Stair na Rúise as Gaeilge, Cuid a Dó

Cuid a hAon

Panu Petteri Höglund a chuir ar fáil

Aontú na Rúise ar na Bacáin

Le linn na gcathanna ins an chúigiú haois déag tháinig deireadh leis na cúigí neamhspleácha, agus an Rúis á haontú faoi choimirce Mhoscó. Nuair a shealbhaigh Íobhán a Trí - garmhac do Vasailí, mac Dmitrí - an chumhacht i Moscó, cha rabh mórán sracaidh fágtha ins na cúigí eile, ach amháin i Novgorod. Déanta na fírinne, chan i Novgorod féin a bhí acmhainn a scarúna ó Mhoscó, ach ins an Pholainn-Liotuáin, agus í ag iompairc le Moscó fán tseanphoblacht trádála seo. Nuair a thoiligh Novgorod le conradh comhghuaillíochta leis an Liotuáin, chuaigh Íobhán a Trí chun cogaidh leis an chineál sin fealltóireachta a phionósú, agus ó ba rud é nach dtáinig fórsaí Liotuánacha a chosaint a gcomhghuaillí ar an ionradh, b'éigean do lucht rialtais Novgorod forlámhas a ghéilleadh d'Íobhán. I gceann chúpla bliain eile, áfach, d'éirigh na Novgorodaigh amach in éadan Mhoscó, ach ní rabh rath orthu. B'éigean dófa iad féin a thabhairt suas don namhaid go neamhchoinníollach, agus ansin, sa bhliain 1478, chaill an tseanphoblacht gach a rabh fágtha dá neamhspleáchas. An clog mór féin a mbíodh a chling ag cur gairm scoile ar an veitse, ar chomhthionól ionadaíoch na poblachta cathartha, tógadh anuas é lena thabhairt go Moscó mar chreach chogaidh. Rinneadh feoid de thailte Novgorod agus cuireadh tiarnaí ó Mhoscó ina mbun.

Feodachas, Seirfeachas agus Daoirse

An Rúis a h-aontaíodh le linn Íobhán a Trí a bheith ina phrionsa ar Mhoscó, ba sochaí fheodach í. B'iad síol Rúiric agus na seanuaisle eile de phór Lochlann a chuir tús le forbairt an tseirfeachais ins an tír, nó nuair a tháinig siad ansin an chéad uair, bhí sé de nós acu complacht choimhdeachta de shaighdiúirí dá chuid féin a bheith mar chúirt taistil thart timpeall ar achan taoiseach uasal. B'as na complachtaí seo - hird as Lochlainnis, drúizíona as Rúisis - a d'eascair aicme na mboigheárach, a mb'iad an aicme ab airde céimíochta i sochaí na seanRúise amach ó chlanna na seantaoiseach féin. Bhí neamhspleáchas ag baint leis na boigheáraigh nach samhlófá lena macasamhlacha in Iarthar na hEorpa san am chéadna, nó siúd is gurb iomaí boigheárach a rabh an chéimíocht aige a bhuí leis an gharaíocht a rinne sinsear dá chuid don phrionsa fadó, níor vasáilligh ná géillsinigh de chuid an phrionsa a bhí iontu. Uaisle de ghradam ní b'ísle ab eadh iad na dvoiriánaigh agus na svoighizéimtsigh, comh maith leis an aicme a chruthaigh Dmitrí Donscóigh: na fíor-vasáilligh mó na poiméisticigh. Leis na Tatáraigh a throid, theastaigh ó Dmitrí aicme de dhaoiní a bheith aige a dtiocfadh leis a dhul ina dtuilleamaí: ní rabh mórán maithe ins na gnáthuaisle, ós rud é go rabh siad ábalta feall a dhéanamh air ar mhaithe leis na Tatáraigh, má bhí buntáistí le baint as a leithéid.

