Sources


Iar-throdaí Briogáide Idirnáisiúnta básaithe

le Dónall Mac Giolla Chóill, La, 19 05 2006

Bhásaigh iar-throdaí na Briogáide Idirnáisiúnta agus Cathaoirleach Pháirtí Cumannach na hÉireann, Micheál Ó Ríordáin, i mBaile Átha Cliath inné. Bhí sé 88 bliain d'aois.

Bhí sé ar dhuine den bheirt dheireanacha a mhair fós in Éirinn is a throid i gcoinne fhaisistigh an Ghinearáil Franco, agus scaoileadh agus gortaíodh sa Spáinn é.

Rugadh i bparóiste Chill na Martra in Iarthar Chorcaí sa bhliain 1917 é, agus bhí sé lá den saol ina bhall de na Fianna agus Óglaigh na hÉireann. Chuaigh sé leis na Cumannaigh i 1935.

Sa bhliain 1936, chuaigh sé chun na Spáinne, áit ar throid sé mar bhall den XVú Briogáid Idirnáisiúnta. Gortaíodh é le linn chath Ebro. Gan mhoill i ndiaidh dó pilleadh ar Éirinn sa bhliain 1939, rinneadh é a imtheorannú i gCampa Géibhinn an Churraigh, áit ar fhán sé go dtí 1943.

Bhí sé ina ghníomhaí ceardchumainn agus ina thiománaí bus, agus sheas sé i bhfothóghchán i mBardas Chorcaí mar iarrthóir neamhspleách sa bhliain 1947.

Tar éis dó bogadh go Baile Átha Cliath, sheas sé i gcúig ollthóghchán mar iarrthóir neamhspleách. Bhí sé ina bhall den Choiste Gníomhach um Tithíocht in Áth Cliath sna 1960í, agus páirteach chomh maith san fheachtas chun Seisear Bhirmingham a shaoradh.

Déanfar é a adhlacadh amárach ag 12.30 i Reilg Ghlas Naíon.

More articles and obituaries about Mick




GO TO TOP OF PAGE