![]() |
![]() |
||
Sources |
Lá , 19 Meitheamh 2006 [19 June] In Ómós Uí Riordáinle Seán ó Tuairisg Ba mhinic mé ag cur peann le pár anseo sa Spáinn, le giota beag blianta, mar gheall ar Thír na mBascach. An Chatalóin agus Cogadh Cathartha na Spáinne, agus m’intinn go mion minic ar dhuine de laochra an chatha sin: Mícheál Ó Riordáin, a d’éalaigh uainn le gairid. Bhí aithne agam ar Mhícheál i mBleá Cliath na Seascadaí: (Cé aige/aici nach raibh?), Mánus, a mhac, agus Brenda, a iníon. Chuaigh Cumann na hÉireann agus Aontas na Soivéide ar thuras breá chun na Rúise i 1970, faoi cheannas Frank Edwards. Bhí mise agus Ruairí, mo dheartháir, ina dteannta i Leningrad, i Moscó agus siar go Warsaw na Pólainne. Bhí Mícheál ina rúnaí ar Pháirtí Cumanach na hÉireann, agus b’fhurasta geábh cainte a dhéanamh leis faoin Spáinn nó faoin Rúis i dtithe tábhairne i lár na cathrach, pionta Guinness i leathlámh, toitín de shíor sa leathlámh eile. Rugadh Mícheál i gcathair Chorcaí, Samhain na bliana 1917. B’as Béal Atha'n Ghaorthaidh a mhuintir. Ba chumanach den sheandéanamh é, a sheas le polasaí míleata agus easpa cearta shibhialta Aontas na Soibhéide, ó thús deireadh, rud a bhí deacair le déanamh, faoi dheireadh. I gCogadh Cathartha na Spáinne ar cuireadh tús leis in Iúil 1936, sheas agus throid Mícheál leis an bPoblacht, i gcoinne an deachtóra Franco. San IRA le linn a óige, rinne sé a bhealach go Learpholl agus go Londain, mar a ghlac sé le ballraíocht sa mBriogáid Idirnáisiúnta. Chun na Fraince, síos thar Shléibhte Piréin, agus chun catha ar an bpoinnte. Throid sé, agus gortaíodh é i gcath Ebro. Duirt an t-oifigeach i gceannas gurb é Ó Riordáin ba chróga ar fad den gcomplacht uile, agus bronnadh gradam ar leith crógachta air. Níor thúisce sa mbaile é, ná cuireadh i gCurrach Chíll Dara é, áit ar tháinig sé go mór faoi thionchar Mháirtín Uí Chadhain. D’fhoghlaim sé Gaeilge uaidh, ach mar shaighdiúir dúirt sé: “A soldier he was NOT.”(Ó Cadhain) Sheas Ó Riordáin mar iarrthóir Shóisialach sna 40í i gCorcaigh nuair a tháinig sé 'un tosaigh ar a iarcheannaire san IRA, Tom Barry. Sheas sé do na Cumannaigh i mBleá Cliath, ach fuair sé droch-cháineadh ó shagairt is ó easpaigh. Má thug tú tacaíocht do Chumannaigh ná do Shóisialaigh ag an am, bheadh tínte ifrinn romhat ar an taobh eile. Ach níor chuir na bagairtí sin fuacht ná faitíos ar Ó Riordáin: chroch sé an bhratach dhearg, deis ar bith dá bhfuair sé. Agus 'fhios mhaith go mion minic, nach raibh, agus nach mbeadh, saol fata i mbéal muice aige, i gcoinne FF, FG agus na hEaglaise Rómhánaí Caitlicí. Ba é Comrade Mícheal na Rúise in Éirinn é, agus ní raibh aon amhras ar éinne faoi sin, ach meas ag a lán air, de bharr na tréithí dílseachta agus comrádaíochta a léirigh sé i rith a shaoil fhada. Ba dhuine de mhórcharactair Bhleá Cliath é sna 60í a raibh aithne aige ar gach éinne.. B’fhurasta é a aithniú.: an ceann mór sin, gruaig slíochta siar air, spéaclóirí tiubha, toitín ina lámh. Ba mhinic é i measc lucht leanta an cheoil: Na Dubliners, Luke Kelly, Barney McKenna, Na Geraghtys, Na Gannons, Johnny Moynihan, John Kelly. Ba é Cogadh Cathartha Na Spáinne, a d’fhág an marc ba mhó ar a shaol, áfach, a dúirt sé go minic, an cruatán, an spídiúlacht, an gortú, an bás agus an t-ocras a chonaic agus a chleacht sé i measc a chomrádaithe dílse. Gan dabht, ba Fhaisistigh lucht leanúna Franco, a bhí i mbun oibre, ag réiteach an bhealaigh, don Dara Cogadh Domhanda, do na mór chumhachtaigh; nuair a bhuamáil sé cathair Gernika, i dTír na mBascach, le heitleáin nua Hitler. Mharaigh Franco 21,000 do na Bascaigh an t-am sin. Cuireadh a dteanga agus a gcultúr faoi chois chomh maith le teanga agus le cultúr na Catalóine, le fórsa an ghunna: scáth a ndearna sé de mhaitheas do na Faisistigh. Chonaic Mícheál Ó Riordáin an t-ár agus an t-uafás seo uile - agus ba é fear inste an scéil é. Rinneadh Saoránach Onórach de chuid na Spáinne é, 10 bliain ó shin nuair a bhí sé 70 bliain d’aois. bronnadh an Soviet Order of Friendship air, roimhe sin. An dearcadh a bhí aige ar an Taobh Clé, áit a bheidh An Bhratach Dhearg ar foluain. GO TO TOP OF PAGE |