Ar ndóighe, bhí scológa ann, nó cé eile a sholáthróchadh a gcuid bídh do na huaisle? Bhí feirmeoirí saora ann freisin, nó "scológa dubha" - scológa de chuid an talaimh dhuibh. Ba leofa féin an caorán a bhídís a shaothrú, ach ba ghnách cáin nó cíos bliantúil, nó obroc, a ghearradh orthu a d'íocaidís leis an phrionsa. Scéal eile ar fad a bhí fíor maidir leis na seirfigh: ní hamháin go n-íocaidís cíos - tiaglo, leis an tiarna talaimh, ach b'éigean dófa freisin dualgas oibre, bairstsíona, a chomhlíonadh go tráthrialta ina pháirceanna. Agus Moscó ag teannadh a greime ar an Rúis, ceanglaíodh na scológa den talamh, i gcruth is nach rabh de cheart acu an áit ar rugadh iad a fhágáilt ar aon nós. Ós rud é go rabh cíos, cáil agus ceangal ag cur an tsaoil féin ó mhaith ar na scológa, áfach, is iomaí duine acu a thug aghaidh ar na cúlriasca le talamh úr a thabhairt chun míntíreachais, beag beann ar rí nó ruire.

B'annamh a bhí an rogha ann cur fút i gcathair cheart, nó bhí na cathracha sách tanaidh sa tseanRúis, agus ní rabh an saol iontu comh h-éagsúil leis an tuath agus a chreidfeá. Mar shampla, ní rabh an cineál cuallachtaí nó gildeanna - cumainn le haghaidh na gceardaithe is an lucht tráchtála - ins an Rúis agus a bhíodh ina lán tíortha in Iarthar na hEorpa.

Bhí sclábhaithe nó daoir ins an Rúis, fosta, nó bhí na Rúisigh ag tógáilt patrúin leis na Mongólaigh: bhí an daoirse fréamhaithe sách domhain ina gcultúr siúd. De réir a chéile, rinneadh aicme na ndaor agus aicme na seirfeach a ionannú le chéile. Nó ba mhinic a gaireadh daor de dhuine shaor a bhí báite i bhfiacha; agus ó ba rud é nach rabh cuid mhaith de na scológa in ann a gcíos a íoc leis an tiarna talaimh, thoisigh seisean a chaitheamh leofa mar a bheadh daoir den tseandéanamh iontu.

Bhí an-pháirt ag an Eaglais Ortadocsach in atógáil na sochaí is an chultúir, agus réim na Mongólach ag druidim chun deireanais. Go háithrid, bhí eaglaisí á dtógáilt agus naomhphioctúirí á ndathú, agus Novgorod ina lárionad tábhachtach ealaíontóireachta ins an cheathrú haois déag, eadar ailtireacht agus dhathadóireacht. Ansin a d'fhoghlaim Aindréigh Ruibleov, an duine ba cháiliúla amuigh de dhathadóirí cráifeacha a linne, - ansin a d'fhoghlaim sé tús a cheirde ón mháistir Ghréigeach udaí Theophanes, nó "Feofan Gréagach", mar a bheireadh na Rúisigh air, i ndeireadh na ceathrú haoise déag. (Lenár linn féin, rinne an stiúrthóir cáiliúil Aindréigh Tarcovscaí scéal beatha Ruibleov a scannánú.) De réir a chéile, thoisigh na manaigh a shaothrú litríochta aríst, agus iad ag cleachtadh na teanga scríofa a dtugtar an tSeanSlaivis Eaglasta uirthi.

Fuair Íobhán a Trí bás ins an bhliain 1505, agus tháinig a mhac Vasailí a Trí i gcomharbacht air. Ós rud é gur banphrionsa Biosáinteach, Zoë Palaiologos, ab eadh í a mháthair, agus an Biosáintiam féin léirscriosta ag na Tuircigh sa bhliain 1453, bhí Vasailí inbharúla go mb'eisean a bhí ina oidhre cheart ar Impire an Bhiosáintiam. Bhí meas an tSáir - meas an Impire - aige air féin, agus scríbhneoirí cúirte dá chuid ag tagairt do Mhoscó mar "an tríú Róimh" (i ndiaidh an chéad Impireacht Rómhánach agus Impireacht an Bhiosáintiam, arb í leath oirthearach na hImpireachta Rómhánaí í, ar tús).

