheobhadh é féin ar dhroim an phláinéid seo. Scéal eile ar fad, áfach, an mbeadh mo dhuine in ann Grian ar bith a aithne fríd na scamaill.

Siúd is go gcuireann aer ramhar agus scamaill throma an phláinéid go mór mór isteach ar na taiscéalaithe agus iad ag iarraidh geograife an phláinéid a leagan amach, tá cuid mhór den phláinéad seo mapáilte mar sin féin. Tá sé ina thraidisiún cheana ainmneacha ban agus bandéithe a phronnadh ar na háiteanna ar Véineas, ach tá eisceachtaí ann, cosúil leis an tsliabhraon a dtugtar Montes Maxwell air. Is é mullach na sléibhte seo an ball is airde ó mheánleibhéal an dromchla ar Véineas, mar atá, aon chiliméadar déag. Ón taobh eile de, tá a leithéid d'áit agus Anscoilt Diana ann: théid an bearnas domhain seo trí chiliméadar síos faoin mheánairde chéadna.

Thuas ar ár spéir féin, tá Véineas ar an phláinéad is gile acu go léir le dearcadh uirthi. Ós rud é go bhfuil sí suite níos cóngaraí don Ghrian ná muidne, bíonn sí ag cloí le cuideachta na Gréine mar a tchí muid í. Dá réir sin, bíonn sí le feiceáilt ar an spéir thiar le clapsholas nó le teacht na hoíche, agus ar an spéir thoir le teacht an lae. Nuair a bíos leathsféar dorcha an phláinéid iompaithe leis an Domhan, bíonn fannsolas le haithne thar an doircheacht, nó liathsholas, mar is gnách a thabhairt air. Níltear ró-eolach go fóill ar na cúiseanna leis an tsolas seo. Nuair a bhítí dóchasach go fóill go mbeadh neacha beo le fáil ar dhroim an phláinéid seo, bhíodh na réalteolaithe dáiríre féin ag déanamh go rabh áitreabh ar an phláinéad - gur tinte cnámh nó fiú soilse cathrach a bheadh ag soilsiú thíos ansin. Is é an rud a chreidtear inniu, áfach, i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn inniu ar an áit, ná gurb é leictreachas an atmaisféir is cúis leis an liathsholas - is é sin, go bhfuil an tóirneach ag cur i dtíortha agus na tintreacha ag splancarnaigh.

Is deacair a chreidbheáilt go bhféadfadh aon chineál beatha bachlóga a thabhairt in imthoscaí antoisceacha Véineas, nó tá an pláinéad níos cosúla le hIfreann ná le fáras bhandia an ghrá, óna bhfuair sé a ainm. Mar sin féin, tá réaltbhitheolaithe ann agus iad ag déanamh nach bhfuil an saol comh cruaidh sin thuas i scamaill Véineas, agus go bhféadfadh baictéir nó rudaí beaga eile forbairt ansin.