Mhair Vasailí a Trí ag cur troda ar na Tatáraigh agus ag cúngú ar na stáit Rúiseacha eile, an dornán acu a d'fhan neamhspleách ar Mhoscó i gcónaí. Fuair Vasailí bás sa bhliain 1533, agus ó ba rud é nach rabh ach trí bliana slánaithe ag a mhac, Íobhán, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.

Íobhán Uafásach

Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí ins na boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na seanRúise, agus nuair nach rabh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht eadar na teaghlaigh éagsúla fá cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Íobhán óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an chineál brilsce agus bruíonachas a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann a dhul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh comh maith leis na Tatáraigh dheireanacha.

Chloígh Íobhán an dá Chanacht mhóra, Cazáin agus Astracháin, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an Chrimé, nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna comh cumhachtach dainséarach agus go mb'eagal le hÍobhán féin é.

Ba le linn Íobhán a cuireadh tús le gabháltas na Sibéire. Phronn Íobhán tailte móra in oirthear na Rúise - a mb'ionann é ag an am agus Sléibhte Ural, teorainn na hEorpa is na hÁise - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov. Bhí súil ag Íobhán go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na Tatáraigh agus na bundúchasaigh eile a rabh a chuid tailte ag críochantacht lena gcríocha. B'é ba toradh dó seo gur éirigh cogadh eadar na Tatáraigh áitiúla agus díormaí Stroganov. De réir a chéile d'éirigh le hÉarmac, taoiseach Cosacach a bhí ina cheann urraidh ar thrúpaí Stroganov, an oiread sin talamh a dhéanamh ins an Oirthear agus gur gabháltas ann féin a bhí ann. Is é an rud a tharraing an gabháltas seo ina dhiaidh ná caidreamh le pobail agus le dreamanna nua, ar nós treibheanna beaga d'fháiteallaithe a rabh craicinn fhionnaidh le ceannacht uathu. Mar sin, chuir lucht gnoithe na Rúise suim ins na seansanna úra ins an Oirthear, agus iad ag tabhairt aghaidh ar an tSibéir de réir a chéile.

Ar ndóighe, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Éarmac féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ghabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"Iarthar Fiáin" ó na hIndiaigh Ruadha. - Thairis sin, ba tréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Íobhán i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangailt leis an Eoraip féin comh maith leis an Áis.

Bhí cogadh ar na bacáin leis na Sualannaigh fosta. Bhí teorainn thoir na Sualainne - agus í suite fiarthrasna na Fionlainne - sainithe an chéad uair riamh ins an chonradh síochána a shocraigh Novgorod agus an tSualainn ins an bhliain 1323, ach de réir a chéile bhí an tSualainn éirithe as an teorainn seo a urramú, agus áitribh mhíntíreachais á mbunú ag feirmeoirí ón taoibh Shualannach den teorainn ar an taoibh eile. D'éirigh ina chogadh eadar an dá thír seo ins an bhliain 1555, ach tháinig deireadh leis i gceann dhá bhliain gan aon athrú a theacht ar na teorainneacha, ná aon bhuanfhuascailt a theacht ar na fadhbanna ba bhun leis an chogadh. Bhí an Rúis agus an tSualainn le cogadh i ndiaidh cogaidh a chur ar a chéile ins na haoiseanna a bhí le theacht, agus an Fhionlainn á satailt go minic ag na saighdiúirí.

Nuair a bhí an tsíocháin ar bun i ndiaidh an chogaidh áithrid seo, chúngraigh díormaí Íobhán ar áit eile, mar atá, ar an dún udaí Narva in oirthear na hEastóine. Ba leis na Ridirí Teotanacha an Eastóin ins an am seo, ach bhí na Ridirí féin in adharca a chéile, go háithrid nuair a d'éirigh eatarthu fá chúrsaí an Reifirméisin agus iad ag teacht crosach ar a chéile fán chineál creidimh ab fhearr.

Ghabh an Rúis píosa maith d'Oirthear na hEastóine ins an bhliain 1558, agus chuaigh an chuid eile de na tíortha Baltacha i dtuilleamaí na gcomharsanach eile le cosaint agus díonadh a fháil ar an Rúis. Mar sin a fuair an tSualainn, an Danmhairg agus ríocht dhúbailte na Polainne is na Liotuáine an chéad fhód ins an Eastóin agus an Laitvia.

D'éirigh le hÍobhán tionchar ínteacht a fháil ar ghabháltaisí Baltacha na Danmhairge fríd an phrionsa áitiúil Dhanmhargach a bhladar chun géillsineachta le tuilleadh tailte a ghealladh dó mar fheod. Mhair an chogaíocht i gcónaí eadar an tSualainn agus an Rúis ins na tíortha Baltacha, áfach. Le teacht an rí Ungáirigh Stiofán Batory i seilbh choróin na Polainne sa bhliain 1575, chuir na Polannaigh a ladar ins an chogadh seo. Ansin, bhí an Rúis sáraithe ag a cuid námhad, go háithrid nuair a nocht fórsaí Tatáracha na Crimé ag geaftaí Mhoscó, i mbreis ar a rabh ar siúl ag na naimhde ins an Iarthar. Shocraigh na Rúisigh síocháin leis an Pholainn ins an bhliain 1582, ach mhair an cogadh tamall eile leis na Sualannaigh in ainneoin iarrachtaí le sos cogaidh a chur ar bun: níor socraíodh na cúrsaí ach le síocháin Täysinä ins an bhliain 1595.

Níorbh iad a chuid cogaíocha a thabhaigh a leasainm d'Íobhán Uafásach, ach an cogadh a chuir sé ar mhuintir a thíre féin taobh istigh de stát Mhoscó. B'iad na huaisle - na Boigheáraigh - ba mhó a bhí thíos le polasaithe Íobhán, nó cha rabh aon mhuinín aige astu siúd. Chuir Íobhán le chéile cineál rúnseirbhís phearsanta dá chuid féin, na hOipritsnící, le cumhacht na mBoigheárach a chloí. B'ionann sin agus géarleanúint mhíthocaireach ina bhfuair na slóite móra de dhaoiní bás, agus ní Boigheáraigh amháin a bhí á marú. Theann lámh láidir Íobhán comh dian dána dásachtach ar na Boigheáraigh agus gur thogair cuid mhór acu a gcuid tailte a thréigbheáilt agus tearmann a lorg ar imeall na ríochta.

Fear mór foréigin agus fiántais a bhí in Íobhán Uafásach ina shaol phríobháideach féin, comh maith leis na polasaithe. Mar sin, ag druidim chun deiridh dá shaol, mharaigh sé an mac ba sine aige, a ríchomharba, le buille dá bhata nuair a d'éirigh geamhthroid eatarthu. (Dhathaigh an t-ealaíontóir Rúiseach Ilia Réipin pioctúir cliúiteach den mhóitíf seo: Íobhán Uafásach i ndiaidh dó a mhac a mharú.) Bhí an oiread sin reiligiúndachta in Íobhán agus go mba nós leis breithiúnas aithrí a dhéanamh in éiric an éirligh a rinne sé ar a chuid namhad. Fuair sé bás sa bhliain 1584.

Boiríos Godúnov agus Dmitrí Bréige

Gaireadh Sár d'Fheodor, mac eile le hÍobhán, ach b'é Boiríos Godúnov, a chliamhain, a chuaigh i mbun chúrsaí rialtais an stáit thar aon duine eile. Fear de phór na dTatárach a bhí i nGodúnov. Bhí deartháir óg ag Feodor arbh ainm dó Dmitrí, páiste a fuair bás go hóg; ach má fuair, bhí sé le páirt nach beag a dhéanamh i gcúrsaí rialtais na Rúise i ndiaidh a bháis, aistíoch go leor.

Chruthaigh Boiríos Godúnov go seoigh ar fad i gceann na cumhachta, agus é ag cur feabhais ar thrádáil agus ar chaidreamh eadarnáisiúnta an stáit, ag déanamh talaimh ins an tSibéir agus ag baint amach tuilleadh neamhspleáchais d'Eaglais na Rúise. Cibé cé chomh maith a d'éirigh le Godúnov, cha rabh mórán dáimhe ag na Boigheáraigh leis, agus iad den bharúil nach rabh an pór uasal i mo dhuine a thabhóchadh a ghradam dó. Chuaigh siad a thógáil uisce faoi thalamh in éadan Ghodúnov.

Fuair Dmitrí, deartháir an tSáir, bás sa bhliain 1591. Ar ndóighe, bhí Moscó ar fad go luath ag inse luaidreáin go mb'é Godúnov a mharaigh é. An Sár Feodor féin, d'éag sé seacht mbliana ina dhiaidh sin, agus tháinig Godúnov i seilbh na corónach é féin, anois, Le meath na mbarraí sna blianta 1601-1603, áfach, d'éirigh na scológa, agus go leor cúiseanna eile acu fosta le bheith míshásta - d'éirigh siad amach in aghaidh Ghodúnov. Chruinnigh siad thart ar iar-mhanach a shíl go mb'é féin Dmitrí a d'éalaigh ó lucht a mharfa agus a fuair tearmann i mainistir. Lzhe-Dmitriy nó Dmitrí Bréige is gnách a thabhairt air as Rúisis.

D'iompaigh Dmitrí Bréige i leith an chreidimh Chaitlicigh, rud a chinntigh tacaíocht na Polainne dó, agus é ag teannadh ar Mhoscó lena chuid saighdiúirí. Bhí na Boigheáraigh ag cuidiú leis comh maith, nó bhí fuath na ndaol acu ar Ghodúnov agus ar a mhuintir. Nuair a d'eag Boiríos Godúnov in Aibreán na bliana 1605, fuair a mhac an ríocht le hoidhríocht, ach má fuair féin, cha rabh aon mhoill ar na Boigheáraigh muintir Mhoscó a ghríosú chun ceannairce in éadan mo dhuine. Maraíodh é, agus tháinig Dmitrí Bréige go Moscó.

Gidh go dtáinig sé, níor shocraigh sé scéal ar bith. Go sciobtha ina dhiaidh sin d'éirigh eadar é agus na Boigheáraigh, agus maraíodh é féin ins an scliúchas a tarraingíodh. Ins an bhliain 1606, d'fhéach ceann urraidh na mBoigheárach, Vasailí Siúidhscí, leis an ríchathaoir a bhaint amach dó féin, ach ní rabh rath ar an iarracht sin. Nó d'éirigh bunadh dheisceart na Rúise amach ansin, agus Dmitrí Bréige nua ceaptha acu. Nuair a bhí an cogadh ag cliseadh ar Shiúidhscí, d'iarr sé cuidiú ar na Sualannaigh, agus é ag tairiscint críocha is cúigí in aice leis an Fhionlainn dófa, ach iad ruaigeadh a chur ar an darna héilitheoir.

Nuair a nocht fórsaí Iacób de la Gardie ón tSualainn as coinne gheaftaí Mhoscó, bhí ceannairceoirí Dmitrí Bréige cloíte cheana. Má bhí féin, áfach, bhí scéim nua socraithe ag na Polannaigh le Vasilí Siúidhscí, agus d'éirigh ina chath eadar na Polannaigh agus na Sualannaigh. Briseadh an cath ar na Sualannaigh, agus ní rabh muintir na Cairéile in aice leis an Fhionlainn sásta géillsine a mhionnú don tSualainn cibé. Mar sin, b'éigean do na Sualannaigh an limistéar a bhí geallta dófa a ghabháil le lámh láidir. Ansin thug na Sualannaigh a n-aghaidh ar Novgorod, agus iad ag iarraidh stáitín a chur ar bun ansin faoina gcoimirce féin. Bhí fuar acu leis an iarracht sin, siúd is gur éirigh leofa geallúint géillsine a bhaint as muintir na háite. Socraíodh go nglacfadh deartháir rí na Sualainne coróin Novgorod, ach ní tháinig an fear seo riamh a fhad leis an áit féin - thit an drioll ar an dreall ag an chúirt i Stócólm, is dócha.

Shealbhaigh na Polannaigh tailte móra in Iarthar na Rúise, an chathair stairiúil Smóileansc thar aon áit eile, agus nuair a bhí siad i gceannas ar Mhoscó, bhí an chuma ar an scéal go rabh siad le cúige dá gcuid féin a dhéanamh den Rúis, fiú. Nuair a tháinig chun solais nach rabh na Polannaigh sásta cead a gcreidimh a fhágáil ag na Rúisigh, dá ngabhfaidíst an tír go hiomlán, - b'ansin a chrom an Eaglais Ortadocsach ar an náisiún a ghríosú chun troda le ruaigeadh a chur ar lucht an éigreidimh as an tír. Chuaigh na scológa is cuid de na móruaisle i gcomhar le chéile faoi cheannasaíocht Dmitrí Poizeárscaí, fear de na móruaisle, agus Cúizma Mínín, fear a bhí ina starosta, nó ina Mhéara, ar an chathair udaí Nizní-Novgorod. Ag druidim le deireadh na bliana 1612 bhí an Polannach deireanach glanta as lár na Rúise, agus críoch curtha le Tréimhse na dTrioblóidí i stair na tíre.

Gaireadh Sár úr de Mhíocháil Fiodoroivits Románov, a mba mhac é d'Fhiódor Románov, céile iompairce Bhoiríos Godúnov agus col ceathar d'Íobhán Uafásach. B'é Míocháil seo a chuir tús le rítheaghlach mhuintir Románov sa Rúis.

Thar aon rud eile, theastaigh ón Impire úrcheaptha éirí as an chogadh leis na Sualannaigh, nó bhí siadsan ag cur as do na Rúisigh i gcónaí. Síníodh conradh nua síochána i Stolbova ins an bhliain 1617, ach ba bhocht an socrú é dar leos na Rúisigh, ó baineadh a cuid críoch chois Mhuir Bhailt den Rúis go hiomlán beagnach. An chimha a socraíodh leis na Polannaigh, níor fhabhraigh sí don Rúis ach an oiread, nó géilleadh críocha iartharacha na tíre do na naimhde, ar nós Smóileansc, an tseanchathair in aice le teorainn thoir na Bílearúise inniu. B'é dearcadh na Rúiseach, áfach, nach rabh ach géilleadh sealadach agus sos cogaidh i gceist.

Nuair a bhí an chogaíocht tráite, phill athair an tSáir ar an Rúis. Bhí sé ina eaglaiseach Ortadocsach anois, agus gaireadh Patrarc Mhoscó de. Déanta na fírinne, bhí seisean, seachas a mhac, i mbun na tíre a rabh fágtha dá shaol. Fiodor ba cheartainm dó, ach nuair a chuaigh sé leis an tsagartóireacht, ghlac sé an t-ainm Fiolairéat air.

Sna bliantaibh udaí bhí an Dáil Tíre - Zemski Sobor - cruinnithe an chuid ba mhó den am. Cineál pairliminte a bhí ann, siúd is nach rabh mórán cumhachta ag baint léithi, ach ina dhiaidh sin féin, choinníodh sí an Sár i dteagmháil éigin leis na cúigí agus a mbunadh, rud a chuidigh leis agus é ag cur bail agus caoi ar an tír aríst i ndiaidh na gcogaíocha fada tuirsiúla.

Fuair Fiolairéat bás ins an bhliain 1633, agus níor mhair a mhac ach dhá bhliain déag ina dhiaidh. Ansin, tháinig Aileicséigh Míocháileivits i gceannas ar an tír, ach ós rud é go mbíodh cúraimí na hoibre ag teacht ainchleachtaithe ar mo dhuine i dtús, fuair na lútálaithe is na stocairí barraíocht tionchair air. Chothaigh sin míshástacht agus reibiliúnachas i measc na cosmhuintire, go dtí gur phléasc trioblóidí - "an cheannairc shalainn" - amach ins an bhliain 1648. Thug seo ar Aileicséigh an Dáil Tíre a chur i mbun obair reachtaíochta dáiríribh, agus tháinig an Dáil le chéile le cineál bunreacht a dhréachtáil.

Go gairid ina dhiaidh sin rinne Míocháil patrarcach de Níocón a bhí i mbun na heaglaise i Novgorod. Fear éirimiúil uaillmhianach a bhí ann, agus theastaigh uaidh deasghnáthaí agus dogmaí na heaglaise a chur ar aon líne le máthaireaglais Chonstantanópail. Mar shampla, thug sé ar fhíréin na Rúise iad féin a choisreacan le trí mhéar, seachas le dhá cheann, mar ba nós i measc na cosmhuintire. D'éirigh "lucht an tseanchreidimh" (starovery) nó "scoilteoirí na heaglaise" (raskolniki) amach in éadan na "nuálacha" a bhí Niocón a chur chun cinn, agus tugadh bata is bóthar don Phatrarcach. Ina dhiaidh sin féin, bhí tromlach na n-eaglaiseach sásta leis na leasuithe a fhaomhadh is a fhormhuiniú, fiú ag an chomhthionól eaglasta chéadna a bhris Niocón as a phost. Mhair an scoilt i bhfad i ndiaidh lá Niocóin - i mblianta an Aontais Shóibhéadaigh féin, d'fhéadfaí a theacht trasna ar phobail bheaga scoite amuigh ar an iargúltacht nach rabh a fhios beo acu an Cumannachas, ná suim acu i gcúrsaí polaitíochta na comhaimsire, ó bhí siad i gcónaí ag cur in aghaidh an mhasla a thug Niocón don tseanchreideamh, dar leofa - ach ós rud é nach rabh de dhiagaireacht ag lucht an tseanchreidimh ach a dtroid in aghaidh na leasuithe, agus iad féin ag teacht crosach ar a chéile i dtaobh a lán saincheisteanna, rinne siad athscoilt i ndiaidh a chéile eatarthu féin, agus na scórtha de sheicteanna éagsúla ag teacht ar an fhód go géar gasta.

Tréimhse mhór fáis agus forbartha ab eadh í an atógáilt i ndiaidh Thréimhse na dTrioblóidí ar a lán bealtaí. hAtheagraíodh an t-arm de réir réamhshamplaí iartharacha, agus oifigigh phroifisiúnta á n-earcú is á ndruileáil le haghaidh an fhiannais, in áit fir uaisle nach rabh de dhintiúirí acu ach an chéimíocht aicme. Albanaigh ab eadh iad an chuid ba mhó de na saighdiúirí tuarastail a tháinig ón iasacht le bail a chur ar fhórsaí armtha na Rúise, agus d'fhág siad a lorg féin ar chultúr na tíre. Mar shampla, b'as Albain do shinsir an scríbhneora Léarmontov a bhí thuas ins an naoú haois déag, agus é ar duine de na filí móra Rúiseacha: Learmont ba sloinneadh don fhear a chuir tús leis an teaghlach.

An borradh a tháinig ar an chaiteachas mhíleata ins an tseachtú haois déag, ghoill sé go mór mór ar na scológa, nó b'iadsan a d'íocadh ar son an ghléas is an lón cogaidh, agus na cánacha ag teannadh orthu go dian. I dtús an tsamhraidh 1648 d'éirigh saighdiúirí amach i Moscó ag éileamh go gcuirfí an cháin ar shalann ar ceal. Ní rabh aon mhoill ar na saighdiúirí dílse an cheannairc seo a chloí, ach ba scéal eile ar fad é ceannairc Stéanca Raizín.

Ar aghaidh go dtí Cuid a Trí